EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Guideline (EU) 2022/747 of the European Central Bank of 5 May 2022 amending Guideline ECB/2011/23 on the statistical reporting requirements of the European Central Bank in the field of external statistics (ECB/2022/23)
Treoirlíne (AE) 2022/747 ÓN mBanc Ceannais Eorpach an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2011/23 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc CheannaisEorpaigh i réimse an staidrimh sheachtraigh (BCE/2022/23)
Treoirlíne (AE) 2022/747 ÓN mBanc Ceannais Eorpach an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2011/23 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc CheannaisEorpaigh i réimse an staidrimh sheachtraigh (BCE/2022/23)
ECB/2022/23
IO L 137, 16.5.2022, p. 177–184
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/05/2022
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011O0023 | Cur le | iarscríbhinn I roinn 6 | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Cur le | airteagal 1 pointe 18 | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Cur le | airteagal 2 mír 1b | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Cur le | airteagal 8a | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Leasú | iarscríbhinn II tábla 10 | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Athchur | iarscríbhinn II tábla 8 | 16/05/2022 | |
Modifies | 32011O0023 | Athchur | airteagal 6 mír 3 Téacs | 16/05/2022 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32022O0747R(01) | ||||
Corrected by | 32022O0747R(02) | (LT, FI) |
16.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 137/177 |
TREOIRLÍNE (AE) 2022/747 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 5 Bealtaine 2022
lena leasaítear Treoirlíne 2012/120/AE maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh i réimse an staidrimh sheachtraigh (BCE/2022/23)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 3.1, 3.3, 5.1, 12.1 agus 14.3 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcóras domhanda airgeadais casta ina bhfuil naisc trasteorann mhéadaitheacha, tá ról tábhachtach ag eintitis ar a dtugtar eintitis shainchuspóireacha (ESCanna). Bunaíonn fiontair ilnáisiúnta (MNEanna) ESCanna chun a n-infheistíochtaí airgeadais a threorú, chun rochtain ar mhargaí airgeadais iolracha a mhéadú, agus chun a sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a eagrú ar fud an domhain. Tá ESCanna éirithe níos ábhartha maidir le staidreamh seachtrach toisc go bhféadfadh siad a bheith i bhfoirm eintitis speisialaithe airgeadais, nó, le déanaí, eintitis speisialaithe neamhairgeadais freisin a bhunaíonn MNEanna chun cearta maoine intleachtúla, taighde agus forbairt, trádáil agus gníomhaíochtaí eile a bhainistiú mar chuid de straitéis airgeadais agus uasmhéadú brabúis uile-ghrúpa. |
(2) |
Chuirfeadh an fhaisnéis staidrimh a bhaineann le ESCanna ar chumas an Eurochórais tuiscint níos fearr a fháil ar ról na n-eintiteas sin i gcóras eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro. Go háirithe, de bharr na faisnéise staidrimh maidir le gníomhaíocht ESCanna i mBallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus a bhfuil comhchruinniú ard ESCanna acu, chuirfí ar chumas an Eurochórais idirnascacht thrasteorann ó shreafaí agus ó shuímh ESCanna a anailísiú agus a léirmhíniú agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais agus eacnamaíocha chun críche anailís cobhsaíochta airgeadais. Mar sin féin, cé go bhfuil an fhaisnéis staidrimh ar ESCanna, mar aonaid institiúideacha, bailithe cheana féin ar an leibhéal náisiúnta, ní dhéantar í a thuairisciú go leithleach don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE). Dá bhrí sin, ba cheart do bhainc cheannais náisiúnta (BCNanna) an fhaisnéis staidrimh maidir le ESCanna a thuairisciú don BCE ar bhonn ráithiúil. |
(3) |
Féadfaidh údaráis inniúla staidrimh seachas BCNanna an fhaisnéis staidrimh a bhaineann le ESCanna a bhailiú agus/nó a thiomsú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comhar idir na BCNanna agus na húdaráis inniúla sin a bheith ag teastáil chun an fhaisnéis sin a thuairisciú don BCE. |
(4) |
