Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0700

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/700 ón gCoimisiún an 29 Márta 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Plăcintă dobrogeană) (TGFC))

    C/2023/1900

    IO L 92, 30.3.2023, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/700/oj

    30.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 92/5


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/700 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Márta 2023

    lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Plăcintă dobrogeană) (TGFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) agus Airteagal 52(3)(b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an Rómáin ar chlárú an ainm “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Fuair an Coimisiún an fógra freasúra ón mBulgáir an 27 Aibreán 2021. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh chuig an Rómáin an 29 Aibreán 2021. Chuir an Bhulgáir ráiteas freasúra réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Meitheamh 2021.

    (3)

    Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr sé ar an Rómáin agus ar an mBulgáir, trí litir dar dáta an 20 Iúil 2021, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú.

    (4)

    Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Rómáin agus an Bhulgáir gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 10(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, líomhain an Bhulgáir go mbeadh clárú “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint ina bhagairt ar an táirge ar a dtugtar “Dobrudzhanska banitsa” a bheith ann, ar táirge é a ullmhaíodh mar thaosrán traidisiúnta sa Bhulgáir leis na céadta bliain agus atá ina chuid d’oidhreacht ghastranómach agus chultúrtha na Bulgáire.

    Go deimhin, is í an bhrí chéanna atá le “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáiris agus “Plăcintă dobrogeană”. Thairis sin, mhaígh an Bhulgáir go n-ainmnítear leis an ainm sin táirgí a bhfuil comhábhair, céimeanna ullmhúcháin agus saintréithe táirge deiridh comhchosúla acu, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí a mheas go bhfuil eilimintí riachtanacha “Dobrudzhanska banitsa” comhionann le heilimintí riachtanacha “Plăcintă dobrogeană”. Cinntear na cosúlachtaí sin go stairiúil, agus é á chur san áireamh go bhfuil Dobrudzha, mar réigiún stairiúil agus geografach, roinnte idir an dá thír, e.g. Tuaisceart Dobrudzha atá suite sa Rómáin, agus Deisceart Dobrudzha atá suite sa Bhulgáir. Dá bhrí sin, comhroinneann an dá réigiún traidisiúin agus nósanna cócaireachta comhchosúla fiú má tá siad lonnaithe in dhá thír éagsúla.

    Mar thoradh air sin, cheistigh an Bhulgáir an nasc idir an táirge agus an limistéar geografach.

    (6)

    Ar deireadh, tharraing an Bhulgáir aird ar an tionchar diúltach a bheadh ar leasanna eacnamaíocha tháirgeoirí “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáir dá gclárófaí “Plăcintă dobrogeană” mar Thásc Geografach faoi Chosaint, agus mhaígh sí go bhféadfadh sé tomhaltóirí a chur ar míthreoir maidir le tionscnamh an táirge.

    (7)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón mBulgáir i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúróir á gcur san áireamh aige.

    (8)

    Tá cosúlachtaí idir an táirge a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană” sa Rómáin agus an táirge atá in úsáid go dleathach sa Bhulgáir agus a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa”. Mar sin féin, d’ainneoin na dtraidisiún agus na nósanna cócaireachta comhroinnte atá nasctha le réigiún geografach agus stairiúil Dobrogea/Dobrudzha, d’fhorbair na traidisiúin agus na nósanna sin go sainiúil sa Rómáin agus sa Bhulgáir, rud a d’fhág go raibh difríochtaí ann maidir le hullmhú, clú agus úsáid na n-ainmneacha lena n-ainmnítear na táirgí.

    Ar an gcéad dul síos, i dtaca leis an táirge sin a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană”, tá saintréithe sonracha aige a fhágann gur táirge sainiúil é, is é sin dá gcuirfí i gcomparáid é leis an táirge a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa”. Ní cheadaítear ach cáis, iógart agus uibheacha mar líonadh sa Rómáin, agus i gcás tháirgeadh “Dobrudzhanska banitsa” sa Bhulgáir, is féidir feoil agus/nó glasraí a úsáid, chomh maith le bainne úr, freisin. Tá difríochtaí breise ann maidir le húsáid an ghrutha atá éigeantach sa Rómáin, ach atá roghnach sa Bhulgáir. Tá idirdhealú eile ann maidir le leatháin taois, leatháin ina gcuirtear filltín agus a rolltar sa Rómáin, ach bíonn siad fillte mar a bheadh bosca ceoil ann sa Bhulgáir.

