EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0627(03)

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair 2022/C 243/03

ST/8944/2022/INIT

IO C 243, 27.6.2022, p. 26–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 243/26


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2022

maidir le cuntais foghlama aonair

(2022/C 243/03)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, chun tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 sa chaoi go gcruthófar poist agus chun aistriú digiteach agus aistriú glas a áirithiú a bheidh cothrom ó thaobh na sochaí de. De réir mar a thagann athrú ar na margaí saothair, ní mór do dhaoine coinneáil suas agus na scileanna atá acu a uasghrádú. Má tá scileanna nua agus scileanna níos fearr ag daoine, is amhlaidh is mó deiseanna atá ann agus tugtar deis do dhaoine ról gníomhach a ghlacadh i mbainistiú aistrithe i margadh an tsaothair agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh. Ina theannta sin, féadfaidh uas-sciliú agus athsciliú daoine fásta a bheith ina n-uirlisí cumhachtacha chun cothroime shóisialta agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn le haghaidh aistriú cóir.

(2)

In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (1), sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach a bheith acu. Sonraítear sa chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”) arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017 (2) go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil agus ar ardchaighdeán cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Baineann an ceathrú prionsabal den Cholún le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá ag cách cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta. I bprionsabal a cúig den Cholún maidir le fostaíocht shlán inoiriúnaithe, cuirtear i bhfáth go bhfuil an ceart ag oibrithe, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, an ceart a bheith acu cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint.

(3)

An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna Aontais de Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021, rud a thacaíonn leis an sprioc a áirithiú, faoi 2030, go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain. Mar sin féin, níl borradh ar bith tagtha ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach le deich mbliana anuas san Aontas agus theip ar 21 Bhallstát sprioc 2020 ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Agus an méid sin á chur san áireamh, ghlac an Chomhairle Rún maidir le clár oibre nua Eorpach don fhoghlaim aosach 2021-2030 (3) chun tacú leis an dul chun cinn i dtreo phríomhsprioc an Aontais i leith na foghlama aosaí. I gcás go leor daoine fásta, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic a bhíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu.

(4)

Sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip, a ghlac an Coimisiún an 1 Iúil 2020, iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun deiseanna a thapú san aistriú éiceolaíoch agus digiteach chun téarnamh pras cothrom a bhaint amach. Fógraíonn sé, inter alia, go bhféachfaidh an Coimisiún ar chuntais foghlama aonair mar uirlis chun tacú le daoine fásta atá in aois oibre a uas-sciliú agus a athsciliú, lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fhostóirí agus ar sholáthraithe oideachais agus oiliúna.

(5)

Beidh scileanna don aistriú glas agus uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar atá comhaimseartha, tíosach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch, mar a leagtar amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil sé d’aidhm aige aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún ón 14 Iúil 2021“Oiriúnach do 55” nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte is gá ag an Aontas chun bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

(6)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 maidir le Deacáid Dhigiteach na hEorpa, aithnítear go bhfuil easpa foirne ann ag a bhfuil scileanna leordhóthanacha digiteacha, agus aithnítear freisin an éagothroime inscne i measc speisialtóirí teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus céimithe Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM). Athdhearbhaítear sa Teachtaireacht an cuspóir go mbeadh scileanna digiteacha bunúsacha ag 80 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus moltar mar sprioc go mbeadh 20 milliún speisialtóir TFC fostaithe faoi 2030, agus go mbeadh cóineasú ann idir líon na bhfear agus líon na mban. Moltar sa togra ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2021 maidir leis an gconair don Deacáid Dhigiteach lena mbunaítear creat chun na cuspóirí sin a thabhairt ar aghaidh. Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 an 30 Meán Fómhair 2020 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú.

(7)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip], iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis an dá aistriú agus go gcuideoidh siad leis na hathruithe sin a bhaint amach.

