Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IP0121

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 maidir le conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear an méid is déanaí a tharla sa chogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (2022/2560(RSP))

    IO C 434, 15.11.2022, p. 59–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 434, 15.11.2022, p. 43–49 (GA)

    15.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 434/43


    P9_TA(2022)0121

    Conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022: lena n-áirítear an méid is déanaí a tharla sa chogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Aibreán 2022 maidir le conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear an méid is déanaí a tharla sa chogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (2022/2560(RSP))

    (2022/C 434/09)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do rúin roimhe seo uaithi maidir leis an Rúis agus an Úcráin, agus go háirithe rún an 16 Nollaig 2021 maidir leis an staid ag teorainn na hÚcráine agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis (1) agus rún an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2),

    ag féachaint do ráitis maidir leis an Úcráin ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa an 16 agus an 24 Feabhra 2022,

    ag féachaint do dhearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh an 24 Feabhra 2022 maidir le hionradh fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin,

    ag féachaint do ráiteas ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin an 24 Feabhra 2022 maidir le greas míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine nach raibh aon chúis leis agus nach bhfacthas a leithéid riamh cheana,

    ag féachaint do Dhearbhú Versailles an 11 Márta 2022,

    ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2022,

    ag féachaint do dhearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh an 4 Aibreán 2022 maidir le hainghníomhartha de chuid na Rúise a rinneadh in Bucha agus i mbailte eile san Úcráin,

    ag féachaint do na cinntí a rinne an Chomhairle maidir le smachtbhannaí agus bearta sriantacha i gcoinne na Rúise, lena n-áirítear bearta taidhleoireachta, bearta sriantacha aonair amhail reo sócmhainní agus srianta taistil, srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus Sevastopol agus leis na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais in Donetsk agus Luhansk, smachtbhannaí eacnamaíocha, srianta ar na meáin agus srianta ar an gcomhar eacnamaíoch,

    ag féachaint do phrionsabail Nürnberg a d’fhorbair Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe, lena gcinntear cad is coir chogaidh ann,

    ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

    ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

    ag féachaint do Choinbhinsiún na Ginéive agus na prótacail bhreise a ghabhann leis,

    ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus do dhoiciméid ina dhiaidh sin,

    ag féachaint do rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 maidir leis an ionsaí ar an Úcráin agus an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin,

    ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

    ag féachaint do rialú Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe an 16 Márta 2022,

    ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, do Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Ráthaíochtaí Slándála agus do Dhoiciméad Vín agus na prótacail bhreise a ghabhann leis,

    ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

    A.

    de bhrí, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil ceannasacht chomhionann ag gach stát agus nach mór dóibh staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit; de bhrí go bhfuil cogadh neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar cuí i gcoinne na hÚcráine ar bun ag Cónaidhm na Rúise ón 24 Feabhra 2022, agus de bhrí, an 16 Márta 2022, gur ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do Chónaidhm na Rúise a cuid oibríochtaí míleata i gcríoch na hÚcráine a chur ar fionraí láithreach;

    B.

    de bhrí gur cailleadh na mílte sibhialtach de chuid na hÚcráine nó gur gortaíodh iad le linn ionsaí agus ionradh na Rúise ón 24 Feabhra 2022 i leith, agus go bhfuil beagnach 6,5 milliún saoránach de chuid na hÚcráine easáitithe ina dtír féin agus gur theith níos mó ná 4 mhilliún eile go tíortha in aice láimhe, anuas ar an mbreis is 14 000 duine, idir phearsanra míleata agus shibhialtaigh, a fuair bás sna ocht mbliana roimhe sin de dheasca fhorghabháil na Crimé ag Cónaidhm na Rúise agus de dheasca na coinbhleachta a d’eascair aisti in oirthear na hÚcráine;

    C.

    de bhrí go bhfuil daoine soineanta fós á marú mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, mí tar éis thús ionsaí na Rúise; de bhrí gur éirigh na hainghníomhartha a rinne trúpaí na Rúise níos measa fós an Domhnach an 3 Aibreán 2022, nuair a thángthas ar choirp sibhialtach, idir fhir agus mhná, sínte ar shráideanna Bucha, baile nach raibh inrochtana d’arm na hÚcráine ar feadh míosa beagnach; de bhrí go dtugann na fíorais sin údar soiléir do bhunú coimisiún idirnáisiúnta chun imscrúdú a dhéanamh ar gach ceann de na coireanna a rinne arm na Rúise ó thús an chogaidh;

    D.

