This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026CN0124
Case C-124/26, Pensionsversicherungsanstalt: Request for a preliminary ruling from the Oberster Gerichtshof (Austria), lodged on 24 February 2026 – Pensionsversicherungsanstalt v RT
Cás C-124/26, Pensionsversicherungsanstalt: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 24 Feabhra 2026 – Pensionsversicherungsanstalt v RT
Cás C-124/26, Pensionsversicherungsanstalt: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 24 Feabhra 2026 – Pensionsversicherungsanstalt v RT
IO C, C/2026/2875, 8.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2875/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2875 |
8.6.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 24 Feabhra 2026 – Pensionsversicherungsanstalt v RT
(Cás C-124/26, Pensionsversicherungsanstalt)
(C/2026/2875)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Pensionsversicherungsanstalt
Freagróir: RT
An cheist a tharchuirtear:
An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(b) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1) ar chur i bhfeidhm forála den dlí náisiúnta, amhail Mír 21h de BPGG (2), a fhágann go bhfuil an duine a bhfuil gníomhaíocht á saothrú aige mar dhuine fostaithe san Ostair ach a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin in éineacht leis an leanbh a bhfuil cúram de dhíth air agus athair an linbh, atá fostaithe sa Ghearmáin, faoi réir an choinníll go bhfuil an duine a bhfuil cúram de dhíth air i dteideal liúntas cúraim faoi dhlí na hOstaire, rud a éilíonn go mbeadh gnáthchónaí san Ostair ar an duine a bhfuil cúram de dhíth air?
(1) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).
(2) Bundespflegegeldgesetz (Dlí Cónaidhme na hOstaire maidir le liúntas cúraim).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2875/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)