Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022O0508

    Treoirlíne (AE) 2022/508 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí neamhshuntasacha (BCE/2017/9) (BCE/2022/12)

    ECB/2022/12

    IO L 102, 30.3.2022, p. 34–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2022/508/oj

    30.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 102/34


    TREOIRLÍNE (AE) 2022/508 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

    an 25 Márta 2022

    lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí neamhshuntasacha (BCE/2017/9) (BCE/2022/12)

    TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(5)(a) agus (c) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 4 Aibreán 2017 ghlac an Banc Ceannais Eorpach (BCE) Treoirlíne (AE) Uimh. 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2017/9) (2) (anseo feasta an ‘Treoirlíne O&D’), inar bhunaigh sé beartais ghinearálta maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas. Leasaíodh nó scriosadh le reachtaíocht a tugadh isteach ón uair a glacadh an Treoirlíne O&D cuid de na roghanna agus na discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a cuireadh san áireamh sa Treoirlíne O&D. Dá bhrí sin, tá gá le leasuithe iarmhartacha áirithe ar an Treoirlíne O&D.

    (2)

    Maidir leis na rátaí eis-sreafaí atá le cur i bhfeidhm ar thaiscí miondíola cobhsaí, chuir factóirí áirithe bac ar chur i bhfeidhm praiticiúil na discréide a ndírítear uirthi in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/4) (3) agus in Airteagal 7 den Treoirlíne O&D trínar féidir le húdaráis inniúla údarú a thabhairt d’institiúidí ráta eis-sreafa 3 % a chur i bhfeidhm ar thaiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taisce (SRT), faoi réir cheadú roimh ré ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 24(4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (4). Tá gá le tuilleadh fianaise agus anailíse d’fhonn a thaispeáint go mbeadh na rátaí caillteanais le haghaidh taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le SRT dá dtagraítear in Airteagal 24(5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 faoi bhun 3 % le linn aon tréimhse struis a bheadh ag na hinstitiúidí agus atá i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Cheal fianaise agus anailíse den sórt sin, ba cheart an beartas ginearálta lena n- údaraítear cur i bhfeidhm ráta eis-sreabhaidh 3 % a bhaint de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE 2016/4).

    (3)

    Maidir leis an rogha a deonaíodh d’údaráis inniúla faoi Airteagal 12(1)(c)(i) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maidir le mór-innéacsanna malartáin a shainaithint chun na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B sa chóimheas clúdach leachtachta a shainaithint, ba cheart í a fheidhmiú go comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas. Tá sé i gceist ag an discréid a chinntiú nach n-áiríonn institiúidí creidmheasa ina maolán leachtachta ach na scaireanna sin a áirítear in innéacsanna ar féidir glacadh le leachtacht mhargaidh na scaireanna foluiteacha ina leith. Ó tharla nach bhfuil tionchar díreach ag suntasacht ná méid institiúide creidmheasa ar leachtacht mhargaidh na scaireanna foluiteacha sna hinnéacsanna ábhartha, ní bheadh sé iomchuí cóir dhifreáilte a chur i bhfeidhm d’institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas.

    (4)

    Maidir leis an rogha a tugtar d’údaráis inniúla faoi Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maolú a dhéanamh ar phointí (ii) agus (iii) de mhír 1(b) den Airteagal céanna i gcás institiúidí creidmheasa nach féidir, i gcomhréir lena reachtanna corpraithe, sócmhainní úsmhara a shealbhú ar chúiseanna a bhaineann le cleachtadh reiligiúnach, ba cheart í a fheidhmiú go comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas, d’fhonn na critéir a chomhchuibhiú chun sócmhainní Leibhéal 2B a shainaithint i ndáil le hurrúis fiachais chorparáideacha.

