Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0462

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/462 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2024/634

IO L, 2024/462, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/462/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/462/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/462

12.2.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/462 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2024

maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh C-461/18 P agus bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Ina breithiúnas an 1 Meitheamh 2017 i gcás T-442/12 Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd v an Chomhairle, chuir Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Ghinearálta’) ar neamhní Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle (2)lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid atá feidhm aige maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd. (‘Changmao’) (‘an Rialachán atá i gceist’).

(2)

An 7 Meán Fómhair 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) Fógra (3) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘Fógra 2017’) lenar athosclaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar dá bharr a glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012, a mhéid a bhaineann sé le Changmao maidir le breithiúnas an 1 Meitheamh 2017 i gcás T-442/12 (4) (‘breithiúnas Changmao’).

(3)

Leis an bhFógra sin, athosclaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar dá bharr a glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 (‘imscrúdú an athbhreithnithe’), a mhéid a bhain sé le Changmao.

(4)

Sna breithiúnais uaithi an 3 Bealtaine 2018, i gcás T-431/12, Distillerie Bonollo SpA agus Eile v Comhairle an Aontais Eorpaigh (5) agus an 3 Nollaig 2020, i gcás C-461/18 P Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd v Distillerie Bonollo SpA agus Eile (6) (‘breithiúnais Bonollo), cuireadh an Rialachán atá i gceist ar neamhní i leith Changmao agus Ninghai Organic Chemical Factory araon.

(5)

Mar thoradh ar an Rialachán atá i gceist, tháinig méadú ar na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin (Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd, ó 10,1 % go 13,1 %, agus Ninghai Organic Chemical Factory, ó 4,7 % go 8,3 %), tar éis athbhreithniú eatramhach arna iarraidh ag roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais.

(6)

Go sonrach, chinn an Chúirt Ghinearálta gur ríomh an Chomhairle, in imscrúdú an athbhreithnithe, gnáthluach an aigéid tartaraigh bunaithe ar chostais táirgthe san Airgintín, ach le linn an imscrúdaithe tosaigh, ríomh an Chomhairle an gnáthluach bunaithe ar phraghsanna díola intíre na hAirgintíne.

(7)

Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid gur athrú sa mhodheolaíocht a bhí ann sin de réir bhrí Airteagal 11(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7).

(8)

Chuir an Chúirt Ghinearálta an Rialachán atá i gceist ar neamhní ina iomláine ach, tar éis iarraidh a fháil ó tháirgeoirí an Aontais, choinnigh sí an dleacht frithdhumpála níos airde a forchuireadh ar tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin (Ninghai Organic Chemical Factory).

(9)

An 16 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Fógra (8) eile in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘Fógra 2021’) maidir le breithiúnas an 3 Nollaig 2020 i gcás C-461/18 P.

(10)

Le Fógra 2021 leathnaíodh raon feidhme Fhógra 2017 chun torthaí bhreithiúnais Bonollo a chur chun feidhme.

1.1.   Páirtithe leasmhara

(11)

I bhFógraí 2017 agus 2021, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach sna himeachtaí athoscailte. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí an Aontais, agus Rialtas na Síne ar an eolas go sonrach faoi athoscailt an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus iarraidh ar éisteacht leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.2.   Freagra ar Fhógra 2017

(13)

Fuair an Coimisiún freagra amháin ar Fhógra 2017 ó Changmao, inar leagadh amach a thuairim maidir leis an nós imeachta athoscailte agus maidir leis an nochtadh is gá chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh. Mar sin féin, ní dhearnadh aon ghníomhaíocht bhreise i ndáil le Fógra 2017 fad a bhí an Coimisiún ag fanacht le breithiúnais Bonollo.

1.3.   Freagra ar Fhógra 2021 agus ar Nóta don chomhad

(14)

An lá a foilsíodh an Fógra Tionscnaimh, chuir an Coimisiún Nóta maidir leis an athoscailt freisin ar an gcomhad oscailte agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar an modheolaíocht is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar comparáid chothrom idir praghas onnmhairiúcháin aigéid tartaraigh raicéimigh ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus praghsanna intíre aigéad tartarach L+ san Airgintín.

(15)

Fuair an Coimisiún freagra ó thionscal an Aontais. Níor cuireadh modheolaíocht iomchuí ar fáil leis an bhfreagra sin, áfach, chun comparáid chothrom a áirithiú idir an dá chineál táirge mar mhol sé gur cheart don Choimisiún aigéad tartarach raicéimeach a eisiamh ó raon feidhme an táirge.

