Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2496

    Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

    ST/14471/2022/REV/1

    IO L 325, 20.12.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2496/oj

    20.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 325/11


    RIALACHÁN (AE, Euratom) 2022/2496ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Nollaig 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tar éis cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá an tAontas ag tacú leis an Úcráin le sraith beart airgeadais. Cuireadh an tacaíocht ar fáil ar bhonn ad hoc ar feadh tréimhse theoranta ama agus bhí gá le soláthar suntasach ó bhuiséad an Aontais agus ó ráthaíochtaí na mBallstát.

    (2)

    Beidh cúnamh leanúnach de dhíth ar an Úcráin chun feidhmiú an Stáit a chothú. In éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, meastar go rannchuideoidh an tAontas chun riachtanais phráinneacha chistiúcháin na hÚcráine a chumhdach. Chuige sin, tá ionstraim nua bunaithe ag an Aontas faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Faoin ionstraim sin, tá cuid shuntasach den chúnamh airgeadais atá beartaithe le soláthar i bhfoirm iasachtaí.

    (3)

    I gcomhthéacs na héagobhsaíochta seachtraí méadaithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le réiteach maoinithe struchtúrtha do na blianta 2023 agus 2024 chun tacaíocht airgeadais leanúnach don Úcráin a áirithiú.

    (4)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar chumas an Aontais na hacmhainní buiséadacha is gá a chur ar fáil ar bhealach fónta inbhuanaithe. Ba cheart é sin a dhéanamh trí shíneadh a chur leis an sásra atá ann cheana i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach ón Aontas chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin sna blianta 2023 agus 2024 a chumhdach. Leis an sásra sin, ba cheart go bhféadfaí suas le 100 % de mhéideanna an dliteanais airgeadais is gá a shlógadh chun oibleagáidí aisíocaíochta an Aontais faoi oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a chomhlíonadh i gcás nach bhfaighidh an tAontas an íocaíocht chuí in am ón Úcráin.

    (5)

    Ba cheart a bheith in ann na leithreasuithe is gá i mbuiséad an Aontais a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil do na Ballstáit, agus le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar don oibleagáid uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a urramú (3).

    (6)

    I bprionsabal, agus mura dtiocfaidh tuilleadh forbairtí eisceachtúla chun cinn, leis an ráthaíocht bhuiséadach sin ón Aontas ba cheart go gcumhdófaí faoiseamh airgeadais gearrthéarmach don Úcráin le haghaidh méid suas le EUR 18 000 000 000 mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2022/2463 agus ba cheart úsáid an chúnaimh mhacra-airgeadais le linn 2024 a theorannú d’eisíocaíochtaí sa chéad ráithe den bhliain sin mar a shonraítear sa Rialachán sin.

    (7)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cláir um chúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 (4) ón gComhairle a leasú dá réir sin.

    (9)

    I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, maidir leis an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, meastar gurb iomchuí í a agairt.

    (10)

    I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

    “I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Toiliú an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).

    (3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).


    Top