Bhí an BCE ina bhall den Tascfhórsa um ESCanna, a bhunaigh an Choiste um Staidreamh Chomhardú na n-Íocaíochtaí de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) in 2016. Ar cheann de na saincheisteanna ar thug an Tascfhórsa aghaidh orthu ba ea an easpa sainmhínithe arna chomhaontú go hidirnáisiúnta ar ESCanna, agus leagadh amach moladh maidir le sainmhíniú den sórt sin ina thuarascáil deiridh (2). Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú seo a chur san áireamh sna ceanglais a fhorchuirtear ar BCNanna maidir le tuairisciú faisnéise staidrimh ar ESCanna. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoirlíne 2012/120/AE (ECB/2011/AE) (3) a leasú dá réir. |
TAR ÉIS NA TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne BCE/2011/23 mar a leanas:
1. |
cuirtear an pointe (18) seo a leanas le hAirteagal 1:
|
2. |
in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas: ‘1b. Déanfaidh na BCNanna sonraí ráithiúla a thuairisciú don BCE maidir le hidirbhearta idirnáisiúnta agus suímh ESCanna cónaitheacha mar a shainmhínítear i dTábla 10 d’Iarscríbhinn II agus i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shainmhínítear in Airteagal 3(2).’; |
3. |
in Airteagal 6(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfoclaíochta tosaigh: ‘I gcás ina bhfuil na sonraí le haghaidh ítime i dTáblaí 1 go 5 agus i dTábla 10 d’Iarscríbhinn II diomaibhseach nó de mhéid neamhshuntasach do staidreamh limistéir euro agus náisiúnta, nó nuair nach féidir sonraí na hítime sin a bhailiú ar chostas réasúnach, tuairisceoidh BCNanna sonraí ar bhonn an mheastacháin is fearr atá bunaithe ar mhodheolaíochtaí fónta staidrimh, ar choinníoll nach gcuirtear luach anailíseach an staidrimh i mbaol. Ina theannta sin, tuairisceoidh BCNanna sonraí ar bhonn an mheastacháin is fearr do na miondealuithe seo a leanas i dTáblaí 1, 2, 4, 6 agus 10 d’Iarscríbhinn II:’; |
4. |
cuirtear isteach an tAirteagal 8a seo a leanas: ‘Airteagal 8a An chéad tarchur sonraí a bhaineann le hidirbhearta trasteorann agus stoic d’ESCanna cónaitheacha tar éis theacht in éifeacht do Threoirlíne (AE) 2022/747 (BCE/2022/23) Tar éis theacht i bhfeidhm Threoirlíne (AE) 2022/747 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/23) (*1), déanfar an chéad tarchur sonraí a bhaineann le hidirbhearta trasteorann agus stoic d’ESCanna cónaitheacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Tábla 10, i Márta 2023 maidir lesonraí don cheathrú ráithe de 2022. Déanfar sonraí ráithiúla maidir leis an tréimhse ón gcéad ráithe de 2020 a tharchur tráth nach déanaí ná Meán Fómhair 2023. (*1) Treoirlíne (AE) 2022/747 ón mBanc Ceannais Eorpach 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Treoirlíne 2012/120/AE maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh i réimse an staidrimh sheachtraigh (BCE/2011/23) (BCE/2022/23) (IO L 137, 16.5.2022, lch. 177.’;" |
5. |
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoirlíne seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a dtabharfar fógra faoi do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.
Arna dhéanamh ag Frankfurt am Main, an 5 Bealtaine 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 318, 27.11.1998, lch.8.
(2) Coiste CAI um Staidireamh Chomhardú na n-Íocaíochtaí (BOPCOM), ‘Tuarascáil Deiridh an Tascfhórsa ar Eintitis Shainchuspóireacha’, Páipéar BOPCOM 18/03, 2018. Ar fáil ar shuíomh gréasáin an CAI ag: www.imf.org.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoirlíne 2012/120/AE (BCE/2011/23) mar a leanas:
1. |
cuirtear an Roinn 6 seo a leanas le hIarscríbhinn I: ‘6. Idirbhearta ráithiúla trasteorainneacha agus stoic ESCanna cónaitheacha
Is é an cuspóir atá le hidirbhearta ráithiúla trasteorainneacha agus le sreafaí ESCanna cónaitheacha ná tuiscint níos fearr a fháil ar an ról atá ag aonaid den chineál seo i gcomhpháirteanna éagsúla na gcuntas earnála seachtraí. Is féidir faisnéis a bhaineann leis an gcineál seo aonaid a thuairisciú mar ítim ar leith le go bhféadfar tuiscint níos fearr ar a ról i gcóras eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro.
Ní mór do na BCNanna faisnéis a thuairisciú ar na hidirbhearta ráithiúla trasteorainneacha agus stoic ESCanna cónaitheacha mar a shonraítear i dTábla 10 d’Iarscríbhinn II.’; |
2. |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|