2.   CUR CHUN FEIDHME

(16)

Le breithiúnas Changmao, cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ar neamhní a mhéid a bhain le Changmao toisc nár urramaigh an Coimisiún a gcearta cosanta, is é sin, nochtadh faisnéise áirithe i gcomhthéacs ríomh an ghnáthluacha.

(17)

Mar sin féin, tháinig na hoibleagáidí cur chun feidhme a tháinig ó bhreithiúnais Bonollo, lenar ceanglaíodh an gnáthluach a athríomh, in ionad na hoibleagáide cur chun feidhme a eascraíonn as breithiúnas Changmao.

(18)

Chun breithiúnais Bonollo a chomhlíonadh agus i bhfianaise an bhreithiúnais i gcás T-650/17 — Jinan Meide Casting Co. Ltd v an Coimisiún (9), bhí gá le coigeartú chun comparáid chothrom a áirithiú idir praghas onnmhairiúcháin aigéid tartaraigh raicéimigh ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus praghsanna intíre aigéad tartarach L+ san Airgintín.

(19)

Úsáideadh an Airgintín mar thír analógach agus mar fhoinse an ghnáthluacha san imscrúdú ar dá bharr a glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 626/2012 (‘imscrúdú an athbhreithnithe’).

(20)

Le linn na tréimhse imscrúdúcháin tosaigh, d’onnmhairigh na táirgeoirí de chuid na Síne dhá chineál táirge chuig an Aontas Eorpach, is iad sin aigéad tartarach L+ agus aigéad tartarach raicéimeach.

(21)

Mar sin féin, ní dhearna an táirgeoir sa tír analógach ach aigéad tartarach L+ a mhonarú agus a dhíol agus níor tháirg sé aigéad tartarach raicéimeach.

(22)

Ríomhadh na praghsanna onnmhairiúcháin ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne in imscrúdú an athbhreithnithe agus suíodh freisin in imscrúdú an athbhreithnithe an gnáthluach ó tháirgeoir sa tír analógach, is í sin an Airgintín, bunaithe ar phraghsanna díola intíre aigéad tartarach L+.

(23)

Mar sin féin, an coigeartú faoi Airteagal 2(10)(a) a úsáideadh in imscrúdú an athbhreithnithe chun praghsanna onnmhairiúcháin na Síne a chur i gcomparáid le praghsanna díola intíre na hAirgintíne, bhí sé bunaithe ar phraghsanna ar dócha go ndéanfaidh dumpáil difear dóibh agus ar de thionscnamh tíre ag a bhfuil geilleagar neamh-mhargaidh iad.

(24)

I gcomhréir le breithiúnas Jinan Meide, ní féidir leis na praghsanna sin a bheith mar bhunús le meastachán réasúnta a dhéanamh ar luach margaidh na ndifríochtaí i dtréithe fisiciúla toisc nach bhféadfaidh na praghsanna sin a bheith mar thoradh ar ghnáthfhórsaí an mhargaidh.

(25)

Dá bhrí sin, bhí meastachán dlíthiúil agus réasúnta ar luach margaidh na difríochta praghais idir an dá chineál táirge faoi Airteagal 2(10)(a) den bhun Rialachán ag teastáil ón gCoimisiún chun corrlach dumpála a ríomh don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus chun corrlach dumpála iarmharach a ríomh.

(26)

In éagmais aon bharúil ó pháirtithe leasmhara, bhreithnigh an Coimisiún roinnt roghanna chun meastachán réasúnta a dhéanamh ar luach margaidh na difríochta praghais idir an dá chineál táirge aigéid tartaraigh, ós rud é go mbeadh úsáid na sonraí maidir le difríocht praghsanna atá ar fáil ar comhad, atá bunaithe ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne, contrártha do cheanglais bhreithiúnas Jinan Meide.

(27)

Shainaithin an Coimisiún monaróir aigéid tartaraigh raicéimigh san India ach níor aimsigh sé aon fhianaise ar tháirgeadh aigéad tartarach L+.

(28)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil freisin le Toscaireacht an Aontais Eorpaigh i nDeilí Nua a bhí in ann praghsanna fógartha aigéid raicéimigh agus L+ a dhíoltar ar mhargadh intíre na hIndia a shainaithint.

