EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0430

Cinneadh (CBES) 2022/430 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/7128/2022/INIT

IO L 87I, 15.3.2022, p. 56–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/430/oj

15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 87/56


CINNEADH (CBES) 2022/430 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach.

(5)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. Is iomchuí, go háirithe, gach idirbheart le cuideachtaí áirithe faoi úinéireacht stáit a thoirmeasc. Is iomchuí freisin cosc a chur ar aon seirbhís rátála creidmheasa a sholáthar, agus ar rochtain a thabhairt d'aon duine nó eintiteas Rúiseach ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. Thairis sin, is iomchuí na srianta ar onnmhairithe a dhéanamh níos doichte maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide chomh maith le hearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le feabhsú teicneolaíoch na Rúise ar a hearnáil cosanta agus slándála, agus liosta na ndaoine a leathnú a bhfuil baint acu le bonn cosanta agus tionsclaíoch na Rúise, atá faoi réir na srianta sin. Chomh maith leis sin, is iomchuí cosc a chur ar infheistíochtaí nua in earnáil fuinnimh na Rúise, agus srian cuimsitheach a thabhairt isteach ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí le haghaidh an tionscail fuinnimh sa Rúis, cé is moite den tionscal núicléach agus den earnáil iartheachtach iompair fuinnimh. Ar deireadh, is iomchuí tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach maidir le hiarann agus cruach, agus maidir le só-earraí freisin.

(6)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 1aa

1.   Toirmeascfar dul i mbun idirbheartaíochta, go díreach nó go hindíreach, in aon idirbheart le:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % de faoi úinéireacht phoiblí nó a bhfuil sé de cheart ag an Rúis, ag a Rialtas nó ag Banc Ceannais na Rúise a bheith rannpháirteach i mbrabúis nó lena bhfuil gaolmhaireacht eacnamaíoch shubstaintiúil eile, mar a liostaítear in Iarscríbhinn X, ag an Rúis, a Rialtas nó Banc Ceannais na Rúise;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn X; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) den mhír seo.

2.   An toirmeasc i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le forghníomhú go dtí an 15 Bealtaine 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta atá fíor-riachtanach maidir le breoslaí iontaise, go háirithe gual, ola agus gás nádúrtha, chomh maith le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarann a cheannach, a allmhairiú nó a iompair ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas;

(b)

idirbhearta a bhaineann le tionscadail fhuinnimh lasmuigh den Rúis ina bhfuil duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn X ina mion-scairshealbhóir.”;

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 1g

1.   Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 15 Aibreán 2022 seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 15 Aibreán 2022 rochtain ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a thabhairt d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le náisiúnaigh de Bhallstát ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.”;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí;

(ii)

go bhfuil díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don eitlíocht nó don tionscal spáis; nó

(iii)

go bhfuil díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don earnáil fuinnimh, mura gceadaítear díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú den sórt sin nó don chúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar faoi na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, míreanna 3 go 6.”;

(4)

in Airteagal 3a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí;

(ii)

go bhfuil díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don eitlíocht nó don tionscal spáis; nó

(iii)

go bhfuil díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don earnáil fuinnimh, mura gceadaítear díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú den sórt sin nó don chúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar faoi na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, míreanna 3 go 6.”;

(5)

in Airteagal 3b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, de mhaolú ar Airteagal 3 agus Airteagal 3a den Chinneadh seo agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt na hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3a den Chinneadh seo a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh:

(a)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar riachtanach chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol; nó

(b)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh airgeadais gaolmhar nó an cúnamh teicniúil gaolmhar sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach do chatagóirí áirithe tionscadal taiscéalaíochta agus táirgthe, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-áirítear a Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus a Scairbh Ilchríochach nó lena n-úsáid sa Rúis, lena n-áirítear a Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus a Scairbh Ilchríochach.

Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an mhír sin a chinneadh.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar agus beidh toirmeasc ar sholáthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach, d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar maidir leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó maidir le cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le díolachán, soláthar, aistriú ná onnmhairiú earraí nó teicneolaíochta is gá, nó maidir le soláthar cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais is gá chun:

(a)

breoslaí iontaise, go háirithe gual, ola agus gás nádúrtha, a iompair ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas; nó

(b)

teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol.

