EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1503

Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/37/2020/INIT

OJ L 347, 20.10.2020, p. 1–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1503/oj

20.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2020/1503 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Deireadh Fómhair 2020

maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá méadú ag teacht ar an úsáid atá á baint as an sluachistiú mar chineál bunaithe maoiniúcháin mhalartaigh do ghnóthlachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a bhíonn ag brath go hiondúil ar infheistíochtaí beaga. Is cineál idirghabhála an sluachistiúchán a bhfuil a thábhacht ag méadú, idirghabháil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, gan aon riosca dílis a ghlacadh, ardán digiteach atá ar oscailt don phobal chun infheisteoirí nó iasachtóirí ionchasacha a mheaitseáil, nó chun an mheaitseáil a éascú, le gnóthaí atá ag iarraidh cistiú. D’fhéadfadh cistiú den sórt sin a bheith i bhfoirm iasachtaí nó urrúis inaistrithe nó i bhfoirm ionstraimí eile a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin. Dá bharr sin, is iomchuí an sluachistiúchán iasachtbhunaithe agus an sluachistiúchán infheistíochtbhunaithe a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin seo ós rud é gur féidir na cineálacha sluachistiúcháin sin a struchtúrú mar roghanna cistiúcháin inchomparáide.

(2)

Go ginearálta, bíonn trí chineál gníomhaí i bpáirt i soláthar seirbhísí sluachistiúcháin: an t-úinéir tionscadail a mholann an togra atá le cistiú, infheisteoirí a chistíonn an tionscadal atá beartaithe, agus eagraíocht idirghabhálach i bhfoirm soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a thugann le chéile úinéirí tionscadail agus infheisteoirí trí ardán ar líne.

(3)

Leis an sluachistiúchán, féadtar rannchuidiú le FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú agus féadtar rannchuidiú le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) a thabhairt i gcrích. Is minic nach mbíonn na FBManna in ann maoiniú a rochtain agus is fadhb dóibh é sin fiú sna Ballstáit sin inar lean an rochtain ar mhaoiniú ó na bainc de bheith cobhsaí fad a bhí an ghéarchéim airgeadais ar siúl. Is cleachtas bunaithe anois an sluachistiú mar bhealach le cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí gnó daoine nádúrtha agus dlítheanacha. Déantar cistiú den sórt seo trí bhíthin ardáin ar líne; go hiondúil déantar na gníomhaíochtaí gnó a mhaoiniú le cabhair ó líon mór daoine agus eagraíochtaí; agus tiomsaíonn na gnóthaí, lena n-áirítear gnóthlachtaí nuathionscanta, suimeanna measartha beaga airgid.

(4)

Is foinse mhalartach cistithe lena n-áirítear caipiteal fiontair é an sluachistiú ach, ina theannta sin, is féidir le gnóthaí tairbhí eile a bhaint as. Is féidir leis coincheap le haghaidh gnó a dhaingniú, rochtain a thabhairt d’fhiontraithe ar líon mór daoine a thugann léargais agus faisnéis uathu, agus a bheith ina uirlis mhargaíochta.

(5)

Tá córais shaincheaptha inmheánacha i leith sluachistiúcháin tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana. Tá na córais curtha in oiriúint do shaintréithe agus riachtanais na margaí agus na n-infheisteoirí áitiúla. Mar thoradh air sin, tá difríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana ar fud an Aontais i dtaca leis na coinníollacha maidir le hardáin sluachistiúcháin a oibriú, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a cheadaítear agus naceanglais maidir le húdarú.

(6)

Tá a oiread de dhifríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana go gcuireann siad bac ar sheirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann agus ar an gcaoi sin bíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do na seirbhísí sin. Go háirithe, de bhrí go bhfuil an creat dlí ilroinnte ar bhonn teorainneacha náisiúnta, cruthaítear costais shubstaintiúla d’infheisteoirí miondíola ar minic a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí agus na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann a chinneadh. Dá bharr sin, is minic a dhíspreagtar infheisteoirí den sórt sin le hinfheistíocht trasteorann a dhéanamh trí bhíthin ardáin sluachistiúcháin. Ar an ábhar sin, díspreagtar soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a oibríonn na hardáin sin le seirbhísí a thairiscint i mBallstáit cé is moite den Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Mar thoradh air sin, is ar bhonn náisiúnta a bhí seirbhísí sluachistiúcháin á ndéanamh go dtí seo, rud a rinne dochar do mhargadh sluachistiúcháin ar fud an Aontais agus ar an gcaoi sin fágadh gnóthaí gan rochtain ar sheirbhísí sluachistiúcháin, go háirithe i gcásanna ina n-oibríonn na gnóthaí sin i margaí beaga náisiúnta.

(7)

D’fhonn seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann a chothú agus chun fónamh le go mbeadh an tsaoirse acu na seirbhísí sin a sholáthar sa mhargadh inmheánach agus tairbhe a bhaint astu, is gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú d’infheisteoirí trí chreat rialála a leagan síos ar leibhéal an Aontais.

(8)

Trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin, is é aidhm don Rialachán seo cistiú trasteorann a chothú do ghnóthaí. Ba cheart, dá bhrí sin, nach dtiocfadh seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le hiasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(9)

Chun arbatráiste rialála a sheachaint agus maoirseacht éifeachtach ar na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú, ba cheart cosc a chur orthu taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal, mura mbeidh siad údaraithe freisin mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gceanglaítear le ndlí náisiúnta údarú mar institiúid creidmheasa ná aon údarú, díolúine ná dispeansáid aonair eile ar úinéirí tionscadal nó ar infheisteoirí i gcás ina nglacfaidh siad le cistí nó ina ndeonóidh siad iasachtaí chun críocha tionscadail sluachistiúcháin a thairiscint nó infheistiú iontu.

(10)

Is é is aidhm do sholáthar seirbhísí sluachistiúcháin cistiú tionscadail a éascú trí chaipiteal a thiomsú ó líon mór daoine agus gach duine acu ag ranníoc suimeanna infheistíochta measartha beag trí chóras faisnéise idirlíonbhunaithe a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Tá seirbhísí sluachistiúcháin oscailte, dá bhrí in, do chomhthiomsú neamhshrianta infheisteoirí a fhaigheann tairiscintí infheistíochta ag an am céanna agus is é atá i gceist leo cistí a chruinniú ó dhaoine nádúrtha den chuid is mó, lena n-áirítear iad siúd nach daoine iad a bhfuil glanfhiúchas ard acu. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí sluachistiúcháin atá comhdhéanta de sholáthar agus tarchur comhpháirteach orduithe cliant agus láithriú urrús inaistrithe nó ionstraimí áirithe a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin gan bhonn daingean gealltanas, ar ardán poiblí lena soláthraítear rochtain neamhshrianta d’infheisteoirí. Is príomhghné den seirbhís sluachistiúcháin comhsholáthar na seirbhísí sin i gcomparáid le seirbhísí infheistíochta áirithe a chuirtear ar fáil faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cé go bhfuil na seirbhísí sin, astu féin, ag teacht leis na seirbhísí sin a chumhdaítear faoin Treoir sin.

(11)

I dtaca le sluachistiú iasachtbhunaithe, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán seo maidir le seirbhísí sluachistiúcháin atá comhdhéanta den éascú ar deonú iasachtaí, lena n-áirítear seirbhísí amhail tairiscintí sluachistiúcháin a chur i láthair cliant agus praghsáil nó measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa tionscadal sluachistiúcháin nó úinéirí tionscadail. Ba cheart samhlacha gnó difriúla a chuimsiú sa sainmhíniú ar sheirbhísí sluachistiúcháin le go mbeifear in ann comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích idir infheisteoir amháin nó níos mó agus úinéir tionscadail amháin nó níos mó trí bhíthin ardán sluachistiúcháin. Iasachtaí a áirítear laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart gurb éard a bheadh iontu iasachtaí a mbeadh oibleagáidí neamhchoinníollacha ag gabháil leo méid socraithe airgid a aisíoc leis an infheisteoir, sa chaoi nach ndéanann ardáin sluachistiúcháin iasachtbhunaithe ach a éascú d’infheisteoirí agus d’úinéirí tionscadail comhaontuithe iasachta a chur i gcrích gan an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bheith ag gníomhú tráth ar bith mar chreidiúnaí ag an úinéir tionscadail. Tá idirdhealú le déanamh idir éascú deonú iasachtaí a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus gníomhaíocht institiúide creidmheasa, a dheonaíonn creidmheasanna dá cuntas féin agus a ghlacann taiscí nó cistí inaisíoctha eile ón bpobal.

(12)

Chun a gcuid seirbhísí a sheachadadh, oibríonn soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin córais faisnéise idirlíonbhunaithe a bhfuil rochtain phoiblí orthu, lena n-áirítear na córais sin a bhfuil clárú úsáideoirí riachtanach dóibh.

(13)

Maidir le sluachistiú infheistíochtbhunaithe, is coimirce thábhachtach d’infheisteoirí an inaistritheacht d’fhonn gurbh fhéidir leo scor óna n-infheistíocht de bharr go dtugtar an deis dóibh a n-ús a dhiúscairt ar na margaí caipitil. Dá bharr sin, cumhdaítear agus ceadaítear leis an Rialachán seo seirbhísí sluachistiúcháin a bhaineann le hurrúis inaistrithe. Tá scaireanna cuideachtaí príobháideacha áirithe atá faoi dhliteanas teoranta arna gcorprú faoi dhlí náisiúnta na mBallstát inaistrithe go neamhshrianta ar na margaí caipitil freisin agus, dá bhrí sin, níor cheart a chosc iad a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

I mBallstáit áirithe, tá ionstraimí áirithe a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin faoi réir an dlí náisiúnta lena rialaítear inaistritheacht na n-ionstraimí sin, amhail an ceanglas go ndéanfaidh nótaire an t-aistriú a fhíordheimhniú. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar don dlí náisiúnta lena rialaítear aistriú ionstraimí den sórt sin.

(15)

Cé go bhféadfaí fiontair bheaga agus mheánmhéide,gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí atá i mbun fáis a chistiú le tairiscintí tosaigh monaí, agus cé go bhféadfaidís dlús a chur le haistriú teicneolaíochta, d’fhéadfadh difríochtaí móra a bheith ann idir a saintréithe agus seirbhísí sluachistiúcháin a rialaítear faoin Rialachán seo.

(16)

I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht sluachistiúcháin, ar mhaithe le hinfheisteoirí a chosaint go héifeachtach agus sásra um smacht margaidh a sholáthar, is iomchuí tairseach comaoine iomláine a fhorchur maidir le gach tairiscint sluachistiúcháin a rinne úinéir tionscadail áirithe. Dá réir sin, ba cheart an tairseach sin a shocrú ag EUR 5 000 000, arb e sin an tairseach atá in úsáid ag formhór na mBallstát chun tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(17)

D’fhéadfadh na creataí rialála forluiteacha arna mbunú faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2017/1129, i ngeall ar thairseach EUR 5 000 000, an riosca arbatráiste rialála a mhéadú agus d’fhéadfadh éifeacht shuaiteach a bheith acu ar rochtain ar mhaoiniú agus ar fhorbairt margaí caipitil i mBallstáit áirithe. Thairis sin, go dtí seo, níl creat sonrach dlíthiúil rialála, lena rialaítear ardáin agus seirbhísí sluachistiúcháin, curtha i bhfeidhm ach ag líon teoranta Ballstát. Á chur san áireamh, agus Rialachán (AE) 2017/1129 á chur chun feidhme acu, gur shocraigh roinnt Ballstát an tairseach faoi bhun EUR 5 000 000 le go ndéanfaí tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú, agus á chur san áireamh freisin go gcaithfeadh na Ballstáit sin iarracht speisialta a dhéanamh a ndlí náisiúnta a choigeartú agus cur i bhfeidhm na tairsí aonair faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh do mhaolú sealadach neamh-inathnuaite chun cur ar chumas na mBallstát sin an mhóriarracht sin a dhéanamh. Ba cheart don mhaolú sealadach sin a bheith infheidhme don tréimhse is giorra is féidir, chun a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(18)

Chun ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí a choinneáil, chun na rioscaí a bhaineann le sluachistiú a laghdú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na cliaint uile, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartas a chur ar bun a bheidh ceaptha a áirithiú go ndéanfar tionscadail ar a n-ardáin a roghnú. ar bhealach gairmiúil cothrom trédhearcach agus go soláthrófar seirbhísí sluachistiúcháin ar an mbealach céanna.

(19)

Chun feabhas a chur ar an tseirbhís dá gcliaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith in ann tionscadail sluachistiúcháin a mholadh d’infheisteoirí aonair bunaithe ar pharaiméadar nó táscaire riosca sonrach amháin nó níos mó, amhail cineál nó earnáil na gníomhaíochta gnó nó rátáil chreidmheasa, a bheidh curtha in iúl roimh ré ag an infheisteoir don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Mar sin féin, leis an údarú a fhaightear faoin Rialachán seo, níor cheart an ceart a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí bainistithe sócmhainní aonair nó comhchoiteanna a sholáthar. Chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí ionchasacha ar bhonn neodrach, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná tairbhe neamhairgeadaíochta a íoc ná a ghlacadh as orduithe infheisteora a stiúradh chuig tairiscint ar leith atá ar a n-ardán nó ar ardán tríú páirtí acu.

(20)

Samhlacha gnó a úsáideann próisis uathoibrithe trína ndéanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin cistí a leithdháileadh go huathoibríoch ar thionscadail sluachistiúcháin i gcomhréir le paraiméadair agus táscairí riosca arna réamhchinneadh ag an infheisteoir, ar a dtugtar uath-infheistiú, ba cheart iad a mheas mar bhainistiú punainne aonair iasachtaí.

(21)

Níor cheart breathnú ar uirlisí scagtha ar ardán sluachistiúcháin faoin Rialachán seo mar chomhairle infheistíochta faoi Threoir 2014/65/AE ar choinníoll go gcuireann na huirlisí sin faisnéis ar fáil leis do chliaint ar bhealach neodrach nach moladh é. Ba cheart na huirlisí lena dtaispeántar torthaí bunaithe ar chritéir a bhaineann le gnéithe táirgí atá go hiomlán oibiachtúil a áireamh sna huirlisí sin. D’fhéadfadh gnéithe táirge oibiachtúla i gcomhthéacs ardáin sluachistiúcháin a bheith ina gcritéir tionscadail réamhshainithe amhail an earnáil eacnamaíoch, an ionstraim a úsáidtear agus an ráta úis nó an chatagóir riosca i gcás ina nochtar faisnéis leordhóthanach maidir leis an modh ríofa. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart príomhfhigiúirí airgeadais a ríomhtar gan aon deis feidhmiú go lánroghnach, a mheas mar chritéir oibiachtúla freisin.

(22)

Is é is aidhm don Rialachán seo infheistíocht dhíreach a éascú agus féachaint chuige nach gcruthófar deiseanna arbatráiste rialála d’idirghabhálaithe airgeadais atá á rialáil faoi gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena rialaítear bainisteoirí sócmhainní go háirithe. Ba cheart, dá bhrí sin, an úsáid a bhaintear as struchtúir dhlíthiúla, lena n-áirítear meáin shainchuspóireacha, a dhéanann idirghníomhú idir an tionscadal sluachistiúcháin agus infheisteoirí, a rialú go dian agus níor cheart úsáid na struchtúr sin a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis trína chur ar chumas infheisteora leas a fháil, mar shampla, i sócmhainn neamhleachtach nó dhoroinnte trí urrúis inaistrithe a eisiúint trí mheán sainchuspóireach.

(23)

Is gá córas éifeachtach rialachais a áirithiú chun bainistiú riosca iomchuí a dhéanamh agus chun aon choinbhleacht leasa a chosc. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh socruithe rialachais i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lena n-áiritheofar go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach éifeachtach stuama. Ba cheart dea-cháil a bheith ar na daoine nádúrtha atá freagrach as iad a bhainistiú agus ba cheart dóibh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach a bheith acu. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nósanna imeachta a bhunú chun gearáin óna gcliaint a ghlacadh agus a láimhseáil.

(24)

Bíonn cliaint neamhchosanta ar rioscaí féideartha a bhaineann leis na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, go háirithe rioscaí oibríochtúla. Chun cliaint a chosaint ar rioscaí den sórt sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith faoi réir ceanglais stuamachta.

(25)

Ba cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin pleananna leanúnachais gnó a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le cliseadh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Ba cheart forálacha a áireamh sna pleananna leanúnachais ghnó sin, forálacha maidir le feidhmeanna criticiúla a láimhseáil, agus d’fhéadfaí a áireamh iontu sin, ag brath ar shamhail ghnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, forálacha maidir le seirbhísiú leanúnach a dhéanamh ar iasachtaí gan íoc, fógra a thabhairt do chliaint agus aistriú socruithe maidir le sócmhainní a choimeád slán.

(26)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin feidhmiú mar idirghabhálaithe neodracha idir a gcuid cliant ar a n-ardáin sluachistiúcháin féin. Chun coinbhleachtaí leasa a chosc, ba cheart ceanglais áirithe a leagan síos i dtaca le soláthraithe, a scairshealbhóirí, a mbainisteoirí agus a bhfostaithe seirbhísí sluachistiúcháin agus le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil dlúthbhaint aige leo a mhéid a bhaineann lena rialú. Go háirithe, ba cheart cosc a bheith ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon rannpháirtíocht a bheith acu sna tairiscintí sluachistiúcháin ar a n-ardáin sluachistiúcháin féin. Níor cheart do mhór-scairshealbhóirí, do bhainisteoirí ná d’fhostaithe, agus d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil dlúthbhaint aige leo a mhéid a bhaineann le rialú, gníomhú mar úinéirí tionscadail i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin. Mar sin féin, níor cheart cosc a chur ar na mór-scairshealbhóirí, bainisteoirí, fostaithe agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin gníomhú mar infheisteoirí sna tionscadail a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin, ar choinníoll go mbeidh coimircí iomchuí in aghaidh coinbhleachtaí leasa i bhfeidhm.

(27)

Ar mhaithe le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar go héifeachtach rianúil, ba cheart ceadú do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon fheidhm oibríochtúil a chur de chúram, go hiomlán nó i bpáirt, ar thríú páirtí ar choinníoll nach ndéanfaidh an seachfhoinsiú sin aon díobháil ábhartha do cháilíocht rialuithe inmheánacha na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná do mhaoirseacht éifeachtach ar na seirbhísí sluachistiúcháin. Os a choinne sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo i leith na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe.

(28)

Tá na ceanglais maidir le slánchoimeád sócmhainní ríthábhachtach chun infheisteoirí a fhaigheann seirbhísí sluachistiúcháin a chosaint. Urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin agus is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais nó is féidir a thabhairt go fisiciúil don choimeádaí, ba cheart do choimeádaí cáilithe iad a choimeád slán, coimeádaí atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE. Ag brath ar an gcineál sócmhainní atá le coinneáil slán, tá sócmhainní le bheith faoi choimeád, ach an oiread le hurrúis inaistrithe is féidir a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais nó is féidir a sheachadadh go fisiciúil, nó le bheith faoi réir fíorú úinéireachta agus coimeád taifead. Slánchoimeád urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin agus nach gcláraítear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ach leis an úineir tionscadail nó lena ghníomhaire, amhail infheistíochtaí i gcuideachtaí neamhliostaithe, nó má shealbhaítear iad ar chuntas leithscartha aonair a d’fhéadfadh cliant a oscailt go díreach le taisclann lárnach urrús, meastar gurb ionann sin agus sócmhainní a bheith á gcoinneáil slán ag coimeádaithe cáilithe.