    (5)

    Maidir leis an discréid a deontar d’údaráís inniúla faoi Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir leis an gceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (net stable funding ratio, NFSR) ar dá réir a fhéadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Sé den Rialachán sin, ba cheart í a fheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas. Nascann an beartas i ndáil le hinstitiúidí suntasacha na fachtóirí cistiucháin chobhsaí cheangailtigh sa NSFR leis na rátaí eis-sreafaí a chuirtear i bhfeidhm sa chóimheas cumhdaigh leachtachta (liquidity coverage ratio, LCR), agus solúbthacht a fhágáil don BCE ag an am céanna fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla a chinneadh. Tá cothromaíocht ag baint leis an gcur chuige seo, ar mhaithe le simplíocht agus stuamacht, idir na fachtóirí atá le cur i bhfeidhm i ríomh an CCGC a chur ar chothrom leis na factóirí a chinntear chun críocha an LCR, ach cóireáil dhifriúil á cheadú fós i gcásanna nach léireodh an nascadh seo an priacal cistiúcháin gaolmhar mar is ceart. Níl sé riachtanach nó cuí imeacht ón gcur chuige sin i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas mar níor cheart, i bprionsabal, go n-athródh an mhodheolaíocht chun na factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar fud institiúidí creidmheasa. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an discréid a deontar d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe a fheidhmiú ar an gcaoi chéanna.

    (6)

    Ba cheart an discréid a tugtar d’údaráis inniúla faoi Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trína gcinnfidh siad téarma ualaithe maidir le sócmhainní leithscartha i gcomhréir le risíocht foluiteach na sócmhainní sin, a fheidhmiú ar an mbealach céanna le haghaidh institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas. Ba cheart sócmhainní a leithscaradh agus nach bhfuil indiúscartha gan srian a mheas mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chlianit na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin um leithscaradh, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a mhaoiniú i gceart le linn na tréimhse sin. Tá feidhm ag an réasúnaíocht seo beag beann ar mhéid na hinstitiúide lena mbaineann. Ba cheart an discréid a tugtar d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe a fheidhmiú ar an gcaoi chéanna ar na cúiseanna céanna a leagtar amach thuas agus freisin toisc nach bhfuil aon réasúnaíocht stuamachta ann a thabharfadh údar cuí le cur chuige difriúil maidir leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe. Ba cheart na forálacha sa Treoirlíne seo lena gcuirtear i bhfeidhm na roghanna agus na discréidí i ndáil le risíochtaí inghrúpa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm teorainneacha na risíochtaí móra a leagtar amach in Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú agus a fheidhmiú go comhsheasmhach le haghaidh institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas. Ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) tá méadú tagtha ar leibhéal imní stuamachta an BCE faoi chleachtais chlárúcháin institiúidí creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme na rogha seo a theorannú do risíochtaí inghrúpa ar eintitis atá bunaithe laistigh den Aontas, agus é mar éifeacht leis sin nach bhféadfar risíochtaí inghrúpa ar eintitis i dtríú tíortha a dhíolmhú ó theorainneacha ábhartha na risíochtaí móra ach amháin tar éis réamh-mheasúnaithe maoirseachta ar bhonn cás ar chás.

    (7)

    Ba cheart an Treoirlíne O&D a leasú chun go gceadófar le hinstitiúidí creidmheasa a chomhlíonann na critéir ábhartha, trí theorainn chainníochtúil ar luach na risíochtaí ábhartha a urramú, úsáid a bhaint as díolúine pháirteach i dteannta na díolúine iomláine atá ar fáil faoi láthair. Ba cheart go gcabhródh cur i bhfeidhm leathnaithe den sórt sin le cothrom na féinne d’institiúidí creidmheasa sna Ballstáit rannpháirteacha a chothabháil, chomh maith le rioscaí comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar leith a theorannú agus a chinntiú go gcuirtear na híoschaighdeáin chéanna i bhfeidhm ar fud an tSásra Maoirseachta Aonair.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9) a leasú dá réir.

    TAR ÉIS NA TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe

    Leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9) mar seo a leanas:

    1.

    Scriostar Airteagal 5;

    2.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘Airteagal 6

    Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: díolúintí

    Feidhmeoidh ÚINanna an rogha maidir le díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na hIarscríbhinní.