    de bhrí go bhfuil arm na Rúise fós ag déanamh tuairgneáil neamh-idirdhealaitheach agus ionsaithe ón aer ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, amhail ospidéil, scoileanna agus naíolanna, as ar tháinig scrios iomlán nó beagnach iomlán Mariupol, Volnovakha agus cathracha agus sráidbhailte eile;

    E.

    de bhrí gur léirigh an Úcráin go dtí seo leibhéil frithbheartaíochta agus athléimneachta nach bhfacthas riamh cheana agus gur shéan sí ar an Rúis an cumas a cuspóir tosaigh a chomhlíonadh .i. an tír ar fad a fhorghabháil;

    F.

    de bhrí gur mhol agus gur fhógair an Coimisiún smachtbhannaí nua an 5 Aibreán 2022 agus go bhfuil sé ag obair ar phacáistí breise smachtbhannaí; de bhrí gur forchuireadh chéad smachtbhannaí AE i gcoinne Chónaidhm na Rúise i mí an Mhárta 2014 tar éis ionghabháil mhídhleathach na Crimé in 2014, agus de bhrí gur glacadh an pacáiste is déanaí an 15 Márta 2022 tar éis ionradh gan chúis agus gan údar na Rúise ar an Úcráin, a sheol sí an 24 Feabhra 2022; de bhrí go bhfuil smachtbhannaí glactha ag AE i gcoinne na Bealarúise freisin mar fhreagairt ar a rannpháirtíocht in ionsaí agus ionradh na Rúise;

    G.

    de bhrí go bhfuil éifeacht ag smachtbhannaí ach go bhfuil breoslaí iontaise fós á gceannach ag AE ón Rúis, rud a chuireann acmhainní ar fáil don réimeas a chuidíonn leis an gcogadh a mhaoiniú;

    H.

    de bhrí go bhfuil AE ag íoc suas le EUR 800 milliún in aghaidh an lae leis an Rúis as seachadadh breoslaí iontaise, arb ionann é agus beagnach EUR 300 billiún in aghaidh na bliana;

    I.

    de bhrí gur roghnaigh beagnach 500 cuideachta agus corparáid idirnáisiúnta a n-oibríochtaí sa Rúis a chur ar fionraí nó tarraingt siar go hiomlán ó mhargadh na Rúise; de bhrí, áfach, go leanann roinnt cuideachtaí de ghnó mar is gnách a dhéanamh sa Rúis, agus tús áite á thabhairt acu do bhrabúis ó oibríochtaí i margadh na Rúise de rogha ar fhreagracht slándála agus shóisialta, rud a lagaíonn éifeachtaí na smachtbhannaí agus a bhaineann an bonn de cháineadh Chónaidhm na Rúise ag an bpobal idirnáisiúnta;

    J.

    de bhrí gur léir ó staidéir acadúla (3) go mbeadh tionchar ag an gcosc ar allmhairiú breosla iontaise ón Rúis ar fhás eacnamaíoch AE a d’fhreagródh do chaillteanais mheasta de níos lú ná 3 % den OTI, agus gurbh ionann na caillteanais ionchasacha do gheilleagar na Rúise le linn na tréimhse céanna agus 30 % den OTI, a bheadh ríthábhachtach ó thaobh stop a chur le hionsaitheacht na Rúise;

    K.

    de bhrí gur labhair an tUachtarán Metsola le Verkhovna Rada an 1 Aibreán 2022 agus gur bhuail sí le huachtarán agus le príomh-aire na hÚcráine agus le ceannairí na ngrúpaí polaitiúla thar ceann Pharlaimint na hEorpa;

    1.

    ag cáineadh a láidre is féidir cogadh ionsaitheach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise sa chogadh seo, agus ag éileamh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus go dtarraingeoidh sí siar gach fórsa agus trealamh míleata ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar críoch í atá aitheanta go hidirnáisiúnta; ag déanamh bróin le muintir na hÚcráine as an gcaillteanas coscrach atá á fhulaingt acu;

    2.

    á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad an ionsaitheacht agus an t-ionradh míleata, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive agus na Prótacail bhreise a ghabhann leo agus Cairt na Náisiún Aontaithe, agus á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise filleadh ar chomhlíonadh na bhfreagrachtaí atá ar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a chothabháil agus ar a gealltanais a urramú faoi Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, faoi Chairt Pháras don Eoraip Nua agus faoi Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Ráthaíochtaí Slándála; á mheas go ndéanann ionradh na Rúise ar an Úcráin ionsaí ní hamháin ar thír cheannasach ach freisin ar phrionsabail agus ar shásra an chomhair agus na slándála san Eoraip agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar a shainítear i gCairt na Náisiún Aontaithe;

    3.