(29)

Ós rud é nach gceadaítear ach do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta seirbhísí íocaíochta a sholáthar mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ní hionann údarú chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar agus údarú chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shoiléiriú nach mór do sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bheith ina sholáthraí seirbhísí íocaíochta freisin mar a shainítear i dTreoir (AE) 2015/2366, i gcás ina ndéanfaidh sé na seirbhísí íocaíochta sin a sholáthar i ndáil lena sheirbhísí sluachistiúcháin. Tá an ceanglas sin gan dochar d’eintitis a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE agus a dhéanann gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366 agus atá freisin faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 37 de Threoir (AE) 2015/2366. Ionas gur féidir maoirseacht iomchuí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur in iúl do na húdaráis inniúla cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé beartaithe aige féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar, agus an t-údarú iomchuí aige, nó an tseirbhís a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí údaraithe.

(30)

Tá scála leordhóthanach agus muinín an phobail sna seirbhísí sin riachtanach d’fhás agus d’fheidhmiú rianúil na seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann. Dá bharr sin, ní mór ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha is infheidhme go díreach maidir le húdarú a leagan síos i gcás soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart leis na ceanglais maidir le seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann, go ndéanfaí níos fusa na seirbhísí sin a sholáthar ar bhonn trasteorann, go laghdófaí rioscaí oibríochtúla, agus go n-áiritheofaí ardleibhéal trédhearcachta agus cosanta infheisteoirí.

(31)

Chun maoirseacht éifeachtach ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú, níor cheart ach daoine dlítheanacha a bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí acu san Aontas, lena n-áirítear na hacmhainní is gá, a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar údarú mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo.

(32)

Féadann seirbhísí sluachistiúcháin a bheith neamhchosanta ar sciúradh airgid agus ar rioscaí i leith maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a léirítear go soiléir sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Comhairle an 26 Meitheamh 2017 ar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart coimircí a chur ar fáil agus na coinníollacha á leagan amach chun soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus chun dea-cháil na ndaoine nádúrtha atá freagrach as a mbainistithe a mheas chomh maith le srian a chur ar sholáthar seirbhísí íocaíochta d’eintitis cheadúnaithe faoi réir ceanglais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. D’fhonn sláine an mhargaidh a áirithiú tuilleadh trí rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus méid na gcistí is féidir a thiomsú le tairiscint sluachistiúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo á cur san áireamh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir na n-oibleagáidí chun dlí náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha na Treorach sin.

(33)

Ionas go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann oibriú ar bhonn trasteorann gan aghaidh a thabhairt ar rialacha éagsúla agus, ar an gcaoi sin, cistiú tionscadal ar fud an Aontais a éascú d’infheisteoirí ó Bhallstáit eile, níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ceanglais bhreise a fhorchur ar na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin atá údaraithe faoin Rialachán seo.

(34)

Leis an bpróiseas údarúcháin, ba cheart an deis a thabhairt do na húdaráis inniúla a bheith curtha ar an eolas faoi na seirbhísí atá beartaithe ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ionchasacha a sholáthar agus na hardáin sluachistiúcháin atá beartaithe acu a oibriú, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a lucht bainistíochta, ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar a n-eagar inmheánach agus na nósanna imeachta inmheánacha a bheidh curtha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

(35)

Chun maoirseacht chuí a áirithiú agus chun ualaí riaracháin díréireacha a sheachaint, ba cheart go bhféadfadh eintitis a údaraíodh faoi Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), nó faoi Threoir 2013/36/AE, 2014/65/AE nó (AE) 2015/2366 agus a bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar údarú a bheith acu faoi cheann amháin de na Treoracha sin agus faoin Rialachán seo araon. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta shimplithe maidir le húdarú agus níor cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla doiciméid nó cruthúnas atá ar fáil dóibh cheana a chur isteach.

(36)

Chun trédhearcacht maidir le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a éascú d’infheisteoirí, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (ESMA) clár poiblí atá cothrom le dáta a bhunú de na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go léir atá údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart go n-áireofaí sa chlár sin faisnéis maidir leis na hardáin sluachistiúcháin go léir atá ag feidhmiú san Aontas.

(37)

Ba cheart údarú faoin Rialachán seo a aistarraingt i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na coinníollacha faoinar eisíodh an t-údarú a thuilleadh. Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla freisin údarú faoin Rialachán seo a tharraingt siar aon uair a chailleann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó tríú páirtí ag gníomhú thar a cheann, a údarú lena gceadaítear seirbhísí íocaíochta a sholáthar faoi Threoir (AE) 2015/2366 nó seirbhísí infheistíochta a sholáthar faoi Threoir 2014/65/AE, nó aon uair a fhaightear amach go bhfuil an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme sáraithe ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar soláthraí seirbhísí íocaíochta é freisin, nó ag a bhainisteoirí, a fhostaithe nó tríú páirtí ag gníomhú thar a cheann.

(38)

Chun raon leathan seirbhísí a sholáthar dá gcliaint, ba cheart cead a thabhairt do sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú faoin Rialachán seo gabháil do ghníomhaíochtaí seachas soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a chumhdaítear le húdarú faoin Rialachán seo.

(39)

Chun go mbeidh tuiscint shoiléir ar chineál na seirbhísí sluachistiúcháin agus na rioscaí lena mbaineann agus ar na costais agus na muirir a bhaineann le seirbhís den sórt sin, ba cheart do soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis chóir, shoiléir nach bhfuil míthreorach, a chur ar fáil dá gcliaint.

(40)

Maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin trína n-éascaítear iasachtaí a dheonú, ba cheart dóibh faisnéis ábhartha áirithe, amhail rátaí mainneachtana iasachtaí, a chur ar fáil do na cliaint go léir.

(41)

Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann i bhfeidhm scóranna creidmheasa ar thionscadail sluachistiúcháin nó a mholann praghsáil chreidmheasa ar a tairiscintí sluachistiúcháin, ba cheart dóibh príomheilimintí dá gcuid modheolaíochta a nochtadh. Le ceanglas a bhaineann le nochtadh na modhanna lena ndéantar scóir chreidmheasa a ríomh, nó lena ndéantar an praghas nó an ráta úis a chinneadh, níor cheart a fhorléiriú leis sin go gcuirtear de cheangal faisnéis íogair ghnó a nochtadh ná ar bhealach a chuireann bac ar nuálaíocht.

(42)

Chun cosaint leordhóthanach infheisteoirí a áirithiú do chatagóirí éagsúla infheisteoirí atá rannpháirteach i dtionscadail sluachistiúcháin agus ag an am céanna sreabha infheistíochta a éascú, déantar idirdhealú sa Rialachán seo idir infheisteoirí sofaisticiúla agus neamhshofaisticiúla, agus tugtar isteach leibhéil éagsúla coimircí cosanta infheisteoirí is iomchuí do gach ceann de na catagóirí sin. Ba cheart go gcuirfeadh an t-idirdhealú idir infheisteoirí sofaisticiúla agus neamhshofaisticiúla leis an idirdhealú idir cliaint ghairmiúla agus cliaint mhiondíola a bunaíodh le Treoir 2014/65/AE. Mar sin féin, ba cheart saintréithe an mhargaidh sluachistiúcháin a chur san áireamh san idirdhealú sin chomh maith. Agus idirdhealú á dhéanamh idir infheisteoirí sofaisticiúla agus neamhshofaisticiúla sa Rialachán seo, ba cheart, go háirithe, taithí agus eolas na n-infheisteoirí ionchasacha i sluachistiú a chur san áireamh freisin, agus ba cheart an taithí agus an t-eolas sin a athmheasúnú gach dhá bhliain.

(43)

Ní ionann na táirgí airgeadais a ndéantar a mhargú ar ardáin sluachistiúcháin agus na táirgí traidisiúnta infheistíochta nó coigiltis, agus níor cheart na táirgí sin a mhargú ar an mbonn sin. Mar sin féin, chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag infheisteoirí ionchasacha neamhshofaisticiúla ar leibhéal na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin triail eolais iontrála a dhéanamh ar infheisteoirí ionchasacha neamhshofaisticiúla chun an tuiscint atá acu ar infheistíochtaí den sórt sin a fhíorú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rabhadh sainráite a thabhairt d’infheisteoirí ionchasacha neamhshofaisticiúla a bhfuil eolas, scileanna agus taithí neamhleor acu go bhféadfadh na seirbhísí sluachistiúcháin sin a bheith míchuí dóibh.

(44)

Ós rud é go bhfuil infheisteoirí sofaisticiúla, de réir sainmhínithe, ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí i dtionscadail sluachistiúcháin, ní fiú tástáil eolais iontrála a chur i bhfeidhm orthu siúd. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rabhaidh riosca a eisiúint d’infheisteoirí sofaisticiúla.

(45)

Chun a áirithiú gur léigh infheisteoirí neamhshofaisticiúla na rabhaidh riosca shainráite arna n-eisiúint ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus chun a áirithiú gur thuig siad iad, ba cheart dóibh na rioscaí atá á nglacadh acu nuair a dhéanann siad infheistiú i dtionscadal sluachistiúcháin a aithint go sainráite. Chun ardleibhéal cosanta a choinneáil i dtaca le hinfheisteoirí agus ós rud é go dtugtar le fios le ceal admhála den sórt sin go bhféadfadh easpa tuisceana a bheith ann maidir leis na rioscaí lena mbaineann, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin glacadh le hinfheistíochtaí ó infheisteoirí neamhshofaisticiúla ach amháin sa chás gur aithin siad go sainráite go bhfuair siad agus gur thuig siad na rabhaidh sin.

(46)

I bhfianaise an riosca a bhaineann le tionscadail sluachistiúcháin, ba cheart d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla an ró-nochtadh dóibh a sheachaint. Tá baol suntasach ann go gcaillfí sciar mhór den infheistíocht tosaigh nó fiú amháin go gcaillfí an t-iomlán. Is iomchuí, dá bhrí sin, uasmhéid is féidir le infheisteoirí neamhshofaisticiúla, gan coimircí breise, a infheistiú i dtionscadal ar leith a leagan amach. Os a choinne sin, níor cheart d’infheisteoirí sofaisticiúla a bhfuil an taithí, an t-eolas nó an acmhainn airgeadais is gá acu, nó meascán díobh sin acu, a bheith teoranta d’uasmhéid den sórt sin.

(47)

D’fhonn an chosaint a neartú d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla, is gá forálacha a dhéanamh maidir le tréimhse mhachnaimh inar féidir le hinfheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil tairiscint maidir le hinfheistíocht a dhéanamh nó léiriú suime a chúlghairm i dtairiscint sluachistiúcháin ar leith gan cúis a thabhairt agus gan pionós a thabhú. Tá gá leis sin le go seachnófaí cás ina cheanglódh infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil é féin trí ghlacadh le tairiscint sluachistiúcháin agus dá réir sin tairiscint conradh a ghlacadh lena ngabhann ceangal dlí, gan aon deis a bheith aige tarraingt siar le laistigh de thréimhse leordhóthanach ama. Níl gá leis an tréimhse mhachnaimh nuair is féidir le hinfheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil spéis a léiriú i dtairiscint sluachistiúcháin ar leith, gan, ar an gcaoi sin, é féin a cheangal le conradh chomh maith, ach amháin nuair a dhéantar tairiscint infheistíochta den sórt sin nó nuair a léirítear léiriú spéise den sórt sin tráth atá gar do dháta deiridh sceidealta na tairisceana nó don dáta a mbainfear amach an sprioc chistiúcháin a bhí socraithe. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú nach mbaileofar aon airgead ón infheisteoir ná nach n-aistreofar chuig an t-úinéir tionscadail é sula rachaidh an tréimhse mhachnaimh in éag.

(48)

Ag féachaint do na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gceart chun tairiscint maidir le hinfheistíocht a dhéanamh nó léiriú suime a chúlghairm le linn tréimhse mhachnaimh ar na costais a bhaineann le caipiteal a thiomsú trí ardáin sluachistiúcháin, ba cheart don Choimisiún a mheas, mar chuid dá thuarascáil faoin Rialachán seo, ar cheart an tréimhse mhachnaimh a ghiorrú ionas go bhféadfadh próiseas tiomsaithe caipitil níos éifeachtúla a bheith ann gan dochar a dhéanamh do chosaint infheisteoirí.

(49)

Le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) cumhdaítear éilimh a éiríonn as neamhábaltacht gnólachta infheistíochta airgead atá dlite d’infheisteoirí nó ar leo é agus atá á shealbhú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a aisíoc, nó aon ionstraimí ar leis na hinfheisteoirí iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta nach raibh sé in ann a thabhairt ar ais dóibh. Ós rud é, maidir le slánchoimeád sócmhainní i dtaca le seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag gnólacht infheistíochta atá údaraithe freisin de bhun Treoir 2014/65/AE, nach mbaineann an slánchoimeád sin le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin laistigh de bhrí phointe (2) d’Airteagal 4(1) den Treoir sin, ba cheart infheisteoirí neamhshofaisticiúla a chur ar an eolas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí nach bhfuil feidhm ag cosaint na scéime cúitimh d’infheisteoirí maidir leis na hurrúis inaistrithe nó ionstraimí áirithe a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a fhaightear tríd an ardán sluachistiúcháin. Thairis sin, níor cheart soláthar seirbhísí sluachistiúcháin arna dhéanamh ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a mheas mar ghlacadh taiscí laistigh de bhrí phointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(50)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos inneachar bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí atá le cur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin d’infheisteoirí ionchasacha le haghaidh gach tairiscint um shluachistiúchán ionas go mbeidh siad in ann cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh. Ba cheart don bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí rabhadh a thabhairt d’infheisteoirí ionchasacha go mbaineann rioscaí leis an timpeallacht infheistíochta ina bhfuil siad páirteach, rioscaí nach gcumhdaítear faoi scéimeanna ráthaíochta taiscí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ná faoi scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 97/9/CE.

(51)

Ba cheart gnéithe sonracha an tsluachistiúcháin iasachtbhunaithe agus infheistíochtbhunaithe a léiriú sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. Chuige sin, ba cheart táscairí sonracha ábhartha a éileamh. Ba cheart saintréithe sonracha agus na rioscaí a bhaineann leis na húineirí tionscadail a chur san áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, nuair is féidir, agus ba cheart díriú inti ar fhaisnéis ábhartha faoi na húinéirí tionscadail, faoi chearta infheisteoirí agus faoi na táillí a ghearrfar orthu, agus faoi na cineálacha urrús inaistrithe, faoi na hionstraimí a ligtear isteach chun críochasluachistiúcháin agus faoi na hiasachtaí a thairgfear. Ba cheart gurb iad na húinéirí tionscadail a dhréachtóidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, toisc gurb iad na húinéirí tionscadail is fearr atá in ann an fhaisnéis sin a cheanglaítear a bheith san áireamh a sholáthar. Mar sin féin, ós rud é gurb iad na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a sholáthar do na hinfheisteoirí ionchasacha, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú go bhfuil an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí soiléir, ceart agus comhlánaithe go hiomlán.

(52)

Ba cheart a cheadú do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin níos mó faisnéise a chur i láthair ná mar is gá ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna dhréachtú ag an úinéir tionscadail. Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith comhlántach agus comhsheasmhach, áfach, leis an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

(53)

Má aimsíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin easnamh, botún nó míchruinneas ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar an toradh a bhfuiltear ar súil leis ar infheistíocht, ba cheart don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin a thabhairt le fios go pras don úinéir tionscadail go bhfuil an t-easnamh, an botún nó an míchruinneas sin ann, agus ba cheart dósan an fhaisnéis sin a chomhlánú nó a cheartú. I gcás nach ndéantar an comhlánú nó an ceartú sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, faoi choinníollacha áirithe, an tairiscint sluachistiúcháin a chur ar fionraí nó a chur ar ceal fiú.

(54)

Chun go mbeidh rochtain rianúil chaoithiúil ar mhargaí caipitil ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun a gcostais mhaoiniúcháin a laghdú agus chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann moill agus costais a sheachaint, níor cheart a cheangal do gcaithfeadh údarás inniúil an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhormheas.

(55)

I gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in ann úinéireacht scaireanna i dtionscadal sluachistiúcháin infheistíochtbhunaithe a aistriú trí a chóras faisnéise a nuashonrú. Ba cheart freisin, ar mhaithe le trédhearcacht agus sreabhadh faisnéise, go mbeadh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in ann a cheadú do chliaint a rinne infheistíochtaí trína ardán sluachistiúcháin, a fhógairt ar bhord fógraí ar a ardán sluachistiúcháin gur mian leo iasachtaí, urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a cheannach nó a dhíol a rinneadh a thairiscint ar an ardán sluachistiúcháin sin i gcéaduair ar choinníoll nach dtógann an bord fógraí iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe le chéile ar bhealach inarb é conradh i ndáil leis na fógráin sin an toradh a bheadh uirthi. Níor cheart, dá bhrí sin, gurb é a bheadh sa bhord fógraí arna sholáthar ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin córas meaitseála inmheánach lena bhforghníomhaítear orduithe cliant ar bhonn iltaobhach mura rud é, i ndáil le hurrúis inaistrithe, go bhfuil údarú ar leith ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freisin mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE, nó mar mhargadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 44 den Treoir sin. I gcás nach bhfuil údarú den sórt sin ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i ndáil le hurrúis inaistrithe, ba cheart dóibh a chur in iúl go soiléir d’infheisteoirí nach nglacann siad le horduithe a fháil chun críocha conarthaí a cheannach nó a dhíol i ndáil le hinfheistíochtaí a rinneadh ar an ardán sluachistiúcháin i gcéaduair, gur de rogha d’fhreagracht an infheisteora aon ghníomhaíocht ceannaigh agus díola a dhéantar ar a n-ardán sluachistiúcháin agus nach bhfuil ionad trádála i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE á oibriú acu.

(56)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na taifid uile is iomchuí a bhaineann lena seirbhísí agus a n-idirbhearta a choinneáil chun an trédhearcacht a éascú agus chun an chumarsáid leis na cliaint a dhoiciméadú mar is ceart.

(57)

Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le cliaint, soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil a gcuid seirbhísí á gcur chun cinn acu trí chumarsáidí mhargaíochta, ba cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil atá cothrom, soiléir neamh-mhíthreorach.

(58)

Chun deimhneacht dhlíthiúil bhreise a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá ag feidhmiú ar fud an Aontais agus chun rochtain níos éasca ar an margadh a áirithiú, ba cheart dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta lena rialaítear go sonrach cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus atá infheidhme sna Ballstáit, a fhoilsiú go leictreonach, chomh maith le hachoimrí orthu i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Chuige sin, ba cheart go gcoinneodh ESMA agus na húdaráis inniúla a suíomhanna gréasáin cothrom le dáta.

