Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0924

    Cinneadh (AE) 2021/924 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010

    ST/8691/2021/INIT

    IO L 203, 9.6.2021, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/924/oj

    9.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 203/8


    CINNEADH (AE) 2021/924 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Meitheamh 2021

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rinne an tAontas Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010 (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2012/189/AE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2012.

    (2)

    De bhun Airteagal 62(1) den Chomhaontú, leanfaidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, mura gcuirfear síneadh leis.

    (3)

    De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Idirnáisiúnta Cócó na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó (“Comhairle ICCO”) le gach cumhacht a fheidhmiú is gá chun forálacha sainráite an Chomhaontaithe a chur i gcrích, agus tá sí le gach feidhm is gá chuige sin a dhéanamh nó a chur á dhéanamh. De bhun Airteagal 62(4) den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle ICCO cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú, thar an dáta éaga atá aige faoi láthair, go ceann dhá thréimhse nach faide ná 2 bhliain chócó, is é sin 2 bhliain in aghaidh gach tréimhse, eadhon síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na chéad tréimhse agus síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 le haghaidh an dara tréimhse.

    (4)

    Tá Comhairle ICCO le cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú i ndiaidh an 103ú seisiún a bhí aici an 22 agus an 23 Aibreán 2021.

    (5)

    Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICCO, ós rud é gur cinneadh a bheidh ina cheangal ar an Aontas a bheidh sa chinneadh a ghlacfaidh Comhairle ICCO maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú.

    (6)

    Is chun leas an Aontais go gcuirfear síneadh leis an gComhaontú agus go mbeidh an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú, i bhfianaise a thábhachtaí atá earnáil an chócó do roinnt de na Ballstáit agus do gheilleagar an Aontais.

    (7)

    Trí shíneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis an gComhaontú, ba cheart go dtabharfadh sé sin an t-aga ama iomchuí do chomhaltaí Chomhairle ICCO chun athbhreithniú substainteach ar an gComhaontú a chur i gcrích, a dhíreodh ar an gComhaontú a nuachóiriú agus a shimpliú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Idirnáisiúnta Cócó na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010, vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis ar feadh dhá thréimhse nach faide ná 2 bhliain chócó an ceann, is é sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na chéad tréimhse agus go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 le haghaidh an dara tréimhse.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. N. SANTOS


    (1)  Cinneadh 2012/189/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, 2010 (IO L 102, 12.4.2012, lch. 1).


    Top