    á chur in iúl go bhfuil uafás agus fearg uirthi maidir leis na hainghníomhartha tuairiscithe, lena n-áirítear éigniú agus bású sibhialtach, an t-easáitiú éigeantach, creachadh agus spriocdhíriú an bhonneagair shibhialtaigh, amhail ospidéil, saoráidí leighis, scoileanna, foscadh agus otharcharranna, agus scaoileadh le sibhialtaigh atá ag iarraidh teitheadh ó limistéir choinbhleachta trí chonairí daonnúla a comhaontaíodh roimh ré agus ar thug fórsaí armtha na Rúise tiomantas dóibh i roinnt bailte Úcránacha atá faoi fhorghabháil, amhail Bucha; á áitiú go gcaithfear iad siúd a bhfuil coireanna cogaidh agus sáruithe tromchúiseacha eile déanta acu, chomh maith leis na hoifigigh rialtais agus na ceannairí míleata atá freagrach astu, a thabhairt chun cuntais; á mheabhrú, i gcás coireanna cogaidh agus cinedhíothaithe, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gcomhphobal idirnáisiúnta gníomhú agus gur cheart dó úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil dó; ag tacú go hiomlán leis an imscrúdú arna sheoladh ag Ionchúisitheoir ICC ar choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, chomh maith le hobair an Choimisiún Fiosrúcháin de chuid Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine; á iarraidh ar institiúidí AE gach gníomh is gá a dhéanamh in institiúidí agus in imeachtaí idirnáisiúnta agus ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ag binsí nó cúirteanna idirnáisiúnta iomchuí eile chun caingne Vladimir Putin agus Aliaksandr Lukashenka a ionchúiseamh mar choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta, agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina n-imscrúdú; á iarraidh go mbunófaí binse speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis na coireanna san Úcráin; á mheas go mbeadh sé ábhartha leas a bhaint as an Sásra Idirnáisiúnta Neamhchlaonta agus Neamhspleách chun cabhrú in aon imscrúduithe idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh a dhéantar san Úcráin; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE a gcumas a neartú chun an tsaoirse ó phionós i gcás na ndaoine sin a rinne coireanna cogaidh nó a ghlac páirt iontu a chomhrac go héifeachtach;

    4.

    á athdhearbhú nach mór leanúint de sheachadadh arm agus dlús a chur leis chun go mbeidh an Úcráin in ann í féin a chosaint go héifeachtach; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gcúnamh um chosaint a chuirtear ar fáil d’fhórsaí armtha na hÚcráine, cúnamh atá á thabhairt ar bhonn aonair ag na Ballstáit agus go comhpháirteach tríd an tSaoráid Eorpach Síochána; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh an cúnamh don Úcráin tríd an tSaoráid Eorpach Síochána a mhéadú EUR 500 milliún agus á iarraidh go méadófaí ranníocaíochtaí nithiúla tuilleadh chun acmhainneachtaí cosanta na hÚcráine a neartú, agus go ndéanfaí é sin go déthaobhach agus faoin tSaoráid Eorpach Síochána;

    5.

    á iarraidh go mbunófaí bealaí sábháilte agus conairí daonnúla sábháilte chun sibhialtaigh atá ag teitheadh ó bhuamáil a aslonnú agus go gcuirfí dlús le líonraí an Aontais um chabhair dhaonnúil san Úcráin (lena n-áirítear maidir le breosla, bia, cógais, soláthairtí uisce inólta, gineadóirí fuinnimh agus campais shoghluaiste); á mholadh don Choimisiún scéimeanna cúnaimh idir piaraí a thabhairt isteach don Úcráin chun éifeachtacht an chúnaimh a mhéadú; á iarraidh go dtabharfar aird ar leith ar staid leanaí, idir mhionaoisigh neamhthionlactha agus leanaí atá ag éalú in éineacht lena dteaghlaigh, agus á iarraidh, thar aon ní eile, go gcaithfear mar leanbh le gach leanbh atá ag lorg tearmainn, agus go n-áiritheofar cosaint do gach duine atá ag teitheadh ón Úcráin, gan beann ar a gcúlra sóisialta nó eitneach, a n-inscne, a ngnéaschlaonadh, a gcumas nó a stádas imirce; ag moladh na mBallstát agus thíortha comharsanacha na hÚcráine as a bhfreagairt mhear agus dhearfach ar insreabhadh níos mó ná ceithre mhilliún dídeanaí atá ag teitheadh ón gcogadh; á chur in iúl gur geal léi gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach (4) agus á iarraidh go ndéanfar sásraí chun dídeanaithe a athlonnú i measc na mBallstát a chur chun cinn, lena n-áirítear iompar mear comhordaithe do dhídeanaithe, go háirithe do leanaí neamhthionlactha agus leanaí faoi mhíchumas a bhfuil cúram sonrach ag teastáil uathu;

    6.