(59)

Le go mbeifí in ann teacht ar thuiscint níos fearr ar mhéid na n-éagsúlachtaí rialála idir na Ballstáit ó thaobh na gceanglas is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil gach bliain do ESMA maidir lena ngníomhaíochtaí forfheidhmithe sa réimse sin.

(60)

Chun costais agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint i ndáil le soláthar trasteorann seirbhísí sluachistiúcháin, níor cheart cumarsáidí margaíochta a bheith faoi réir ceanglais aistriúcháin i gcás ina soláthraítear iad i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina scaiptear na cumarsáidí margaíochta nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.

(61)

Chun nós imeachta éifeachtúil maoirseachta agus údaraithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na dualgais agus na feidhmeanna a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a leagan amach. Chun comhar riaracháin trasteorann éifeachtach a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe aonair teagmhála a ainmniú chun cumarsáid le ESMA agus le húdaráis inniúla ar fud an Aontais a bhainistiú.

(62)

Ó tharla go ráthaítear an éifeachtacht maoirseachta ach uirlisí, cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha a bheith ag na húdaráis inniúla, ba cheart don Rialachán seo a fhoráil do shraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha atá le tabhairt d’údaráis inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh sa dlí náisiúnta, trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart do ESMA agus do na húdaráis inniúla gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus a gcuid cinntí a dhéanamh go neamhspleách.

(63)

D’fhonn sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath, is gá d’údaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar áitribh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha d’fhonn doiciméid a urghabháil. Teastaíonn rochtain ar áitreabh den saghas sin nuair atá amhras réasúnach ann go bhfuil doiciméid agus sonraí eile ann a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe agus go bhféadfadh sé go mbeidís ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. Ina theannta sin tá rochtain ar áitreabh den saghas sin riachtanach i gcás nach gcomhlíonann an duine nádúrtha nó dlítheanach ar éilíodh faisnéis air cheana an t-éileamh sin, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint nach gcomhlíonfaí an t-éileamh sin dá ndéanfaí é, nó go ndéanfaí na doiciméid nó an fhaisnéis lena mbaineann an t-éileamh ar fhaisnéis, a bhaint, go ndéanfaí crioscaíl leo nó go ndéanfaí iad a scriosadh.

(64)

Chun comhlíonadh cheanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile. Ba cheart na pionóis agus na bearta sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ba cheart dóibh cur chuige comhchoiteann sna Ballstáit agus éifeacht dhíspreagthach a áirithiú. Níor cheart don Rialachán seo teorainn a chur le cumas Ballstát foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde pionóis riaracháin.

(65)

Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagthach ar an bpobal i gcoitinne ag cinntí lena bhforchuirtear pionóis nó bearta riaracháin eile arna nglacadh ag údaráis inniúla, ba cheart iad a fhoilsiú ach amháin má mheasann an t-údarás inniúil gur gá iad a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, moill a chur ar a bhfoilsiú, nó gan iad a fhoilsiú ar chor ar bith.

(66)

Cé go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin a leagan síos i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Agus pionóis choiriúla á gcoimeád ar bun in ionad pionós riaracháin i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo, níor cheart, áfach, gurb é a bheadh mar thoradh air laghdú nó athrú a dhéanamh ar shlí eile ar chumas na n-údarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a úsáid nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis do sháruithe ábhartha a bheith curtha ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(67)

Ós rud é go bhfuil an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ceaptha le bheith curtha in oiriúint do ghnéithe sonracha maidir le tairiscint sluachistiúcháin agus le riachtanais faisnéis infheisteoirí, ba cheart tairiscintí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú faoi Rialachán (AE) 2017/1129 agus ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir.

(68)

Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur ar a súile do na húdaráis inniúla, rud a chuideodh leo sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus pionóis a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú faoin Rialachán seo go mbeidh ann socruithe leordhóthanacha chun sceithirí a chumasú na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus iad a chosaint ar fhrithbhearta. Ba cheart é sin a dhéanamh trí Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a leasú chun é a dhéanamh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialacháin seo.

(69)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh a chur leis an idirthréimhse maidir le seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar i gcomhréir le dlí náisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(70)

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, lena n-áirítear cosaint leordhóthanach d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí ar fud an Aontais, ba cheart caighdeáin theicniúla a fhorbairt. Ós rud é gur comhlachtaí iad ESMA agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bunaíodh ag Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (ÚBE) a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí ceapadh dréachtchaighdeán theicniúla rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur de chúram orthu, a bheadh le cur faoi bhráid an Choimisiúin.

(71)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, arna bhforbairt ag ESMA agus ÚBE, i ndáil le bainistiú punainne aonair iasachtaí, láimhseáil gearán, coinbhleachtaí leasa, údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin, faisnéis do chliaint, nochtadh an ráta mainneachtana, leis an triail eolais iontrála agus leis an ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh, leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus le comhar idir údaráis inniúla. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

(72)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ESMA, i ndáil le tuairisciú arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, forálacha náisiúnta a fhoilsiú i dtaca le ceanglais mhargaíochta agus comhar idir údaráis inniúla agus le ESMA. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(73)

Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis inniúla, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus ba cheart do ESMA aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(74)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an chreata is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin chun feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus, san am céanna, cosaint d’infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus cuidiú le CMU a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(75)

Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun é a chur ar aon dul le dáta chur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta lenar trasuítear Treoir (AE) 2020/1504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena ndíolmhaítear soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE.

(76)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i bhfianaise go dtógfaidh rialacha a leagtar amach sa Rialacháin seo áit na rialacha náisiúnta a mhéid a bhaineann le cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin a áirítear anois faoi raon feidhme an Rialacháin seo, is iomchuí socruithe idirthréimhseacha a dhéanamh chun gur féidir le daoine a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir leis na dlí náisiúnta a tháinig roimh an Rialachán seo a ngníomhachtaí gnó a oiriúnú don Rialachán seo agus a ndóthain ama a bheith acu chun cur isteach ar an údarú faoi. Ba cheart, mar sin, go mbeadh na daoine sin in ann leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí sluachistiúcháin atá anois san áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme go dtí an10 Samhain 2022. Le linn na hidirthréimhse sin, féadfaidh Ballstáit nósanna imeachta speisialta a chur ar bun i ndáil leis na daoine dlítheanacha sin atá údaraithe faoin dlí náisiúnta seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo, sa chaoi go mbeidh siad in ann a n-údaruithe náisiúnta a thiontú ina n-údaruithe faoin Rialachán seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(77)

Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nach bhfuil údarú faighte acu i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 10 Samhain 2022 aon tairiscintí nua sluachistiúcháin a eisiúint tar éis an dáta sin. Chun a sheachaint nach mbeadh an sprioc-chaipitil i dtaca le tionscadal sluachistiúcháin ar leith ar fad bailithe faoin10 Samhain 2022, ba cheart clabhsúr a chur ar glaonna ar mhaoiniú roimh an dáta sin. Mar sin féin, faoi 10 Samhain 2022 féadfar leanúint de chonarthaí reatha a sheirbhísiú, lena n-áirítear infháltais a bhailiú agus a aistriú, seirbhísí slánchoimeádta sócmhainní a chur ar fáil nó gníomhaíochtaí corparáideacha a phróiseáil, i gcomhréir leis na dlí náisiúnta is infheidhme.

(78)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.

(79)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus díolúintí

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, chun soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a eagrú agus a údarú agus chun maoirseacht a dhéanamh orthu, chun ardáin sluachistiúcháin a oibriú agus freisin don trédhearcacht agus do na cumarsáidí margaíochta i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar san Aontas.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear d’úinéirí tionscadail ar tomhaltóirí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;

(b)

seirbhísí eile a bhaineann leis na seirbhísí sin a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) agus a sholáthraítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)

tairiscintí sluachistiúcháin ina bhfuil comaoin is mó ná EUR 5 000 000, atá le ríomh thar thréimhse 12 mhí mar shuim an méid seo a leanas:

(i)

comaoin iomlán na dtairiscintí urrús inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin mar a shainmhínítear i bpointí (m) agus (n) d’Airteagal 2(1) den Rialachán seo agus méideanna arna dtiomsú ag úinéir tionscadail áirithe trí bhíthin iasachtaí trí ardán sluachistiúcháin; agus

(ii)

comaoin iomlán na dtairiscintí urrús inaistrithe don phobal arna ndéanamh ag an úinéir tionscadail dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo ina cháil mar thairgeoir de bhun na díolúine faoi Airteagal 1(3), nó Airteagal 3(2), de Rialachán (AE) 2017/1129.

3.   Mura bhfuil soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, úinéir tionscadail nó infheisteoir údaraithe mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE, ní chuirfidh Ballstáit ceanglais náisiúnta i bhfeidhm lena gcuirtear Airteagal 9(1) den Treoir sin chun feidhme agus áiritheoidh siad nach n-éilítear le dlí náisiúnta údarú mar institiúid creidmheasa ná aon údarú, dispeansáid nó díolúine aonair eile i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh úinéirí tionscadail a ghlacann le cistí ó infheisteoirí i leith iasachtaí arna n-éascú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin; nó

(b)

le haghaidh infheisteoirí a thugann iasachtaí d’úinéirí tionscadail arna n-éascú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ““seirbhís sluachistiúcháin”” na leasanna cistiúcháin gnó atá ag infheistíochtaí agus ag úinéirí tionscadail a mheaitseáil trí ardán sluachistiúcháin a úsáid a bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist leis:

(i)

deonú iasachtaí a éascú;

(ii)

urrúis inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna n-eisiúint ag úinéirí tionscadail nó ag meán sainchuspóireach a láithriú gan gealltanas daingean a bheith mar bhonn leis, mar a thagraítear dó i bpointe (7) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus orduithe cliaint a ghlacadh agus a tharchur, mar a thagraítear dó i bpointe (1) den Roinn sin, maidir leis na hurrúis inaistrithe sin agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;

(b)

ciallaíonn ““iasacht”” comhaontú trína gcuireann infheisteoir méid socraithe airgid ar fáil d’úinéir tionscadail ar feadh tréimhse ama shocraithe agus trína nglacann an t-úinéir tionscadail oibleagáid gan choinníoll air féin an méid sin a íoc ar ais leis an infheisteoir, mar aon leis an ús a fabhraíodh, i gcomhréir le sceideal íocaíochta na dtráthchoda;

(c)

ciallaíonn ““bainistiú punainne aonair iasachtaí”” leithdháileadh méid réamhchinntithe cistí infheisteora, ar iasachtóir bunaidh é, arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig tionscadal sluachistiúcháin amháin nó chuig go leor acu ar a ardán sluachistiúcháin i gcomhréir leis an sainordú aonair arna thabhairt ag an infheisteoir ar bhonn lánroghnach infheisteoir ar infheisteoir;

(d)

ciallaíonn “ardán sluachistiúcháin” córas faisnéise ar an idirlíon atá inrochtana go poiblí arna oibriú nó arna bhainistiú ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(e)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin” duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin;

(f)

ciallaíonn “tairiscint sluachistiúcháin” aon chumarsáid ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin, de chineál agus ar bhealach ar bith, lena gcuirtear dóthain faisnéise i láthair maidir le téarmaí na tairisceana agus leis an tionscadal sluachistiúcháin atá á thairiscint, ionas gur féidir le hinfheisteoir infheistiú sa tionscadal sluachistiúcháin;

(g)

ciallaíonn “cliant” aon infheisteoir ionchasach nó iarbhír dá soláthraíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin nó dá bhfuil sé ar intinn ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na seirbhísí sin a sholáthar;

(h)

ciallaíonn “úinéir tionscadail” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a lorgaíonn cistiú trí ardán sluachistiúcháin;

(i)

ciallaíonn “infheisteoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn iasachtaí trí ardán sluachistiúcháin nó a fhaigheann urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chuna críoch sluachistiúcháin tríd sin;

(j)

ciallaíonn “infheisteoir sofaisticiúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar cliant gairmiúil é de bhua phointe (1), (2), (3) nó (4) de Roinn I ‘d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil formheas an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin le go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil i gcomhréir leis an gcritéir agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(k)

ciallaíonn “infheisteoir neamhshofaisticiúil” infheisteoir nach infheisteoir sofaisticiúil é nó í;

(l)

ciallaíonn “tionscadal sluachistiúcháin” an ghníomhaíocht ghnó nó na gníomhaíochtaí gnó a lorgaíonn úinéir tionscadail cistiú di nó dóibh tríd an tairiscint sluachistiúcháin;

(m)

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;

(n)

ciallaíonn “ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin”, i leith gach Ballstát, scaireanna i gcuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta nach bhfuil faoi réir srianta lena gcoiscfí, go héifeachtach, iad a aistriú, lena n-áirítear srianta ar an gcaoi a ndéantar na scaireanna sin a thairiscint nó a fhógairt don phobal;

(o)

ciallaíonn “cumarsáidí margaíochta” aon fhaisnéis nó cumarsáid ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig infheisteoir ionchasach nó úinéir tionscadail ionchasach maidir le seirbhísí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, seachas na nochtuithe infheisteoirí a cheanglaítear faoin Rialachán seo;

(p)

ciallaíonn “meán marthanach” ionstraim lena bhféadfar faisnéis a stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí agus go ceann tréimhse ama atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise, agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(q)

ciallaíonn “meán sainchuspóireach” nó “MSC” eintiteas nár cruthaíodh ach amháin le haghaidh, nó nach bhfuil aon fheidhm aige ach amháin mar urrúsú de réir bhrí phointe (2) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1075/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach (19);

(r)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás nó na húdaráis a ainmníonn Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Gan dochar don fhéidearthacht go dtiocfadh scaireanna i gcuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta faoin sainmhíniú ar urrúis inaistrithe faoi phointe (m) de mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla a dheonaigh údarú do sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin úsáid na scaireanna sin a cheadú chun críocha an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha d’ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin faoi phointe (n) de mhír 1.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla in iúl do ESMA, ar bhonn bliantúil, na cineálacha cuideachtaí príobháideacha faoi dhliteanas teoranta agus a gcuid scaireanna a thairgtear agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus tagairt á deanamh don dlí náisiúnta is infheidhme.

Cuirfidh ESMA an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin gan mhoill mhíchuí.

4.   Ar bhonn bliantúil, don chéad dá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, baileoidh ESMA na bileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna dtarraingt suas ag úinéirí tionscadal a d’eisigh ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de Chuid F d’Iarscríbhinn 1 de réir mar a fhoráiltear i mbileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomparáid leis an bhfaisnéis a thugann na Ballstáit faoi mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh ESMA an chomparáid a thíolacadh chuig an gCoimisiúin, a chuirfidh san áireamh é sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 45.

CAIBIDIL II

Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin agus ceanglais eagraíochtúla agus oibríochtúla atá ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Airteagal 3

Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin

1.   Daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil údarú faighte acu mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 12 a chuirfidh seirbhísí sluachistiúcháin ar fáil agus iad siúd amháin.

2.   Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar bhealach macánta cothrom gairmiúil chun leas a gcliant.

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná sochar neamhairgeadaíochta a íoc ná ní ghlacfaidh siad le haon cheann díobh sin as orduithe infheisteoirí a sheoladh chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna déanamh ar a n-ardán sluachistiúcháin nó chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna ndéanamh ag ardán sluachistiúcháin tríú páirtí.

4.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin tionscadail sluachistiúcháin sonrach a mholadh d’infheisteoirí aonair a bheidh ar aon dul le paraiméadar sonrach amháin nó níos mó nó táscaire riosca amháin nó níos mó arna roghnú ag an infheisteoir. I gcás inar mian leis an infheisteoir infheistiú sna tionscadail sluachistiúcháin atá molta, déanfaidh an t-infheisteoir athbhreithniú ar gach tairiscint sluachistiúcháin ar leith agus glacfaidh sé nó sí cinneadh infheistíochta go sonrach ina leith.

Na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a chuireann bainistiú punainne aonair iasachtaí ar fáil, déanfaidh siad an méid sin agus iad ag cloí leis na paraiméadair arna dtabhairt ag na hinfheisteoirí agus déanfaidh siad gach céim is gá a ghlacadh chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach do na hinfheisteoirí sin. Nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin d’infheisteoirí an próiseas cinnteoireachta chun an sainordú lánroghnach a fuarthas a fhorghníomhú.

5.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 4, féadfaidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann bainistíocht punainne aonair iasachtaí ar fáil a gcumhacht lánroghnach a úsáid thar ceann a n-infheisteoirí laistigh de na paraiméadair a comhaontaíodh gan é a bheith de cheangal ar infheisteoirí athbhreithniú a dhéanamh ar gach tairiscint sluachistiúcháin ar leith agus cinneadh infheistíochta a dhéanamh ina leith.

6.   I gcás ina n-úsáidtear meán sainchuspóireach chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, ní dhéanfar ach sócmhainn neamhleachtach nó dhoroinnte amháin a thairiscint tríd an meán sainchuspóireach sin. Beidh an ceanglas sin i bhfeidhm ar bhonn trédhearcach i dtaca leis an sócmhainn fholuiteach neamhleachtach nó dhoroinnte i seilbh na struchtúr airgeadais nó dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó rialú iomlán nó páirteach an mheáin shainchuspóirigh. Is faoi infheisteoirí, agus infheisteoirí amháin, a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchosaint ar an sócmhainn fholuiteach sin a ghlacadh.

Airteagal 4

Bainistiú éifeachtach stuama

1.   Bunóidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha, agus déanfaidh siad maoirseacht ar a gcur chun feidhme, chun bainistiú éifeachtach stuama a áirithiú, lena n-áirítear leithscaradh dualgas, leanúnachas gnó agus seachaint coinbhleachtaí leasa, ar mhodh lena gcuirtear sláine an mhargaidh agus leas a chliant chun cinn.

2.   Bunóidh lucht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin córais agus rialuithe iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na hiasachtaí arna n-idirghabháil ar an ardán sluachistiúcháin agus déanfaidh siad maoirsiú ar chur chun feidhme na gcóras agus na rialuithe úd.

Áiritheoidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann bainistiú punainne aonair iasachtaí ar fáil go bhfuil córais agus rialuithe leordhóthanacha i bhfeidhm aige le haghaidh bainistiú riosca agus samhaltú airgeadais don soláthar seirbhísí sin agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) go (3).

3.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin athbhreithniú ar na coimircí stuamachta dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 12(2) agus ar an bplean leanúnachais gnó dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 12(2), ar a laghad, uair gach dhá bhliain agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar.