    Léirigh an Rómáin freisin go bhfuil clú seanbhunaithe ar an ainm “Plăcintă dobrogeană”, ainm a thagraíonn don táirge a tháirgtear sa limistéar geografach, a shainítear sa doiciméad aonair mar Chontaetha Tulcea agus Constanța, ar a dtugtar “Dobrogea” freisin. Sa Bhulgáir, níor maíodh ná níor léiríodh go leordhóthanach go bhfuil clú comhthreomhar ar an ainm “Dobrudzhanska banitsa”.

    Ar deireadh, i gcodarsnacht le “Plăcintă dobrogeană”, is ar tháirgeadh áitiúil agus baile atá an táirge a ainmnítear mar “Dobrudzhanska banitsa” dírithe go príomha.

    (9)

    Níl aon amhras ann ach go mbaineann an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” leis an táirge taosráin a dhéantar as leatháin taosráin atá líonta le cáis bhog shaillte (telemea) measctha le gruth agus uibheacha a tháirgtear sa limistéar geografach. Dá bhrí sin, tá cáilíochtaí agus clú ag an táirge arb é a thionscnamh geografach is cúis leo. I bhfianaise an mhéid thuas, ní fhéadfar an nasc idir an táirge a ainmnítear mar “Plăcintă dobrogeană” agus an limistéar geografach a cheistiú.

    (10)

    Is iad na téarmaí “Dobrudzhanska banitsa” an t-aistriúchán Bulgáirise ar an ainm “Plăcintă dobrogeană”. Ós rud é gurb ionann na hainmneacha san aistriúchán, is é an toradh a bheadh ar chosaint an ainm chláraithe “Plăcintă dobrogeană”, dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, cosc ar tháirgeoirí na Bulgáire an téarma “Dobrudzhanska banitsa” a úsáid chun margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí ar den chineál céanna iad.

    (11)

    Ní raibh sé i gceist le húsáid an téarma “Dobrudzhanska banitsa” teacht i dtír ar chlú an ainm “Plăcintă dobrogeană”. Níor cuireadh na tomhaltóirí ar míthreoir ná ní fhéadfaí iad a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh na dtáirgí. Go deimhin, bhí an staid ar an dá mhargadh éagsúil i gcás an dá tháirge. Tagraíonn “plăcintă dobrogeană” do tháirge ag a bhfuil a mhargadh sainiúil, áit a bhfuil cáil air de bharr a cháilíochtaí agus a shaintréithe féin atá nasctha leis an tionscnamh geografach. Tagraíonn “Dobrudzhanska banitsa” do tháirge a chaitear go príomha mar tháirgeadh áitiúil nó fiú mar tháirgeadh baile.

    (12)

    Is gnách go n-ullmhaítear agus go gcaitear an táirge “Dobrudzhanska banitsa” go díreach laistigh den lá céanna. Ní dhearnadh margaíocht ar an táirge seo i dtír eile ós rud é nach dtáirgtear an táirge reoite agus, dá bhrí sin, níor cuireadh tomhaltóirí ar míthreoir agus ní fhéadfaí iad a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh na dtáirgí. Go háirithe, ní raibh agus níl “Dobrudzhanska banitsa” dírithe ar onnmhairiú.

    (13)

    Ar na cúiseanna sin, agus ós rud é gur léiríodh go raibh an t-ainm “Dobrudzhanska banitsa” in úsáid go dleathach go comhsheasmhach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú “Plăcintă dobrogeană” faoi bhráid an Choimisiúin, ar mhaithe le cothroime agus úsáid thraidisiúnta agus i bhfianaise an chomhaontaithe ar thángthas air idir an t-iarratasóir agus an freasúróir i ndáil leis sin, ba cheart an idirthréimhse 10 mbliana a dheonú.

    (14)

    I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cláraítear an t-ainm “Plăcintă dobrogeană” (TGFC).

    Leis an ainm sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí báicéara eile a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Féadfar an téarma “Dobrudzhanska banitsa” (“Добруджанска баница”) a úsáid chun táirge taosráin nach gcomhlíonann an tsonraíocht le haghaidh “Plăcintă dobrogeană” TGFC a ainmniú ar feadh tréimhse 10 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 38, 3.2.2021, lch. 4.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top