Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1057

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1057 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2023 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2023/3578

    IO L 142, 1.6.2023, p. 11–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1057/oj

    1.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 142/11


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1057 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Bealtaine 2023

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


    (1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Aicmiú (Cód AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Earra dronuilleogach (‘mata fuaraithe’) ar toise dó 50 cm × 40 cm × 1 cm nó 90 cm × 50 cm × 1 cm, nó faoin tuairim sin, arb é atá ann: pláta bog de chúr plaisteach ceallach de pholúireatán atá tuilte le glóthach arb é atá inti uisce agus cion 1,6 % de réir meáchain de cheallalós carbocsaimeitile.

    Tá an mata fuaraithe clúdaithe le fabraic teicstíle uiscedhíonach de shnáithíní de dhéantús an duine (poileistir), agus tá sé brataithe le plaistigh ar an taobh istigh.

    De bharr na glóthaí, bíonn éifeacht fuaraithe ag an mata fuaraithe ar e.g. an ainmhí a luíonn air.

    Tá an mata fuaraithe cóirithe lena mhiondíol agus cuirtear i láthair é mar rud lena úsáid le haghaidh madraí nó cat ach is féidir le daoine é a úsáid freisin.

    (Féach an íomhá) (*1)

    3926 90 97

    Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1, 3(b) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 3926 , 3926 90 agus 3926 90 97 .

    Eisiatar an mata fuaraithe óna aicmiú faoi cheannteideal 9404 mar chóir leapa agus troscán agus fearastú comhchosúil, toisc gur le haghaidh éifeacht fuaraithe a imirt atá sé beartaithe go príomha. Dá réir sin, níl a fheidhm inchomparáide leis an bhfeidhm atá ag cóir leapa agus troscán agus fearastú comhchosúil faoi cheannteideal 9404 .

    Earra ilchodach is ea an mata fuaraithe de réir bhrí riail ghinearálta 3(b) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, agus is éard atá ann clúdach d’fhabraic teicstíle, pláta de chúr plaisteach ceallach agus glóthach ina bhfuil ceallalós carbocsaimeitile.

    Is í an ghlóthach a thugann a shaintréith don táirge; feidhm iompróra, agus í sin amháin, atá ag an bpláta de chúr plaisteach, agus ní fheidhmíonn an fhabraic uiscedhíonach ach mar chlúdach (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 3926 , pointe (9)). An mata ina bhfuil an ghlóthach, is earra é d’ábhair atá faoi cheannteideal 3912 .

    Dá bhrí sin, is faoin gcód AC 3926 90 97 atá an mata fuaraithe le haicmiú, mar earra eile d’ábhair eile faoi cheannteidil 3901 go 3914 .

