This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AP0312
P9_TA(2022)0312 Conservation and enforcement measures applicable in the Regulatory Area of the Northwest Atlantic Fisheries Organisation (NAFO) ***I European Parliament legislative resolution of 13 September 2022 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2019/833 laying down conservation and enforcement measures applicable in the Regulatory Area of the Northwest Atlantic Fisheries Organisation (COM(2022)0051 — C9-0046/2022 — 2022/0035(COD)) P9_TC1-COD(2022)0035 Position of the European Parliament adopted at first reading on 13 September 2022 with a view to the adoption of Regulation (EU) 2022/… of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2019/833 laying down conservation and enforcement measures applicable in the Regulatory Area of the Northwest Atlantic Fisheries Organisation
P9_TA(2022)0312 Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2022)0051 – C9-0046/2022 – 2022/0035(COD)) P9_TC1-COD(2021)0035 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

IO C 125, 5.4.2023, p. 293–293
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 125, 5.4.2023, p. 270–270
(GA)
|
5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/270 |
P9_TA(2022)0312
Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2022)0051 – C9-0046/2022 – 2022/0035(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2023/C 125/22)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0051), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0046/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Márta 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle in litir dar dáta an 13 Iúil 2022 chun seasamh Parlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0198/2022), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0035
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2037)