    (a)

    Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin i gcás 80 % de luach ainmniúil na mbannaí cumhdaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

    (b)

    Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin i gcás 80 % dá luach risíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

    (c)

    Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thabhaíonn institiúid chreidmheasa i leith na ngnóthas dá dtagraítear ann, a mhéid atá na gnóthais sin bunaithe san Aontas, díolmhaithe ón gcur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo, agus a mhéid a chumhdaítear na gnóthais sin leis an maoirseacht chéanna ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

    (d)

    Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

    (e)

    Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagail 400(2)(e) go (l) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe go hiomlán, nó i gcás na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(i), beidh siadsan díolmhaithe suas go dtí an uasmhéid ceadaithe, ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

    (f)

    Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus san Iarscríbhinn ábhartha den Treoirlíne seo is infheidhme maidir leis an risíocht shonrach. Féadfaidh ÚIN an measúnú seo a fhíorú tráth ar bith agus iarraidh ar institiúidí creidmheasa an doiciméadacht dá dtagraítear san Iarscríbhinn ábhartha a chur faoina bhráid chun na críche seo.

    (g)

    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás nár fheidhmigh an Ballstát ábhartha an rogha faoi Airteagal 493(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun díolúine iomlán nó páirteach a dheonú don risíocht shonrach.

    (*1)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).’;"

    3.

    Scriostar Airteagal 7;

    4.

    I Roinn IV, cuirtear na ceannteidil seo a leanas agus Airteagail 7a go 7f tar éis an cheannteidil ‘Leachtacht’:

    ‘Airteagal 7a

    Airteagal 12(1)(c)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: cóimheas cumhdaigh leachtachta - mórinnéacsanna malartáin na mBallstát nó tríú tíortha a shainaithint

    Breithneoidh ÚINanna go gcáilíonn na hinnéacsanna seo a leanas mar mhórinnéacsanna malartáin chun raon feidhme na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B de bhun Airteagal 12(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 (*2) a chinneadh:

    (i)

    na hinnéacsanna a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiúin (*3);

    (ii)

    aon mhórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointe (i), i mBallstát nó i dtríú tír, a aithnítear amhlaidh chun críocha an phointe seo ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha nó ag údarás poiblí tríú tír;

    (iii)

    aon mórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointí (a) nó (b), a chuimsíonn cuideachtaí ceannródaíocha sa dlínse ábhartha.

    Airteagal 7b

    Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: coimheas cumhdaigh leachtachta - socmhainní leibhéal 2B

    1.   Ligfidh ÚINanna d’institiúidí ar lú a suntas nach féidir leo ar chúiseanna a bhaineann le cleachtadh reiligiúnach, i gcomhréir lena reachtanna corpraithe, sócmhainní úsmhara a shealbhú, urrúis fiachais chorparáidigh a áireamh mar shócmhainní leachtacha leibhéal 2B de réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

    2.   Féadfaidh ÚINanna athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear i mír 1 agus díolúine ó Airteagal 12(1)(b)(ii) agus (iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a cheadú, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3) den Rialachán Tarmligthe sin.

    Airteagal 7c

    Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR - factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

    Mura gcinnfidh an ÚIN fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla, maidir leis na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi raon feidhme Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas cur i bhfeidhm maidir le risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Cuid a Sé de Rialachán (AE) 575/2013, fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a fhreagraíonn do na rátaí eis-sreafaí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le táirgí agus seirbhísí gaolmhara i gcomhthéacs Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 sa cheanglas maidir le cumhdach leachtachta.

    Airteagal 7d

    Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR – téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

    I gcás ina bhfuil sócmhainní leithscartha de réir Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus mura bhfuil institiúidí in ann na sócmhainní sin a dhiúscairt gan srian, ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na sócmhainní sin a mheas mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh.

    Airteagal 7e

    Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR - factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

    Éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas agus ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 7c a leanúint.

    Airteagal 7f

    Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR – téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

    Éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas ar tugadh cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh, an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 7d a leanúint.

    (*2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1)."

    (*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 an 13 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le príomhinnéacsanna agus malairtí aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5)."

    (*4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;"

    5.

    Scriostar Airteagal 8;

    6.

    Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo;

    7.

    Cuirtear Iarscríbhinn II isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Forálacha críochnaitheacha

    Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

    Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Comhlíonfaidh na hÚINanna leis an Treoirlíne seo ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

    Arna déanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.

