Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE0552

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dearbhú Eorpach maidir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha a bhunú le haghaidh na Deacáide Digití (COM(2022) 27 final) agus maidir le b) Cearta agus prionsabail dhigiteacha (tústuairim)

    EESC 2022/00552

    IO C 365, 23.9.2022, p. 13–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 365/13


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dearbhú Eorpach maidir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha a bhunú le haghaidh na Deacáide Digití

    (COM(2022) 27 final)

    agus maidir le b) Cearta agus prionsabail dhigiteacha

    (tústuairim)

    (2022/C 365/03)

    Rapóirtéir:

    Philip VON BROCKDORFF

    Comhrapóirtéir:

    Violeta JELIĆ

    Comhairliúchán

    a)

    An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

    b)

    Uachtaránacht na Seicia, 26.1.2022

    Bunús dlí

    a)

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    b)

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

    Dáta a glactha sa rannóg

    1.6.2022

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    15.6.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    570

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    181/0/2

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Tá aird á tarraingt ag CESE ar an nasc láidir idir an Chonair i dtreo na Deacáide Digití agus an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, agus béim sa chéad cheann ar aidhmeanna cainníochtúla agus sa dara ceann, ar an iomlán, ar aidhmeanna cáilíochtúla. Creideann CESE go bhfuil an dá cheann acu an-ábhartha i dtaca le claochlú digiteach na sochaí agus an gheilleagair a éascú.

    1.2.

    Creideann CESE gur cheart go rachadh an dearbhú chun tairbhe don fhorbairt inbhuanaithe ina hiomláine. Má éiríonn leis an gclaochlú digiteach, beidh meascán tairbhí ann idir thairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ós rud é go gcuirfear leis an iomaíochas, an rathúnas, an fhostaíocht, an dea-bhail agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach, agus go gcoiscfear agus go n-íoslaghdófar aon bhaol neamh-inmhianaithe don tsochaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.

    1.3.

    Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, gnó digiteach agus seirbhísí poiblí digiteacha má táthar chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an bhfás san Eoraip, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil an dul chun cinn á dhéanamh i gcomhréir le cearta bunúsacha agus ar bhonn cuimsitheach atá dírithe ar an duine, gan aon duine a fhágáil ar lár. Tá CESE ag moladh freisin machnamh a dhéanamh ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa maidir leis an gclaochlú digiteach.

    1.4.

    Cé gurb é atá beartaithe gealltanas láidir polaitiúil a bheith ann, ní dhéanfadh an dearbhú aon difear do na cearta dlíthiúla atá ann faoi láthair. Creideann CESE gur as na cearta bunúsacha atá ann cheana a thagann na cearta digiteacha agus go sainítear iad dá réir sa mhéid is gur cuid de luachanna agus prionsabail an Aontais iad, mar a gcómhaireann cearta agus saoirsí difriúla a chuireann teorainn lena chéile freisin.

    1.5.

    Tá forluí idir na prionsabail agus na cearta difriúla a luaitear sa dréachtdearbhú ar an-chuid bealaí agus is deacair bunbhrí an ábhair a thuiscint mar gheall ar an meascán de phrionsabail agus cearta atá ann. Dá bhrí sin, níl aon amhras ach gur gá feasacht a mhúscailt ar a bhfuil i gceist leo ar bhonn praiticiúil. Ní mór déanamh amhlaidh i gcás gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne.

    1.6.

    Tá cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais riachtanach ó thaobh na ndaoine agus na ngnólachtaí araon de. Ba cheart a aithint leis an dearbhú, mar sin, gurb ionann beagnach na dúshláin atá roimh fhormhór na ngnólachtaí, go háirithe na FBManna, agus atá roimh an bpobal i gcoitinne maidir leis an oiriúnú don saol digiteach. Is mian le CESE a chur in iúl freisin an dúshlán a bhaineann le deighilt dhigiteach a sheachaint ó thaobh rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha de i gcás daoine aosta agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe.

    1.7.

    Tá CESE ag cur i bhfáth a thábhachtaí agus atá prionsabail na nascachta, na scileanna agus na slándála, ar prionsabail iad atá bunriachtanach do dhaoine aonair agus gnólachtaí araon, agus don fhorbairt fhoriomlán eacnamaíoch agus shochaíoch. Is léire fós tábhacht na bprionsabal sin i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is géire fós freisin, i bhfianaise an chogaidh chéanna, an gá atá le scileanna agus acmhainní an phobail a fhorbairt maidir le bréagaisnéis a thabhairt faoi deara agus a chomhrac.

