This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Baineann an chaibidlíocht aontachais leis na coinníollacha faoina ligfear an tír isteach san Aontas Eorpach agus dírítear í ar chorpas dlí AE (an acquis) a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Is é an aidhm go gcomhlíonfaidh an tír is iarrthóir na coinníollacha maidir le ballraíocht, ar a dtugtar “critéir Chóbanhávan” go minic. Sainíodh na critéir ag comhairle den Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan in 1993.
Is iad seo a leanas critéir Chóbanhávan.
Seoltar caibidlíocht aontachais le tír is iarrthóir i ndiaidh comhaontú d’aon toil ó na Ballstáit ar fad agus a fhormhuiníonn an Chomhairle Eorpach. Téitear i mbun caibidlíochta ag comhdhálacha idir–rialtasacha idir rialtais Bhallstát AE agus rialtas na tíre is iarrthóir agus rialtais na tíre is iarrthóra. Cuidíonn an chaibidlíocht leis na tíortha is iarrthóra ullmhú le haghaidh bhallraíocht AE.
Nuair a bheidh an chaibidlíocht ar gach réimse beartais curtha i gcrích, agus nuair a bheidh an tAontas Eorpach é féin sásta go bhfuil sé ullmhaithe é féin le haghaidh méadú i gcomhthéacs acmhainneacht ionsúcháin, déanfar na téarmaí agus na coinníollacha — lena n–áirítear clásail sábháilteachta agus socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh bheith ann – a chorprú sa chonradh aontachais. Teastaíonn toiliú Parlaimint na hEorpa agus faomhadh d’aon toil na Comhairle i leith an chonartha sula bhféadfaidh gach Ballstát AE agus an tír is iarrthóir é a shíniú. Daingneoidh na páirtithe conarthacha ansin é i gcomhréir lena gcuid rialacha bunreachtúla faoi seach féin.