    á chur i bhfios go láidir nach mór d’fhreagairt agus rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais a bheith in ann an dúshlán naimhdeach a shárú agus go mbeadh an fhreagairt sin ag teacht leis an iarracht atá á déanamh ag ár gcomhpháirtithe san Úcráin atá ar aon intinn linn, atá ag troid agus ag déanamh íobairtí ar son luachanna agus phrionsabail na hEorpa, ar luachanna agus prionsabail iad a théann thar bhallraíocht AE;

    7.

    ag cur in iúl a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine agus lena mianta láidre stát Eorpach daonlathach agus rathúil a dhéanamh dá tír; ag aithint go mbeidh an Úcráin rannpháirteach sa tionscadal Eorpach, mar a cuireadh in iúl trína hiarratas ar bhallraíocht san Aontas a cuireadh isteach an 28 Feabhra 2022; á iarraidh an athuair ar institiúidí an Aontais oibriú ionsar stádas tír is iarrthóir AE a thabhairt don Úcráin, mar chomhartha soiléir polaitiúil go bhfuil siad tiomanta, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar bhonn tuillteanais, agus idir an dá linn, leanúint den obair i dtreo a comhtháthaithe i margadh aonair AE i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais; á chur in iúl gur díol sásaimh di Dearbhú Versailles ón gComhairle Eorpach, ina luaitear gur ball den teaghlach Eorpach í an Úcráin;

    8.

    á cáineadh go géar reitric na Rúise a thugann le fios go bhféadfadh Cónaidhm na Rúise dul i muinín airm ollscriosta agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mbeadh aon imscaradh den sórt sin inghlactha agus go mbeadh na hiarmhairtí is tromchúisí ag baint leis; ag cáineadh, ina theannta sin, go bhfuil fórsaí na Rúise ag gabháil seilbhe ar shaoráidí agus suíomhanna núicléacha gníomhacha nó dianscaoilte ar chríoch na hÚcráine, á thabhairt chun suntais gur ábhar ríthábhachtach sláinte don réigiún ina iomláine é dea-láimhseáil na saoráidí sin; á chur i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun sábháilteacht na saoráidí núicléacha san Úcráin a áirithiú; ag tacú le hiarraidh údaráis na hÚcráine ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe bearta a dhéanamh láithreach chun limistéar eisiach stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail a dhímhíleatú agus chun cur ar chumas na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach smacht iomlán a fháil láithreach ar shuíomh an stáisiúin cumhachta núicléiche;

    9.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac an Chomhairle smachtbhannaí go pras agus á mholadh aontacht institiúidí an Aontais agus na mBallstát mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, agus an t-ardleibhéal comhordúcháin i measc G7; á iarraidh ar na comhpháirtithe uile, go háirithe tíortha is iarrthóirí AE agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, ailíniú leis na pacáistí smachtbhannaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Tascfhórsa nuabhunaithe Russian Elites, Proxies, and Oligarchs [Tascfhórsa um Éilíteanna, Seachaithe agus Olagarcaí Rúiseacha], arb é is aidhm dó comhordú a dhéanamh ar obair AE, G7 agus na hAstráile maidir le smachtbhannaí i gcoinne olagarchaí Rúiseacha agus Bealarúiseacha; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfor-rochtain chuig tíortha nach ndeachaigh i bpáirt leis an Aontas go fóill chun smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne Chónaidhm na Rúise, agus leas á bhaint as giaráil AE agus as raon iomlán na n-uirlisí atá ar fáil dóibh chuige sin, agus cúnamh a chur ar fáil más gá; á chur in iúl gur saoth léi neamh-ailíniú roinnt tíortha is iarrthóirí AE le smachtbhannaí AE; á iarraidh go mbunófaí plean gníomhaíochta soiléir vis-à-vis tíortha nach bhfuil san Aontas atá ag éascú imghabháil smachtbhannaí ag Cónaidhm na Rúise; ag tathant ar an gComhairle tuilleadh smachtbhannaí diana a ghlacadh a léiríonn an géarú gan staonadh ar fhogha na Rúise agus na hainghníomhartha uafásacha a rinne fórsaí míleata na Rúise, ar coireanna cogaidh iad gan aon agó;

    10.