    1.8.

    Tá CESE ag leagan béim ar a thábhachtaí agus atá sé dul chun cinn an digitithe a thomhas agus faireachán a dhéanamh air agus molann sé nár cheart cur le líon na n-uirlisí á n-úsáid sa réimse sin. Ní mór cuspóirí an dearbhaithe a thomhas de réir táscairí nithiúla faoi chuimsiú na Conaire i dtreo na Deacáide Digití, agus ba cheart tionchar a bheith ag an tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití ar an Seimeastar Eorpach.

    1.9.

    Is cuid ríthábhachtach d’fhorbairt dhigiteach an Aontais feidhmiú rianúil agus cothroime an mhargaidh inmheánaigh. Creideann CESE, dá bhrí sin, nach mór bunbhrí féin na saoirsí atá sa mhargadh aonair a chosaint ina hiomláine. Tá an tábhacht a bhaineann le saorshreabhadh sonraí agus úinéireacht sonraí ag dul i méid, ós rud é nach mbaineann an méid sin le margadh aonair na sonraí ann féin amháin, ach go bhfuil dlúthnasc aige freisin leis na margaí caipitil, earraí agus seirbhísí. Ba cheart na prionsabail a bhaineann leis an nuálaíocht agus an mhaoin intleachtúil agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh a aithint sa dearbhú freisin.

    1.10.

    Tá an margadh aonair ina thúsphointe don Aontas freisin ó thaobh an úsáid a bhaintear as margaí agus slabhraí soláthair seachtracha a mhéadú agus ó thaobh a bheith ina ghníomhaí domhanda cumhachtach a bhfuil tionchar mór aige ar chúrsaí. Ba cheart, mar sin, an dearbhú a chur chun cinn go gníomhach i gcomhthéacs idirnáisiúnta trí úsáid a bhaint as raon leathan uirlisí, idir chomhaontuithe domhanda arna gcur ar bun ag na comhpháirtithe sóisialta in eagraíochtaí ilnáisiúnta, ghníomhaíochtaí taidhleoireachta, chomhar maidir le nuálaíocht, chomhaontuithe trádála agus infheistíochta agus choinníollacha maoiniúcháin.

    2.   Cúlra

    2.1.

    Chuir an Coimisiún Eorpach an Chonair i dtreo na Deacáide Digití (1) i láthair le linn an Aithisc ar Staid an Aontais is déanaí a tugadh. Is é is aidhm leis an bplean sin digitiú a dhéanamh ar scileanna, bonneagar, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí chun claochlú digiteach na sochaí agus an gheilleagair a bhaint amach faoi 2030.

    2.2.

    Tá obair ar bun ag an gCoimisiún freisin chun bailchríoch a chur ar an togra le haghaidh dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le prionsabail dhigiteacha lena áirithiú go gcuirfear na luachanna agus cearta Eorpacha san áireamh sa spás digiteach. Leis sin, beidh gach duine in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an teicneolaíocht dhigiteach, cuir i gcás an rochtain uilíoch ar an idirlíon, algartaim a thugann aird ar na cearta bunúsacha de thoradh iniúchadh rialta ar na halgartaim arna dhéanamh ag tríú páirtithe neamhspleácha, agus timpeallacht shábháilte iontaofa ar líne.

    2.3.

