EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L2261

Treoir (AE) 2021/2261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/72/2021/REV/1

IO L 455, 20.12.2021, p. 15–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/2261/oj

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/15


TREOIR (AE) 2021/2261 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear de cheangal ar chuideachtaí infheistíochta agus ar chuideachtaí bainistíochta doiciméad gearr a tharraingt suas ina bhfuil faisnéis bhunriachtanach maidir le sainghnéithe gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) a thairgtear d’infheisteoirí (“faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir”), ionas gur féidir leis na hinfheisteoirí sin tuiscint réasúnta a bheith acu ar chineál agus rioscaí an GCUI atá á thairiscint dóibh agus, dá bharr sin, cinntí infheistíochta a dhéanamh ar bhonn eolasach dá réir sin.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) doiciméad faisnéise bunriachtanaí don táirge sin a tharraingt suas agus a fhoilsiú, sula gcuirtear PRIIP ar fáil d’infheisteoirí miondíola, chun a chur ar chumas infheisteoirí miondíola den sórt sin príomhghnéithe agus rioscaí PRIIP a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.

(3)

Cáilíonn GCUInna freisin mar PRIIPanna, a bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí ag teastáil ina leith de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Mar sin féin, le hAirteagal 32(1) den Rialachán sin, na cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE, na cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin agus na daoine a dhíolann aonaid GCUInna dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin, nó a thugann comhairle ina dtaobh, díolmhaítear iad ó na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus, mar sin, ón gceanglas doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an socrú idirthréimhseach”).

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (5), forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar agus formáid chaighdeánach an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, tríd an modheolaíocht a leagan síos i ndáil le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus i ndáil leis na costais a ríomh, trí na coinníollacha agus an íosmhinicíocht a leagan síos i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, agus trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola.

(5)

An 7 Meán Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir PRIIPanna ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin. Is é an 1 Iúil 2022 dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin, ach tá sé tábhachtach a léiriú gur gá am leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus, mar sin, don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh.

(6)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an gá atá le ham leordhóthanach a bheith ann chun ullmhú don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 le Rialachán (AE) 2021/2259 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2022.

(7)

Go bunúsach, cumhdaítear na ceanglais chéanna faisnéise leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus leis na doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach bhfaigheadh infheisteoirí miondíola in PRIIPanna ar spéis leo aonaid GCUInna a fháil an dá dhoiciméad i ndáil leis an táirge airgeadais céanna ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos go measfar go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir. Thairis sin, maidir le hinfheisteoirí nach infheisteoirí miondíola iad, ba cheart do chuideachtaí infheistíochta agus cuideachtaí bainistíochta leanúint d’fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má chinneann siad doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. I gcásanna den sórt sin, níor cheart do na húdaráis inniúla a cheangal ar chomhlachtaí infheistíochta ná ar chomhlachtaí bainistíochta an fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a sholáthar, agus níor cheart ach an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar do na hinfheisteoirí sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/65/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dTreoir 2009/65/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 82a

1.   I gcás ina ndéanann cuideachta infheistíochta nó, le haghaidh aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, ina ndéanann cuideachta bainistíochta doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú, ar doiciméad é a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), áiritheoidh na Ballstáit go measfaidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a leagtar amach in Airteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar chuideachta infheistíochta ná, le haghaidh aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, ar chuideachta bainistíochta faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo i gcás ina ndéanann sí doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú, ar doiciméad é a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Airteagal 2

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Tuairim an 20 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2021.

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/2259 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).


Top