(29)

Mar sin féin, léiríonn sonraí allmhairiúcháin gur de thionscnamh na Síne an t-aigéad tartarach L+ ar fad a dhíoltar ar mhargadh intíre na hIndia, beagnach, agus dá bhrí sin ní bheadh na sonraí sin mar bhonn le meastachán réasúnta ar luach margaidh na difríochta idir an dá chineál táirge.

(30)

Ní raibh an Coimisiún in ann tír eile a aimsiú ina ndearnadh aigéad tartarach L+ agus aigéad tartarach raicéimeach araon a mhonarú agus a dhíol agus ní bhfuair sé aon mholadh ó aon pháirtí leasmhar ina bhféadfaí na sonraí sin a fháil.

(31)

Mheas an Coimisiún freisin sonraí ó imscrúduithe ar aigéad tartarach a rinneadh roimhe seo nuair a deonaíodh Cóir Gheilleagair Mhargaidh (‘MET’) do na táirgeoirí onnmhairiúcháin ach ní fhéadfadh sé aon phatrún a aimsiú sna sonraí lena gceadófaí meastachán réasúnta a dhéanamh ar an luach margaidh ar mhargadh intíre na Síne chun críoch an choigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(a).

(32)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir na hearráidí a sainaithníodh maidir le ríomh an ghnáthluacha a leigheas, in éagmais sonraí réasúnta chun críoch an choigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(a) den bhun-Rialachán.

(33)

Ciallaíonn sé sin gur mar a leanas a tháinig forbairt ar na dleachtanna is infheidhme:

Dáta ó

Hangzhou Bioking

Changmao Biochemical

Ninghai Organic

Gach cuideachta eile

An 31 Iúil 2005

2,4  %

13,8  %

6,6  %

34,9  %

An 28 Eanáir 2006

-

10,1  %

4,7  %

34,9  %

An 25 Aibreán 2012

-

10,1  %

4,7  %

34,9  %

An 14 Iúil 2012

-

13,1  % (10)

8,3  %

34,9  %

An 7 Meán Fómhair 2017

-

10,1  %

8,3  %

34,9  %

An 30 Meitheamh 2018

-

10,1  %

8,3  %

34,9  %

An 1 Iúil 2023

-

-

-

-

3.   DUL IN ÉAG NA mBEART ATÁ I bhFEIDHM

(34)

An 29 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (11).

(35)

Ós rud é nach bhfuarthas aon iarraidh ar athbhreithniú éaga, chuaigh na bearta maidir le hallmhairí aigéid tartaraigh ón tSín in éag an 30 Meitheamh 2023 (12).

(36)

Ós rud é nach bhfuil aon bheart i bhfeidhm ar a bhféadfaí breithiúnais na Cúirte a chur chun feidhme, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an imscrúdú athoscailte.

4.   NOCHTADH

(37)

An 16 Samhain 2023, nocht an Coimisiún a thorthaí do pháirtithe leasmhara agus d’iarr sé orthu bharúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

(38)

Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Foirceanntar athoscailt an imscrúdaithe frithdhumpála maidir le hallmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar dá bharr a glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 182, 13.7.2012, lch. 1.

(3)   IO C 296, 7.9.2017, lch. 16.

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 1 Meitheamh 2017, Changmao Biochemical Engineering v an Chomhairle, Cás T-442/12, ECLI:EU:T:2017:372.

(5)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 3 Bealtaine 2018, Distillerie Bonollo SpA and Others v Comhairle an Aontais Eorpaigh, cás T-431/12, ECLI:EU:T:2018:251.

(6)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Nollaig 2020, Changmao Biochemical Engineering Co. Ltd v Distillerie Bonollo SpA agus Eile, cás C-461/18 P, ECLI:EU:C:2020:979.

(7)  An bun-Rialachán frithdhumpála a bhí i bhfeidhm le linn an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)   IO C 507, 16.12.2021, lch. 13.

(9)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 20 Meán Fómhair 2019, Jinan Meide Casting Co., Ltd. v an Coimisiún Eorpach, Cás T-650/17, ECLI:EU:T:2019:644

(10)   IO C 296, 7.9.2017, lch. 16. Fógra maidir le breithiúnas an 1 Meitheamh 2017 i gcás T-442/12 i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 626/2012 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid tartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Rinneadh foráil san Fhógra seo d’údaráis chustaim an difríocht idir an 13,1 % a forchuireadh in 2012 agus an 10,1 % a d’athfhorchuir an Chúirt a aisíoc. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52017XC0907(02)

(11)   IO C 372, 29.9.2022, lch. 3.

(12)   IO C 226, 28.6.2023, lch. 9.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/462/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top