    Chun a áirithiú go rachaidh an Eoraip go tapa i dtreo chuspóirí na Deacáide Digití, déantar foráil sa chreat rialachais atá beartaithe maidir le córas faireacháin arna bhunú ar an Innéacs neartaithe um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, agus beidh an tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití ina measúnú bliantúil ar an gclaochlú digiteach san Eoraip. Déanfar an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil: (i) sainaithneofar réimsí a bhfuil beart níos mó ag teastáil iontu, (ii) déanfar anailís ar na bearnaí atá ann ó thaobh infheistíochta nó acmhainní eile de agus díreofar aird ar na bearta a theastaíonn chun ceannasacht dhigiteach an Aontais a mhéadú agus (iii) déanfar measúnú ar chur chun feidhme na dtograí agus na mbeart rialála ábhartha arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Deis a bheidh sa tuarascáil freisin féachaint a mhéad agus atáthar ag cloí leis na prionsabail dhigiteacha a leagfar amach sa dearbhú a bheidh ann amach anseo.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Measann CESE gur céim chun tosaigh thábhachtach is ea an Chonair i dtreo na Deacáide Digití ó thaobh tacaíocht don chlaochlú digiteach san Aontas de, ós rud é go dtugtar san áireamh ann gach claonadh a bhfuil borradh faoi agus an gá atá leis an digitiú, ar gá é atá ag dul i méid, rudaí a tugadh chun suntais freisin de bharr na paindéime. Is údar imní i gcónaí na bearnaí nár dúnadh go fóill i gcumais dhigiteacha na hEorpa, agus freisin an gá atá le cur chuige níos aontaithe a ghlacadh agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail dhigiteacha mhórscála chun tairbhe a bhaint as an digitiú.

    3.2.

    Creideann CESE go bhfuil sé riachtanach aird a thabhairt ar scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, gnólachtaí digiteacha agus seirbhísí poiblí digiteacha má táthar chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus an fás eacnamaíoch san Eoraip, rudaí atá riachtanach má táthar chun feabhas a chur ar ioncam, caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an gcuid sin de phobal an Aontais atá ag dul in aois nó a bhfuil cónaí orthu faoin tuath lena chinntiú nach bhfágfar ar an trá fholamh iad agus an claochlú digiteach ar bun.

    3.3.

    Lena chois sin, má éiríonn leis an gclaochlú digiteach, fágfar an Eoraip ar thús cadhnaíochta sna treochtaí domhanda, cuirfear le hiomaíochas na hEorpa agus éascófar leagan síos na gcaighdeán uilíoch. Lena chois sin arís, tá an teicneolaíocht dhigiteach ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí a chabhróidh leis an Aontas cuspóirí inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

    3.4.

    Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach. Is é an chéad chéim a ghlacfar, a luaithe a thiocfaidh i bhfeidhm an Cinneadh lena mbunaítear an Chonair i dtreo na Deacáide Digití, conairí chun tosaigh ar leibhéal an Aontais a shainiú i gcomhpháirt le chéile i gcás gach ceann de na cuspóirí. Leis na conairí sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na spriocanna.

    3.5.

    Aithníonn CESE gur ar na Ballstáit atá an dualgas a gconairí náisiúnta a chur sna treochláir straitéiseacha um dhigitiú, de bhreis ar na beartais nó na hionstraimí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe acu atá i gceist acu a úsáid. Ar ndóigh, níl an dua céanna ag teastáil le gach cuspóir a bhaineann leis an Deacáid Dhigiteach a bhaint amach sna Ballstáit go léir. Go deimhin, tá dul chun cinn suntasach déanta ag cuid de na Ballstáit cheana féin. Lena chois sin, i gcás roinnt cuspóirí ní mór do Bhallstáit áirithe iarracht spriocdhírithe a dhéanamh. Tuigeann CESE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i gcásanna áirithe maidir lena bhféadfadh na Ballstáit éagsúla a dhéanamh ar mhaithe leis na spriocanna arna leagan amach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach, rud is gá a chur san áireamh freisin. I dtaca leis sin, tá CESE ag iarraidh príomhtháscairí feidhmíochta nithiúla a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí amach.

    3.6.

    Tá CESE ag súil go gcuirfear an méid sin san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar an dul chun cinn maidir le Staid na Deacáide Digití. I dtaca leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE an gealltanas go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i ndlúthchomhar le chéile, faoi cheann cúig mhí, chun réimsí a aimsiú nach leor an dul chun cinn arna dhéanamh iontu agus chun bearta a chomhaontú lena n-áiritheofar go mbainfear na spriocanna amach. Arís eile, is ar na Ballstáit a bheidh sé a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta a chur in oiriúint do na moltaí arna ndéanamh sa tuarascáil. Tá sé riachtanach go ngabhfaidh siad orthu féin gníomh ceartaitheach a dhéanamh agus/nó tionscadail a chur i bhfeidhm amhail tionscadail ilnáisiúnta.

    3.7.

