This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E020
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART TWO: NON-DISCRIMINATION AND CITIZENSHIP OF THE UNION - Article 20 (ex Article 17 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A DÓ: NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS - TEIDEAL II: FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU - Airteagal 20 (sean-Airteagal 17 CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 56–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A DÓ: NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS - TEIDEAL II: FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU - Airteagal 20 (sean-Airteagal 17 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0056 - 0056
Airteagal 20 (sean-Airteagal 17 CCE) 1. Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad. 2. Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia: (a) an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát; (b) an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin; (c) an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin; (d) an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha na gConarthaí agus freagra a fháil sa teanga chéanna. Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun. --------------------------------------------------