    Do Chomhairle Rialaithe an BCE

    Uachtarán an BCE

    Christine LAGARDE


    (1)  IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

    (2)  Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2017 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2017/9) (IO L 101, 13.4.2017, lch.156).

    (3)  Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Márta 2016 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais (BCE/2016/4) (IO L 78, 24.3.2016, lch. 60).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9):

    ‘IARSCRÍBHINN I

    Coinníollacha chun díolúine ó theorainn na risíochta móire a mheasúnú, i gcomhréir le hAirteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le hAirteagal 6(c) den Treoirlíne seo

    1.   

    Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le díolúintí ó theorainn na risíochta móire faoi Airteagal 6(c) den Treoirlíne seo. Chun críocha Airteagal 6(c), meastar go bhfuil tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908 ón gCoimisiún (*1) comhionann.

    2.   

    Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu an gcomhlíonann risíocht dá dtagraítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha maidir le díolúine ó theorainn na risíochta móire, i gcomhréir le hAirteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (a)

    Chun a mheasúnú an ndéanann cineál sonrach na risíochta, an chontrapháirtí nó an chaidrimh idir an institiúid agus an contrapháirtí priacal na risíochta a dhíothú nó a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

    (i)

    an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 113(6)(b), (c) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go háirithe an bhfuil an contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal céanna leis an institiúid creidmheasa agus an bhfuil na córais TF comhtháite nó, ar a laghad, ailínithe go hiomlán. Ina theannta sin, ní mór dóibh a chur san áireamh an bhfuil aon bhaic phraiticiúla nó dhlíthiúla ábhartha reatha nó réamh-mheasta ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil na risíochta ag an gcontrapháirtí leis an institiúid creidmheasa, seachas i gcás téarnaimh nó réitigh nuair is gá na srianta a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a chur chun feidhme;

    (ii)

    an bhfuil údar maith leis na risíochtaí inghrúpa mar gheall ar an struchtúr cistiúcháin agus an straitéis cistiúcháin an ghrúpa;

    (iii)

    an bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht don chontrapháirtí laistigh den ghrúpa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú do thríú páirtí;

    (iv)

    an gcuireann nósanna imeachta bainistithe rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar a cumas a sheiceáil agus a chinntiú go leanúnach go bhfuil risíochtaí móra ar ghrúpghnóthais ailínithe lena straitéis riosca ar leibhéal eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha.

    (b)

    Chun a mheasúnú an féidir aghaidh a thabhairt ar aon phriacal comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

    (i)

    an bhfuil próisis, nósanna imeachta agus rialuithe láidre ag an institiúid creidmheasa, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, lena chinntiú nach mbeadh priacal comhchruinnithe lasmuigh dá straitéis riosca agus i gcoinne phrionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den ghrúpa mar thoradh ar úsáid na díolúine;

    (ii)

    an ndearna an institiúid creidmheasa breithniú foirmiúil ar an bpriacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí inghrúpa mar chuid dá creat measúnaithe riosca foriomlán;

    (iii)

    an bhfuil creat rialaithe riosca ag an institiúid creidmheasa, ar leibhéal an eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite nuair is ábhartha, a dhéanann faireachán leordhóthanach ar na risíochtaí beartaithe;

    (iv)

    ar sainaithníodh go soiléir nó an sainaithneofar go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíodh nó a eascrófar i bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) na hinstitiúide creidmheasa agus an ndéanfar é a bhainistiú go gníomhach. Déanfar na socruithe, na próisis agus na sásraí chun an priacal comhchruinnithe a bhainistiú a mheasúnú sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta;

    (v)

    an bhfuil fianaise ann go bhfuil bainistíocht priacail comhchruinnithe comhoiriúnach le plean téarnaimh an ghrúpa.

    3.   

    Chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a fhíorú, féadfaidh ÚINanna a iarraidh ar institiúidí ar lú a suntas an doiciméadacht seo a leanas a chur faoina mbráid.