4.   Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le forghníomhú go dtí an 17 Meán Fómhair 2022 oibleagáide a eascraíonn as conradh a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas 5 lá oibre ar a laghad roimh ré.

5.   Na toirmisc i mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hárachas nó athárachas a sholáthar d'aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit a mhéid a bhaineann a ngíomhaíochtaí lasmuigh den earnáil fuinnimh sa Rúis.

6.   De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, a údarú aon chúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú agus a sholáthar, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

gur gá sin chun soláthar fuinnimh criticiúil a áirithiú laistigh den Aontas; nó

(b)

go bhfuil sé beartaithe le haghaidh úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit.

7.   Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a:

“Airteagal 4a

1.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

aon rannpháirtíocht nua a fháil nó síneadh a chur le haon rannpháirtíocht atá ann cheana le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí na Rúise nó aon triú tír agus atá ag feidhmiú san earnáil fuinnimh sa Rúis;

(b)

aon socrú a dheonú nó a bheith mar chuid d’aon socrú chun aon iasacht nó creidmheas nua a dheonú nó chun maoiniú a sholáthar ar bhealach eile, lena n-áirítear caipiteal cothromais, d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí na Rúise nó aon triú tír agus atá ag feidhmiú san earnáil fuinnimh sa Rúis, nó i gcomhair an chuspóra, a bhfuil fianaise iomchuí leis, duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht den sórt sin a mhaoiniú;

(c)

aon fhiontar comhpháirteach a chruthú le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí na Rúise nó aon triú tír agus atá ag feidhmiú san earnáil fuinnimh sa Rúis;

(d)

seirbhísí infheistíochta, a bhaineann go díreach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c), a sholáthar.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a údarú tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

gur gá an ghníomhaíocht sin chun soláthar fuinnimh criticiúil a áirithiú laistigh den Aontas, chomh maith le breoslaí iontaise, go háirithe gual, ola agus gás nádúrtha, a iompair ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas; nó

(b)

go mbaineann sí go heisiach le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht san earnáil fuinnimh sa Rúis atá faoi úinéireacht duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit.

3.   Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4f, mír 1:

“1.   An Bainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, tacóidh sé leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh Airteagal 4e a áirithiú. Diúltóidh an Bainisteoir Líonra, go háirithe, do na pleananna eitilte uile arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí, ar pleananna iad ina bhfuil sé léirithe go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh thar chríoch an Aontais, arb ionann iad agus sárú ar fhorálacha an Chinnidh seo, sa chaoi nach gceadaítear don phíolóta eitilt.”;

(9)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 4i

1.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

táirgí iarainn agus cruach a allmhairiú, go díreach nó go hindíreach, isteach san Aontas más rud é:

(i)

gur de thionscnamh na Rúise iad; nó

(ii)

gur onnmhairíodh ón Rúis iad;

(b)

táirgí iarainn agus cruach, atá suite sa Rúis nó ar de thionscnamh na Rúise iad, a cheannach, go díreach nó go hindíreach;

(c)

táirgí iarainn agus cruach a iompar más de thionscnamh na Rúise iad nó má tá siad á n-onnmhairiú ón Rúis go dtí aon tír eile;

(d)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais, mar aon le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis na toirmisc i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c).

Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an mír sin a chinneadh.

2.   Na toirmisc i mír 1, ní bheidh feidhm acu maidir le forghníomhú go dtí an 17 Meitheamh 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

Airteagal 4j

1.   Beidh toirmeasc ar shó-earraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   An toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm aige maidir le só-earraí a mhéid gur mó a luach ná EUR 300 in aghaidh na míre.

3.   An toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le hearraí is gá le haghaidh chríocha oifigiúla na misean taidhleoireachta nó consalach ag na Ballstáit nó ag tíortha comhpháirtíochta sa Rúis ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ná maidir le hearraí pearsanta a bhfoirne.

4.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1), pointe (a):

“(a)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, II, III, IV, V, VI, VIII, IX nó X, nó dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1(2), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1(3), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1(4), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1a, pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1aa, pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 1e, nó in Airteagal 1g;”;

(11)

leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

 

“Amur Shipbuilding Factory PJSC

 

AO Center of Shipbuilding and Ship Repairing JSC

 

AO Kronshtadt

 

Avant Space LLC

 

Baikal Electronics

 

Center for Technological Competencies in Radiophtonics

 

Central Research and Development Institute Tsiklon

 

Crocus Nano Electronics

 

Dalzavod Ship-Repair Center;

 

Elara

 

Electronic Computing and Information Systems

 

ELPROM

 

Engineering Center Ltd.

