EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1229

Rialachán (AE) Uimh. 1229/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ón gComhairle atá imithe i seandacht i réimse an chomhbheartais talmhaíochta

IO L 326, 08/12/2011, p. 18–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1229/oj

8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/18


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1229/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe ón gComhairle atá imithe i seandacht i réimse an chomhbheartais talmhaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 1979, agus go háirithe Airteagal 60, Airteagal 61(5) agus Airteagal 72(1) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 1985, agus go háirithe Airteagal 234(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus leis an gceanglas le haghaidh aontoilíochta sa Chomhairle dá bhforáiltear in Airteagal 234(3) d’Ionstraim Aontachais 1985 (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá feabhsú thrédhearcacht dhlí an Aontais ina ghné shár-riachtanach den straitéis um reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil fíoréifeacht acu a thuilleadh a bhaint as an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

(2)

Tá roinnt rialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta imithe i seandacht, cé go bhfuil siad fós i bhfeidhm go foirmiúil.

(3)

Tá éifeachtaí Rialachán (CEE) Uimh. 2052/69 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 1969 maidir le maoiniú Comhphobail le haghaidh caiteachais a eascraíonn as cur chun feidhme an Choinbhinsiúin um Chúnamh Bia (3) ídithe ós rud é gur ionchorpraíodh a inneachar i ngníomhartha comhleanúnacha.

(4)

Tá éifeachtaí Rialachán (CEE) Uimh. 1467/70 ón gComhairle an 20 Iúil 1970 lena socraítear rialacha ginearálta áirithe lena rialaítear idirghabháil ar an margadh i dtobac amh (4) ídithe de bharr athchóirithe comhleanúnacha ar an earnáil tobac ón mbliain 1992.

(5)

Tá éifeachtaí Rialachán (CEE) Uimh. 3279/75 ón gComhairle an 16 Nollaig 1975 maidir le caighdeánú ar an gcaoi a láimhseálann na Ballstáit aonair allmhairí crann beo agus plandaí eile, bleibíní, fréamhacha agus a leithéidí, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach ó thíortha nach Balltíortha iad (5) ídithe ós rud é gur ionchorpraíodh a inneachar i ngníomhartha comhleanúnacha.

(6)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1078/77 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 lena dtugtar isteach córas préimheanna maidir le neamh-mhargú bainne agus táirgí bainne agus maidir le tiontú tréad déiríochta (6), tugadh isteach bearta a bhí infheidhme go dtí an bhliain 1981 agus dá bhrí sin tá a éifeachtaí ídithe.

(7)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1853/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena nglactar rialacha ginearálta maidir le bearta speisialta i leith síolta ricne (7), tugadh isteach bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CEE) Uimh. 2874/77 ón gComhairle an 19 Nollaig 1977 lena leagtar síos bearta speisialta maidir le síolta ricne (8) ar bearta iad ar tháinig deireadh lena mbailíocht an 30 Meán Fómhair 1984 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(8)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 2580/78 ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 1978 lena leathnaítear bliain mhargaíochta 1977/78 i gcomhair ola olóige, lena ndéantar foráil maidir le bearta speisialta don earnáil sin agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 878/77 maidir leis na rátaí malairte atá le cur i bhfeidhm ó thaobh na talmhaíochta de (9), níor chumhdaigh sé ach na blianta margaíochta 1977/78 agus 1978/79 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(9)

Bhí Rialachán (CEE) Uimh. 1/81 ón gComhairle an 1 Eanáir 1981 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le córas na suimeanna cúiteacha aontachais i gcomhair gránach (10) beartaithe lena chur i bhfeidhm san idirthréimhse tar éis aontachas na Gréige leis na Comhphobail Eorpacha agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(10)

Tá éifeachtaí Rialachán (CEE) Uimh. 1946/81 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1981 lena ndéantar cabhair infheistíochta a shrianadh maidir le táirgeadh bainne (11) ídithe ós rud é gur ionchorpraíodh a inneachar i ngníomhartha comhleanúnacha.

