EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0409
Case C-409/22: Request for a preliminary ruling from the Apelativen sad Sofia (Bulgaria) lodged on 21 June 2022 — UA v EUROBANK BULGARIA AD
Cás C-409/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Apelativen sad Sofia (an Bhulgáir) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – UA v EUROBANK BULGARIA AD
Cás C-409/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Apelativen sad Sofia (an Bhulgáir) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – UA v EUROBANK BULGARIA AD
IO C 359, 19.9.2022, p. 40–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/40 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Apelativen sad Sofia (an Bhulgáir) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – UA v EUROBANK BULGARIA AD
(Cás C-409/22)
(2022/C 359/45)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Apelativen sad Sofia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir ag an gcéad chéim: UA
Cosantóir ag an gcéad chéim: EUROBANK BULGARIA AD
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An ionann cumhacht aturnae faoina ndéanann an gníomhaire sócmhainní a dhiúscairt in ainm an íocóra trí ordú íocaíochta agus ionstraim íocaíochta de réir bhrí phointe 23 d’Airteagal 4 [de Threoir 2007/64/CE]? (1) |
2. |
An bhfuil an deimhniú “apastaile” a chuireann an t-údarás iasachta inniúil ar dhoiciméad de bhun Choinbhinsiún na Háige lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche mar chuid den nós imeachta deimhnithe don ionstraim íocaíochta agus don idirbheart íocaíochta de réir bhrí phointe 19 d’Airteagal 4, i gcomhar le hAirteagal 59(1), den Treoir sin? |
3. |
Más amhlaidh go bhfuil an ionstraim íocaíochta (lena n-áirítear ionstraim lena n-údaraítear do thríú páirtí diúscairt a dhéanamh ar son an íocóra) in ord go foirmiúil (prima facie), an féidir leis an gcúirt náisiúnta glacadh leis go bhfuil an t-idirbheart íocaíochta údaraithe, is é sin, gur thoiligh an t-íocóir dó a dhéanamh? |
(1) Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO 2007 L 319, lch. 1).