    Is díol sásaimh do CESE freisin na huirlisí cinnteoireachta go léir atá beartaithe chun a áirithiú gur leor na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach. Maidir leis na huirlisí sin, lena n-áirítear piarmheasúnú, moltaí ón gCoimisiún, bearta breise ar leibhéal an Aontais, de bhreis ar idirphlé spriocdhírithe, tá cuma na maitheasa orthu ó thaobh éifeachtúlachta de, ag glacadh leis, ar ndóigh, go nglacfar leis na moltaí go léir.

    3.8.

    Maidir leis an tuairisciú, tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le nasc a dhéanamh idir cuspóirí na Deacáide Digití agus an Seimeastar Eorpach. Tá na gnéithe digiteacha ríthábhachtach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus i dtaca le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an gclaochlú digiteach san Aontas, agus tá CESE i bhfách leis an togra gur cheart tionchar a bheith ag an tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití ar an Seimeastar Eorpach. Ba cheart táscairí nithiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an dearbhaithe, ar táscairí iad lena dtomhaistear, cuir i gcás, an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh scileanna digiteacha gairmiúla agus scileanna chun faisnéis bhréagach ar líne a aithint, agus mar atá an bhearna dhigiteach á laghdú agus tacaíocht á tabhairt do dhaoine nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí ar líne. I dtaca leis sin, ba cheart gnéithe a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh freisin.

    3.9.

    Tá CESE ag cur in iúl an athuair an seasamh fabhrach a ghlac sé i dtuairim ghaolmhar maidir le tionscadail ilnáisiúnta ar tionscadail mhórscála iad a thacaíonn le cuspóirí chlaochlú digiteach an Aontais. Is ábhartha an cur chuige é infheistíochtaí comhordaithe a dhíriú sa treo sin arb infheistíochtaí iad a bhaineann le trí Bhallstát ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, geallsealbhóirí poiblí eile nó geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta (2).

    3.10.

    Tacaíonn na tionscadail sin le táirgiúlacht agus athléimneacht gheilleagar na hEorpa agus, dá bhrí sin, ní mór treoirlínte soiléire a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir cistí a chur ar fáil do thionscadail ilnáisiúnta. Ar na foinsí cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, tá meascán de chistiúchán ón Aontas agus ó na Ballstáit. Ar an taobh Eorpach de, is ann don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Clár InvestEU, an Clár Fís Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Mar sin féin, moltar go láidir go rannchuideodh na Ballstáit le tionscadail ilnáisiúnta ar tionscadail iad a mheasann CESE a bheith riachtanach ó thaobh claochlú digiteach Eorpach a dhéanamh go héifeachtach comhordaithe.

    3.11.

    Creideann CESE gur cheart measúnú rialta a dhéanamh ar inmharthanacht tionscadal ilnáisiúnta agus is díol sásaimh dó an togra go gcuirfidh an Coimisiún comhairle ar fáil agus go gcuirfidh sé treoir ábhartha ar fáil, i gcás inarb iomchuí, chun tacú le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta.

    4.   Barúlacha sonracha

    4.1.

    Leis na tograí ón gCoimisiún, tugtar bunús agus údar do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dearbhú comhpháirteach a tharraingt suas agus a shíniú. Tá CESE den bharúil gur áis tagartha úsáideach a bheadh ina leithéid de dhearbhú, ceann lena dtabharfaí le chéile i ndoiciméad aonair prionsabail éagsúla a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, agus an Compás Digiteach agus an Chonair i dtreo na Deacáide Digití á gcur chun feidhme. Sa chás ab fhearr, chuirfeadh an dearbhú sin le muinín an phobail agus na ngnólachtaí. Chuige sin, ní mór an téacs agus an chumarsáid a ghabhann leis a bheith soiléir sothuigthe.

    4.2.

    Cé gur dhoiciméad polaitiúil a bheadh ann, rud nach mbeadh ceangailteach ó thaobh dlí de ann féin, bheadh a leithéid de dhoiciméad ina áis tagartha théagartha a chuirfeadh treoir ar fáil le haghaidh bearta beartais amach anseo. Mar a luaitear sa teachtaireacht, ní bheadh tionchar ag an dearbhú ar na cearta dlíthiúla atá ann i láthair na huaire. Dá bhrí sin, agus aon bheart eile arna bhunú ar an dearbhú sin á dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na hionstraimí dlí agus ionstraimí eile atá ann cheana.

    4.3.

