This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Cinneadh (CBES) 2017/1775 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
An cinneadh agus an rialachán, a leasaíodh go minic:
Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an rialachán:
Eisceachtaí
Ceadaítear leis an gcinneadh agus leis an rialachán cistí calctha a scaoileadh faoi choinníollacha áirithe. Cuimsítear iontu sin:
Tá feidhm ag na bearta sriantacha:
Díolúintí daonnúla
I gcomhréir le Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le Rialachán (AE) 2023/720 ón gComhairle agus le Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle, tugtar isteach i ndlí an Aontais díolúine do na bearta calctha sócmhainní chun cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí fóirithinte eile a sheachadadh go tráthúil arna ndéanamh ag cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha atá rannpháirteach i bpleananna freagartha daonnúla na Náisiún Aontaithe agus ag comhlachtaí iomchuí eile.
Ní mór do sholáthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun faibhriú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí do dhaoine aonair nó d’eintitis liostaithe a íoslaghdú.
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2017/1775 agus Rialachán (AE) 2017/1770 ón 30 Meán Fómhair 2017.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lgh. 23–27).
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE) 2017/1770. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lgh. 1–10).
Féach an leagan comhdhlúite.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Nuashonraithe 15.03.2023