Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1770

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012

    C/2023/5205

    IO L 228, 15.9.2023, p. 39–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1770/oj

    15.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 228/39


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1770 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Meán Fómhair 2023

    lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 44(1), pointe (a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 140(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tá na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le hoiriúnú d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139, tráth nach déanaí ná an 12 Meán Fómhair 2023.

    (2)

    Nósanna imeachta oibríochta um úsáid an aerspáis agus an trealaimh aerárthaí is gá, ba cheart iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach laistigh den Aerspás Eorpach Aonair i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, chun an idir-inoibritheacht agus oibríochtaí sábháilte a bhaint amach. Ba cheart na ceanglais sin a fhorchur dá bhrí sin ar oibreoirí aerárthaí nuair a eitlíonn siad isteach san Aerspás Eorpach Aonair, laistigh de nó amach as.

    (3)

    Chun leanúnachas oibríochtaí na n-aerárthaí lena mbaineann a áirithiú, arb aerárthaí iad atá feistithe le cumais Chumarsáide, Loingseoireachta, agus Faireachais le haghaidh úsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair, ba cheart an Rialachán seo a bhunú ar na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus na hoiriúnuithe is gá déanta orthu.

    (4)

    Go háirithe, tugann Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún (3), Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 (4), (AE) Uimh. 1207/2011 (5) agus (AE) Uimh. 1079/2012 (6) aghaidh ar fhorálacha mionsonraithe maidir leis na rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an aerspáis agus le trealamh aerárthaí. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 a aisghairm dá bhrí sin.

    (5)

    Aon uair is féidir, ba cheart na ceanglais atá ann cheana agus a eascraíonn as na Rialacháin sin a mhacasamhlú sa Rialachán seo chun ionchais dhlisteanacha oibreoirí aerárthaí agus soláthraithe BAT/SAL, dá ndéantar difear leis na ceanglais sin, a urramú.

    (6)

    Is iomchuí go leanfaidh na ceanglais sin d’fheidhm a bheith acu maidir le hoibreoirí aerárthaí a oibríonn mar gnáth-aerthrácht san Aerspás Eorpach Aonair, le linn na gcéimeanna eitilte uile agus i limistéar gluaiseachta aeradróim, cé is moite d’aerárthach dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1139. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as a áirithiú go dtabharfaidh oibríochtaí na n-aerárthaí sin aird chuí ar shábháilteacht loingseoireachta na n-aerárthaí eile uile. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, mar sin féin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na haerárthaí sin.

    (7)

    I gcomhréir le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 29/2009, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir leis na heisceachtaí céanna ar cheanglais maidir le nasc sonraí mar a dheonaítear faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún (7).

    (8)

    Rinneadh foráil le hAirteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 maidir le díolúintí ón oibleagáid aerárthach a oibriú i gcás ina mbeidh gá le raidió agus cumas spásála cainéal 8,33 kHz ag a threalamh raidió. Níor cheart athrú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana leis an Rialachán seo.

    (9)

    Ábhar an Mháistirphlean BAT agus na cumais chumarsáide, loingseoireachta agus faireachais atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad agus na ceanglais sa Rialachán seo á bhforbairt.

    (10)

    Le Tuairim 01/2023 dá cuid, d’ullmhaigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa dréacht-rialacha cur chun feidhme agus chuir faoi bhráid an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (11)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127) de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha oibriúcháin síos a bhaineann le húsáid an aerspáis agus ceanglais maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear maidir leis an oibriú sábháilte aonfhoirmeach laistigh den aerspás Eorpach aonair.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (b) (i) agus (ii) agus Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 a ghabhann don ghnáth-aerthrácht agus a oibríonn isteach san Aerspás Eorpach Aonair, laistigh de nó amach as.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críche an Rialacháin Cur Chun Feidhme seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘aonad rialaithe aerthráchta’ (aonad ATC) téarma cineálach a chiallaíonn i gcomhthéacsanna éagsúla, ionad rialaithe limistéir, aonad um rialú ascnaimh, nó túr rialaithe aeradróim;

    (2)

    ciallaíonn ‘seirbhís nasctha sonraí’ tacar d’idirbhearta bainistíochta aerthráchta gaolmhara, a dtacaíonn cumarsáid an nasctha sonraí idir aer agus talamh leo, ag a bhfuil sprioc oibriúcháin a shainítear go soiléir agus a gcuirtear tús agus deireadh leo le teagmhas oibríochtúil;

    (3)

    ciallaíonn ‘oibríocht iompróra seach-churtha’ cás nach féidir le tarchuradóir aonair ar an talamh an cumhdach oibriúcháin ainmnithe a áirithiú, agus cás ina ndéanfar na comharthaí ó dhá tharchuradóir nó níos mó ar an talamh a sheach-chur ó lármhinicíocht an chainéil ainmniúil chun fadhbanna trasnaíochta a íoslaghdú.