    á iarraidh ar na Ballstáit tacú le coimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe a chur ar aghaidh chun na 15 n-imoibreoir núicléacha san Úcráin a chosaint, i ndlúthchomhar le misean na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; ag cur i bhfios go láidir, i gcomhréir le Rún 377 uaidh, go bhfuil fochumhachtaí cinnteoireachta ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe nuair nach bhfuil an Chomhairle Slándála in ann cinntí leordhóthanacha a dhéanamh maidir le hábhair síochánaíochta;

    11.

    á iarraidh ar cheannairí an Aontais agus ar cheannairí stát eile an Rúis a eisiamh ó G20 agus ó eagraíochtaí iltaobhacha eile um chomhar, amhail Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Interpol, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, UNESCO agus eagraíochtaí eile, a bheadh ina chomhartha tábhachtach nach bhfillfeadh an comhphobal idirnáisiúnta ar ghnó mar is gnách leis an stát is ionsaitheoir;

    12.

    á chur i bhfios go láidir nach mór cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach na smachtbhannaí atá ann cheana féin ar fud an Aontais agus ag comhghuaillithe idirnáisiúnta an Aontais a bheith ina thosaíocht anois; á iarraidh ar na Ballstáit bunús dlí a shainaithint agus, i gcás inar gá, bunús dlí a chruthú go mear chun comhlíonadh iomlán agus éifeachtach na smachtbhannaí laistigh de dhlínsí náisiúnta a áirithiú gan mhoill; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis mhaoirseachta AE dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus cuimsitheach smachtbhannaí uile AE ag na Ballstáit agus aghaidh a thabhairt ar aon chleachtais imchéimnithe;

    13.

    ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na pionóis náisiúnta i leith smachtbhannaí AE a shárú éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach; á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra go mbunófaí taisclann faisnéise maidir le smachtbhannaí agus treochlár (lena n-áirítear critéir agus amchlár) chun bogadh ar aghaidh ó neamhchomhlíonadh córasach smachtbhannaí AE a bhrath go nósanna imeachta um shárú os comhair Chúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh;

    14.

    á iarraidh ar an gComhairle tuilleadh smachtbhannaí a fhorchur ar phearsana poiblí atá ag scaipeadh bolscaireacht ionsaitheach sa Rúis chun tacú le hionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

    15.

    á mheabhrú gurb ionann an t-ioncam cánach ó na cuideachtaí eachtracha is mó sa Rúis agus cuid shuntasach de bhuiséad na Rúise agus go meastar gurb ionann é agus an tríú cuid de chaiteachas míleata; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, na cinntí a rinne roinnt mhaith cuideachtaí san Iarthar diúltú gnó a dhéanamh sa Rúis nó a gcuid táirgí agus seirbhísí a sholáthar ansin; á iarraidh ar ghnólachtaí príobháideacha a n-infheistíochtaí a tharraingt siar, láithreáin táirgeachta a athlonnú ón Rúis agus conarthaí reatha a chiorrú; á iarraidh ar chuideachtaí móra TF srian suntasach nó iomlán a chur ar úsáideoirí sa Rúis ó rochtain a fháil ar a gcuid táirgí, seirbhísí agus córas oibriúcháin;

    16.

    á iarraidh go gcuirfear le héifeachtacht na smachtbhannaí atá ann cheana féin, inter alia, i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta AE atá ar aon intinn leis, trí bhainc ó Chónaidhm na Rúise a eisiamh ó chóras SWIFT agus trí chosc a chur ar shoithí faoi bhratach na Rúise, soithí arna gclárú sa Rúis, soithí le húinéirí Rúiseacha, soithí arna gcairtfhostú ag an Rúis, soithí arna n-oibirú ag Rúisigh, soithí a thagann as calafort Rúiseach nó atá ag dul i dtreo calafort Rúiseach nó soithí muirí atá nasctha leis an Rúis ar bhealach eile, lena n-áirítear Sovcomflot, teacht isteach go dtí uiscí teorann AE agus teacht chun duga i gcalafoirt AE; á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar iompar lasta de bhóthar ó chríoch na Rúise agus na Bealarúise agus ar iompar lasta de bhóthar chuig críoch na Rúise agus na Bealarúise agus á mholadh go gcuimseofar seachadtaí sa toirmeasc onnmhairiúcháin, ar seachadtaí iad a conraíodh roimh theacht i bhfeidhm na smachtbhannaí, ach nár tugadh i gcrích go hiomlán go fóill; ag éileamh go dtabharfaí smachtbhannaí tánaisteacha isteach i gcoinne gach eintitis atá cláraithe i dtíortha AE agus i dtíortha neamh-AE atá ag cabhrú le córais na Rúise agus na Bealarúise chun dul timpeall ar smachtbhannaí;

    17.