4.   I gcás ina chineann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin praghas tairisceana sluachistiúcháin, déanfaidh sé an méid a leanas:

(a)

tabhairt faoi mheasúnú réasúnach ar riosca creidmheasa an tionscadail sluachistiúcháin nó an úinéara tionscadail sula ndéantar an tairiscint sluachistiúcháin, lena n-áirítear trí bhreithniú a dhéanamh ar an riosca nach ndéanfaidh an t-úinéir tionscadail, i gcás iasachta, banna nó cineál eile fiachais urrúsaithe, aisíocaíocht amháin nó níos mó faoin dáta dlite;

(b)

a mheasúnú riosca creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) a bhunú ar fhaisnéis leordhóthanach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

má tá fáil orthu, cuntais iniúchta a chumhdaíonn an dá bhliain airgeadais is déanaí;

(ii)

faisnéis a bhfuil sé ar an eolas fuithi ag an am a dhéantar an measúnú riosca creidmheasa;

(iii)

faisnéis a fuarthas, i gcás inar cuí, ón úinéir tionscadail; agus

(iv)

faisnéis lena gcuirtear ar chumas an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin measúnú riosca creidmheasa réasúnach a dhéanamh;

(c)

beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun cur ar a chumas measúnuithe riosca creidmheasa a dhéanamh, agus na beartais agus na nósanna imeachta sin a fhoilsiú;

(d)

a áirithiú go bhfuil an praghas cóir iomchuí, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil tarraingt amach á éascú d’iasachtóir roimh dháta aibíochta iasachta ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chinneann praghas iasachtaí;

(e)

luacháil a dhéanamh ar gach iasacht sna himthosca seo a leanas ar a laghad:

(i)

ar an bpointe a thionscnaítear an iasacht;

(ii)

i gcás ina measfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach dócha go ndéanfaidh an t-úinéir tionscadail a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh an iasacht a aisíoc ina hiomláine, gan aon ús urrúis ábhartha á chur i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ná aon bhearta eile á ndéanamh aige a mbeadh an tionchar céanna acu;

(iii)

i gcás mainneachtana; agus

(iv)

i gcás ina bhfuil tarraingt amach á éascú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin d’iasachtóir roimh dháta aibíochta na hiasachta;

(f)

creat bainistithe riosca a bheith aige agus a úsáid atá ceaptha chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den mhír seo a bhaint amach;

(g)

taifead a choinneáil ar gach tairiscint sluachistiúcháin éascaithe ar leor é chun an méid a leanas a léiriú:

(i)

go ndearnadh measúnú riosca creidmheasa nuair ba ghá agus i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den mhír seo; agus

(ii)

go raibh praghas na tairisceana sluachistiúcháin cóir agus cuí de réir an chreata bainistithe riosca.

Airteagal 5

Ceanglais díchill chuí

1.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin íosleibhéal díchill chuí ar a laghad i leith úinéirí tionscadail, ar úinéirí iad a chuireann a dtionscadal ar aghaidh chun cistiú a fháil trí ardán sluachistiúcháin de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

2.   Áireofar, maidir leis an íosleibhéal díchill chuí dá dtagraítear i mír 1, an fhianaise seo a leanas go léir a fháil:

(a)

fianaise nach bhfuil taifead coiriúil ag an úinéir tionscadail i ndáil le sáruithe ar na rialacha náisiúnta sna réimsí seo a leanas: an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frith-sciúradh airgid, an dlí calaoise nó oibleagáidí maidir le dliteanais ghairmiúil;

(b)

fianaise nach bhfuil an t-úinéir tionscadail bunaithe i ndlínse neamhchomhoibríoch, mar a aithnítear i mbeartas ábhartha an Aontais, nó i dtríú tír ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.

Airteagal 6

Bainistiú punainne aonair iasachtaí

1.   I gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bainistiú punainne aonair iasachtaí, tabharfaidh infheisteoir an sainordú lena sonraítear na paraiméadair chun an tseirbhís a sholáthar, ina mbeidh ar a laghad dhá cheann de na critéir seo a leanas le comhlíonadh ag gach iasacht sa phunann:

(a)

an t-íosráta agus an t-uasráta úis atá iníoctha faoi aon iasacht a éascaítear don infheisteoir;

(b)

an dáta aibíochta íosta agus an dáta aibíochta uasta le haghaidh aon iasacht a éascaítear don infheisteoir;

(c)

raon agus dáileadh aon chatagóirí riosca atá infheidhme maidir leis na hiasachtaí; agus

(d)

má tháirgtear spriocráta bliantúil toraidh ar infheistíocht, an dóchúlacht go gcumasóidh na hiasachtaí roghnaithe don infheisteoir an spriocráta a bhaint amach le cinnteacht réasúnach.

2.   Chun mír 1 a chomhlíonadh, beidh próisis agus modheolaíochtaí inmheánacha láidre i bhfeidhm ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus úsáidfidh sé sonraí iomchuí. Féadfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a shonraí féin a úsáid, nó sonraí ó thríú páirtithe a úsáid.

Ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus na tosca ábhartha a bhféadfadh tionchar mífhabhrach a bheith acu ar fheidhmíocht na n-iasachtaí á gcur san áireamh, déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas a mheas:

(a)

an riosca creidmheasa a bhaineann le tionscadail sluachistiúcháin aonair arna roghnú do phunann an infheisteora;

(b)

an riosca creidmheasa atá ann ar leibhéal punainne an infheisteora; agus

(c)

riosca creidmheasa na n-úinéirí tionscadal arna roghnú do phunann an infheisteora tríd an dóchúlacht go gcomhlíonfaidh na húinéirí tionscadal a gcuid oibleagáidí faoin iasacht a fhíorú.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tuairisc freisin don infheisteoir ar an modh a úsáideadh do na measúnuithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír.

3.   I gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bainistiú punainne aonair iasachtaí, coinneoidh sé taifid ar an sainordú a tugadh agus ar gach iasacht i bpunann aonair. Coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin taifid ar an sainordú agus ar gach iasacht ar mheán marthanach ar feadh trí bliana ar a laghad tar éis a dáta aibíochta.

4.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar fáil ar bhonn leanúnach agus arna iarraidh sin ag infheisteoir, trí mheán leictreonach maidir le gach punann aonair an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

liosta na n-iasachtaí aonair atá i bpunann;

(b)

an meánráta ualaithe úis bliantúil ar iasachtaí i bpunann;

(c)

dáileadh iasachtaí de réir catagóir riosca, i gcéatadán agus in uimhreacha iomlána;

(d)

faisnéis bhunriachtanach maidir le gach ceann de na hiasachtaí atá i bpunann, lena n-áirítear ráta úis ar a laghad nó cúiteamh eile don infheisteoir, dáta aibíochta, catagóir riosca, sceideal d’aisíoc na príomhshuime agus an íocaíocht úis, comhlíontacht sceideal íocaíochta na dtráthchoda sin ag an úinéir tionscadail;

(e)

maidir le gach ceann de na hiasachtaí atá i bpunann, bearta maolaithe riosca lena n-áirítear soláthraithe comhthaobhachta nó ráthóirí comhthaobhachta nó cineálacha eile ráthaíochtaí;

(f)

aon mhainneachtain a rinne an t-úinéir tionscadail ar chomhaontuithe creidmheasa le cúig bliana anuas;

(g)

aon táillí a d’íoc an t-infheisteoir, an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an t-úinéir tionscadail i leith na hiasachta;

(h)

Má tá luacháil ar an iasacht déanta ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin:

(i)

an luacháil is déanaí;

(ii)

an dáta luachála;

(iii)

míniú maidir leis an gcúis a bhí ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an luacháil a dhéanamh; agus

(iv)

tuairisc iomchuí ar an toradh iarmhír atáthar ag súil leis agus táillí an chuntais agus rátaí mainneachtana á gcur san áireamh.

5.   I gcás ina bhfuil ciste teagmhasach bunaithe agus á oibriú ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin dá ghníomhaíocht i ndáil le bainistiú punainne aonair iasachtaí, cuirfidh sé an t-eolas seo a leanas ar fáil do na hinfheisteoirí:

(a)

rabhadh riosca ina sonrófar an méid seo a leanas: “Níl ceart chun íocaíochta ag teacht leis an gciste teagmhasach a thairgimid agus d’fhéadfadh sé tarlú nach bhfaighidh tú íocaíocht amach fiú má chailleann tú airgead. Is faoina rogha féin amháin atá sé ag oibreoir an chiste teagmhasaigh breithiúnas a dhéanamh faoin méid atá le híoc, lena n-áirítear gan aon íocaíocht a dhéanamh in aon chor. Mar sin, níor cheart d’infheisteoirí a bheith ag brath ar eisíocaíochtaí féideartha ón gciste teagmhasach agus iad ag breithniú infheistiú nó cé mhéad a dhéanfaidh siad a infheistiú.”;

(b)

tuairisc ar bheartas an chiste teagmhasaigh, lena n-áirítear:

(i)

míniú ar fhoinse an airgid a íocadh isteach sa chiste;

(ii)

míniú ar an gcaoi a rialaítear an ciste;

(iii)

míniú ar cé leis a mbaineann an t-airgead;

(iv)

gach a gcuireann oibreoir an chiste teagmhasaigh san áireamh agus cinneadh á ghlacadh aige go gcuirfidh nó nach gcuirfidh sé a chumhacht lánroghnach i bhfeidhm nó cé mar is ceart dó a chumhacht lánroghnach a úsáid chun íocaíocht a íoc amach as an gciste, lena n-áirítear:

cibé acu atá nó nach bhfuil airgead leordhóthanach ag an gciste chun an íocaíocht a dhéanamh; agus

go bhfuil cumhacht lánroghnach ag oibreoir an chiste teagmhasaigh i gcás ar bith gan an íocaíocht a dhéanamh in aon chor nó cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid a íocfar;

(v)

míniú a thabhairt ar an bpróiseas chun breithniú a dhéanamh i dtaobh íocaíocht lánroghnach a dhéanamh nó gan é a dhéanamh as an gciste; agus

(vi)

tuairisc ar an gcaoi a gcaithfear leis an airgead a íocadh isteach sa chiste i gcás dhócmhainneacht oibreoir an chiste theagmhasaigh.

6.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhunaigh agus a oibríonn ciste teagmhasach dá dtagraítear i mír 5 an fhaisnéis a leanas a sholáthar don phobal gach ráithe maidir le feidhmíocht an chiste:

(a)

méid an chiste theagmhasaigh i gcomparáid leis an tsuim iomlán gan íoc ar iasachtaí is ábhartha don chiste teagmhasach; agus

(b)

an cóimheas idir na híocaíochtaí a dhéantar as an gciste teagmhasach agus na méideanna iomlána gan íoc ar iasachtaí is ábhartha don chiste teagmhasach.

7.   Ceapfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na heilimintí, lena n-áirítear an fhormáid, atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4; agus

(c)

na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe eagraíochtúla atá le bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le haon chistí teagmhasacha a d’fhéadfaidís a thairiscint dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 7

Láimhseáil gearán

1.   Beidh nósanna imeachta éifeachtacha trédhearcacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun gearáin a fhaightear ó chliaint a láimhseáil go pras, cothrom comhsheasmhach agus foilseoidh siad tuairiscí ar na nósanna imeachta sin.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh cliaint in ann gearáin ina n-aghaidh a dhéanamh saor in aisce.

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teimpléad caighdeánach do ghearáin a fhorbairt agus a chur ar fail do chliaint agus déanfaidh siad taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus na bearta a dhéantar.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin imscrúdú ar na gearáin go léir ar bhealach tráthúil cothrom, agus cuirfidh siad toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama.

5.   Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais, na formáidí caighdeánacha agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le gearáin a láimhseáil.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Coinbhleachtaí leasa

1.   Ní bheidh aon rannpháirtíocht ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in aon tairiscint sluachistiúcháin ar a n-ardáin sluachistiúcháin.

2.   Maidir le soláthraithe seirbhísí tionscadail, ní ghlacfaidh siad, mar úinéirí tionscadail, i dtaca leis na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin féin le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20 %, nó níos mó, den scairchaipiteal nó de na cearta vótála;

(b)

a mbainisteoirí nó a bhfostaithe;

(c)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha leis na scairshealbhóirí, na bainisteoirí nó na fostaithe sin trí rialú mar a shainmhínítear i bpointe (35)(b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

Maidir leis na soláthraithe seirbhísí cistiúcháin a ghlacfaidh mar infheisteoirí ar na tionscadail sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin féin aon duine dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, déanfaidh siad a nochtadh ar a suíomh gréasáin go nglacann siad leis na daoine sin mar infheisteoirí go hiomlán, lena n-áirítear faisnéis faoi na tionscadail sluachistiúcháin shonracha a infheistíodh iontu, agus áiritheoidh siad go ndéanfar infheistíochtaí den sórt sin faoi na coinníollacha céanna agus a dhéanfaidh na daoine sin agus nach mbeidh aon chóir fhabhrach ná aon rochtain phribhléideach ar fhaisnéis.

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rialacha inmheánacha éifeachtacha a choinneáil agus a oibriú chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach beart iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin féin, a scairshealbhóirí, a mbainisteoirí nó a bhfostaithe, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha trí rialú leo mar a shainmhínítear i bpointe (35)(b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, agus a gcliaint, nó idir cliant agus cliant eile.

5.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an cineál ginearálta agus na foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh dá gcliaint agus na bearta a dhéanann siad chun iad a mhaolú.

Déanfar nochtadh den sórt sin – in áit fheiceálach – ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

6.   Maidir leis an nochtadh dá dtagraítear i mír 5:

(a)

is i meán marthanach a dhéanfar é;

(b)

áireofar mionsonraí leordhóthanacha ann, agus tabharfar aird ar chineál gach cliaint, chun a chumasú do gach cliant cinneadh eolasach a dhéanamh faoin tseirbhís as a n-eascraíonn an choinbhleacht leasa.

7.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le rialacha inmheánacha a choinneáil nó a oibriú dá dtagraítear i mír 3;

(b)

na bearta dá dtagraítear i mír 4;

(c)

na socruithe don nochtadh dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt acu, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Seachfhoinsiú

1.   Le linn do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith ag brath ar thríú páirtí chun feidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh, déanfaidh siad gach beart réasúnach chun riosca oibríochtúil breise a sheachaint.

2.   Trí fheidhmeanna oibríochtúla a sheachfhoinsiú dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar díobháil do cháilíocht rialú inmheánach na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná do chumas an údaráis inniúil faireachán a dhéanamh maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí sa Rialachán seo ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.   Leanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin de bheith lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo i leith na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe.

Airteagal 10

Seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán a sholáthar agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán agus seirbhísí íocaíochta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoi na nithe uile seo a leanas:

(a)

cineál na seirbhísí sin, agus na téarmaí agus coinníollacha na seirbhísí sin, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin na seirbhísí sin nó an soláthraíonn tríú páirtí iad.

2.   I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin idirbhearta íocaíochta a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin, taiscfidh siad na cistí le ceann amháin de na heintitis seo a leanas:

(a)

banc ceannais; nó

(b)

institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE.

3.   Maidir le hurrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna dtairiscint ar ardán sluachistiúcháin, agus ar féidir iad a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais oscailte in ainm infheisteora nó ar féidir iad a thabhairt go fisiciúil do choimeádaí, coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí iad faoi choimeád. Maidir le heintiteas a sholáthraíonn seirbhís caomhnóireachta, sealbhóidh sé údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.

4.   Féadfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin é féin, nó trí thríú páirtí, seirbhísí íocaíochta a sholáthar ar choinníoll gur soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366 é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí.

5.   I gcás nach ndéanfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin é féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin nó nach ndéanfaidh siad amhlaidh trí sholáthraí thríú páirtí, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin socruithe i bhfeidhm agus coinneoidh siad iad chun a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiú i leith tionscadail sluachistiúcháin, ná le haon íocaíocht eile, ach amháin trí bhíthin soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366.

Airteagal 11

Ceanglais stuamachta

1.   Beidh coimircí stuamachta i bhfeidhm, i gcónaí, ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin arb ionann iad agus, ar a laghad, an méid is airde díobh seo a leanas:

(a)

EUR 25 000; agus

(b)

an ceathrú cuid d’fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin, arna n-athbhreithniú go bliantúil, ina bhfuil an costas a bhaineann le hiasachtaí a sheirbhísiú ar feadh trí mhí le bheith san áireamh, i gcás ina n-éascaíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freisin iasachtaí a dheonú.

2.   Beidh na ceanglais stuamachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

cistí dílse, arb éard a bheidh iontu ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagail 26 go 30 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) tar éis na n-asbhaintí ina n-iomláine, de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin, gan cur i bhfeidhm na ndíolúintí tairsí de bhun Airteagail 46 agus 48 den Rialachán sin;

(b)

polasaí árachais lena gcumhdaítear críocha an Aontais ina ndéantar tairiscintí sluachistiúcháin a mhargú go gníomhach nó ina ndéantar ráthaíocht inchomparáide leo; nó

(c)

meascán de phointí (a) agus (b).

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar gnóthais iad, ar bhonn aonair nó ar bhonn a gcás comhdhlúite, atá faoi réir Theideal III de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar gnóthais iad atá faoi réir Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2009/110/CE nó Airteagail 7 go 9 de Threoir (AE) 2015/2366.

5.   I gcás ina mbeidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ag feidhmiú ar feadh níos lú ná 12 mhí, féadfaidh sé meastacháin réamhbhreathnaitheacha gnó a úsáid chun na forchostais sheasta a ríomh, ar an gcoinníoll go dtosóidh sé ag úsáid sonraí stairiúla a thúisce a thiocfaidh siad chun bheith ar fáil.

6.   Áireofar sa pholasaí árachais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 go mbeidh na saintréithe seo a leanas uile, ar a laghad, ag baint leis:

(a)

tá aige téarma tosaigh nach lú ná bliain amháin;

(b)

is 90 lá ar a laghad an íostréimhse fógartha chun é a chur ar ceal;

(c)

faightear é ó ghnóthas atá údaraithe chun árachas a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(d)

cuireann eintiteas tríú páirtí é ar fáil.

7.   Áireofar leis an bpolasaí árachais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, i measc nithe eile, cosaint ar na rioscaí seo a leanas:

(a)

caillteanas doiciméad;

(b)

mífhaisnéis nó ráitis mhíthreoracha a rinneadh;

(c)

gníomhartha, earráidí nó easnaimh arb é an toradh a bheidh orthu sárú:

(i)

oibleagáidí dlíthiúla agus rialála;

(ii)

an dualgas scile agus cúraim i leith an chliaint;

(iii)

oibleagáidí rúndachta;

(d)

mainniú maidir le nósanna imeachtaí cuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

(e)

caillteanais a eascraíonn as suaitheadh gnó, as teipeanna córais nó as bainistiú próisis;

(f)

i gcás inarb infheidhme maidir leis an tsamhail ghnó, mórfhaillí i gcomhlíonadh luacháil sócmhainní nó praghsáil agus scóráil creidmheasa.

8.   Chun críocha phointe (b) de mhír 1, ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhforchostais sheasta don bhliain roimhe sin, trí fhigiúirí a eascraíonn as an gcreat cuntasaíochta is infheidhme a úsáid, trí na hítimí seo a leanas a dhealú ó na costais iomlána ach brabús dáilte ar scairshealbhóirí sna ráitis airgeadais iniúchta bliantúla is déanaí a ndearnadh iniúchadh orthu, nó, i gcás nach mbíonn fáil ar ráitis iniúchta, i ráitis airgeadais bhliantúla arna mbailíochtú ag maoirseoirí náisiúnta:

(a)

bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid a bhraitheann siad ar ghlanbhrabús an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sa bhliain ábhartha;

(b)

scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;

(c)

leithreasú eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad roghnach go hiomlán;

(d)

coimisiún comhroinnte agus táillí iníoctha a bhaineann go díreach le coimisiún agus le táillí iníoctha a áirítear san ioncam iomlán, agus i gcás ina bhfuil íocaíocht an choimisiúin agus na dtáillí iníoctha á gcur faoi choinníoll an coimisiún agus na táillí a fháil go hiarbhír; agus

(e)

costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta.