(11)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 2989/82 ón gComhairle an 9 Samhain 1982 maidir le cabhair a dheonú i leith tomhaltais ime sa Danmhairg, sa Ghréig, san Iodáil agus i Lucsamburg (12), níor tugadh isteach leis ach bearta sealadacha agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(12)

Bhí Rialachán (CEE) Uimh. 3033/83 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 1983 lena ndíothaítear an tsuim chúiteach “aontachais” is infheidhme maidir le fíonta licéir (13) beartaithe lena chur i bhfeidhm san idirthréimhse tar éis aontachas na Gréige leis na Comhphobail Eorpacha agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(13)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 564/84 ón gComhairle an 1 Márta 1984 ar chabhair i gcomhair infheistíochtaí i réimse an táirgthe bainne a chur ar fionraí (14), níor chumhdaigh sé ach an bhliain 1984 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(14)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2997/87 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1987 lena leagtar síos, maidir le leannlusanna, méid na cabhrach do tháirgeoirí le haghaidh fhómhar 1986 agus lena ndéantar foráil maidir le bearta speisialta i gcomhair réigiún táirgthe áirithe (15), tugadh isteach beart speisialta a bhí infheidhme go dtí an bhliain 1995 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(15)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1441/88 ón gComhairle an 24 Bealtaine 1988 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 822/87 maidir le comheagraíocht mhargadh an fhíona (16), tugadh de chumhacht don Chomhairle forálacha idirthréimhseacha áirithe a d’eascair ó aontachas na Portaingéile leis na Comhphobail Eorpacha a choigeartú agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(16)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1720/91 ón gComhairle an 13 Meitheamh 1991 lena leasaítear Rialachán Uimh. 136/66/CEE maidir le bunú chomheagrú an mhargaidh in olaí agus i saillte a chomheagrú (17), tugadh isteach roinnt beart eisceachtúil maidir le comheagrú an mhargaidh in olaí agus i saillte, ar bearta iad a bhí infheidhme go dtí an 30 Meitheamh 1992 ar a dhéanaí, agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(17)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 740/93 ón gComhairle an 17 Márta 1993 lena socraítear cúiteamh ón gComhphobal maidir le foirceannadh cinntitheach an táirgthe bainne sa Phortaingéil (18), tugadh isteach beart speisialta a bhí le cur chun feidhme go dtí an bhliain 1996 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(18)

Bhí Rialachán (CEE) Uimh. 741/93 ón gComhairle an 17 Márta 1993 maidir le cur i bhfeidhm an phraghais idirghabhála choitinn i gcomhair ola olóige sa Phortaingéil (19) beartaithe lena chur i bhfeidhm san idirthréimhse tar éis aontachas na Portaingéile leis na Comhphobail Eorpacha agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(19)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 744/93 ón gComhairle an 17 Márta 1993 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir leis an sásra forlíontach trádála a chur i bhfeidhm i leith seachadtaí táirgí seachas torthaí agus glasraí sa Phortaingéil (20), bhain sé le hinfheidhmeacht Rialachán (CEE) Uimh. 3817/92 ón gComhairle an 28 Nollaig 1992 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm an tsásra fhorlíontaigh trádála i leith táirgí seachas torthaí agus glasraí a allmhairiú isteach sa Spáinn (21), maidir leis an bPortaingéil, ar Rialachán é a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(20)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2443/96 ón gComhairle an 17 Nollaig 1996 lena ndéantar foráil maidir le bearta breise le haghaidh tacaíochta dírí d’ioncaim táirgeoirí nó d’earnáil na mairteola agus na laofheola (22), níor chumhdaigh sé ach an bhliain 1997 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(21)

Ba é a bhí beartaithe le Rialachán (CE) Uimh. 2200/97 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 1997 maidir le táirgeadh úll, piorraí, péitseog agus neachtairíní sa Chomhphobal a fheabhsú (23) ná préimh speisialta a thabhairt isteach don bhliain mhargaíochta 1997/1998 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(22)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2330/98 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1998 lena ndéantar foráil maidir le cúiteamh a thairiscint do tháirgeoirí áirithe bainne agus táirgí bainne a bhfuil srian sealadach orthu i dtaca lena dtrádáil a sheoladh (24), níor chumhdaigh sé ach beart sealadach agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(23)

Ní raibh sé i gceist le Rialachán (CE) Uimh. 2800/98 ón gComhairle an 15 Nollaig 1998 maidir le bearta idirthréimhseacha atá le cur i bhfeidhm faoin gcomhbheartas talmhaíochta d’fhonn an euro a thabhairt isteach (25) foráil a dhéanamh ach amháin maidir le bearta idirthréimhseacha agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(24)

