Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0307

    P9_TA(2022)0307 Leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh (Togra an tslabhra maidir le suibscríobh indíreach) ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (COM(2021)0665 – C9-0398/2021 – 2021/0343(COD)) P9_TC1-COD(2021)0343 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

    IO C 125, 5.4.2023, p. 171–171 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 125, 5.4.2023, p. 148–148 (GA)

    5.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 125/148


    P9_TA(2022)0307

    Leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil i réimse an réitigh (Togra an tslabhra maidir le suibscríobh indíreach) ***I

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta grúpaí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modheolaíocht le haghaidh suibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh (COM(2021)0665 – C9-0398/2021 – 2021/0343(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (2023/C 125/19)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0665),

    ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0398/2021),

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Eanáir 2022 (1),

    ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Nollaig 2021, (2)

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0020/2022),

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

    2.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    3.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    (1)  IO C 122, 17.3.2022, lch. 33.

    (2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 111.


    P9_TC1-COD(2021)0343

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2036)


    Top