9.   I gcás ina mbeidh costais sheasta tabhaithe ag tríú páirtithe, thar ceann na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, agus nach mbeidh na costais sheasta sin san áireamh cheana féin sna costais iomlána, dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh miondealú ar chostais na dtríú páirtithe sin ar fáil, suim na gcostas seasta a thabhóidh na tríú páirtithe thar a gceann a chinneadh agus siad an tsuim sin a chur leis an bhfigiúr a eascraíonn as mír 8;

(b)

i gcás nach mbeidh an miondealú ar chostais na dtríú páirtithe sin ar fáil, suim na gcostas a thabhóidh na tríú páirtithe thar a gceann de réir phleananna gnó na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chinneadh agus an tsuim sin a chur leis an bhfigiúr a eascraíonn as mír 8.

CAIBIDIL III

Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

Airteagal 12

Údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin

1.   Duine dlítheanach ag a bhfuil sé beartaithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, cuirfidh sé iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm (lena n-áirítear ainm dlíthiúil agus aon ainm eile gnó a bheidh le húsáid) an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin, seoladh idirlín an tsuímh gréasáin a bheidh á oibriú ag an soláthraí sin mar aon le seoladh fisiciúil an tsuímh;

(b)

foirm dhlíthiúil an tsoláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)

airteagail chomhlachais an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;

(d)

clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar agus an t-ardán sluachistiúcháin a bhfuil sé ar intinn aige a oibriú, lena n-áirítear cá háit agus cén chaoi a bhfuil tairiscintí sluachistiúcháin le margú;

(e)

tuairisc ar shocruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistíochta riosca agus cuntasaíochta;

(f)

tuairisc ar chórais, acmhainní agus nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun na córais próiseála sonraí a rialú agus a choimirciú;

(g)

tuairisc ar rioscaí oibriúcháin an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;

(h)

tuairisc ar choimircí stuamachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11;

(i)

cruthúnas go gcomhlíonann an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin na coimircí stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 11;

(j)

tuairisc ar phlean leanúnachais gnó an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin agus cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar san áireamh, lena mbunaítear bearta agus nósanna imeachta lena n-áirithítear, i gcás ina gclisfear ar an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin, leanúnachas maidir le soláthar seirbhísí criticiúla a bhaineann le hinfheistíochtaí atá ann cheana agus dea-rialachas na gcomhaontuithe idir an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin agus an cliant;

(k)

céannacht na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;

(l)

cruthúnas go bhfuil dea-chlú ar na daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointe (k) agus go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;

(m)

tuairisc ar rialacha inmheánacha an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun cosc a chur ar na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) ó bheith ag gabháil, mar úinéirí tionscadail, le seirbhísí sluachistiúcháin arna dtairiscint ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin;

(n)

tuairisc ar shocruithe seachfhoinsithe an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin;

(o)

tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin maidir le gearáin ó chliaint a láimhseáil;

(p)

deimhniú faoi cé acu atá sé nó nach bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí íocaíochta a sholáthar é féin nó trí thríú páirtí, faoi Threoir (AE) 2015/2366, nó trí shocrú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo;

(q)

tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin chun iomláine, cruinneas agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhíorú;

(r)

tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le teorainneacha infheistíochta d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla dá dtagraítear in Airteagal 21(7).

3.   Chun críocha phointe (l) de mhír 2, soláthróidh soláthraithe ionchasacha seirbhísí sluachistiúcháin cruthúnas ar an méid seo a leanas:

(a)

nach ann do thaifead coiriúil i leith ciontuithe nó pionóis maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta sna réimsí seo a leanas: an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an dlí maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frithsciúradh airgid, an dlí calaoise nó oibleagáidí maidir le dliteanas gairmiúil le haghaidh na ndaoine nádúrtha go léir a bhfuil baint acu leis an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus do scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20 % nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála;

(b)

maidir leis na daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leis an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, cruthúnas go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu mar ghrúpa chun an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine nádúrtha sin am leordhóthanach a chaitheamh lena ndualgais a chomhlíonadh.

4.   Laistigh de 25 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear i mír 1 a fháil, measúnóidh an t-údarás inniúil cé acu a comhlánaíodh nó nár comhlánaíodh an t-iarratas trína sheiceáil gur tíolacadh an fhaisnéis a liostaítear i mír 2. I gcás nár comhlánaíodh an t-iarratas, leagfaidh an t-údarás inniúil spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar.

5.   I gcás iarratas dá dtagraítear i mír 1 a bheidh neamhchomhlánaithe agus an spriocdháta dá dtagraítear i mír 4 caite, féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú athbhreithniú a dhéanamh ar an t-iarratas agus, i gcás diúltú den sórt sin, cuirfidh sé na doiciméid arna dtíolacadh ar ais chuig an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin.

6.   I gcás inar comhlánaíodh an t-iarratas mar a thagraítear dó i mír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach don soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin faoi sin.

7.   Sula nglacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháina a dhiúltiú, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil i mBallstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)

is fochuideachta é an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(b)

is fochuideachta é an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin den mháthairchuideachta de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin; nó

(c)

tá an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin.

8.   Measúnóidh an t-údarás inniúil, laistigh de thrí mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe chun údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a dheonú nó a dhiúltú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin atá ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a dhiúltú más ann d’fhorais oibiachtúla fhollasacha chun a chreidiúint go bhféadfadh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas i mbaol: bainistiú stuama fónta éifeachtach agus leanúnachas gnó an tsoláthraí seirbhísí sin chomh maith le haird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh.

9.   Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA ar an eolas maidir le gach údarú a deonaíodh faoin Airteagal seo. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis maidir leis na hiarratais rathúla sin le clár na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla údaruithe faoin Airteagal seo a dheonú ar bhealach comhsheasmhach.

10.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin faoina chinneadh laistigh de thrí lá oibre tar éis dháta an chinnidh sin.

11.   Comhlíonfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, arna údarú i gcomhréir leis an Airteagal seo, na coinníollacha maidir le húdarú i gcónaí.

12.   Ní cheanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn trasteorann a bheith i láthair go fisiciúil i gcríoch Ballstáit cé is moite den Bhallstát sin ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe.

13.   Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a údaraítear faoin Rialachán seo dul i mbun gníomhaíochtaí eile lasmuigh de na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an údarú dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an dlí ábhartha de chuid an Aontais is infheidhme nó an dlí ábhartha náisiúnta is infheidhme.

14.   I gcás ina ndéanfaidh eintiteas arna údarú de bhun Treoir 2009/110/CE, 2013/36/AE, 2014/65/AE nó (AE) 2015/2366, nó an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo, ní cheanglóidh an t-údarás inniúil ar an eintiteas sin agus iarratas á dhéanamh aige ar údarú de bhun na dTreoracha sin nó de bhun dlí náisiúnta, faisnéis nó doiciméid a sholáthar ar tíolacadh cheana féin agus iarratas ar údarú á dhéanamh aige de bhun na dTreoracha sin nó de bhun an dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis nó na doiciméid sin cothrom le dáta agus go mbeidh rochtain ag an údarás inniúil orthu.

15.   I gcás ina bhféachann soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin freisin le hiarratas a dhéanamh ar údarú chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar i dtaca le seirbhísí sluachistiúcháin agus i dtaca leis sin amháin, agus sa mhéid gurb iad na húdaráis inniúla atá freagrach freisin as an údarú faoi Threoir (AE) 2015/2366, ceanglóidh na húdaráis inniúla nach ndéanfar an fhaisnéis agus na doiciméid atá le tíolacadh faoi gach iarratas a thíolacadh ach aon uair amháin.

16.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú tuilleadh:

(a)

na ceanglais agus na socruithe maidir leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha don iarratas ar údarú; agus

(b)

na bearta agus na nósanna imeachta don phlean leanúnachais gnó dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 2.

Agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Raon feidhme an údaraithe

1.   Na húdaráis inniúla a dheonaigh údarú ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 12(10), áiritheoidh siad go sonrófar san údarú sin na seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe a sholáthar.

2.   Maidir leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil údarú á lorg aige chun a ghnó a leathnú chuig seirbhísí sluachistiúcháin eile nach raibh beartaithe aige tráth an údaraithe arna dheonú faoi Airteagal 12, déanfaidh sé iarraidh ar leathnú ar a údarú a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla a dheonaigh an t-údarú faoi Airteagal 12 don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an chéad uair; déanfaidh sé é sin tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chomhlánú agus a nuashonrú. Déanfar an iarraidh ar shíneadh ama a phróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 12(4) go (11).

Airteagal 14

Clár soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

1.   Bunóidh ESMA clár de na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go léir. Cuirfear an clár sin ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas sa chlár dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm, foirm dhlíthiúil agus, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)

ainm tráchtála, seoladh fisiciúil agus seoladh idirlín an ardáin sluachistiúcháin arna oibriú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)

ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú;

(d)

faisnéis faoi na seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe ina leith;

(e)

liosta de na Ballstáit sin ina bhfuil fógra tugtha ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go bhfuil sé ar intinn aige seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 18;

(f)

aon seirbhísí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo le tagairt don dlí ábhartha de chuid an Aontais nó dlí ábhartha náisiúnta;

(g)

aon phionóis arna bhforchur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar a bhainisteoirí.

3.   Aon aistarraingt a dhéantar ar údarú soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 17, foilseofar sa chlár é, agus fanfaidh sé a bheith foilsithe, go ceann cúig bliana.

Airteagal 15

Maoirseacht

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a seirbhísí a sholáthar faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil a dheonaigh an t-údarú.

2.   Measúnóidh an t-údarás inniúil ábhartha cé acu atá nó nach bhfuil na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Cinnfidh sé minicíocht agus doimhneacht an mheasúnaithe sin, ag féachaint do cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Chun críoch an mheasúnaithe sin, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi chigireacht ar an láthair.

3.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin fógra gan mhoill mhíchuí don údarás inniúil ábhartha faoi aon athruithe ábhartha a dhéanfar ar na coinníollacha maidir le húdarú agus, tabharfaidh siad, arna iarraidh sin, an fhaisnéis is gá chun a mheas an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu.

Airteagal 16

Tuairisciú arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

1.   Soláthróidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin gach bliain agus ar bhonn rúnda, liosta de na tionscadail arna gcistiú trína ardán sluachistiúcháin chuig an údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú, ina sonrófar an méid seo a leanas i gcás gach tionscadail:

(a)

an t-úinéir tionscadail agus an tsuim a tiomsaíodh;

(b)

an ionstraim eisithe, mar a shainmhínítear i bpointí (b), (m) agus (n) d’Airteagal 2(1);

(c)

faisnéis chomhiomlánaithe i ndáil leis na hinfheisteoirí agus an tsuim infheistithe arna miondealú de réir cónaí chun críoch cánach na n-infheisteoirí, ag déanamh idirdhealú idir infheisteoirí sofaisticiúla agus infheisteoirí neamhshofaisticiúla.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i bhformáid anaithnidithe do ESMA, laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis sin. Ullmhóidh agus foilseoidh ESMA staidreamh bliantúil comhiomlánaithe maidir leis an margadh sluachistiúcháin san Aontas ar a shuíomh gréasáin.

3.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun caighdeáin agus formáidí sonraí, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 17

Údarú a tharraingt siar

1.   Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla a dheonaigh an t-údarú an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níor úsáid an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a údarú laistigh de 18 mí tar éis an t-údarú a bheith deonaithe dó;

(b)

thréig sé a údarú go sainráite;

(c)

níor sholáthair sé seirbhísí sluachistiúcháin ar feadh naoi mí as a chéile agus níl baint aige a thuilleadh le riar conarthaí atá ann cheana ar conarthaí iad a meaitseáladh i dtosach le cistiú trasteorann trína ardán sluachistiúcháin a úsáid;

(d)

fuair sé a údarú ar mhodhanna neamhrialta, lena n-áirítear trí ráitis bhréagacha a dhéanamh ina iarratas ar údarú;

(e)

níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh aige a thuilleadh;

(f)

sháraigh sé an Rialacháin seo go tromchúiseach.

Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla a dheonaigh an t-údarú an t-údarú a tharraingt siar freisin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar soláthraí seirbhísí íocaíochta freisin é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366 agus tá dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta sáraithe ag an soláthraí, ag a bhainisteoirí, a fhostaithe nó ag tríú páirtithe atá ag gníomhú thar a cheann; nó

(b)

i gcás inar chaill an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann an t-údarú lena gceadaítear seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366 nó seirbhísí infheistíochta faoi Threoir 2014/65/AE a sholáthar, agus nár éirigh leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin nó an tríú páirtí an cás a leigheas laistigh de 40 lá féilire.

2.   I gcás ina dtarraingníonn an t-údarás inniúil i mBallstát siar an t-údarú, déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú mar phointe teagmhála aonair sa Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 29(2), fógra a thabhairt, gan mhoill mhíchuí, do ESMA agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile ina soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis maidir le tarraingt siar an t-údarú sin isteach sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir le hiarratas ar údarú a tharraingt siar, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil in aon Bhallstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)

is fochuideachta an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(b)

is fochuideachta é den mháthairchuideachta de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin; nó

(c)

tá sé á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin.

Airteagal 18

Soláthar trasteorann seirbhísí sluachistiúcháin

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 12 seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar i mBallstát seachas an Ballstát ar dheonaigh a údarás inniúil a údarú i gcomhréir le hAirteagal 12, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh chuig an údarás inniúil arna ainmniú mar phointe teagmhála aonair i gcomhréir le hAirteagal 29(2), ag an mBallstát inar deonaíodh an t-údarú:

(a)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar;

(b)

céannacht na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar sna Ballstáit sin;

(c)

dáta tosaithe an tsoláthair seirbhísí sluachistiúcháin atá beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(d)

liosta d’aon ghníomhaíochtaí eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh pointe teagmhála aonair an Bhallstáit inar deonaíodh an t-údarú, laistigh de 10 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé i gceist ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus do ESMA. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis sin isteach sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Cuirfidh pointe teagmhála aonair an Bhallstáit inar deonaíodh an t-údarú an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar an eolas, gan mhoill ina dhiaidh sin, faoin gcumarsáid dá dtagraítear i mír 2.

4.   Féadfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tús a chur le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar i mBallstát seachas sa Bhallstát inar dheonaigh a údarás inniúil údarú ón dáta a bhfaightear an chumarsáid dá dtagraítear i mír 3 nó ar a dhéanaí 15 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh.

CAIBIDIL IV

Cosaint infheisteoirí

Airteagal 19

Faisnéis do chliaint

1.   An fhaisnéis uile, lena n-áirítear cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27, a thugann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin do chliaint fúthu féin, faoi na costais, na rioscaí airgeadais agus na muirir a bhaineann le seirbhísí sluachistiúcháin nó le hinfheistíochtaí, faoi na critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, agus faoi na cinealácha agus na rioscaí a bhaineann lena seirbhísí sluachistiúcháin, beidh an fhaisnéis sin cothrom, soiléir, agus ní bheidh sí míthreorach

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in iúl dá gcliaint nach bhfuil a seirbhísí sluachistiúcháin cumhdaithe leis an scéim ráthaithe taiscí arna bunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE agus nach bhfuil urrúis inaistrithe ná ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna bhfáil trína n-ardán sluachistiúcháin cumhdaithe leis an scéim cúitimh d’infheisteoirí arna bunú i gcomhréir le Treoir 97/9/CE.

3.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoin tréimhse mhachnaimh d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla dá dtagraítear in Airteagal 22. Aon uair a dhéanfar tairiscint sluachistiúcháin, soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis sin dá dtagraítear in áit fheiceálach den mheán, lena n-áirítear ar gach feidhmchlár móibíleach, agus soláthróidh sé í ar gach leathanach gréasáin ina ndéantar tairiscint den sórt sin.

4.   Gach faisnéis atá le soláthar i gcomhréir le mír 1, cuirfear in iúl do chliaint í aon uair is iomchuí, ar a laghad sula ndéantar idirbheart sluachistiúcháin.

5.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 6 ar fáil do na cliaint uile ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar roinn de shuíomh gréasáin an ardáin sluachistiúcháin atá sainaitheanta go soiléir.

6.   Má chuireann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin scóir chreidmheasa i bhfeidhm ar thionscadail sluachistiúcháin nó má mholann siad go ndéanfaí tairiscintí sluachistiúcháin a phraghsáil ar a n-ardán sluachistiúcháin, cuirfidh siad tuairisc ar fáil ar an modh a úsáidtear chun na scóir chreidmheasa nó na praghsanna sin a ríomh. Má tá an ríomh bunaithe ar chuntais nach ndéantar iniúchadh orthu, déanfar é sin a nochtadh go soiléir sa tuairisc ar an modh.

7.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthcomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na heilimintí, lena n-áirítear an fhormáid, atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh dá dtagraítear i mír 6;

(b)

an fhaisnéis agus na tosca a bhfuil le breithniú ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúchái agus measúnú riosca creidmheasa dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(4) agus luacháil ar iasacht dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 4(4) á ndéanamh acu;

(c)

na tosca atá ar soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur san áireamh le linn dó a áirithiú go bhfuil praghas iasachta atá á héascú aige cothrom agus iomchuí mar a thagraítear dó i bpointe (d) d’Airteagal 4(4);

(d)

íos-inneachair agus rialachas na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus íos-inneachair agus rialachas an chreata bainistíochta riosca dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(4).

Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 20

Nochtadh an ráta mainneachtana

1.   Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin arb é atá i gceist leo deonú iasachtaí a éascú, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

rátaí mainneachtana na dtionscadal sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin a nochtadh gach bliain, ar a laghad do na 36 mhí roimhe sin; agus

(b)

ráiteas torthaí a fhoilsiú laistigh de cheithre mhí ó dheireadh gach bliain airgeadais agus an méid seo a leanas á chur in iúl, de réir mar is infheidhme:

(i)

ráta mainneachtana a bhfuiltear ag súil leis agus ráta mainneachtana iarbhír na n-iasachtaí go léir a d’éascaigh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, de réir catagóir riosca agus faoi threoir na gcatagóirí riosca a leagtar amach sa chreat bainistithe riosca;

(ii)

achoimre ar na toimhdí a úsáideadh chun na rátaí mainneachtana a bhfuiltear ag súil leo a chinneadh; agus

(iii)

i gcás inar thairg an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin spriocráta i ndáil le bainistiú punainne aonair iasachtaí, an toradh iarbhír a gnóthaíodh.

