This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is éard is acquis an Aontais Eorpaigh (AE) ann ná bailiú na gceart agus na n–oibleagáidí coiteanna lena mbunaítear corpas dhlí AE, agus tá sé corpraithe i gcórais dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Forbraítear acquis AE go leanúnach le himeacht ama agus cuimsítear ann:
Caithfidh tíortha is iarrthóirí (tíortha iarrthacha) glacadh leis an acquis sula mbeidh siad ábalta ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach. Ní cheadaítear maoluithe (eisceachtaí) ón acquis ach i gcásanna eisceachtúla amháin agus tá raon teoranta leo. Caithfidh na tíortha is iarrthóirí an acquis a chorprú ina ndlíchórais náisiúnta faoi dháta a n–aontachas leis an Aontas Eorpach agus caithfidh siad é a chur i bhfeidhm ón dáta sin ar aghaidh.