Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht aontachais

Nuair a chuirtear iarratas isteach ar a bheith rannpháirteach san Aontas Eorpach (AE), leagtar amach Comhpháirtíocht Aontachais idir an tír sin agus an AE.

Leagtar amach sa Chomhpháirtíocht Aontachais na nithe seo a leanas:

  • na réimsí nach mór don tír is iarrthóir dul chun cinn a dhéanamh iontu sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, bunaithe ar na critéir aontachais. Aithnítear na réimsí sin i dtuairim an Choimisiúin ar iarratas ar bhallraíocht na tíre sin;
  • cúnamh réamhaontachais lena mbaineann cabhair airgeadais agus theicniúil chun tacú le hathchóirithe eacnamaíocha agus polaitiúla sa tír is iarrthóir, rud a ullmhaíonn an tír sin do na cearta agus oibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an AE.

Dréachtaíonn na tíortha is iarrthóirí cláir náisiúnta um ghlacadh an acquis (CNGAanna). Leagtar amach sna cláir sin amchlár maidir leis an chomhpháirtíocht a chur i bhfeidhm. Ullmhaíonn na tíortha is iarrthóirí pleananna gníomhaíochta freisin, a bhfuil mar aidhm acu cumas riaracháin agus cumas breithiúnach na dtíortha sin a neartú.

FÉACH FOSTA

Top