2.   Foilseofar na rátaí mainneachtana dá dtagraítear i mír 1 in áit fheiceálach ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.   Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an mhodheolaíocht a shonrú maidir leis na rátaí mainneachtana dá dtagraítear i mír 1 a ríomh i ndáil leis na tionscadail arna dtairiscint ar ardán sluachistiúcháin.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 21

Triail eolais iontrála agus ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh

1.   Sula dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rochtain iomlán d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin ar a n-ardán sluachistiúcháin, déanfaidh siad a mheas an bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin atá a dtairiscint acu iomchuí do na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha agus cé acu atá iomchuí dóibh.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis faoi thaithí, cuspóirí infheistíochta agus staid airgeadais an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh agus faoin tuiscint bhunúsach atá aige ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh trí chéile agus le hinfheistíocht a dhéanamh sna cineálacha infheistíochta arna dtairiscint ar an ardán sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

na hinfheistíochtaí a rinne an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach roimhe sin in urrúis inaistrithe, nó ionstraimí a ligtear isteach a fuarthas roimhe seo chun críocha sluachistiúcháin nó iasachta, lena n-áirítear i ngnóthaí luathchéime nó céime forbartha;

(b)

tuiscint an infheisteora neamhshofaisticiúil ionchasaigh ar na rioscaí a bhaineann le hiasachtaí a dheonú, infheistíocht a dhéanamh in urrúis inaistrithe, ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a fháil trí ardán sluachistiúcháin, agus taithí ghairmiúil i ndáil le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin.

3.   Maidir le gach infheisteoir neamhshofaisticiúil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin athbhreithniú ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 gach dhá bhliain tar éis an mheasúnaithe tosaigh a dhéantar i gcomhréir leis an mír sin.

4.   I gcás nach soláthraíonn infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha an fhaisnéis is gá de bhun mhír 2, nó i gcás ina measann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar bhonn na faisnéise arna fáil faoin mír sin, gur eolas, scileanna nó taithí neamhleor atá ag na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha sin ar an eolas go bhféadfadh na seirbhísí atá á dtairiscint ar a n-ardáin sluachistiúcháin a bheith míchuí dóibh agus eiseoidh siad rabhadh riosca dóibh. Sa rabhadh riosca sin, luafar go soiléir an riosca go gcaillfear an méid iomlán den airgead a infheistítear. Aithneoidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha go sainráite go bhfuair siad agus gur thuig siad an rabhadh a d’eisigh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

5.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin de cheangal ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha ionsamhlú a dhéanamh ar an gcumas atá iontu caillteanas a sheasamh, arna ríomh mar 10 % dá nglanfhiúchas, bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

ioncam rialta agus ioncam iomlán, agus más ioncam é a thuilltear ar bhonn buan nó sealadach;

(b)

sócmhainní, lena n-áirítear infheistíochtaí airgeadais agus aon taiscí airgid, ach gan maoin phearsanta, maoin infheistíochta ná cistí pinsin a áireamh;

(c)

gealltanais airgeadais, lena n-áirítear gealltanais rialta, reatha nó don todhchaí.

6.   Maidir le gach infheisteoir neamhshofaisticiúil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin athbhreithniú ar an ionsamhlúchán dá dtagraítear i mír 5 gach bliain tar éis an ionsamhlúcháin tosaigh a dhéantar i gcomhréir leis an mhír sin,

Ní chuirfear aon chosc ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha na ar infheisteoirí neamhshofaisticiúla infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin. Admhóidh na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla go bhfuair siad torthaí an ionsamhlúcháin dá dtagraítear i mír 5.

7.   Gach uair sula nglacfaidh infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil nó infheisteoir neamhshofaisticiúil le tairiscint aonair sluachistiúcháin agus dá bhrí sin go ndéanann sé infheistíocht de mhéid is mó ná EUR 1 000 nó 5 % de ghlanfhiúchas an infheisteora sin arna ríomh i gcomhréir le mír 5, áiritheoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

go bhfaigheann an t-infheisteoir sin rabhadh riosca;

(b)

go dtugann an t-infheisteoir sin toiliú sainráite don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin; agus

(c)

go gcruthaíonn an t-infheisteoir sin don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go dtuigeann an t-infheisteoir an infheistíocht agus na rioscaí a ghabhann léi.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaí úsáid a bhaint as an measúnú dá dtagraítear i mír 1 mar chruthúnas go dtuigeann an t-infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúil nó an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil an infheistíocht agus a rioscaí.

8.   Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na socruithe is gá a shonrú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(b)

an t-ionsamhlú dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a sholáthar.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22

Tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach

1.   Beidh téarmaí agus coinníollacha na tairisceana sluachistiúcháin ceangailteach ar an úinéir tionscadail ón dtráth a liostaítear an tairiscint sluachistiúcháin ar an ardán sluachistiúcháin go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(a)

dáta éagtha na tairisceana sluachistiúcháin a d’fhógair an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nuair a liostaíodh an tairiscint sluachistiúcháin ar a ardán sluachistiúcháin; nó

(b)

an dáta a shroichtear an sprioc mhaoiniúcháin a bhí socraithe, nó, i gcás raon cistiúcháin, an dáta a shroichtear an sprioc mhaoiniúcháin uasta.

2.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach ar fáil, a mbeidh an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach in ann a thairiscint nó a tairiscint infheistíochta nó léiriú leasa sa tairiscint sluachistiúcháin a chúlghairm aon tráth lena linn gan cúis a thabhairt agus gan pionós a thabhú.

3.   Tosóidh an tréimhse mhachnaimh dá dtagraítear i mír 2 tráth na tairisceana infheistíocht a dhéanamh nó an tráth a léiríonn an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach spéis, agus rachaidh sí in éag tar éis ceithre lá féilire.

4.   Coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin taifead ar na tairiscintí infheistíochta agus na léirithe spéise a gheobhaidh sé agus ar an am a gheofar iad.

5.   Áireofar ar na modúlachtaí chun tairiscint infheistíochta nó léiriú spéise a chúlghairm na modúlachtaí céanna ar a laghad lenar féidir leis an infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach tairiscint infheistíochta a dhéanamh nó spéis a léiriú i dtairiscint sluachistiúcháin.

6.   Soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis chruinn shoiléir thráthúil do na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha faoin tréimhse mhachnaimh agus faoi na módúlachtaí chun tairiscint infheistíochta nó léiriú spéise a chúlghairm, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

díreach sula bhféadfaidh an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach tairiscint infheistíochta a dhéanamh nó spéis a léiriú, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(i)

go bhfuil an tairiscint infheistíochta nó an léiriú spéise faoi réir tréimhse mhachnaimh;

(ii)

fad na tréimhse machnaimh;

(iii)

na modúlachtaí chun an tairiscint infheistíochta nó an léiriú spéise a chúlghairm;

(b)

díreach tar éis na tairisceana infheistíochta a fháil nó an léirithe spéise,tá ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur in iúl don infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúl trína ardán sluachistiúcháin go bhfuil tús curtha leis an tréimhse mhachnaimh.

7.   I gcás bainistiú punainne aonair iasachtaí, ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir leis an sainordú infheistíochta tosaigh a thugann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil agus ní bheidh feidhm acu maidir leis na hinfheistíochtaí in iasachtaí sonracha a dhéantar faoin sainordú sin.

Airteagal 23

Bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis uile dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha.

2.   Soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí d’infheisteoirí ionchasacha arna tarraingt suas ag an úinéir tionscadail le haghaidh gach tairisceana sluachistiúcháin. Déanfar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a dhréachtú i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar dheonaigh a údaráis inniúla an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 12 nó i dteanga eile a nglacann na húdaráis sin léi.

3.   I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tairiscint sluachistiúcháin chun cinn trí chumarsáid margaíochta i mBallstát eile, cuirfear an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar fáil i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.

4.   Ní chuirfear cosc ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin socrú a dhéanamh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a aistriú go haon teanga nó teangacha eile seachas iad sin dá dtagraítear i mír 2 nó 3. Leis na haistriúcháin sin, léireofar go cruinn a bhfuil sa bhunbhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas faoin teanga nó na teangacha lena nglacann siad chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le míreanna 2 agus 3. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

6.   Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 2:

(a)

an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

an séanadh seo a leanas, a bheidh díreach faoi theideal na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí:

“Níor fhíoraigh ná níor fhormheas an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ná na húdaráis inniúla an tairiscint sluachistiúcháin seo.

Ní gá gur measadh oiriúnacht do thaithí ná d’eolais sular deonaíodh rochtain ar an infheistíocht seo duit. Tríd an infheistíocht seo a dhéanamh, glacann tú leis an riosca iomlán a bhaineann leis an infheistíocht, lena n-áirítear an riosca go bhféadfaí an t-airgead a infheistítear a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine.”;

(c)

rabhadh riosca, mar a leanas:

“Baineann rioscaí le hinfheistíocht a dhéanamh sa tionscadal sluachistiúcháin seo, lena n-áirítear an riosca go bhféadfaí an t-airgead a infheistítear a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine. Níl d’infheistíocht cumhdaithe faoi na scéimeanna ráthaíochta taiscí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Níl d’infheistíocht cumhdaithe faoi na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ach an oiread (*2).

D’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá aon toradh ar d’infheistíocht.

Ní haon táirge coigiltis é seo agus molaimid duit gan níos mó ná 10 % de do ghlanfhiúchas a infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin.

D’fhéadfadh sé nach mbeifeá in ann na hionstraimí infheistíochta a dhíol nuair is mian leat. Má tá tú in ann iad a dhíol, féadfaidh tú, mar sin féin, caillteanas a thabhú.

(*1)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le céimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)."

(*2)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).”."

7.   Beidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach agus ní bheidh aon fhonótaí inti, seachas na fonótaí sin ina dtugtar tagairtí, lena n-áirítear sleachta i gcás inarb iomchuí, don dlí is infheidhme. Cuirfear i láthair í ar mheán aonair marthanach is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta agus sé leathán ar a mhéad a bheidh inti i bhformáid leathanaigh A4 má chuirtear i gcló í. I gcás ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin, nuair is mó ná aon leathán páipéir amháin A4 phriontáilte a thógtar suas leis an bhfaisnéis a éilítear faoi Chuid F d’Iarscríbhinn I, cuirfear an chuid eile ar fáil in iarscríbhinn a bheidh ag gabháil leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

8.   Iarrfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar an úinéir tionscadail fógra a thabhairt dó faoi aon athrú faisnéise ionas go mbeifear in ann an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí agus ar feadh ré na tairisceana sluachistiúcháin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin infheisteoirí a rinne tairiscint infheistíochta nó a léirigh suim sna tairisceana sluachistiúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fógraíodh dó.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar an úinéir tionscadail nó ar a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ar a laghad, a bheidh an fhreagracht as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. Aithneofar go soiléir sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí na daoine atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, agus, i gcás daoine nádúrtha, déanfar sin trína n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna a lua, nó i gcás daoine dlítheanacha trína n-oifigí cláraithe a lua, agus chomh maith leis sin trí dhearbhuithe uathu á rá go bhfuil, chomh fada lena n-eolas, an fhaisnéis atá ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá brí.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i ndáil le dliteanas sibhialta maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

tá an fhaisnéis míthreorach nó míchruinn; nó

(b)

fágtar ar lár sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun cabhrú le hinfheisteoirí agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an tionscadal sluachistiúcháin a mhaoiniú.

11.   Beidh nósanna imeachta leordhóthanacha réitithe agus i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun iomláine, cruinneas agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhíorú.

12.   I gcás ina n-aimsíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin easnamh, botún nó míchruinneas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar an toradh a bhfuiltear ar súil leis ar infheistíocht, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin le fios go pras don úinéir tionscadail go bhfuil an t-easnamh, an botún nó an míchruinneas sin ann, agus déanfaidh sé sin an fhaisnéis sin a chomhlánú nó a cheartú go pras.

I gcás nach ndéantar an comhlánú nó an ceartú sin go pras, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an tairiscint sluachistiúcháin ar fionraí go dtí go mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí comhlánaithe nó ceartaithe, ach go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá féilire.

Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí a rinne tairiscint infheistíochta nó a léirigh spéis sa tairiscint sluachistiúcháin ar an eolas láithreach faoi na neamhrialtachtaí sin a aimsíodh, na bearta atá déanta agus atá le déanamh ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus an rogha atá ann a tairiscint infheistíochta nó a léiriú spéise sa tairiscint sluachistiúcháin a cúlghairm.

Tar éis 30 lá féilire, mura mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí comhlánaithe nó ceartaithe chun na neamhrialtachtaí ar fad a sainaithníodh a cheartú, cuirfear an tairiscint sluachistiúcháin ar ceal.

13.   Féadfaidh infheisteoir ionchasach a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin socrú a dhéanamh leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a aistriú go rogha teanga an infheisteora. Leis an aistriúchán, léireofar go dílis agus go cruinn a bhfuil sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-aistriúchán a iarradh ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin comhairle shoiléir ar an infheisteoir ionchasach nár cheart dó an infheistíocht a dhéanamh.

14.   Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar tugadh údarú don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a cheangal go dtabharfar fógra ex ante faoi bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí seacht lá oibre ar a laghad sula gcuirfear ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha í. Ní bheidh bileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí faoi réir fhormheas ex ante na n-údarás inniúil.

15.   I gcás ina dtugtar bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí d’infheisteoirí ionchasacha arna tarraingt suas i gcomhréir leis an Airteagal seo, measfar go bhfuil an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a dhréachtú comhlíonta ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus na húinéirí tionscadail i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thugann comhairle i ndáil le tairiscint sluachistiúcháin nó a dhéanann tairiscint sluachistiúcháin a mhargú.

16.   Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a)

na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 6 agus in Iarscríbhinn I a chur i láthair agus ábhar na samhla chuige sin;

(b)

cineálacha na bpríomhrioscaí a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin agus, dá bhrí sin, nach mór a nochtadh i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn I;

(c)

cóimheasa airgeadais áirithe a úsáid chun soiléireacht na faisnéise airgeadais bunriachtanaí a fheabhsú, lena n-áirítear chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) de Chuid A d’Iarscríbhinn I a chur i láthair;

(d)

na coimisiúin, na táillí agus na costais idirbhirt a chumhdaítear le pointe (a) de Chuid H d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar na costais dhíreacha agus indíreacha atá le seasamh ag an infheisteoir.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt acu, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 24

An bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal ardáin

1.   De mhaolú ar an gcéad abairt d’Airteagal 23(2) agus ó phointe (a) d’Airteagal 23(6), déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann bainistíocht punainne aonair iasachtaí ar fáil bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin a dhréachtú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha ina mbeidh an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a sholáthraítear i gCodanna H agus I d’Iarscríbhinn I;

(b)

faisnéis faoi na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a sholáthraítear sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí; i gcás daoine nádúrtha, lena n-áirítear comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, ainm agus feidhm an duine nádúrtha; i gcás daoine dlítheanacha, an t-ainm agus an oifig chláraithe;

(c)

an ráiteas freagrachta seo a leanas:

“Dearbhaíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, chomh fada agus is eol dó, nár fágadh aon fhaisnéis ar lár nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ann míthreorach ná míchruinn ar bhealach ábhartha. Tá an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí sin a chur i dtoll a chéile.”.

2.   Coimeádfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin cothrom le dáta i gcónaí agus ar feadh ré na tairisceana sluachistiúcháin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí a bhfuil tairiscint déanta acu infheistíocht a dhéanamh nó a bhfuil suim léirithe acu i leith na tairisceana sluachistiúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

3.   Beidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal ardáin cothrom, soiléir, agus ní bheidh sí míthreorach agus ní bheidh aon fhonótaí inti, seachas na cinn ina ndéantar tagairtí, lena n-áirítear sleachta i gcás inarb iomchuí, don dlí infheidhme. Cuirfear i láthair í ar mheán aonair marthanach is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta agus sé leathán ar a mhéad de leathanach páipéir d’fhormáid A4 a bheidh inti má chuirtear i gcló í.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad, go bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin. Aithneofar go soiléir sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal ardáin iad siúd atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, agus, i gcás duine nádúrtha, déanfar sin trína n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna a lua, nó i gcás daoine dlítheanacha trína n-oifigí cláraithe a lua, agus chomh maith leis sin trí dhearbhuithe uathu á rá go bhfuil, chomh fada lena n-eolas, an fhaisnéis atá ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá brí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i ndáil le dliteanas sibhialta maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

tá an fhaisnéis míthreorach nó míchruinn; nó

(b)

fágtar faisnéis bhunriachtanach ar lár sa bhileog faisnéise infheistíochta ar leibhéal ardáin bunriachtanaí a bhfuil gá léi chun cabhrú le hinfheisteoirí cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistiú trí bhainistiú punainne aonair iasachtaí.

6.   Beidh nósanna imeachta leordhóthanacha réitithe agus i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun iomláine, cruinneas agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin a fhíorú.

7.   I gcás ina n-aimsíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin easnamh, botún nó míchruinneas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin, a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar an toradh a bhfuiltear ag súil leis ar an mbainistiú punainne aonair iasachtaí, ceartóidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin an t-easnamh, an botún nó an míchruinneas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí é féin.

8.   I gcás ina dtugtar bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin arna tarraingt suas i gcomhréir leis an Airteagal seo d’infheisteoirí ionchasacha, measfar go bhfuil an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a dhréachtú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 comhlíonta ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thugann comhairle i ndáil le tairiscint sluachistiúcháin nó a dhéanann tairiscint sluachistiúcháin a mhargú.

Airteagal 25

Bord fógraí

1.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bord fógraí a oibriú ar a gceadaíonn siad dá gcliaint spéis a fhógairt in iasachtaí, urrúis inaistrithe nó ionstraimí ceadaithe chun críocha sluachistiúcháin a cheannach nó a dhíol, ar iasachtaí, urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach iad a tairgeadh i gcéaduair ar a n-ardáin sluachistiúcháin.

2.   Ní úsáidfear an bord fógraí dá dtagraítear i mír 1 chun dreamanna ar spéis leo ceannach nó díol a thabhairt le chéile trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ar shlí a mbeidh conradh mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin, ní bheidh sa bhord fógraí córas meaitseála inmheánach lena bhfeidhmítear orduithe cliant ar bhonn iltaobhach.

3.   Comhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a cheadaíonn spéis a fhógairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad lena gcliaint a chur ar an eolas faoi chineál an bhoird fógraí i gcomhréir le míreanna 1 agus 2;

(b)

tá siad le ceangal ar a gcuid cliant a fhógraíonn díol iasachta, urrúis nó ionstraime dá dtagraítear i mír 1 an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a chur ar fáil;

(c)

tá siad le faisnéis maidir le feidhmíocht iasachtaí arna n-éascú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin do chliaint a bhfuil sé ar intinn acu iasachtaí a fhógraítear ar an mbord fógraí a cheannach a sholáthar;

(d)

tá siad le háirithiú go bhfaighidh a gcliaint a fhógraíonn spéis iasacht, urrús nó ionstraim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a cheannach agus a cháilíonn mar infheisteoirí neamhshofaisticiúil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus an rabhadh riosca dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

4.   Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a cheadaíonn spéis a fhógairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a sholáthraíonn seirbhísí slánchoimeádta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 10(1), cuirfidh siad de cheangal ar a n-infheisteoirí a fhógraíonn an spéis sin fógra a thabhairt dóibh faoi aon athruithe úinéireachta chun críoch úinéireacht a fhíorú agus taifead a choimeád.