    Airteagal 3

    Trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin

    Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí go mbeidh a n-aerárthaí feistithe agus á n-oibriú i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Cuid-COM) agus Iarcríbhinn II (Cuid-SUR).

    Airteagal 4

    Modhanna comhlíontachta

    1.   Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíontachta (‘AMC’) a fhéadfar a úsáid chun comhlíontacht a shuí leis an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

    2.   Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

    3.   Bunóidh údaráis inniúla córas chun meastóireacht a dhéanamh go comhsheasmhach ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an modh malartach comhlíontachta arna úsáid acu féin nó ag eagraíochtaí faoina maoirseacht Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin.

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le haon mhodh malartach comhlíontachta a úsáideann daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoina maoirseacht nó a úsáideann na húdaráis iad féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

    Airteagal 5

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 an 16 Eanáir 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 13, 17.1.2009, lch. 3).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sainaithint aerárthaí chun faireachas a dhéanamh le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 305, 23.11.2011, lch. 23).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 305, 23.11.2011, lch. 35).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 320, 17.11.2012, lch. 14).

    (7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (IO L 312, 3.12.2019, lch. 95).


    IARSCRÍBHINN I

    Cumarsáid

    (Cuid-COM)

    AUR.COM.1001   Ábhar

    Leagtar ceanglais síos leis an gCuid seo maidir le trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin i dtaca le húsáid an aerspáis lena gcumhdaítear na ceanglais is infheidhme maidir le seirbhísí nasctha sonraí agus spásáil cainéal gutha.

    TEIDEAL 1 —   SEIRBHÍSÍ NASCTHA SONRAÍ

    AUR.COM.2001   Raon feidhme

    Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht i gcomhréir le rialacha um eitilt de réir uirlisí os cionn FL 285 laistigh den Aerspás Eorpach Aonair, cé is moite den aerspás sin nach cuid é de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus Réigiún Faisnéis Eitilte Uasta na Fionlainne (UIR) ó thuaidh ó 61°30′, agus UIR na Sualainne ó thuaidh ó 61°30′.

    AUR.COM.2005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

    1.

    Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí an méid seo a leanas:

    (a)

    áiritheoidh go mbeidh sé de chumas ag aon aerárthach dá n-oibríonn sé na seirbhísí nasctha sonraí seo a leanas a oibriú:

    (i)

    Cumas Tionscanta Cumarsáide Nasctha Sonraí;

    (ii)

    Bainistíocht Chumarsáid an Rialaithe Aerthráchta (ATC);

    (iii)

    Ceadanna agus Faisnéis Rialaithe Aerthráchta;

    (iv)

    Seiceáil Micreafóin don Rialú Aerthráchta.

    (b)

    déanfaidh socruithe iomchuí chun a áirithiú gur féidir malartú sonraí a bhunú idir na haerárthaí dá chuid, ag a bhfuil cumas nasctha sonraí, agus na haonaid ATC uile a fhéadfaidh na heitiltí a oibríonn sé a rialú, agus aird chuí á tabhairt ar teorainneacha féideartha ar an gcumhdach atá ina gcuid dhílis den teicneolaíocht cumarsáide a úsáidtear.

    2.

    Ní bheidh feidhm ag pointe 1 maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh 1 Eanáir 1995 den chéad uair;

    (b)

    aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh 1 Eanáir 2018 den chéad uair agus a feistíodh roimh an dáta sin le trealamh nasctha sonraí lena n-áirithítear idir-inoibritheacht na bhfeidhmchlár ATS thar an ngréasán idir aer agus talamh de Chóras Seolacháin agus Tuairiscithe Cumarsáide Aerárthaí (ACARS), a úsáidtear go príomha in áiteanna mar nach praiticiúil é an radar faireachais;

    (c)

    aerárthaí inarb é 19 bpaisinéir nó níos lú a n-uasacmhainneacht suíochán dheimhnithe, agus ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe de 45 359 kg (100 000 lb) nó níos lú, agus ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh an 5 Feabhra 2020 den chéad uair;

    (d)

    aerárthaí atá ag eitilt chun críoch tástála, seachadta nó cothabhála nó ina bhfuil comhdhamhnaí nasctha sonraí atá as feidhm go sealadach faoi na dálaí a shonraítear san íosliosta trealaimh is infheidhme;

    (e)

    teaglama cineálacha agus múnlaí aerárthaí a liostaítear i bhFoscríbhinn I;

    (f)

    teaglama cineálacha agus múnlaí aerárthaí a liostaítear i bhFoscríbhinn II ar eisíodh an chéad deimhniú aeracmhainneachta aonair dóibh roimh an 5 Feabhra 2020.