Ba é a bhí beartaithe le Rialachán (CE) Uimh. 2802/98 ón gComhairle an 17 Nollaig 1998 maidir le clár chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do Chónaidhm na Rúise (26) ná foráil a dhéanamh maidir le beart aonair aon uaire agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(25)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 660/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2075/92 agus lena socraítear na préimheanna agus na tairseacha ráthaíochta i leith tobac duilleog de réir grúpa cineáil agus Ballstáit le haghaidh fhómhar 1999, fhómhar 2000 agus fhómhar 2001 (27), níor chumhdaigh sé ach fómhar 1999, fómhar 2000 agus fómhar 2001 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(26)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 546/2002 ón gComhairle an 25 Márta 2002 lena socraítear na préimheanna agus na tairseacha ráthaíochta i leith tobac duilleog de réir grúpa cineáil agus de réir Ballstáit le haghaidh fhómhar 2002, fhómhar 2003 agus fhómhar 2004, agus ar Rialachán é lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2075/92 (28), níor chumhdaigh sé ach Fómhair 2002, 2003, 2004 agus 2005 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(27)

Ba é a bhí beartaithe le Rialachán (CE) Uimh. 527/2003 ón gComhairle an 17 Márta 2003 lena n-údaraítear fíonta áirithe arna n-allmhairiú ón Airgintín a thairiscint agus a sheachadadh lena gcaitheamh go díreach ag daoine, ar fíonta iad a bhféadfadh próisis fhíoneolaíocha nach bhforáiltear dóibh i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 a bheith déanta orthu (29) ná maolú a thabhairt isteach nach mbeadh infheidhme ach go dtí an 31 Nollaig 2008 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(28)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus soiléireachta, ba cheart na Rialacháin sin atá imithe i seandacht a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2052/69, (CEE) Uimh. 1467/70, (CEE) Uimh. 3279/75, (CEE) Uimh. 1078/77, (CEE) Uimh. 1853/78, (CEE) Uimh. 2580/78, (CEE) Uimh. 1/81, (CEE) Uimh. 1946/81, (CEE) Uimh. 2989/82, (CEE) Uimh. 3033/83, (CEE) Uimh. 564/84, (CEE) Uimh. 2997/87, (CEE) Uimh. 1441/88, (CEE) Uimh. 1720/91, (CEE) Uimh. 740/93, (CEE) Uimh. 741/93, (CEE) Uimh. 744/93, (CE) Uimh. 2443/96, (CE) Uimh. 2200/97, (CE) Uimh. 2330/98, (CE) Uimh. 2800/98, (CE) Uimh. 2802/98, (CE) Uimh. 660/1999, (CE) Uimh. 546/2002, agus Rialachán (CE) Uimh. 527/2003.

2.   Beidh aisghairm na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1 gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhartha Aontais arna nglacadh ar bhonn na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1 a choimeád i bhfeidhm; agus

(b)

bailíocht leantach leasuithe arna ndéanamh leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 ar leasuithe iad ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais nach n-aisghairtear leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 72.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2011.

(3)  IO L 263, 21.10.1969, lch. 6.

(4)  IO L 164, 27.7.1970, lch. 32.

(5)  IO L 326, 18.12.1975, lch. 1.

(6)  IO L 131, 26.5.1977, lch. 1.

(7)  IO L 212, 2.8.1978, lch. 1.

(8)  IO L 332, 24.12.1977, lch. 1.

(9)  IO L 309, 1.11.1978, lch. 13.

(10)  IO L 1, 1.1.1981, lch. 1.

(11)  IO L 197, 20.7.1981, lch. 32.

(12)  IO L 314, 10.11.1982, lch. 25.

(13)  IO L 297, 29.10.1983, lch. 1.

(14)  IO L 61, 2.3.1984, lch. 34.

(15)  IO L 284, 7.10.1987, lch. 19.

(16)  IO L 132, 28.5.1988, lch. 1.

(17)  IO L 162, 26.6.1991, lch. 27.

(18)  IO L 77, 31.3.1993, lch. 5.

(19)  IO L 77, 31.3.1993, lch. 7.

(20)  IO L 77, 31.3.1993, lch. 11.

(21)  IO L 387, 31.12.1992, lch. 12.

(22)  IO L 333, 21.12.1996, lch. 2.

(23)  IO L 303, 6.11.1997, lch. 3.

(24)  IO L 291, 30.10.1998, lch. 4.

(25)  IO L 349, 24.12.1998, lch. 8.

(26)  IO L 349, 24.12.1998, lch. 12.

(27)  IO L 83, 27.3.1999, lch. 10.

(28)  IO L 84, 28.3.2002, lch. 4.

(29)  IO L 78, 25.3.2003, lch. 1.


Top