    Tá sé tábhachtach freisin go neartófaí raon leathan ionstraimí agus beart a chabhródh le cur chun feidhme an dearbhaithe. Mar shampla, tá sé fíor-riachtanach feasacht a mhúscailt faoi bhrí phraiticiúil na bprionsabal agus tuiscint orthu a chur chun cinn. Ní mór déanamh amhlaidh i gcás gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne.

    4.4.

    Tá sé réasúnta úsáid a bhaint as na sásraí atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfear na prionsabail i bhfeidhm agus ar an gcaoi a bhfuil siad á gcur i bhfeidhm cheana féin. Chuige sin, is é sásra rialachais na Conaire i dtreo na Deacáide Digití a moladh, agus na cuspóirí foriomlána a ghabhann leis, is mó is ábhartha. Lena chois sin, tá sé úsáideach faireachán a dhéanamh ar athruithe ar dhearcadh an phobail trí bhíthin shuirbhéanna Eorabharaiméadair.

    4.5.

    I roinnt tuairimí roimhe seo, chuir CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé an claochlú digiteach a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach inbhuanaithe a dhíríonn ar an duine, agus bheadh an dearbhú ina áis tagartha riachtanach chuige sin. Cuireadh cuspóirí comhfhreagracha san áireamh freisin sa Chonair i dtreo na Deacáide Digití, agus bhí CESE den tuairim gur cuireadh creat cáilíochtúil ar fáil leo le haghaidh na spriocanna cainníochtúla arna leagan amach sa doiciméad sin agus sa Chompás Digiteach (3).

    4.6.

    Maidir leis na prionsabail agus na cearta éagsúla a ndéantar cur síos orthu sa dréachtdearbhú, tá cuid mhaith forluí eatarthu agus gnéithe éagsúla ag baint le gach ceann acu, gnéithe a bhfuil an-chuid mionsonraí ag baint le cuid acu. Tá sé deacair, dá bhrí sin, bunbhrí an ábhair a aithint. Is doiléire fós an t-ábhar de dheasca an mheascáin de phrionsabail agus cearta atá ann. Ba shoiléire agus b’éasca a thuiscint an tsraith thosaigh prionsabal uimhriúil a sheol an Coimisiún le haghaidh comhairliúcháin agus, dá bhrí sin, b’fhearr an cur chuige sin a úsáid, agus leas á bhaint as ábhar tairbheach an chomhairliúcháin.

    4.7.

    Creideann CESE gur as na cearta bunúsacha atá ann cheana a thagann na cearta digiteacha agus go sainítear iad dá réir. Is cuid de luachanna agus prionsabail an Aontais iad, ar cuid iad féin d’iomlán il-leibhéal iltoiseach, mar a gcómhaireann cearta agus saoirsí difriúla agus mar a socraítear teorainneacha de réir luachanna agus mar a n-áirithítear cothromaíocht chóir dá thoradh. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás phrionsabail na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus an chirt chun neamh-idirdhealú i gcomhthéacs na fuathchainte, ar feiniméan é atá ag dul i méid sa saol ar líne.

    4.8.

    Creideann CESE gur cheart na prionsabail dhigiteacha a bheith ag teacht le gach a bhfuil i gceist leis an bhforbairt inbhuanaithe. Mar sin féin, is cosúil gur tagairt don inbhuanaitheach chomhsaoil, thar aon rud eile, atá i bprionsabal na hinbhuanaitheachta mar a luaitear é sa dréachtdearbhú, agus go ndírítear na cúig phrionsabal eile, den chuid is mó, ar an inbhuanaitheacht shóisialta. Creideann CESE gur cheart an inbhuanaitheacht a chur san áireamh i bhforbairt agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ar dhá bhealach: drochthionchar na dteicneolaíochtaí a íoslaghdú agus a ndea-thionchar ar an ngeilleagar agus an tsochaí a uasmhéadú. Dá bhrí sin, is éard a bheidh ann má éiríonn leis an gclaochlú digiteach ná meascán de thairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a eascróidh ón méid a dhéanfar ar son an iomaíochais, an rathúnais, na fostaíochta agus na dea-bhaile agus ar son an aistrithe chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach.

    4.9.

