Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0790

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/790 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2022 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2022/3169

IO L 141, 20.5.2022, pp. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/790/oj

20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 141/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/790 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Bealtaine 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis ghlacadh Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún (2), aimsíodh earráid sna leaganacha Seicise agus Sualainnise de phointe 1(b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Ghabh an pointe sin, inar leagadh amach sainmhíniú an téarma ‘oibríocht amach ón gcósta’, ionad phointe 86 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (3). Déanann an earráid difear do shubstaint na forála sin.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, na leaganacha Seicise agus Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le formheas oibríochtúil na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe, le deimhniúchán agus formhaoirseacht na soláthraithe seirbhísí sonraí agus le hoibríochtaí héileacaptar amach ón gcósta, agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO L 198, 23.7.2016, lch. 13).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


Top