Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R1218

    Rialachán (AE) Uimh. 1218/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim

    IO L 351, 20.12.2012, p. 36–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1218/oj

    20.12.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/36


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1218/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Nollaig 2012

    maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (2) ón gComhairle, bunaíodh ainmníocht earraí (an “Ainmníocht Chomhcheangailte”), agus leagadh amach rátaí dleachta coinbhinsiúnta na Comhtharaife Custaim.

    (2)

    Trína Cinneadh 2012/792/AE an 6 Nollaig 2012 maidir leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994, agus den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú ar lamháltais i ndáil le feoil éanlaithe phróiseáilte dá bhforáiltear i Sceideal AE atá i gceangal le CGTT 1994 (3) (“na Comhaontuithe”) a thabhairt i gcrích, rinne an Chomhairle na Comhaontuithe a fhormheas thar ceann an Aontais d’fhonn caibidlíocht a chur i gcrích, ar caibidlíocht í a tionscnaíodh de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

    (3)

    Rinneadh na Comhaontuithe a chaibidliú ar bhonn na gcód den Ainmníocht Chomhcheangailte a bhí i bhfeidhm ag an am.

    (4)

    Sa leagan is déanaí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leagadh síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1006/2011 ón gCoimisiún (4), rinneadh línte taraife 16 023 940 agus 16 023 980 a chumasc san aon líne taraife amháin 16 023 985. Cuirtear an cor nua seo san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (5)

    Tá na rátaí dleachta custaim uathrialacha do na línte taraife a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht socraithe faoi láthair ag leibhéil faoi bhun na rátaí dleachta nua coinbhinsiúnta atá mar thoradh ar mhodhnú lamháltas de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994. Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, áfach, bíonn feidhm ag na dleachtanna custaim uathrialacha nuair a bhíonn siad faoi bhun na ndleachtanna coinbhinsiúnta.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an ráta dleachta uathrialach a shocraítear sa Chomhtharaif Chustaim a mhéadú go dtí leibhéal na dleachta coinbhinsiúnta.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú agus a fhorlíonadh dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, déanfar Cuid a Dó d’Iarscríbhinn I (“Sceideal na nDleachtanna Custaim”) a leasú leis na dleachtanna a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Socrófar na dleachtanna uathrialacha ar leibhéal na ndleachtanna coinbhinsiúnta.

    Airteagal 2

    I Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, déanfar Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Roinn III de Chuid a Trí (“cuótaí taraifí na hEagraíochta Domhanda Trádála le hoscailt ag Údaráis Inniúla an Chomhphobail”) d’Iarscríbhinn I a leasú leis na cuótaí taraife, agus a fhorlíonadh leis na méideanna agus na dleachtanna, a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm na gComhaontuithe.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2012.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. D. MAVROYIANNIS


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2012.

    (2)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

    (3)  Féach leathanach 47 den Iris Oifigiúil seo.

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1006/2011 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2011 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Custaim (IO L 282, 28.10.2011, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    D’ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, is é raon feidhme chóid AC tráth a ghlactar an Rialachán seo a chinneann an lamháltas.

    Cuid a Dó

    Sceideal na nDleachtanna Custaim

    Cód AC

    Tuairisc

    Ráta dleachta (uathrialach agus coinbhinsiúnta)

    1602 32 11

    Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna

    1602 32 30

    Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna

    1602 32 90

    Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna

    1602 39 21

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna

    1602 39 29

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna

    1602 39 85

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    2 765 EUR/tonna


    Cuid a Trí

    Iarscríbhinní na dTaraif

    Cód AC

    Tuairisc

    Ráta dleachta

    1602 32 11

    Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 16 140 tonna, a bhfuil 15 800 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl

    Ráta laistigh den chuóta: 630 EUR/tonna

    1602 32 30

    Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 79 705 tonna, a bhfuil 62 905 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl agus 14 000 tonna ar an Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

    1602 32 90

    Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 2 865 tonna, a bhfuil 295 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl agus 2 100 tonna ar an Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

    1602 39 21

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 10 dtonna don Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 630 EUR/tonna

    1602 39 29

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 13 720 tonna, a bhfuil 13 500 tonna de le dáileadh ar an Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

    ex 1602 39 85

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 748 tonna, a bhfuil 600 tonna de le dáileadh ar an Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

    ex 1602 39 85

    Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain

    Oscail cuóta taraife de 725 tonna, a bhfuil 600 tonna de le dáileadh ar an Téalainn

    Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

    Beidh tuairisc bheacht na taraife de réir Sceideal AE ETD i bhfeidhm maidir le gach líne taraife agus cuóta thuas.


    Top