    Tá cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais riachtanach ó thaobh na ndaoine agus na ngnólachtaí de araon. Tá an chuid is mó de na gnéithe atá sa tionscadal ábhartha ní hamháin don phobal i gcoitinne ach don lucht fiontair, lena n-áirítear fiontair shóisialta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin. Ba cheart a aithint leis an dearbhú, mar sin, gurb ionann beagnach na dúshláin atá roimh an bhformhór mór acu, go háirithe na FBManna, agus atá roimh an bpobal i gcoitinne maidir leis an oiriúnú don saol digiteach.

    4.10.

    Creideann CESE gur cheart díriú níos mó ar a oiread tairbhe is féidir a bhaint as tairbhí an chlaochlaithe dhigitigh, an rathúnas eacnamaíoch ina measc. Chuige sin, is léir a thábhachtaí agus atá na prionsabail a bhaineann leis an nascacht, scileanna agus an tslándáil, ar prionsabail iad atá riachtanach ó thaobh na forbartha socheacnamaíche de. De bhreis ar an méid a mholtar sa dréachtdearbhú, ó thaobh an tsaoil dhigitigh de, tá an-tábhacht ag baint le prionsabail na nuálaíochta agus na maoine intleachtúla agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus ba cheart iad sin a aithint sa dearbhú.

    4.11.

    I bhfianaise chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, is léir a thábhachtaí agus atá dea-fheidhmiú na nasc digiteach agus na cibearshlándála ar gach leibhéal agus i ngach earnáil den tsochaí, de bhreis ar dhea-fheidhmiú na nasc idirnáisiúnta. Is léir freisin dá bharr an gá atá le scileanna agus acmhainní an phobail a fhorbairt maidir le bréagaisnéis a thabhairt faoi deara agus a chomhrac.

    4.12.

    Chuir CESE i bhfáth cheana féin a thábhachtaí agus atá an cheannasacht dhigiteach mar cheann de na príomhcholúin i gcás fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na hEorpa agus chuir sé i bhfáth freisin nach mór an cheannasacht chéanna a bhunú ar iomaíochas domhanda agus ar chomhar láidir idir na Ballstáit. Réamhchoinníoll atá sa mhéid sin, má tá an tAontas le bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear ó thaobh iontaofacht na dteicneolaíochtaí digiteacha de. Maidir le sonraí mhuintir na hEorpa a óstáil, tá béim ar leith á leagan ag CESE ar an ngá atá le tionscadal néalteicneolaíochta Eorpach GAIA-X a chur i gcrích, rud a chothódh muinín mhuintir na hEorpa agus a chuirfeadh sreabhadh na sonraí chun cinn dá thoradh (4).

    4.13.

    Is cuid ríthábhachtach d’fhorbairt dhigiteach an Aontais feidhmiú rianúil agus cothroime an mhargaidh inmheánaigh. Creideann CESE, dá bhrí sin, nach mór bunbhrí féin na saoirsí atá sa mhargadh aonair a chosaint ina hiomláine. Tá an tábhacht a bhaineann le saorshreabhadh sonraí agus úinéireacht sonraí ag dul i méid, ós rud é nach mbaineann an méid sin le margadh aonair na sonraí ann féin amháin, ach go bhfuil dlúthnasc aige freisin leis na margaí caipitil, earraí agus seirbhísí.

    4.14.

    Tá an margadh aonair ina thúsphointe don Aontas freisin ó thaobh an úsáid a bhaintear as margaí agus slabhraí soláthair seachtracha a mhéadú agus ó thaobh a bheith ina ghníomhaí domhanda cumhachtach a bhfuil tionchar mór aige ar chúrsaí. Dá bhrí sin, ba cheart an dearbhú a chur chun cinn go gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cé nach féidir luachanna a “onnmhairiú”, is féidir go mbeidh an tAontas in ann tionchar a imirt ar bhonn domhanda ach leas a bhaint as réimse leathan uirlisí, idir chomhaontuithe domhanda arna gcur ar bun ag comhpháirtithe sóisialta in eagraíochtaí ilnáisiúnta, ghníomhaíochtaí taidhleoireachta, chomhar maidir le nuálaíocht, chomhaontuithe trádála agus infheistíochta agus choinníollacha maoiniúcháin. Baineann an méid sin go léir leis an gcaidreamh déthaobhach agus iltaobhach araon.

    An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  COM(2021) 574 final.

    (2)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).

    (3)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).

    (4)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).


    Top