 

Forss Technology Ltd.

 

Integral SPB

 

JSC Element

 

JSC Pella-Mash

 

JSC Shipyard Vympel

 

Kranark LLC

 

Lev Anatolyevich Yershov (Ershov);

 

LLC Center

 

MCST Lebedev

 

Miass Machine-Building Factory

 

Microelectronic Research and Development Center Novosibirsk

 

MPI VOLNA

 

N.A. Dollezhal Order of Lenin Research and Design Institute of Power Engineering

 

Nerpa Shipyard

 

NM-Tekh

 

Novorossiysk Shipyard JSC

 

NPO Electronic Systems

 

NPP Istok

 

NTC Metrotek

 

OAO GosNIIkhimanalit

 

OAO Svetlovskoye Predpriyatiye Era

 

OJSC TSRY

 

OOO Elkomtekh (Elkomtex)

 

OOO Planar

 

OOO Sertal

 

Photon Pro LLC

 

PJSC Zvezda

 

Production Association Strela

 

Radioavtomatika

 

Research Center Module

 

Robin Trade Limited

 

R.Ye. Alekseyev Central Design Bureau for Hydrofoil Ships

 

Rubin Sever Design Bureau

 

Russian Space Systems

 

Rybinsk Shipyard Engineering

 

Scientific Research Institute of Applied Chemistry

 

Scientific-Research Institute of Electronics

 

Scientific Research Institute of Hypersonic Systems

 

Scientific Research Institute NII Submikron

 

Sergey IONOV

 

Serniya Engineering

 

Severnaya Verf Shipbuilding Factory

 

Ship Maintenance Center Zvezdochka

 

State Governmental Scientific Testing Area of Aircraft Systems (GkNIPAS)

 

State Machine Building Design Bureau Raduga Bereznya

 

State Scientific Center AO GNTs RF—FEI A.I. Leypunskiy Physico-Energy Institute

 

State Scientific Research Institute of Machine Building Bakhirev (GosNIImash)

 

Tomsk Microwave and Photonic Integrated Circuits and Modules Collective Design Center;

 

UAB Pella-Fjord

 

United Shipbuilding Corporation JSC ‘35th Shipyard’

 

United Shipbuilding Corporation JSC ‘Astrakhan Shipyard’

 

United Shipbuilding Corporation JSC ‘Aysberg Central Design Bureau’

 

United Shipbuilding Corporation JSC ‘Baltic Shipbuilding Factory’

 

United Shipbuilding Corporation JSC ‘Krasnoye Sormovo Plant OJSC’

 

United Shipbuilding Corporation JSC SC ‘Zvyozdochka’

 

United Shipbuilding Corporation ‘Pribaltic Shipbuilding Factory Yantar’

 

United Shipbuilding Corporation ‘Scientific Research Design Technological Bureau Onega’

 

United Shipbuilding Corporation ‘Sredne-Nevsky Shipyard’

 

Ural Scientific Research Institute for Composite Materials

 

Urals Project Design Bureau Detal

 

Vega Pilot Plant

 

Vertikal LLC

 

Vladislav Vladimirovich Fedorenko

 

VTK Ltd

 

Yaroslavl Shipbuilding Factory

 

ZAO Elmiks-VS

 

ZAO Sparta

 

ZAO Svyaz Inzhiniring”;

(2)   

cuirtear an méid seo a leanas leis mar Iarscríbhinn X a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

“IARSCRÍBHINN X

LIOSTA DE NA CUIDEACHTAÍ FAOI ÚINÉIREACHT AN STÁIT DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1aa

OPK OBORONPROM

UNITED AIRCRAFT CORPORATION

URALVAGONZAVOD

ROSNEFT

TRANSNEFT

GAZPROM NEFT

ALMAZ-ANTEY

KAMAZ

ROSTEC (RUSSIAN TECHNOLOGIES STATE CORPORATION)

JSC PO SEVMASH

SOVCOMFLOT

UNITED SHIPBUILDING CORPORATION


Top