    AUR.COM.2010   Nósanna imeachta oibríochta agus oiliúint DLS

    Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go mbeidh a nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir leis an Teideal seo agus go léireofar ina lámhleabhair oibríochta iad; agus

    (b)

    go gcuirfear an pearsanra a oibríonn an trealamh nasctha sonraí ar an eolas go cuí faoin Teideal seo agus go gcuirfear oiliúint oiriúnach orthu le haghaidh a bhfeidhmeanna poist.

    TEIDEAL 2 —   SPÁSÁIL CAINÉAL GUTHA

    AUR.COM.3001   Raon feidhme

    Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht laistigh den Aerspás Eorpach Aonair atá ina chuid de réigiún EUR ICAO, agus mar a soláthraítear seirbhísí cumarsáide raidió idir aer agus talamh agus idir seirbhísí cumarsáide raidió ar an talamh i mbanda minicíochta 117,975–137 MHz. Eisiatar Réigiúin Faisnéis Eitilte (FIR)/UIR na nOileán Canárach ón raon feidhme cur i bhfeidhm.

    AUR.COM.3005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

    (1)

    Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí go n-áireofar cumas spásála cainéal 8,33 kHz leis an trealamh cumarsáide gutha uile a chuirfear i mbun seirbhíse tar éis an 17 Samhain 2013 agus go mbeifear in ann an trealamh uile a thiúnáil chun cainéil spásáilte 25 kHz a fháil.

    (2)

    Na díolúintí ón oibleagáid aerárthach a oibriú i gcás ina mbeidh gá le raidió agus cumas spásála cainéal 8,33 kHz ag a threalamh raidió le haghaidh cásanna ag a bhfuil tionchar teoranta ar an ngréasán a dheonaigh na Ballstáit de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 a cuireadh in iúl don Choimisiún, beidh siad bailí fós.


    Foscríbhinn I

    Díolúintí dá dtagraítear i bpointe (e) de AUR.COM.2005 (2)

    Cineál/sraith/múnla aerárthaigh

    Monaróir

    Sainitheoir cineáil ICAO

    AN-12 iad uile

    Antonov

    AN12

    AN-124 100

    Antonov

    A124

    IL-76 iad uile

    Ilyushin

    IL76

    A300 iad uile

    Airbus

    A30B

    A306

    A3ST

    A310 iad uile

    Airbus

    A310

    A-319/-320/-321 ar eisíodh a chéad Deimhniú Aeracmhainneachta idir 1 Eanáir 1995 agus 5 Iúil 1999 agus na dátaí sin san áireamh

    Airbus

    A319

    A320

    A321

    A340 iad uile

    Airbus

    A342

    A343

    A345

    A346

    A318-112

    Airbus

    A318

    AVROLINER (RJ-100)

    AVRO

    RJ1H

    AVROLINER (RJ-85)

    AVRO

    RJ85

    BA146-301

    British Aerospace

    B463

    B717-200

    Boeing

    B712

    B737-300

    Boeing

    B733

    B737-400

    Boeing

    B734

    B737-500

    Boeing

    B735

    B747-400

    Boeing

    B744

    B757-200

    Boeing

    B752

    B757-300

    Boeing

    B753

    B767-200

    Boeing

    B762

    B767-300

    Boeing

    B763

    B767-400

    Boeing

    B764

    MD-82

    Boeing

    MD82

    MD-83

    Boeing

    MD83

    MD-11 iad uile

    Boeing

    MD11

    CL-600-2B19 (CRJ100/200/440)

    Bombardier

    CRJ1/CRJ2

    Dornier 328-100

    Dornier

    D328

    Dornier 328-300

    Dornier

    J328

    Fokker 70

    Fokker

    F70

    Fokker 100

    Fokker

    F100

    Sraith King Air (90/100/200/300)

    Beechcraft

    BE9L

    BE20

    B350

    Hercules L-382-G-44K-30

    Lockheed

    C130

    SAAB 2000/SAAB SF2000

    SAAB

    SB20


    Foscríbhinn II

    Díolúintí dá dtagraítear i bpointe (f) de AUR.COM.2005 (2)

    Cineál/sraith/múnla aerárthaigh

    Monaróir

    Sainitheoir cineáil ICAO

    Sraith A330 200/300

    Airbus

    A332/A333

    Global Express/5000

    BD-700-1A10/1A11

    Bombardier

    GLEX/GL5T

    CL-600-2C10 (CRJ-700)

    Bombardier

    CRJ7

    C525C, CJ4

    Cessna

    C25C

    C560XL (Citation XLS+)