(8)

Sna conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 (4), iarrtar ar na Ballstáit “tacú le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha agus, i gcás inar gá, a n-acmhainneachtaí a mhéadú ó tharlaíonn go bhfuil ról lárnach acu maidir le héileamh scileanna agus soláthar scileanna a mheaitseáil, i gcomhar le hearnáil an oideachais agus na hoiliúna, agus go mbeidh ról ríthábhachtach acu sa téarnamh” agus cúinsí náisiúnta á gcur san áireamh acu agus urraim á tabhairt acu do ról agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, agus iarrtar ar an gCoimisiún, i gcomhréir lena inniúlachtaí, tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

(9)

Tá easpa tacaíochta airgeadais do dhaoine aonair ar cheann de na príomhbhacainní a chuirtear ar an rannpháirtíocht san fhoghlaim. Ar an iomlán, ní leor infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. San Aontas Eorpach, is é an fostóir den chuid is mó a íocann as oiliúint a bhaineann leis an obair. Mar sin féin, ní chuireann a lán cuideachtaí, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní dhéanann na cuideachtaí oiliúint a chistiú dóibh, agus is lú an rochtain ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar oiliúint arna hurrú ag an bhfostóir nó níl rochtain ag na daoine sin ar an oiliúint sin. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh neamhionannais den sórt sin an bonn ó leas agus sláinte daoine aonair, go laghdódh siad iomaíochas eacnamaíoch, go gcaillfí deiseanna dá ndeasca agus go gcuirfí bacainní ar an nuálaíocht mar gheall orthu agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaí daoine chun deiridh san aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe.

(10)

Chomh maith le costais dhíreacha, is gné thábhachtach iad srianta ama a chuireann cosc ar dhaoine fásta dul i mbun oiliúna. Cé go bhfuil socruithe ann i bhformhór na mBallstát maidir le saoire oiliúna íoctha (5), is minic nach mbíonn mórán feasachta ann, mar sin féin, faoi shaoire oiliúna agus nach mbíonn glacadh mórán le saoire oiliúna i measc daoine atá in aois oibre, agus is minic nach gcumhdaítear oibrithe neamhthipiciúla leis na socruithe sin nó nach gceadaítear do dhaoine fásta oideachas agus oiliúint a lorg le linn tréimhsí dífhostaíochta nó gníomhaíochta eacnamaíche íseal.

(11)

Ní spreagtar go leor daoine fásta, go háirithe i measc na ndaoine sin atá ar bheagán scileanna is faide ón margadh saothair, le dul i mbun oiliúna. D’fhéadfadh sé nach mbeidís ar an eolas faoina riachtanais scileanna féin, agus b’fhéidir nach mbeadh a fhios acu an bhfuil tacaíocht agus oiliúint ar fáil, nó an bhfuil siad ar ardchaighdeán agus go bhfuil siad aitheanta i margadh an tsaothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine spreagtha chun dul i mbun oiliúna a roghnaíodh gan dul i gcomhairle leo roimh ré ná dul i mbun oiliúna nach bhfuil curtha in oiriúint dá riachtanais.

(12)

Tá gá le cur chuige nua san Aontas maidir le huas-sciliú agus athsciliú. Ba cheart leis an gcur chuige sin na hionstraimí atá ann cheana a chomhlánú agus obair leantach a dhéanamh ar ghealltanais pholaitiúla trí dhaoine aonair a chumhachtú agus tríd an tacaíocht agus na huirlisí a theastaíonn a thabhairt dóibh chun uas-sciliú nó athsciliú a fháil, ar gach leibhéal scile.

(13)

Sa tuairim uaidh an 16 Lúnasa 2021 i ndáil le tionscnamh an Aontais maidir le cuntais foghlama aonair agus an soláthar oiliúna san Eoraip a neartú, áitíonn an Coiste Comhairleach um an nGairmoiliúint gur cheart go gcuirfeadh tionscnamh den sórt sin le rannpháirteachas, spreagadh agus rannpháirtíocht daoine fásta san oideachas agus san oiliúint. Is é an príomhdhúshlán feabhas a chur ar mheaitseáil scileanna agus poist agus rochtain ar roghanna éagsúlaithe oiliúna ar ardchaighdeán a áirithiú trí sholáthar atá níos ábhartha agus níos spriocdhírithe. Cuireann an Coiste Comhairleach um an nGairmoiliúint chun suntais ina thuairim gur cheart go leanfadh roghnú na sásraí maoiniúcháin agus na dreasachtaí saincheaptha de réir spriocghrúpa ar an leibhéal náisiúnta riachtanais agus tosaíochtaí náisiúnta.

(14)

Cur chuige amháin a d’fhéadfaí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a leagtar amach thuas is ea tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do dhaoine trí theidlíochtaí oiliúna i gcuntais foghlama aonair. Is éard atá i gceist leis freisin creat cumasúcháin leathan a bhunú lena dtabharfar rochtain do dhaoine aonair ar dheiseanna oiliúna, faisnéis, treoir agus saoire oiliúna íoctha, chomh maith le torthaí oiliúna a aithint. Féadfaidh an cur chuige sin tionscnaimh atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a chomhlánú.