    (a)

    Litir arna síniú ag ionadaí dlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa, le cead ón gcomhlacht bainistíochta, á rá go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa na coinníollacha go léir maidir le díolúine mar a leagtar síos in Airteagal 400(2)(c) agus in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (b)

    Tuairim dlíthiúil, arna eisiúint ag tríú páirtí neamhspleách seachtrach nó ag roinn dlí inmheánach, agus arna ceadú ag an gcomhlacht bainistíochta, lena taispeántar nach bhfuil aon chonstaicí ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag contrapháirtí leis an institiúid creidmheasa agus a eascraíonn as ceachtar acu rialacháin is infheidhme, lena n-áirítear rialacháin fhioscacha, nó comhaontuithe ceangailteacha.

    (c)

    Ráiteas arna shíniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta á rá:

    (i)

    nach bhfuil aon bhacainní praiticiúla ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag contrapháirtí leis an institiúid creidmheasa;

    (ii)

    go bhfuil údar maith leis na risíochtaí inghrúpa mar gheall ar struchtúr cistiúcháin agus straitéis cistiúcháin an ghrúpa;

    (iii)

    go bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht don chontrapháirtí laistigh den ghrúpa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú tríú páirtí;

    (iv)

    gur breithníodh an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí inghrúpa mar chuid de chreat measúnaithe riosca foriomlán na hinstitiúide creidmheasa.

    (d)

    Doiciméadacht arna síniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna formheas ag an gcomhlacht bainistíochta lena bhfianaítear go bhfuil nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na hinstitiúide creidmheasa mar an gcéanna le nósanna imeachta an chontrapháirtí agus go gcuireann nósanna imeachta bainistíochta rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar chumas an chomhlachta bainistíochta faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéal na risíochta móire agus a comhoiriúnacht le straitéis priacail na hinstitiúide creidmheasa ar leibhéal an eintitis dhlithiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, agus le prionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den ghrúpa.

    (e)

    Doiciméadaíocht lena taispeántar go n-aithníonn an ICAAP go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as na risíochtaí móra inghrúpa agus go ndéantar an priacal seo a bhainistiú go gníomhach.

    (f)

    Doiciméadaíocht lena taispeántar go bhfuil an bhainistíocht priacail comhchruinnithe comhsheasmhach le plean téarnaimh an ghrúpa.


    (*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 359, 16.12.2014, lch. 155).

    (*2)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).’


    IARSCRÍBHINN II

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9):

    ‘IARSCRÍBINN II

    Coinníollacha chun díolúine ó theorainn na risíochta móire a mheasúnú, i gcomhréir le hAirteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le hAirteagal 6(d) den Treoirlíne seo

    1.   

    Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu an gcomhlíonann risíocht dá dtagraítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha maidir le díolúine ó theorainn na risíochta móire, i gcomhréir le hAirteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (a)

    chun a mheasúnú an ndéanann cineál sonrach na risíochta, an chontrapháirtí nó an chaidrimh idir an institiúid agus an contrapháirtí priacal na risíochta a dhíothú nó a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

    (i)

    an bhfuil aon bhaic phraiticiúla nó dhlíthiúla ábhartha reatha nó réamh-mheasta ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil na risíochta ag an gcontrapháirtí leis an institiúid creidmheasa, seachas i gcás téarnaimh nó réitigh nuair is gá na srianta a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme;

    (ii)

    an bhfuil na risíochtaí beartaithe ag teacht le gnáthchúrsa gnó na hinstitiúide creidmheasa agus a samhail ghnó nó an bhfuil údar cuí leo mar gheall ar struchtúr cistiúcháin an líonra;

    (iii)

    an bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht do chomhlacht lárnach na hinstitiúide creidmheasa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú do thríú páirtí;

    (iv)

    an gcuireann nósanna imeachta bainistithe rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar a cumas a sheiceáil agus a chinntiú go leanúnach go bhfuil risíochtaí móra ar a comhlacht réigiúnach nó lárnach comhoiriúnach lena straitéis riosca;

    (b)

    chun a mheasúnú an féidir aghaidh a thabhairt ar aon phriacal comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

    (i)

    an bhfuil próisis, nósanna imeachta agus rialuithe láidre ag an institiúid creidmheasa chun a chinntiú nach mbeadh priacal comhchruinnithe lasmuigh dá straitéis riosca mar thoradh ar úsáid na díolúine;