    Cessna

    C56X

    Falcon 2000 iad uile

    Dassault

    F2TH

    Falcon 900 iad uile

    Dassault

    F900

    EMB-500 (Phenom 100)

    Embraer

    E50P

    EMB-505 (Phenom 300)

    Embraer

    E55P

    EMB-135BJ (Legacy 600)

    Embraer

    E35L

    EMB-135EJ (Legacy 650)

    Embraer

    E35L

    EMB-145 (135/140/145)

    Embraer

    E135

    E145, E45X

    PC-12

    Pilatus

    PC12


    IARSCRÍBHINN II

    Faireachas

    (Cuid-SUR)

    AUR.SUR.1001   Ábhar

    Leagtar ceanglais síos leis an gCuid seo maidir le trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin i dtaca le húsáid an aerspáis lena gcumhdaítear na ceanglais is infheidhme maidir le faireachas.

    TEIDEAL 1 —   FAIREACHAS COMHOIBRÍOCH SPLEÁCH

    AUR.SUR.2001   Raon feidhme

    (1)

    Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht i gcomhréir le rialacha um eitilt de réir uirlisí laistigh den Aerspás Eorpach Aonair atá ina chuid de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

    (2)

    D’ainneoin mhír (1), beidh feidhm ag AUR.SUR.2015 maidir leis na heitiltí uile a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht.

    AUR.SUR.2005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

    1.

    Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí an méid seo a leanas:

    (a)

    go mbeidh aerárthaí feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tá na cumais acu le haghaidh Faireachas Bunúsach aerbheirthe Mhód S (ELS);

    (ii)

    tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint;

    (b)

    maidir le haerárthaí ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, agus deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh an 7 Meitheamh 1995 nó dá éis den chéad uair, go mbeidh siad feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tá na cumais acu le haghaidh craolachán faireachais spleách uathoibríoch (ADS-B) Amach mar chuid de Steallchraoladh Sínte (ES) 1 090 MHz i dteannta cumais dá dtagraítear i bpointe (a)(i);

    (ii)

    tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint;

    (c)

    maidir le haerárthaí sciatháin dhobhogtha ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, agus deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh an 7 Meitheamh 1995 nó dá éis den chéad uair, go mbeidh siad feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tá na cumais acu le haghaidh Faireachas Breisithe Mhód S (EHS), i dteannta cumais dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus i bpointe (b)(i);

    (ii)

    tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint.

    2.

    Ní bheidh feidhm ag pointí 1(b) ná (c) maidir le haerárthaí a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    aerárthaí atáthar ag eitilt chun go ndéanfar cothabháil orthu;

    (b)

    aerárthaí atáthar ag eitilt lena n-onnmhairiú;

    (c)

    aerárthaí a scoirfear dá n-oibriú faoin 31 Deireadh Fómhair 2025.

    3.

    Oibreoirí aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh an 7 Nollaig 2020 den chéad uair, comhlíonfaidh siad pointí 1(b) agus (c), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá clár iarfheistiúcháin bunaithe acu roimh an 7 Nollaig 2020 a léiríonn go gcomhlíontar pointí 1(b) agus (c);

    (b)

    níor thairbhigh na haerárthaí sin d’aon chistiú ón Aontas a deonaíodh chun na haerárthaí sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1(b) agus (c).

    4.

    Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí maidir le haerárthaí atá feistithe i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 agus ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, go n-oibreofar iad agus éagsúlacht aeróg i bhfeidhm.

    AUR.SUR.2010   Trasfhreagróir atá as feidhm

    I gcás aerárthaí ina bhfuil cumas na dtrasfhreagróirí chun na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1(b) agus (c) de phointe AUR.SUR.2005 as feidhm go sealadach, beidh oibreoirí aerárthaí i dteideal na haerárthaí sin a oibriú ar feadh 3 lá as a chéile ar a mhéad.

    AUR.SUR.2015   Seoladh aerárthaigh ICAO 24 giotán trasfhreagróra

    Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí gurb amhlaidh ar bord an aerárthaigh atá á oibriú acu, go n-oibríonn aon trasfhreagróir Mhód S maille le seoladh aerárthaigh ICAO 24 giotán a chomhfhreagraíonn don chlárú atá sannta ag an Stát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe.

    AUR.SUR.2020   Nósanna imeachta oibríochta faireachais agus oiliúint

    Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    go mbeidh a nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir leis an Teideal seo agus go léireofar ina lámhleabhair oibríochta iad; agus

    (b)

    go gcuirfear an pearsanra a oibríonn an trealamh faireachais ar an eolas go cuí faoin Teideal seo agus go gcuirfear oiliúint oiriúnach orthu le haghaidh a bhfeidhmeanna poist.


    Top