EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2461

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2461 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena dtugtar aitheantas don scéim “KZR IniG” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/9178

IO L 321, 15.12.2022, p. 38–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2461/oj

15.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/38


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2461 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2022

lena dtugtar aitheantas don scéim “KZR IniG” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 30(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2018/2001 leagtar síos ceanglais maidir le breoslaí áirithe, is iad sin bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Áirithítear leis na ceanglais sin nach féidir na breoslaí sin a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin ach amháin más rud é gur táirgeadh go hinbhuanaithe iad agus go sábháiltear líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa leo i gcomparáid le breoslaí iontaise. Le hAirteagal 29 den Treoir sin, leagtar síos critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Thairis sin, le hAirteagal 26 den Treoir agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na critéir chun a chinneadh: (i) cé na bunábhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid; agus (ii) cé na bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid agus a chomhlíonann critéir áirithe ar féidir a dheimhniú ina leith go ngabhann riosca íseal leo maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid. Le hAirteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001, leagtar síos critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair. Le hAirteagal 28(2) den Treoir sin, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a iontráil i mbunachar sonraí de chuid an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le hairíonna inbhuanaitheachta roinnt breoslaí in-athnuaite (bithbhreoslaí, bithghás agus breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch) agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair.

(2)

Le Treoir (AE) 2018/2001, leagtar síos freisin rialacha maidir le rannchuidiú an leictreachais in-athnuaite le spriocanna iompair a ríomh. Go háirithe, le hAirteagal 27(3) den Treoir sin, leagtar síos rialacha maidir leis an gcaoi a ríomhtar an rannchuidiú sin, nuair a úsáidtear an leictreachas go díreach chun feithiclí leictreacha a chumhachtú agus nuair a úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíocha a tháirgeadh, ar breoslaí iad a úsáidtear in earnáil an iompair.

(3)

Bhí ról mór ag scéimeanna deonacha maidir le fianaise a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí agus bithleachtanna. Faoi Threoir (AE) 2018/2001, is féidir scéimeanna deonacha a úsáid: (i) chun a dheimhniú go gcomhlíonann na breoslaí uile a tháirgtear ó bhithmhais, lena n-áirítear breoslaí gásacha agus soladacha, na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Treoir sin; (ii) chun sonraí cruinne a sholáthar maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na breoslaí sin; (iii) chun a dheimhniú go gcomhlíonann breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a gcritéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus (iv) chun comhlíonadh fhorálacha Airteagal 27(3) den Treoir sin a chruthú maidir leis an sciar leictreachais in-athnuaite in earnáil an iompair a ríomh. Is féidir scéimeanna deonacha a úsáid freisin chun a chruthú go n-iontrálann oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn sna bunachair sonraí de chuid an Aontais nó sna bunachair sonraí náisiúnta maidir le roinnt breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Thairis sin, is féidir scéimeanna deonacha a úsáid chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir na scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta a úsáid chun na gcríoch sin ar fad nó cuid díobh.

(4)

Faoi Airteagal 30(9) de Threoir (AE) 2018/2001, i gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch cruthúnas nó sonraí i dtaca le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar cruthúnas nó sonraí iad a fhaightear i gcomhréir le scéim dheonach atá aitheanta ag an gCoimisiún, a mhéid a chumhdaítear leis an gcinneadh aitheantais, níl Ballstát le ceangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar.

(5)

An 28 Lúnasa 2020 chuir scéim “KZR IniG” iarraidh ar aitheantas faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Mar thoradh ar an iarraidh, rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim sin, agus sainaithníodh roinnt saincheisteanna a d’fhág nárbh fhéidir a mheas go raibh an scéim comhoiriúnach leis na critéir inbhuanaitheachta, mar a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001. San athiarraidh an 25 Meitheamh 2021, tugadh aghaidh mar ba cheart ar na saincheisteanna sin leis an scéim. I measúnú an Choimisiúin, thángthas ar an gconclúid maidir leis an scéim: (i) go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir inbhuanaitheachta maidir le bithmhais talmhaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001; (ii) go raibh sonraí cruinne inti maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críche Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001; agus (iii) go gcuirtear modheolaíocht maidir le maischothramaíocht i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001. Níor mheas an Coimisiún áfach go gcumhdaítear leis an scéim go leormhaith na critéir inbhuanaitheachta maidir le bithmhais foraoise, a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001. Dá bhrí sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 ón gCoimisiún (3), níor aithníodh scéim “KZR IniG” ach amháin chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (5) agus Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 á gcomhlíonadh.