    (ii)

    an ndearna an institiúid creidmheasa breithniú foirmiúil ar an bpriacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar a comhlacht réigiúnach nó lárnach mar chuid dá creat measúnaithe riosca foriomlán;

    (iii)

    an bhfuil creat rialaithe riosca ag an institiúid creidmheasa a dhéanann faireachán leordhóthanach ar na risíochtaí beartaithe;

    (iv)

    ar sainaithníodh go soiléir nó an sainaithneofar go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíodh nó a eascrófar i bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (internal capital adequacy assessment process, ICAAP) na hinstitiúide creidmheasa agus an ndéanfar é a bhainistiú go gníomhach. Déanfar na socruithe, na próisis agus na sásraí chun an priacal comhchruinnithe a bhainistiú, a mheasúnú sa phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta.

    2.   

    I dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1, ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh, chun a mheasúnú an bhfuil an comhlacht réigiúnach nó lárnach a bhfuil baint ag an institiúid creidmheasa leis i líonra, freagrach as oibríochtaí imréitigh airgid, dá bhforáiltear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an bhfuil na freagrachtaí sin go sainráite i bhfodhlíthe nó in airteagail chomhlachais an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:

    (a)

    maoiniú margaidh don líonra iomlán;

    (b)

    leachtacht imréitigh laistigh den líonra, faoi raon feidhme Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (c)

    leachtacht a sholáthar d’institiúidí creidmheasa cleamhnaithe;

    (d)

    róleachtacht institiúidí creidmheasa cleamhnaithe a sheasamh.

    3.   

    Chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a fhíorú, féadfaidh ÚINanna a iarraidh ar institiúidí ar lú a suntas an doiciméadacht seo a leanas a chur faoina mbráid.

    (a)

    litir arna síniú ag ionadaí dlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa, le cead ón gcomhlacht bainistíochta, á rá go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 400(2)(d) agus in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le deonú díolúine;

    (b)

    Tuairim dlíthiúil, arna eisiúint ag tríú páirtí neamhspleách seachtrach nó ag roinn dlí inmheánach, agus arna ceadú ag an gcomhlacht bainistíochta, lena taispeántar nach bhfuil aon chonstaicí ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag comhlacht réigiúnach nó lárnach leis an institiúid creidmheasa agus a eascraíonn as ceachtar acu rialacháin is infheidhme, lena n-áirítear rialacháin fhioscacha, nó comhaontuithe ceangailteacha.

    (c)

    ráiteas arna shíniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta:

    (i)

    nach bhfuil aon bhaic phraiticiúla ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag comhlacht réigiúnach nó lárnach leis an institiúid creidmheasa;

    (ii)

    go bhfuil údar maith le risíochtaí an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh mar gheall ar struchtúr maoinithe an líonra;

    (iii)

    go bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht ar chomlacht réigiúnach nó lárnach a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar leibhéal an eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú tríú páirtí;

    (iv)

    gur breithníodh an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar an gcomhlacht réigiúnach nó lárnach mar chuid de chreat measúnaithe riosca foriomlán na hinstitiúide creidmheasa;

    (d)

    doiciméadacht arna síniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna formheas ag an gcomhlacht bainistíochta lena bhfianaítear go bhfuil nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacail na hinstitiúide creidmheasa mar an gcéanna le nósanna imeachta an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh agus go gcuireann nósanna imeachta bainistíochta rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar chumas an chomhlachta bainistíochta faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéal na risíochta móire agus a comhoiriúnacht le straitéis priacail na hinstitiúide creidmheasa ar leibhéal an eintitis dhlithiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, agus le prionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den líonra.

    (e)

    doiciméadaíocht lena taispeántar go n-aithníonn an ICAAP go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as na risíochtaí móra ar an gcomhlacht réigiúnach nó lárnach agus go ndéantar an priacal seo a bhainistiú go gníomhach;

    (f)

    doiciméadaíocht lena taispeántar go bhfuil an bhainistíocht priacail comhchruinnithe comhsheasmhach le plean téarnaimh an líonra.


    (*1)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’


    Top