    Image 1L1422023GA2910120230525GA0005.0001311333DRÉACHTCINNEADH Uimh. …/2023 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(p) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,an …a mhéid a bhaineann leis an institiúid airgeadais a ainmniú chun fónamh mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh, chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadhAN COISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA,Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eileIO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10., agus go háirithe Airteagal SSCI.53(2) agus Airteagal SSCI.73 dá Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta,De bharr an mhéid seo a leanas:(1)De bhun Airteagal SSCI.53(2) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta (an Phrótacal) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas eorpach agus an comhphobal eorpach do fhuinneamh adamhach, de pháirt, agus ríocht aontaithe na breataine móire agus thuaisceart éireann, den pháirt eile (an Comhaontú Trádála agus Comhair), déanfar an t-ús ar íocaíochtaí déanacha a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (an Coiste Speisialaithe) i bhfeidhm maidir lena príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin.(2)In go leor forálacha, amhail Airteagal SSC.6(a), Airteagal SSC.19(1), Airteagail SSC.26, SSC.47 agus SSC.64, Airteagal SSCI.22(4) agus (5), Airteagal SSCI.23(7), agus Airteagail SSCI.56, SSCI.57, SSCI.62 agus SSCI.64 den Phrótacal, tá cásanna inar gá, chun sochar nó ranníocaíocht a íoc, a ríomh nó a athríomh, nó chun críoch fritháirimh agus chun críocha na nósanna imeachta aisghabhála, an ráta malairte a chinneadh.(3)De bhun Airteagal SSCI.73 den Phrótacal, chun críocha an Phrótacail agus Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis, is é an ráta malairte idir dhá airgeadra an ráta tagartha a fhoilsíonn an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe. Is é an Coiste Speisialaithe a shocróidh an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh.(4)Tugann an Coiste Speisialaithe dá aire, cé go bhfuil na rialacha maidir le comhordú slándála sóisialta a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh AdamhachIO AE L 29, 31.1.2020, lch. 7. scartha go dlíthiúil ó na rialacha a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugann an Coiste Speisialaithe dá aire gurbh fhearr úsáid a bhaint as an institiúid airgeadais chéanna le haghaidh an dá chomhaontú, chomh maith leis an dáta socraithe céanna atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh, toisc go seachnódh sé castachtaí do na hinstitiúidí slándála sóisialta a chuireann na comhaontuithe sin chun feidhme agus go maolódh sé an riosca earráidí,TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:Airteagal 1Is é an Banc Ceannais Eorpach an institiúid airgeadais atá ainmnithe chun críocha Airteagail SSCI.53(2) agus SSCI.73.Airteagal 2Chun críche an Chinnidh seo, tuigfear gur ráta comhshó laethúil arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach atá sa ráta comhshó.Airteagal 3Mura sonraítear a mhalairt sa Chinneadh seo, is é an ráta comhshó an ráta a fhoilseofar an lá a dhéanfar an oibríocht.Airteagal 4Déanfaidh institiúid de Stát, nach mór di suim a chomhshó chun teidlíocht a bhunú agus le haghaidh an chéad ríomh den sochar, na nithe seo a leanas a úsáid:(a)nuair a dhéanann institiúid, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail, suimeanna a chur san áireamh, amhail tuilleamh nó sochair, le linn tréimhse áirithe roimh an dáta a ríomhtar an sochar ina leith, an ráta comhshó a fhoilsítear an lá deireanach den tréimhse sin;(b)nuair a dhéanann institiúid, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail, chun an sochar a ríomh, suim amháin a chur san áireamh, an ráta comhshó a fhoilsítear an chéad lá den mhí díreach roimh an mí nach mór an fhoráil a chur i bhfeidhm lena linn.Airteagal 5Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 nuair nach mór d’institiúid de Stát suim a chomhshó chun an sochar a athríomh de bharr athruithe ar staid fhíorasach nó dhlíthiúil an duine lena mbaineann.Airteagal 6Institiúid de Stát a íocann sochar a innéacsaítear go rialta i gcomhréir leis an reactaíocht náisiúnta, agus i gcás ina mbíonn tionchar ag na suimeanna in airgeadra eile ar an sochar sin, déanfaidh sí, agus an sochar sin á athríomh aici, an ráta comhshó a fhoilsítear an chéad lá den mhí roimh an mí ina bhfuil an t-innéacsú dlite a úsáid, ach amháin má dhéantar foráil dó ar bhealach eile sa reachtaíocht náisiúnta.Airteagal 7Chun críocha Airteagal SSCI.73 den Phrótacal, is é an dáta a chuirfear san áireamh chun an ráta malairte is infheidhme idir dhá airgeadra a chinneadh:(a)i gcás iarrata ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha, an lá oibre díreach roimh an lá a sheol an páirtí iarrthach an iarraidh deiridh ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha; nó(b)i gcás iarrata ar aisghabháil, an lá díreach roimh an lá a chuir an páirtí iarrthach an chéad iarraidh ar aisghabháil ar aghaidh.Chun críocha an Airteagail seo, tagróidh lá oibre do lá oibre de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar a bhfoilsíonn sé ráta tagartha laethúil do mhalartú airgeadra.Airteagal 8Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.Arna dhéanamh in/sa [...], an [...]Le haghaidh an Choiste Speisialaitheum Chomhordú Slándála SóisialtaNa Comhchathaoirligh


    (*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.


    Top