(6)

Rinneadh breis modhnuithe ar an scéim “KZR IniG” chun a áirithiú go gcumhdaítear go leormhaith na critéir inbhuanaitheachta maidir le bithmhais foraoise, a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001. Tar éis breis leasuithe, tugadh aghaidh leormhaith in athiarraidh an 23 Meán Fómhair 2022 ar na saincheisteanna uile a sainaithníodh roimhe sin agus a bhí fós gan réiteach.

(7)

Cumhdaítear na bunábhair seo a leanas leis an scéim “KZR IniG”: bithmhais talmhaíochta, bithmhais foraoise, agus dramhaíl agus iarmhair. Cumhdaítear gach cineál breosla leis an scéim freisin. Tá cumhdach geografach domhanda aici agus áirítear inti an líne chúraim ar fad (le haghaidh bithmheatáin, suas go dtí an t-aonad táirgthe). Tá athmheasúnú déanta ag an gCoimisiún ar scéim “KZR IniG” ó athiarraidh an 23 Meán Fómhair 2022 agus fuair sé amach: (i) go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) de Threoir (AE) 2018/2001; (ii) go soláthraítear léi sonraí cruinne maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) den Treoir sin; agus (iii) go gcuirtear modheolaíocht maidir le maischothramaíocht i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) den Treoir sin.

(8)

I measúnú an Choimisiúin ní chuirtear san áireamh an gníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(8) de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le treoir a sholáthar chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) den Treoir sin a léiriú (4). Dá bhrí sin, déanfar athmheasúnú ar an scéim “KZR IniG” i ndáil leis sin.

(9)

Ní bheidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (5) ach ón 30 Nollaig 2023. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar an scéim “KZR IniG” i bhfianaise an Rialacháin Cur Chun Feidhme nua.

(10)

Ina mheasúnú ar an scéim “KZR IniG”, fuair an Coimisiún amach go gcomhlíonann sí caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche agus na ceanglais mhodheolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

(11)

Ar chúiseanna trédhearcachta agus deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí go leagfar amach i ngníomh aonair ón gCoimisiún, ar bhealach cuimsitheach, gach critéar inbhuanaitheachta agus gach critéar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar go gcumhdaítear go leormhaith le scéim “KZR IniG”. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 a ionadú.

(12)

Ba cheart scéim aitheanta “KZR IniG” a chur ar fáil sa roinn ar scéimeanna deonacha ar Europa, suíomh gréasáin an Choimisiúin

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an scéim dheonach “KZR IniG” (“an scéim”), ar cuireadh iarraidh ar aitheantas ina leith faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Meán Fómhair 2022, léirítear na heilimintí seo a leanas i gcás na mbreoslaí a ndearnadh iniúchadh orthu faoin scéim:

(a)

comhlíontacht na gcoinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

comhlíontacht na n-oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sna bunachair sonraí de chuid an Aontais nó sna bunachair sonraí náisiúnta maidir le breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001.

Soláthraítear leis an scéim chomh maith sonraí cruinne faoi laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim.

I gcás ina ndéanfar aon athrú ar ábhar scéim dheonach “KZR IniG”, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í san iarraidh ar aitheantas an 23 Meán Fómhair 2022, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhunús an Chinnidh seo, cuirfear é sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar go leormhaith fós na critéir inbhuanaitheachta a bhfuil sí aitheanta ina leith.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh go dtí an 16 Nollaig 2027.

Airteagal 3

Déanfar an Cinneadh a aisghairm sna cásanna seo a leanas:

(a)

má léirítear go soiléir nach bhfuil eilimintí curtha chun feidhme le scéim dheonach “KZR IniG”, arb eilimintí iad a mheastar a bheith tábhachtach don Chinneadh seo nó má dhéantar sárú tromchúiseach agus struchtúrach ar na heilimintí sin;

(b)

mura gcuireann scéim dheonach “KZR IniG” tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)

mura gcuirtear chun feidhme le scéim dheonach “KZR IniG” na caighdeáin iniúchóireachta neamhspleáiche ná ceanglais eile a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 29(8) ná in Airteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001 nó mura gcuirtear chun feidhme léi feabhsuithe ar eilimintí eile den scéim a mheastar a bheith tábhachtach maidir le haitheantas leanúnach.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 le héifeacht ón 16 Nollaig 2022.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach a chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann chomh maith le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann ísealriosca maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid (IO L 133, 21.5.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/603 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim “KZR IniG” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (IO L 114, 12.4.2022, lch. 185).

(4)  An Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le treoir a sholáthar chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) de Threoir (AE) 2018/2001 a léiriú, fuair sé tuairim dhearfach ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise an 14 Meán Fómhair 2022 ach níor glacadh go hoifigiúil fós é.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1).


Top