    á iarraidh go gcuirfí trádbhac iomlán láithreach ar allmhairí ola, guail, breosla núicléach, agus gáis ón Rúis, go dtréigfear Nordstream 1 agus 2 go hiomlán, agus go dtíolacfar plean chun leanúint de shlándáil sholáthar fuinnimh AE sa ghearrthéarma a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit plean cuimsitheach gníomhaíochta do AE a bhunú a bhaineann le tuilleadh smachtbhannaí agus cumarsáid a dhéanamh go soiléir maidir le línte dearga agus maidir le céimeanna mionsonraithe chun smachtbhannaí a rolladh siar i gcás ina ndéanann an Rúis bearta chun neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirináisiúnta agus i gcás ina ndéanann sí a trúpaí a bhaint go hiomlán ó chríoch na hÚcraine;

    18.

    á chur i bhfáth, arís, a thábhachtaí atá sé acmhainní fuinnimh, teicneolaíochtaí agus bealaí soláthair fuinnimh a éagsúlú, chomh maith le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh, san fhuinneamh in-athnuaite, i réitigh stórála gáis agus leictreachais agus in infheistíochtaí inbhuanaithe fadtéarmacha i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé soláthairtí fuinnimh a fháil ó chomhpháirtithe trádála an Aontais trí chomhaontuithe saorthrádála atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo chun spleáchas an Aontais ar an Rúis a laghdú tuilleadh, go háirithe i gcás amhábhar; á iarraidh, ina theannta sin, go mbunófaí cúlchistí straitéiseacha coiteanna fuinnimh agus sásraí ceannaigh fuinnimh ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm dóibh slándáil fuinnimh a mhéadú agus spleáchas seachtrach fuinnimh agus luaineacht praghsanna á laghdú ag an am céanna; á iarraidh go gcuirfí tús leis an obair maidir le haontas gáis a chruthú, bunaithe ar chomhcheannacháin gháis ag na Ballstáit;

    19.

    á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le comhar le cuideachtaí Rúiseacha maidir le tionscadail núicléacha atá ann cheana agus tionscadail núicléacha nua, lena n-áirítear san Fhionlainn, san Ungáir agus sa Bhulgáir, tíortha inar féidir saineolaithe ón Iarthar teacht in ionad saineolaithe ón Rúis, agus úsáid sheirbhísí Rosatom a chéimniú amach; á iarraidh go gcuirfear deireadh le comhar eolaíoch le cuideachtaí fuinnimh na Rúise, amhail Rosatom, agus le heintitis eolaíocha ábhartha eile ón Rúis; ag éileamh go mbeadh na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise ag teacht leis na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise chun aon lúba ar lár a dhúnadh lena gcuirtear ar chumas Putin cúnamh Lukashenka a úsáid chun dul timpeall ar smachtbhannaí;

    20.

    ag tathant ar eagraíochtaí fuinnimh idirnáisiúnta athmhachnamh a dhéanamh ar ról na Rúise ina gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear tionscadail comhair idir an Rúis agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach a chur ar fionraí b’fhéidir, agus rannpháirtíocht na Rúise i dtionscadail iltaobhacha a chur ar fionraí;

    21.

    á chur i bhfáth, maidir leis na sócmhainní uile ar le hoifigigh Rúiseacha iad nó leis na holagarcaí a bhaineann le réimeas Putin, lena seachaithe agus lena maidríní lathaí, chomh maith leo siúd sa Bhealarúis a bhaineann le córas Lukashenka, ba cheart na sócmhainní sin a urghabháil agus aon víosaí AE a chúlghairm mar chuid de thoirmeasc iomlán agus láithreach ar phasanna óir, ar víosaí agus ar cheadanna cónaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart díriú leis na smachtbhannaí ar raon níos leithne d’oifigigh, de ghobharnóirí, de mhéaraí agus de dhaoine a bhaineann leis an scothaicme eacnamaíoch a chloíonn le beartas reatha réimeas Putin agus a bhaineann tairbhe as;

    22.

