Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0610

Cás C-610/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Pistoia (an Iodáil) arna taisceadh an 23 Meán Fómhair 2022 – QX v Agos Ducato SpA

IO C 482, 19.12.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 482/7


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Pistoia (an Iodáil) arna taisceadh an 23 Meán Fómhair 2022 – QX v Agos Ducato SpA

(Cás C-610/22)

(2022/C 482/10)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Pistoia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: QX

Cosantóir: Agos Ducato SpA

An cheist a tharchuirtear

An mbaineann an ceanglas “nach féidir teacht timpeall ar na forálacha a ghlactar agus [Treoir 87/202] (1) a chur chun feidhme mar thoradh ar an mbealach a ndéantar comhaontuithe a fhoirmliú” a leagtar síos in Airteagal 14(2) den treoir sin, ach le mainneachtain APR a lua sa chonradh nó an mbaineann sé freisin le ráiteas mícheart APR i gcomhaontú?


(1)  Treoir 87/102/CEE ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le creidmheas tomhaltais a chomhfhogasú (IO 1987 L 42, lch. 48).


Top