Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Cabhair dhaonnúil

I ndomhan ina bhfuil iarsmaí coinbhleachtaí agus tubaistí ag méadú go seasta, is colún ríthábhachtach é an chabhair dhaonnúil do ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh (AE) agus is cuid thábhachtach í freisin de chumas AE a luachanna a scaipeadh go domhanda.

IIs é is aidhm do ghníomhaíochtaí AE i réimse na cabhrach daonnúla beatha daoine a chaomhnú, anó daoine a chosc agus a mhaolú agus sláine agus dínit na bpobal lasmuigh de AE a bhíonn buailte ag tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéantús an duine a chosaint.

Bíonn gníomhaíochtaí AE i réimse na cabhrach daonnúla bunaithe ar riachtanais agus téitear i mbun na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail idirnáisiúnta dhaonnúla (daonnacht, neamhchlaontacht, neodrachas agus neamhspleáchas), atá cumhdaithe sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil . I Márta 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht maidir le gníomhaíocht dhaonnúil AE, ina leagtar amach tosaíochtaí beartais AE i réimse na cabhrach daonnúla.

Tá Ard–Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Chosanit Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO) i gceannas ar chabhair dhaonnúil AE a chur chun feidhme. Cuimsítear laghdú rioscaí agus ullmhacht maidir le tubaistí i sainordú na hard–stiúrthóireachta freisin.

Cuirtear cabhair atá maoinithe ag AE ar fáil i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (amhail gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe nó comhpháirt idirnáisiúnta ghluaiseacht na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg), le heagraíochtaí daonnúla neamhrialtasacha nó le gníomhaireachtaí speisialaithe Bhallstáit AE. I measc na réimse ina soláthraítear cabhair tá: bia agus cothú, dídean, sláinte, uisce agus sláintíocht.

Soláthraítear an bunús dlí le haghaidh cabhair dhaonnúil le hAirteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

Góra