    á iarraidh go gcuirfí tús le hobair ar chiste (an Ciste Iontaobhais Dlúthpháirtíochta don Úcráin), a bheadh cosúil le Plean Marshall, chun an Úcráin a atógáil tar éis an chogaidh, chun clár ollmhór infheistíochta a sheoladh agus chun acmhainneacht fáis na tíre a scaoileadh; á mheas gur cheart ciste flaithiúil a bheith sa chiste sin agus é á mhaoiniú inter alia ag AE, ag Ballstáit AE, le ranníocaíochtaí deontóirí agus le cúiteamh ón Rúis i leith damáistí cogaidh, lena n-áirítear le sócmhainní Rúiseacha a ndearnadh iad a reo roimhe seo mar thoradh ar smachtbhannaí agus ar cheart iad a choigistiú go dlíthiúil i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

    23.

    á iarraidh ar an Aontas trédhearcacht airgeadais a mhéadú go pras, gach bealach ar lár a dhúnadh lena ndírítear ar úinéireacht thairbhiúil a fholú faoi chuimsiú na caibidlíochta maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus a áirithiú go gcoigisteofar aon airgead arna stóráil ag olagairc Rúiseacha san Aontas; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí aon institiúidí airgeadais i dtíortha lasmuigh den Aontas atá ag gabháil do sciúradh airgid nó a éascaíonn an sciúradh airgid a dhúliostáil;

    24.

    á iarraidh go mbeadh sásra dlúthpháirtíochta ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus le hiarmhairtí na smachtbhannaí a forchuireadh; ag aithint go bhfuil dúshláin dhosheachanta eacnamaíocha agus shóisialta á nginiúint ar fud an Aontais agus a Bhallstát mar gheall ar smachtbhannaí éifeachtacha i gcoinne Chónaidhm na Rúise agus insreabhadh na mílte dídeanaí atá ag teitheadh ón Úcráin mar thoradh ar ionsaí agus ionradh na Rúise; á iarraidh go mbeidh bearta cúitimh ann agus soláthar malartach foinsí earraí agus fuinnimh chun na drochthionchair sin a laghdú, agus go mbeidh bearta éifeachtacha ann i gcoinne tuairimíocht dho-ghlactha nach ndéanann ach géarú ar an staid, lena n-áirítear trí fhoghlaim ó na bearta a raibh rath orthu arna gcur chun feidhme ag an Aontas mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19;

    25.

    á chur in iúl gur geal léi na dearbhuithe ó go leor cathracha Eorpacha gur chuir siad deireadh lena scéimeanna comhair agus comhpháirtíochta le cathracha agus eagraíochtaí na Rúise; á iarraidh ar rialtais áitiúla agus ar chathracha athbhreithniú a dhéanamh ar a gcomhaontuithe comhpháirtíochta le cathracha Chónaidhm na Rúise agus deireadh a chur leo, agus comhar a bhunú le comhchathracha na hÚcráine mar mhalairt air sin;

    26.

    á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a chinntiú go mbeidh earnáil talmhaíochta na hÚcráine in ann feidhmiú mar is ceart arís a luaithe is féidir, agus na hiarrachtaí uile is féidir á ndéanamh chun an séasúr síolchuir agus táirgthe a chosaint agus iompar sábháilte bia agus conairí bia agus breosla chuig an tír agus amach aisti a chumasú; á iarraidh go n-osclófaí conairí talún glasa chun aon rud a thabhairt isteach san Úcráin a theastaíonn chun táirgeadh talmhaíochta (e.g. lotnaidicídí agus leasacháin) a choinneáil ar siúl agus chun gach táirge talmhaíochta atá fós le honnmhairiú a thabhairt amach as an Úcráin;

    27.

    á chur in iúl go dtacaíonn sí go huile agus go hiomlán leis an gcinneadh ó Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta tús a chur le himscrúdú ar choireanna cogaidh líomhnaithe agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh san Úcráin agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé obair agus dul chun cinn a dhéanamh go pras chun an fhianaise is gá a fháil agus a choimeád; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí tacaíocht airgeadais agus phraiticiúil d’obair thábhachtach na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, e.g. trí chead a thabhairt do Mhisean Comhairleach an Aontais san Úcráin chun cabhrú le doiciméadú na fianaise;

    28.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit sásra domhanda smachtbhannaí frith-éillithe a bhunú agus smachtbhannaí spriocdhírithe a ghlacadh go pras i gcoinne daoine aonair atá freagrach as éilliú ardleibhéil sa Rúis agus sa Bhealarúis;

    29.

    á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú le gach próiseas dlisteanach idirnáisiúnta agus náisiúnta chun coireanna líomhnaithe in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh arna ndéanamh san Úcráin a imscrúdú d’fhonn iad siúd go léir a bhfuil coireanna déanta acu agus iad siúd a chuidigh leo i leith na gcoireanna sin a thabhairt chun cuntais os comhair cúirt dlí;

    30.