5.   Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mholann praghas tagartha le haghaidh an cheannaigh agus an díola dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas nach bhfuil an praghas tagartha atá molta ceangailteach agus tabharfaidh siad bunús leis an bpraghas tagartha atá molta, agus nochtfaidh siad príomhghnéithe na modheolaíochta i gcomhréir le hAirteagal 19(6).

Airteagal 26

Rochtain ar thaifid

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

coimeádfaidh siad na taifid ar fad a bhaineann lena seirbhísí agus lena n-idirbhearta ar mheán marthanach ar feadh cúig bliana ar a laghad;

(b)

áiritheoidh siad go bhfuil rochtain láithreach ag a gcliaint i gcónaí ar thaifid na seirbhísí arna soláthar dóibh;

(c)

coimeádfaidh siad go ceann cúig bliana ar a laghad na comhaontuithe go léir arna ndéanamh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a gcliaint.

CAIBIDIL V

Cumarsáidí margaíochta

Airteagal 27

Ceanglais maidir le cumarsáidí margaíochta

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh gach cumarsáid mhargaíochta maidir lena seirbhísí, lena n-áirítear na cumarsáidí sin a dhéantar a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe, inaitheanta go soiléir mar chumarsáid den sórt sin.

2.   Sula dtiocfaidh deireadh le tiomsú na gcistí do thionscadal, ní dhíreoidh aon chumarsáid mhargaíochta go díréireach ar thionscadail nó ar thairiscintí sluachistiúcháin aonair atá pleanáilte, ar feitheamh nó atá ann faoi láthair.

Beidh an fhaisnéis a bheidh i gcumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach, agus beidh sí comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, má tá an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar fáil cheana féin, nó leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, i gcás nach mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar fáil go fóill.

3.   Le haghaidh a gcumarsáidí margaíochta, úsáidfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit ina bhfuil na cumarsáidí margaíochta á scaipeadh, nó teanga a bhfuil glacadh le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.

4.   Is iad údaráis inniúla Bhallstáit ina scaiptear na cumarsáidí margaíochta a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh, i ndáil le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú a ndlíthe, a rialachán agus a bhforálacha riaracháin náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáidí margaíochta.

5.   Ní cheanglóidh údaráis inniúla náisiúnta go dtabharfaí fógra ex ante ná formheas i ndáil le cumarsáidí margaíochta.

Airteagal 28

Forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú

1.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta sin is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhfuil na húdaráis inniúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhlíonadh agus ar a bhforfheidhmiú i gcás soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta iad.

2.   Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus soláthróidh siad achoimre ar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin do ESMA i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.   Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 2, agus cuirfidh siad achoimre nuashonraithe ar na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do ESMA gan mhoill.

4.   I gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndlíthe agus na dlíthe a fhorfheidhmiú, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh siad ar a suíomhanna gréasáin an fhaisnéis teagmhála maidir leis an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1.

5.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin thíolacadh chuig gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Déanfaidh ESMA an achoimre dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a choinneáil ar a shuíomh gréasáin chomh maith leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh ESMA faoi dhliteanas i leith na faisnéise a chuirtear i láthair san achoimre.

7.   Is iad na húdaráis inniúla a bheidh ina bpointí teagmhála aonair agus freagracht orthu as faisnéis faoi rialacha margaíochta a sholáthar ina mBallstáit faoi seach.

8.   Tuairisceoidh údaráis inniúla do ESMA ar bhonn rialta, agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac siad le linn na bliana roimhe sin ar bhonn dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a)

i gcás inarb infheidhme, líon iomlán na mbeart forfheidhmiúcháin arna ndéanamh de réir chineál an mhí-iompair;

(b)

torthaí na mbeart forfheidhmiúcháin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, lena n-áirítear na cineálacha pionóis arna bhforchur nó na leigheasanna arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin; agus

(c)

samplaí, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, den dóigh ar dhéileáil údaráis inniúla le cásanna inar theip ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta a chomhlíonadh.

CAIBIDIL VI

Údaráis inniúla agus esma

Airteagal 29

Na hÚdaráis inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích, agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas faoi sin.

2.   I gcás ina n-ainmníonn na Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 1, cinnfidh siad a gcúraimí faoi seach agus ainmneoidh siad ceann amháin acu mar phointe teagmhála aonair le haghaidh comhar riaracháin trasteorann idir na húdaráis inniúla agus le ESMA freisin.

3.   Foilseoidh ESMA liosta de na húdaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 ar a láithreán gréasáin.

Airteagal 30

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus ar thríú páirtithe ainmnithe feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, agus ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a rialaíonn iad nó atá á rialú acu, faisnéis agus doiciméid a sholáthar;

(b)

a cheangal ar iniúchóirí agus bainisteoirí na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, agus na dtríú páirtithe arna n-ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, faisnéis a sholáthar;

(c)

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ag láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha agus, chun na críche sin, dul isteach in áitreabh chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar shonraí eile i bhfoirm ar bith, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúduithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán a chruthú.

2.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

tairiscint sluachistiúcháin a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(b)

cumarsáidí margaíochta a thoirmeasc nó a chur ar fionraí, nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna n-ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin scor de chumarsáidí margaíochta nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(c)

tairiscint sluachistiúcháin a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais go ndéanfaí é a shárú;

(d)

soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin iad a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh ina bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;

(e)

soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a thoirmeasc i gcás ina gcinnfidh siad gur sáraíodh an Rialachán seo;

(f)

a phoibliú, i ndáil le soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, go bhfuil ag teip orthu a n-oibleagáidí a chomhlíonadh;

(g)

an fhaisnéis ábhartha go léir a nochtadh, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, í a nochtadh, ar faisnéis í a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar sholáthar na seirbhíse sluachistiúcháin, chun cosaint infheisteoirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(h)

soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin, iad a chur ar fionraí, i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil staid an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chomh dona sin go ndéanfadh soláthar na seirbhíse sluachistiúcháin dochar do leasanna infheisteoirí;

(i)

conarthaí atá ann cheana a aistriú chuig soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin eile i gcásanna ina dtarraingítear siar údarú an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 17(1), faoi réir chomhaontú na gcliant agus an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin fála.

Aon bhearta a ghlactar i bhfeidhmiú na gcumhachtaí faoin mír seo, beidh siad comhréireach, beidh údar cuí leo agus déanfar i gcomhréir le hAirteagal 40 iad.

3.   I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha cinneadh a dhéanamh ar úsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Beidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, a n-aistrítear na conarthaí atá ann cheana chuige mar a thagraítear dó i bpointe (i) den chéad fhomhír de mhír 2, beidh sé údaraithe chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar sa Bhallstát céanna inar údaraíodh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bunaidh.

5.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trína bhfreagracht a tharmligean do na húdaráis eile sin;

(d)

trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

7.   Maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh aon srian á shárú ag an duine sin maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine a thugann fógra faoin méid sin faoi dhliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.

Airteagal 31

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Malartóidh siad faisnéis, gan mhoill mhíchuí, agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.

I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 39(1), pionóis choiriúla a leagan síos i gcás sáraithe an Rialacháin seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh, nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse, chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo, agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ESMA, chun a ndualgas maidir le comhar a chomhlíonadh chun críche an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarratas ar fhaisnéis nó de bhun iarratas comhoibriú le himscrúdú in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas amháin:

(a)

i gcás inar dóchúil go ndéanfaí dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó d’imscrúdú coiriúil, dá gcomhlíonfaí an iarraidh;

(b)

i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar a ndírítear;

(c)

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana i ndáil leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin i leith na ngníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar a ndírítear.

3.   Arna iarraidh sin orthu, déanfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis atá ag teastáil chun críocha an Rialacháin seo a thabhairt gan mhoill mhíchuí.

4.   Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

Cuirfidh údarás inniúil a iarrann cúnamh ESMA ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil i mBallstát eile tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, féadfaidh sé ceann ar bith de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;

(c)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh an chigireacht nó an t-imscrúdú a dhéanamh é féin;

(d)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;

(e)

cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ESMA cásanna inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ESMA, i gcásanna den sórt sin, gníomhú i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dlúth-chomhordú ar mhaoirseacht d’fhonn sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhar a éascú, comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a chur ar fáil i gcás aon easaontuithe.

7.   I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil amach nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais faoin Rialachán seo nó ina bhfuil cúis aige é sin a chreidiúint, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach.

8.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla i gcomhréir le fomhír 1 a shonrú.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 32

Comhar idir na húdaráis inniúla agus ESMA *

1.   Oibreoidh na húdaráis inniúla agus ESMA i ndlúthchomhar lena chéile chun críocha an Rialacháin seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú chun a gcuid dualgas faoin Chaibidil seo a chur i gcrích.

2.   I gcás cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a bhfuil éifeacht trasteorann léi nó leis, déanfaidh ESMA an chigireacht nó an t-imscrúdú a chomhordú i gcás ina n-iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis a bhfuil gá ag ESMA léi chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a thabhairt dó gan mhoill.

4.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta agus ESMA.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 33

Comhar le húdaráis eile

I gcás ina rachaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i mbun gníomhaíochtaí seachas na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 12, comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí eile sin mar a fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta ábhartha nó i ndlí ábhartha de chuid an Aontais nó i ndlí ábhartha náisiúnta.

Airteagal 34

Dualgais fógartha

Déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, na rialachán agus na forálacha riaracháin lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, a thabhairt don Choimisiún agus do ESMA faoin 10 Samhain 2021. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ESMA gan mhoill mhíchuí maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 35

Rúndacht ghairmiúil

1.   Measfar go bhfuil gach faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile ina faisnéis a thugtar faoi rún agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go gceadaítear an fhaisnéis sin a nochtadh nó go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil nó d’aon tríú páirtí ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe faoi rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nó d’údarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 36

Cosaint sonraí

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, cuirfidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí i gcrích chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679.

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ESMA faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Airteagal 37

Bearta réamhchúraim

1.   I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil Bhallstáit ina soláthraítear seirbhísí sluachistiúcháin chun a chreidiúint go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ag tríú páirtithe arna n-ainmniú chun feidhmeanna a dhéanamh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, nó go bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo sáraithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ag na tríú páirtithe sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú agus do ESMA.

2.   Más rud é, in ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag an údarás inniúil a dheonaigh údarú, go leanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an tríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a dhéanamh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin de bheith ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina soláthraítear seirbhísí sluachistiúcháin, tar éis dó an t-údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú agus ESMA a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan mhoill mhíchuí.

3.   I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil le haon cheann de na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé aird ESMA a tharraingt ar an ábhar. Féadfaidh ESMA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

Gearáin á láimhseáil ag na húdaráis inniúla

1.   Bunóidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta lena gceadófar do chliaint agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla maidir le sáruithe líomhnaithe soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar an Rialachán seo. I ngach cás, ba cheart glacadh le gearáin i bhfoirm scríofa nó leictreonach, agus i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit inar tíolacadh an gearán nó i dteanga a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi.

2.   Déanfar faisnéis maidir leis na nósanna imeachta gearáin dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin gach údaráis inniúil, agus cuirfear an fhaisnéis sin in iúl do ESMA. Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin na tagairtí do na ranna a bhaineann leis na nósanna imeachta gearáin ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil.

CAIBIDIL VII

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

Airteagal 39

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil faoi Airteagal 30 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar cumhacht d’údaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin ar a laghad maidir leis an méid a leanas:

(a)

sáruithe ar Airteagail 3, 4 agus 5 Airteagal 6(1) go (6), Airteagal 7(1) go (4), Airteagal 8(1) go (6), Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), Airteagal 13(2), Airteagal 15(2) agus (3), Airteagal 16(1), Airteagal 18(1) agus (4), Airteagal 19(1) go (6), Airteagal 20(1) agus (2), Airteagal 21(1) go (7), Airteagal 22, Airteagal 23(2) go (13), Airteagail 24, 25, 26 agus Airteagal 27(1) go (3);

(b)

easpa comhair nó neamhchomhlíonadh i ndáil le himscrúdú nó le cigireacht, nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 30(1).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta.

Faoin 10 Samhain 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ESMA gan mhoill maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1:

(a)

ráiteas poiblí lena gcuirtear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;

(b)

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an iompar sin a dhéanamh in athuair;

(c)

cosc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;

(d)

fíneálacha riaracháin airgid uasta suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna a leagtar amach i bpointe (e);

(e)

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 9 Samhain 2020, nó suas le 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim an láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na ráiteas airgeadais comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;

(f)

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Samhain 2020.

3.   Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis nó bearta breise agus maidir le leibhéil fíneálacha riaracháin a bheidh níos airde ná na cinn siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i ndáil le daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon atá freagrach as an sárú.

Airteagal 40

Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionóis a fheidhmiú

1.   Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó an bhirt riaracháin a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 39 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh a mhéid ba d’aon ghnó nó de thoradh na faillí a rinneadh an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, de réir mar a léiríonn láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad sin a chinneadh;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad sin a chinneadh;

(f)

a mhéid atá an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h)

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí.

2.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 30(2).

3.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 39, comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go mbeidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta, agus imscrúdaitheacha agus na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad faoin Rialachán seo éifeachtach agus iomchuí. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint nuair a bheidh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha á bhfeidhmiú acu agus nuair a bheidh pionóis agus bearta riaracháin eile á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 41

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh a dhéanfar faoin Rialacháin seo cuí-réasúnaithe agus go mbeidh sé faoi réir ceart achomhairc os comhair binse. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair binse freisin i gcás nach nglacfar aon chinneadh, laistigh de shé mhí tar éis a thíolactha, i ndáil le hiarratas le haghaidh údarú ina soláthraítear an fhaisnéis ar fad atá riachtanach.

Airteagal 42

Cinntí a fhoilsiú

1.   Cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile de thoradh sárú ar an Rialachán seo, foilseoidh na húdaráis inniúla é ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine nádúrtha nó dlítheanach is ábhar don chinneadh sin. San fhaisnéis a fhoilseofar, áireofar ar a laghad faisnéis maidir le cineál an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach.

2.   Má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanach, nó foilsiú chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha, míréireach, de réir measúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol leis an bhfoilsiú sin, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad siar foilsiú an chinnidh pionós nó beart a fhorchur go dtí go dtiocfaidh deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b)

foilseoidh siad an cinneadh pionós nó beart a fhorchur ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear le foilsiú anaithnid dá leithéid cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)

ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le pionós nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) chun a áirithiú go bhfoilseofar go comhréireach cinneadh den sórt sin i ndáil le bearta a meastar gur mionbhearta iad.

I gcás cinneadh pionós nó beart a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, mar a thagraítear dó i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnta ama i gcás ina meastar go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú anaithnid le linn na tréimhse sin.

3.   I gcás ina bhfuil an cinneadh pionós nó beart a fhorchur faoi réir achomharc os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha nó údarás eile, déanfaidh údaráis inniúla faisnéis dá leithéid, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le pionós nó beart a fhorchur.

4.   Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán, atá i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse nach giorra ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choinneofar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 43

Pionóis agus bearta riaracháin a thuairisciú do ESMA

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ESMA maidir leis na pionóis riaracháin nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 39. Foilseoidh ESMA an fhaisnéis sin in dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 39(1), pionóis choiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ESMA sonraí i dtaobh pionóis choiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

2.   I gcás ina dtugann an t-údarás inniúil eolas faoi phionóis riaracháin, bearta riaracháin eile nó pionóis choiriúla don phobal, déanfaidh sé na pionóis nó na bearta riaracháin eile sin a thuairisciú, an tráth céanna, do ESMA.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile agus na bearta riaracháin eile arna bhforchur nár foilsíodh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós coiriúil arna fhorchur agus go gcuirfear an méid sin a thíolacadh chuig ESMA. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin, coinneoidh ESMA bunachar lárnach sonraí de na pionóis agus na bearta riaracháin arna gcur in iúl dó. Ní bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin ach ag ESMA, ag ÚBE, agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na húdaráis inniúla.

CAIBIDIL VIII

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 48(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 36 mhí ón 9 Samhain 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 48(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 48(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 45

Tuarascáil

1.   Roimh an 10 Samhain 2023 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA agus le ÚBE, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi i gcás inarb iomchuí.

2.   Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a)

feidhmiú an mhargaidh le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas, lena n-áirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, agus taithí mhaoirseachta, líon na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe agus an sciar den mhargadh atá acu á gcur san áireamh, chomh maith le tionchar an Rialacháin seo i ndáil le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 97/9/CE, Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear sa Rialachán seo fós iomchuí i dtaca leis an méid tairsí a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 1(2);

(c)

úsáid ionstraimí ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin i soláthar seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann;

(d)

cé acu atá nó nach bhfuil raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear sa Rialachán seo fós iomchuí, agus forbairt samhlacha gnó a bhaineann le hidirghabháil i ndáil le héilimh airgeadais á cur san áireamh, lena n-áirítear éilimh iasachta a shannadh d’infheisteoirí tríú páirtí nó a dhíol leo, trí bhíthin ardáin sluachistiúcháin;

(e)

cé acu atá nó nach bhfuil gá le coigeartuithe maidir leis na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-airítear an sainmhíniú ar infheisteoir sofaisticiúil a leagtar amach i bpointe (j) d’Airteagal 2(1) agus na critéir in Iarscríbhinn II i bhfianaise a éifeachtaí atá siad i dtaca le cosaint infheisteoirí a áirithiú;

(f)

cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1), Airteagal 6 agus Airteagal 24 fós iomchuí chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú maidir le rialachas, comhlíonadh agus nochtaithe faisnéise le haghaidh bainistiú punainne aonair iasachtaí agus i bhfianaise seirbhísí comhchosúla arna soláthar le haghaidh urrúis inaistrithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE;

(g)

tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais le haghaidh seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear an tionchar atá aige ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí agus ar chatagóirí eile daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanann na seirbhísí sin difear dóibh;

(h)

cur chun feidhme na nuálaíochta teicneolaíochta in earnáil an tsluachistiúcháin, lena n-áirítear samhlacha gnó agus teicneolaíochtaí nua nuálacha a chur i bhfeidhm;

(i)

cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais stuamachta a leagtar amach in Airteagal 11 fós iomchuí chun na cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú, go háirithe maidir le leibhéal na n-íoscheanglas cistí dílse, maidir leis an sainmhíniú ar chistí dílse, maidir le hárachas a úsáid agus maidir le cistí dílse agus árachas a chomhcheangal;

(j)

cé acu atá nó nach bhfuil gá le hathruithe ar na ceanglais maidir le faisnéis do chliaint a leagtar amach in Airteagal 19 nó ar na coimircí cosanta d’infheisteoirí a leagtar amach in Airteagal 21;

(k)

cé acu atá nó nach bhfuil an méid a leagtar amach in Airteagal 21(7) fós iomchuí chun na cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú;

(l)

éifeacht na dteangacha lena nglacann na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus (3);

(m)

úsáid na gclár fógraí dá dtagraítear in Airteagal 25, lena n-áirítear an tionchar ar an margadh tánaisteach d’iasachtaí, d’urrúis inaistrithe agus d’ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;

(n)

na héifeachtaí atá ag na dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ar an iomaíocht agus ar chosaint infheisteoirí;

(o)

cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin agus bearta riaracháin eile agus, go háirithe, an gá na pionóis riaracháin dá bhforáiltear le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo a chomhchuibhiú a thuilleadh;

(p)

an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh dlí náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí, agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha na Treorach sin;

(q)

oiriúnacht cead a thabhairt d’eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha a bheith údaraithe mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo;

(r)

an comhar idir na húdaráis inniúla agus ESMA, agus oiriúnacht na n-údarás inniúil mar mhaoirseoirí ar an Rialachán seo;

(s)

an fhéidearthacht maidir le bearta ar leith sa Rialachán seo a thabhairt isteach chun tionscadail sluachistiúcháin inbhuanaithe agus nuálacha a chur chun cinn, chomh maith le húsáid cistí an Aontais.

