Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Chomhairle Eorpach

Ó Chonradh Liospóin, is institiúid AE ían Chomhairle Eorpach. Déantar Uachtarán na Comhairle Eorpaí a thoghadh, trí thromlach cáilithe, ar feadh téarma dhá bhliain go leith. In 2019, toghadh Charles Michel mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

Agus í comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais Bhallstáit AE, mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, tagann an Chomhairle Eorpach le chéile 4 huaire ar a laghad in aghaidh na bliana. Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.

Is é an ról atá ag an gComhairle Eorpach an spreagadh, na treoracha polaitiúla ginearálta agus na tosaíochtaí a sholáthar le haghaidh fhorbairt an Aontais Eorpaigh (Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach — CAE), lena n-áirítear:

  • leasanna straitéiseacha AE agus na cuspóirí a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) AE agus le réimsí eile um ghníomhaíochtaí seachtracha AE (Airteagal 22 agus Airteagal 26 den CAE) a shainaithint;
  • treoirlínte ginearálta a ghlacadh maidir le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (Airteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — CFAE) nó an cás fostaíochta san Aontas a bhreithniú (Airteagal 148);
  • a dheimhniú an bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar luachanna an Aontais Eorpaigh (Airteagal 7(2) CAE).

Níl chuireann sí aon fheidhm reachtach i gcrích. Sainítearléi na treoirlínte straitéiseacha maidir le pleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais (Airteagal 68 CFAE), áfach. Féadfaidh sí idirghabháil a dhéanamh chomh maith maidir le cúrsaí slándála sóisialta (Airteagal 48 CFAE) nó maidir le cúrsaí coiriúla (Airteagal 82 agus Airteagal 83 CFAE) i gcás go n–iarrfadh ball den Chomhairle, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Chonradh, go gcuirfí dréachtghníomh reachtach ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach chomh maith cinneadh a ghlacadh, d’aon toil, lena dtugtar údarú don Chomhairle gníomhú le tromlach cáilithe in ionad aontoilíochta agus rialachán á ghlacadh lena leagtar síos an creat ilbhliantúil (Airteagal 312(2) CFAE). Glacann sí cinntí chomh maith maidir le feidhmiú na Comhairle (Airteagal 236 CFAE) agus maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 14 CAE).

Glactar cinntí na Comhairle le comhthoil nó, i gcás ina bhforáiltear dá leithéid sna conarthaí, trí fhaomhadh d’aon toil, trí thromlach cáilithe nó trí thromlach simplí. Leagann an Chomhairle Eorpach clár oibre AE amach, go traidisiúnta trí “chonclúidí” a ghlacadh le linn a cruinnithe ina sainaithnítear ábhair is cúraim agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar.

FÉACH FREISIN

Top