    á athdhearbhú go bhfuil bréagaisnéis na Rúise mar chuid d’iarrachtaí cogaidh na Rúise san Úcráin agus gur féidir dul timpeall go héasca ar smachtbhannaí AE i gcoinne chainéil na meán atá faoi úinéireacht stáit na Rúise trí úsáid a bhaint as líonraí príobháideacha fíorúla, as teilifís satailíte agus feidhmeanna cliste teilifíse; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an toirmeasc ar chainéil bholscaireachta na Rúise atá faoi úinéireacht stáit a chur chun feidhme go hiomlán;

    31.

    á iarraidh go leathnófaí na ceanglais nochta atá ar institiúidí airgeadais Eorpacha chun údaráis inniúla a chur ar an eolas faoi na sócmhainní go léir atá i seilbh saoránach áirithe de chuid na Rúise agus na Bealarúise, agus ní hamháin faoina gcuid taiscí; á mheabhrú gur féidir le saoránaigh AE uirlis sceithirí an Choimisiúin a úsáid chun sáruithe ar smachtbhannaí a rinneadh san am a chuaigh thart, atá á ndéanamh faoi láthair agus atá beartaithe i gcoinne daoine aonair agus eintitis de chuid na Rúise agus na Bealarúise a thuairisciú gan a n-ainmneach a bheith luaite; á chreidiúint gur cheart raon feidhme na liostaí smachtbhannaí aonair a leathnú chun iad siúd atá ag baint tairbhe faoi láthair, agus iad siúd a bhain tairbhe roimhe seo, as dlúthnaisc le Rialtas na Rúise agus le Rialtas na Bealarúise a chuimsiú; á iarraidh ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as an gcreat i gcoinne sciúradh airgid agus an Rúis agus an Bhealarúis a áireamh ar liosta na ndlínsí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 9 den cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid (5); á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go gcruthófaí comhlacht tiomnaithe chun faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú smachtbhannaí airgeadais agus ar bhearta sriantacha eile de chuid an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún na sócmhainní arna reo agus arna n-urghabháil ag gach Ballstát a mhapáil agus a fhoilsiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na sochaí sibhialta agus iarrachtaí iriseoirí iniúchacha na sócmhainní atá faoi úinéireacht olagarcaí Rúiseach a nochtadh;

    32.

    á chur in iúl gur díol sásaimh di cinntí a rinne eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear i réimse an chultúir agus an spóirt, chun rannpháirtíocht na Rúise a chur ar fionraí; á iarraidh ar na Ballstáit leibhéal ionadaíochta Chónaidhm na Rúise a ísliú agus líon na foirne taidhleoireachta agus consalacha de chuid na Rúise agus de chuid na Bealarúise atá san Aontas a laghdú, go háirithe i gcás ina mbaineann spiaireacht, bréagaisnéis nó cúrsaí míleata lena ngníomhaíochtaí; á iarraidh go leanfaí de chomhordú le comhghuaillithe trasatlantacha agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo amhail iad siúd in ECAT, sa G7 agus san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, comhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, stáit chomhlachaithe agus tíortha is iarrthóirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas freagairt chinntitheach a thabhairt nuair nach dtacaíonn dreamanna áirithe, a mheastar a bheith ina gcomhpháirtithe, le seasaimh an Aontais;

    33.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig na Náisiúin Aontaithe, chuig ECAT, chuig G7, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Bealarúise.

    (1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0515.

    (2)  IO C 125, 18.3.2022, lch. 2.

    (3)  Lena n-áirítear ó Bachmann et al., an Banc Ceannais Eorpach, Deutsche Bank Research, Oxford Economics, Goldman Sachs, etc. arna achoimriú ag an Sachverständigenrat zur Begutachtung der gesamtwirtschaftlichen Entwicklung (Comhairle Ghearmánach na Saineolaithe Eacnamaíochta) ina tuarascáil ó mhí an Mhárta 2022 dar teideal Auswirkungen eines möglichen Wegfalls russischer Rohstofflieferungen auf Energiesicherheit und Wirtschaftsleistung: Auszug aus der aktualisierten Konjunkturprognose 2022 und 2023 [Tionchar ar shlándáil fuinnimh agus ar fheidhmíocht eacnamaíoch soláthairtí amhábhar na Rúise a dhíothú: Sliocht as an réamhaisnéis eacnamaíoch nuashonraithe 2022 agus 2023].

    (4)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint, (IO L 212, 07.08.2001, lch. 12).

    (5)  IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.


    Top