(t)

líon iomlán agus sciar den mhargadh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarófar faoin Rialachán seo sa tréimshe ón 10 Samhain 2021 go dtí an 10 Samhain 2022, de réir aicmiú ar fhiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra;

(u)

méideanna, líon na dtionscadal agus treochtaí na seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann a sholáthar in aghaidh an Bhallstáit;

(v)

sciar na seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear faoin Rialachán seo sa mhargadh sluachistiúcháin domhanda agus ar mhargadh airgeadais an Aontais;

(w)

costais an Rialacháin seo le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chomhlíonadh arna sloinneadh mar chéatadán de na costais oibríochtúla;

(x)

méid na n-infheistíochtaí arna n-aistarraingt ag infheisteoirí le linn na tréimhse machnaimh, sciar an mhéid sin de mhéid iomlán na n-infheistíochtaí agus, bunaithe ar na sonraí sin, a mheas cé acu atá nó nach bhfuil fad agus cineál na tréimhse machnaimh a leagtar amach in Airteagal 22 iomchuí agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sí dochar d’éifeachtúlacht an phróisis tiomsaithe caipitil nó do chosaint infheisteoirí;

(y)

líon agus méid na bhfíneálacha riaracháin agus na bpionós coiriúil arna bhforchur de réir an Rialacháin seo nó i gcomhréir leis an Rialachán seo, arna aicmiú de réir Ballstáit;

(z)

cineálacha agus treochtaí iompair calaoise infheisteoirí, soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus tríú páirtithe a tharlaíonn i ndáil leis an Rialacháin seo.

Airteagal 46

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1129

In Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2017/1129, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(k)

tairiscint sluachistiúcháin don phobal ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna húdarú faoi Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), ar choinníoll nach sáraítear an tairseach a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán sin.

Airteagal 47

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I gCuid I.B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(xxi)

Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).”.

Airteagal 48

Idirthréimhse maidir le seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar i gcomhréir le dlí náisiúnta

1.   Maidir le seirbhísí sluachistiúcháin a áirítear faoi láthair faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin leanúint dá soláthar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, go dtí an 10 Samhain 2022 nó go dtí go dtabharfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 12 dóibh, cibé acu is túisce.

2.   Ar feadh na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh nósanna imeachta údarúcháin simplithe a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh eintitis atá, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, údaraithe faoi dhlí náisiúnta chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12 sula dtabharfar údarú de bhun na nósanna imeachta simplithe sin.

3.   Faoin 10 Bealtaine 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn náisiúnta amháin agus ar thionchar an Rialacháin seo ar fhorbairt margaí sluachistiúcháin náisiúnta agus ar rochtain ar mhaoiniú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú uair amháin ar feadh tréimhse 12 mhí.

Airteagal 49

Maolú sealadach maidir leis an tairseach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 1(2)

De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar feadh tréimhse 24 mhí ón 10 Samhain 2021, i gcás ina mbeidh tairseach na comaoine iomláine faoi bhun EUR 5 000 000 i mBallstát maidir le réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo sa Bhallstát sin ach maidir le tairiscintí sluachistiúcháin lena ngabhann comaoin iomlán nach mó ná méid na tairsí sin.

Airteagal 50

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937 a thrasuí

1.   Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit agus cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, faoin 10 Samhain 2021, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 47 a chomhlíonadh.Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta sin roimh an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937, cuirfear glacadh, foilsiú agus cur i bhfeidhm na ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin sin siar go dtí an dáta trasuite dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Threoir (AE) 2019/1937.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 47 a chur in iúl don Choimisiún agus do ESMA.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Beidh feidhm aige ón 10 Samhain 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 7 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 65.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(6)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(7)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(9)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le glacadh, saothrú agus maoirseacht stuamachta ghnóthas institiúidí airgeadais leictreonacha lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CÉ (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, p. 84).

(11)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

(12)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(13)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Treoir (AE) 2020/1504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (Féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1075/2013 ó Bhanc Ceannais na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staidreamh ar shócmhainní agus dliteanais corparáidí um meáin airgeadais atá i mbun idirbheart urrúsaithe (IO L 297, 7.11.2013, lch. 107).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(21)  Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013/AE, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(23)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(24)  Treoir 2011/61/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

BILEOG FAISNÉISE INFHEISTÍOCHTA BUNRIACHTANAÍ

Cuid A: Faisnéis faoi úinéir/úinéirí tionscadail agus faoin tionscadal sluachistiúcháin

(a)

Céannacht, foirm dhlíthiúil, úinéireacht, bainistíocht agus sonraí teagmhála;

(b)

Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. I gcás daoine nádúrtha, lena n-áirítear na comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an úinéara tionscadail, tabhair ainm agus feidhm an duine nádúrtha; i gcás daoine dlítheanacha, tabhair an t-ainm agus an oifig chláraithe.

An ráiteas freagrachta seo a leanas:

“Dearbhaíonn an t-úinéir tionscadail, chomh fada agus is eol dó, nár fágadh aon fhaisnéis ar lár nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ann míthreorach ná míchruinn ar bhealach ábhartha. Is é an t-úinéir tionscadail atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí seo a ullmhú.”;

(c)

Príomhghníomhaíochtaí an úinéara tionscadail; táirgí nó seirbhísí atá á dtairiscint ag an úinéir tionscadail;

(d)

Hipearnasc chuig na ráitis airgeadais is déanaí ón úinéir tionscadail, má tá sé ar fáil;

(e)

Príomhfhigiúirí agus príomhchóimheasa airgeadais bliantúla an úinéara tionscadail le trí bliana anuas, má tá siad ar fáil;

(f)

Tuairisc ar an tionscadal sluachistiúcháin, lena n-áirítear an cuspóir atá leis agus na príomhghnéithe a bhaineann leis.

Cuid B: Príomhghnéithe an phróiseas sluachistiúcháin agus, de réir mar is infheidhme, coinníollacha le haghaidh caipiteal a thiomsú nó cistí a fháil ar iasacht

(a)

Sprioc-chaipiteal íosta atá le tiomsú nó sprioc-chistí atá le fáil ar iasacht i dtairiscint aonair sluachistiúcháin agus líon na dtairiscintí atá críochnaithe ag an úinéir tionscadail nó ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin don tionscadal sluachistiúcháin sin;

(b)

Spriocdháta le haghaidh an sprioc-chaipiteal a thiomsú nó na sprioc-chistí a fháil ar iasacht;

(c)

Faisnéis maidir le hiarmhairtí mura dtiomsaítear an sprioc-chaipiteal nó mura bhfaightear na sprioc-chistí ar iasacht faoin spriocdháta sin;

(d)

An t-uasmhéid faoi thairiscint nuair nach ionann sin agus an sprioc-chaipiteal nó na sprioc-chistí dá dtagraítear i bpointe (a);

(e)

Méid na gcistí dílse arna ngealladh ag an úinéir tionscadail don tionscadal sluachistiúcháin;

(f)

Athrú ar chomhdhéanamh chaipitil nó iasachtaí an úinéara tionscadail a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin:

(g)

Tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach a bheith ann d’infheisteoirí neamhshofaisticiúla agus na coinníollacha a bhaineann leis an tréimhse sin.

Cuid C: Tosca Riosca

Na príomhrioscaí a bhaineann le cistiú an tionscadail sluachistiúcháin, leis an earnáil, leis an tionscadal, leis an úinéir tionscadail, leis na hurrúis inaistrithe agus leis na hionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin nó iasachtaí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, rioscaí geografacha a chur i láthair.

Cuid D: Faisnéis a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a thairiscint

(a)

Méid iomlán agus cineál na n-urrús inaistrithe nó na n-ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a thairgfear;

(b)

Praghas suibscríbhinne;

(c)

Cibé acu a ghlactar nó nach nglactar le ró-shuibscríbhinní agus an dóigh a leithdháiltear iad;

(d)

Téarmaí suibscríbhinne agus íocaíochta;

(e)

Cumhdach agus seachadadh chuig infheisteoirí urrús inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;

(f)

I gcás ina ndéantar an infheistíocht a urrú le ráthaíocht nó le comhthaobhacht:

(i)

cibé an duine dlítheanach é an ráthóir nó an soláthraí comhthaobhaigh;

(ii)

céannacht, foirm dhlíthiúil agus sonraí teagmhála an ráthóra nó an tsoláthraí chomhthaobhaigh;

(iii)

faisnéis maidir le cineál agus téarmaí na ráthaíochta nó na comhthaobhachta;

(g)

Más infheidhme, gealltanas daingean urrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a aischeannach agus an tréimhse ama le haghaidh an aischeannaigh sin;

(h)

Maidir le hionstraimí neamhchothromais, an ráta úis ainmniúil, an dáta a bheidh an t-ús iníoctha, na dátaí dlite le haghaidh íocaíochtaí úis, an dáta aibíochta agus an toradh is infheidhme.

Cuid E: Faisnéis maidir le meáin sainchuspóireacha

(a)

Cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear meán sainchuspóireach idir an t-úinéir tionscadail agus an t-infheisteoir;

(b)

Sonraí teagmhála an mheáin shainchuspóirigh.

Cuid F: Cearta infheisteoirí

(a)

Na príomhchearta a ghabhann leis na hurrúis inaistrithe nó leis na hionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;

(b)

Srianta a bhfuil na hurrúis inaistrithe nó na hionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin faoina réir, lena n-áirítear comhaontuithe scairshealbhóirí nó comhaontuithe eile lena gcoisctear a n-inaistritheacht;

(c)

Tuairisc ar aon srianta ar aistriú na n-urrús inaistrithe nó na n-ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin;

(d)

Deiseanna don infheisteoir maidir le scor ón infheistíocht;

(e)

Maidir le hionstraimí cothromais, dáileadh na gcearta caipitil agus vótála roimh agus i ndiaidh an mhéadaithe ar chaipiteal ag teacht mar thoradh ar an tairiscint (ag glacadh leis go suibscríobhfar na hurrúis inaistrithe uile nó na hionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin uile).

Cuid G: Nochtadh i ndáil leis na hiasachtaí

I gcás inar cuid den tairiscint sluachistiúcháin deonú iasachtaí a éascú, in ionad na faisnéise dá dtagraítear i gCodanna D, E agus F den Iarscríbhinn seo, beidh faisnéis sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

Cineál, fad agus téarmaí na hiasachta;

(b)

Rátaí úis is infheidhme nó, más infheidhme, cúiteamh eile don infheisteoir;

(c)

Bearta maolaithe riosca lena n-áirítear soláthraithe comhthaobhachta nó ráthóirí comhthaobhachta a bheith ann, nó cineálacha eile ráthaíochtaí;

(d)

Sceideal d’aisíoc na príomhshuime agus íocaíocht úis.

(e)

Aon mhainneachtain i gcomhaontuithe creidmheasa a rinne an t-úinéir tionscadail le cúig bliana anuas.

(f)

Seirbhísiú na hiasachta, lena n-áirítear i gcásanna nár chomhlíon an t-úinéir tionscadail a oibleagáidí iontu.

Cuid H: Táillí, faisnéis agus sásamh dlíthiúil

(a)

Na táillí a iarrtar ar an infheisteoir, agus na costais a thabhaíonn sé, i ndáil leis an infheistíocht, lena n-áirítear costais riaracháin a thagann as ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin a dhíol;

(b)

An áit agus an dóigh ar féidir teacht, saor in aisce, ar fhaisnéis bhreise faoin tionscadal sluachistiúcháin, faoin úinéir tionscadail agus faoin meán sainchuspóireach;

(c)

An dóigh agus cé leis a bhféadfaidh infheisteoir gearán a dhéanamh faoin infheistíocht nó faoi iompar an úinéara tionscadail nó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Cuid I: Faisnéis faoi bhainistiú punainne aonair iasachtaí a sholáthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

(a)

Céannacht, foirm dhlíthiúil, úinéireacht, bainistíocht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)

An t-íosráta úis agus an t-uasráta úis le haghaidh iasachtaí a fhéadfaidh a bheith ar fáil do phunanna aonair infheisteoirí;

(c)

An dáta aibíochta íosta agus an dáta aibíochta uasta le haghaidh iasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do phunanna aonair infheisteoirí;

(d)

I gcás ina n-úsáidtear iad, raon agus dáileadh na gcatagóirí riosca faoina dtagann iasachtaí, mar aon leis na rátaí mainneachtana agus meánráta ualaithe úis in aghaidh na catagóire riosca lena ghabhann miondealú breise de réir na bliana inar tugadh an iasacht trí bhíthin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(e)

príomheilimintí na modheolaíochta inmheánaí lena measúnaítear riosca creidmheasa do gach tionscadal sluachistiúcháin agus lena sainítear na catagóirí riosca;

(f)

I gcás ina dtairgtear spriocráta toraidh ar infheistíocht, spriocráta bliantúlaithe agus eatramh muiníne an spriocráta bhliantúlaithe sin thar an tréimhse infheistíochta, agus na táillí agus na rátaí mainneachtana á gcur san áireamh;

(g)

Nósanna imeachta, modheolaíochtaí inmheánacha agus critéir lena roghnaítear na tionscadail sluachistiúcháin a chuirtear i bpunanna iasachtaí aonair na n-infheisteoirí;

(h)

Cumhdach agus coinníollacha aon ráthaíochtaí caipitil is infheidhme;

(i)

Seirbhísiú na n-iasachtaí punainne aonair, lena n-áirítear i gcásanna nach gcomhlíonann an t-úinéir tionscadail a oibleagáidí;

(j)

Straitéisí éagsúlaithe riosca;

(k)

Na táillí a bheidh le híoc ag an úinéir tionscadail nó ag an infheisteoir, lena n-áirítear aon asbhaint as an ús atá le híoc ag an úinéir tionscadail.


IARSCRÍBHINN II

INFHEISTEOIRÍ SOFAISTICIÚLA CHUN CRÍOCH AN RIALACHÁIN SEO

I.   Critéir sainaitheantais

Is infheisteoir sofaisticiúil infheisteoir ag a bhfuil feasacht ar na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil agus ag a bhfuil acmhainní leordhóthanacha chun tabhairt faoi na rioscaí sin gan é féin a fhágáil ar neamhchosaint ar iarmhairtí iomarcacha airgeadais. Féadfar infheisteoirí a chatagóiriú mar infheisteoirí sofaisticiúla i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir sainaitheantais a leagtar amach sa Roinn seo, agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach i Roinn II.

Measfar gur infheisteoirí sofaisticiúla na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas sna seirbhísí uile a thairgeann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(1)

Daoine dlítheanacha a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

tá cistí dílse dar luach EUR 100 000 ar a laghad acu;

(b)

tá glanláimhdeachas dar luach EUR 2 000 000 ar a laghad acu;

(c)

tá clár comhordaithe dar luach EUR 1 000 000 ar a laghad acu.

(2)

Daoine nádúrtha a chomhlíonann dhá cheann ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)

ollioncam pearsanta dar luach EUR 60 000 ar a laghad in aghaidh na bliana fioscaí, nó punann ionstraime airgeadais, arb é an sainmhíniú atá air go n-áirítear ann taiscí airgid agus sócmhainní airgeadais ar mó iad ná EUR 100 000;

(b)

oibríonn an infheisteoir nó bhí an infheisteoir ag obair san earnáil airgeadais ar feadh bliain amháin ar a laghad i bpost gairmiúil dar gá eolas ar na hidirbhearta nó ar na seirbhísí a bhí i gceist, nó go raibh post feidhmiúcháin ag an infheisteoir ar feadh 12 mhí, ar a laghad, i nduine dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (1);

(c)

go bhfuil idirbhearta a bhfuil méid suntasach iontu curtha i gcrích ag an infheisteoir ar na margaí caipitil ar mheánmhinicíocht 10 in aghaidh na ráithe, in imeacht na ceithre ráithe roimhe sin.

II.   Iarraidh go gcaithfí le hinfheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teimpléad ar fáil dá gcuid infheisteoirí lena bhféadfaidh infheisteoir iarraidh a thíolacadh le go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil. Beidh sa teimpléad na critéir sainaitheantais a leagtar amach i Roinn I agus rabhadh soiléir ina sonraítear an chosaint infheisteora a chaillfidh infheisteoir sofaisticiúil de thoradh a chatagóirithe sa cháil sin.

Beidh san iarraidh chun go gcaithfí le hinfheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil an méid seo a leanas:

(1)

Fianú ina sonraítear na critéir sainaitheantais a leagtar amach i Roinn I agus a chomhlíonann an infheisteoir;

(2)

Ráiteas ina sonraítear go bhfuil an t-infheisteoir iarrthach ar an eolas faoi na hiarmhairtí a éiríonn as an gcosaint infheisteora a chailleadh, cosaint a ghabhann le stádas infheisteora neamhshofaisticiúil;

(3)

Ráiteas ina sonraítear go mbeidh an t-infheisteoir faoi dhliteanas i gcónaí i leith fhírinneacht na faisnéise a sholáthraítear san iarraidh.

Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bearta réasúnta chun a áirithiú go gcáilíonn an t-infheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil agus cuirfidh sé beartais inmheánacha iomchuí i scríbhinn chun feidhme agus infheisteoirí á gcatagóiriú aige. Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an iarraidh a fhormheas mura bhfuil amhras réasúnta air go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarraidh ceart. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in iúl go sonrach dona hinfheisteoirí ach a stádas a bheith daingnithe.

Beidh an formheas dá dtagraítear sa tríú mír bailí ar feadh dhá bhliain. Déanfaidh infheisteoirí ar mian leo stádas infheisteora sofaisticiúil a choinneáil tar éis dhul in éag thréimhse bhailíochta iarraidh nua a thíolacadh chuig an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

Beidh sé de chúram ar na hinfheisteoirí sofaisticiúla an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a choinneáil ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá gcatagóiriú. I gcás ina bhfaighidh soláthraí na seirbhísí sluachistiúcháin amach, nach gcomhlíonann an t-infheisteoir a thuilleadh na coinníollacha tosaigh a bhí ann, is iad sin go raibh an t-infheisteoir i dteideal go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-infheisteoir ar an eolas go gcaithfear leis mar infheisteoir neamhshofaisticiúil.

III.   Infheisteoirí sofaisticiúla ar cliaint ghairmiúla iad

De mhaolú ar an nós imeachta a leagtar amach i Roinn II den Iarscríbhinn seo, measfar gur infheisteoirí sofaisticiúla iad eintitis dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) de Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/EU i gcás ina soláthróidh siad cruthúnas ar a stádas mar ghairmiúlaithe don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.


Top