(15)

Moltar teidlíocht oiliúna phearsanta a shainiú ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le riachtanais oiliúna daoine (6), agus ionstraimí eile atá ann cheana á gcur san áireamh. Is féidir éifeachtúlacht an tionscnaimh a mhéadú trí chistiú a mhodhnú de réir na riachtanas. Féadfaidh na Ballstáit teidlíochtaí breise oiliúna a bhunú do na daoine is mó atá i ngátar, ag brath ar an gcomhthéacs náisiúnta agus ar an margadh saothair atá ag athrú. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit cur le cuntais foghlama aonair in earnálacha straitéiseacha (7), chun tacú leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Chomh maith le teidlíochtaí airgeadais, is príomhthosca a ndéanann difear don rannpháirtíocht san uas-sciliú agus san athsciliú iad ábharthacht, úsáideacht agus aithint na hoiliúna. Moltar freisin go rachfaí i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis na saincheisteanna sin.

(16)

Le cuntais foghlama aonair, ba cheart go mbeadh daoine in ann teidlíochtaí oiliúna a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, a bheidh le sainiú ar an leibhéal náisiúnta, ionas gur féidir leo dul i mbun oiliúint níos faide nó níos costasaí le linn cora chun donais eacnamaíocha, mar fhreagairt ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn. Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann a dteidlíochtaí oiliúna aonair a chaomhnú, agus iad neamhspleách ar a stádas saothair nó gairmiúil agus ar fud athruithe gairme. Iarrtar ar na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le dul in éag teidlíochtaí lena dtugtar dreasacht d’fhoghlaimeoirí úsáid iomlán a bhaint as a dteidlíochtaí.

(17)

Ba cheart a chur chun cinn an fhéidearthacht go gceadófaí teidlíochtaí oiliúna pearsanta a chaomhnú le linn tréimhsí ina mbíonn cónaí ar an duine aonair i mBallstát eile, nó teidlíochtaí oiliúna pearsanta a úsáid chun rochtain a fháil ar oiliúint aitheanta agus ar oiliúint de cháilíocht dearbhaithe ó chlárlann náisiúnta a gcuntais foghlama ón gcoigríoch. Gné inmhianaithe is ea inaistritheacht teidlíochtaí idir na Ballstáit san fhadtéarma, agus ní mór tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh uirthi, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar mhargaí saothair náisiúnta á gcur san áireamh.

(18)

Chun cabhrú le daoine aonair conair oiliúna oiriúnach a shainaithint, agus ar an gcaoi sin iad a inspreagadh níos mó chun foghlama, ní mór go mbeadh rochtain ar dheiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe ar fáil. Tá gá ann freisin clárlanna poiblí cothrom le dáta le haghaidh oiliúint aitheanta a chur ar fáil trí thairseacha aonair digiteacha náisiúnta tiomnaithe atá inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus idirnasctha leis an ardán Europass, más féidir.

(19)

Moltar go n-úsáidfear cuntais foghlama aonair chun rochtain a fháil ar bhailíochtú, lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún le déanaí ar an obair a rinneadh faoin Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (8), léirítear dul chun cinn suntasach, ach aithnítear freisin dúshláin leanúnacha agus freagairtí atá beartaithe. Go háirithe, is gá tacaíocht oiriúnaithe a chur ar fáil do dhaoine aonair, agus comhordú níos dlúithe le seirbhísí treorach a áirithiú agus tionscnaimh bailíochtaithe a oiriúnú go héifeachtach do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha. Iarrtar ar na Ballstáit a mholadh micridhintiúir a sholáthar, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn riachtanais shainaitheanta i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le micrichreidimh d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (9).

(20)

Tacaíonn an Moladh seo le cur chun feidhme saoire oiliúna íoctha. Dá gcuirfí saoire oiliúna íoctha ar fáil mar is cuí, cheadófaí d’oibrithe a dtuarastal nó athsholáthar ioncaim a choinneáil le linn tréimhsí oiliúna. Iarrtar ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama aonair á n-úsáid acu, agus féidearthachtaí agus scéimeanna oiliúna náisiúnta á gcur san áireamh. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cás FBManna agus micrifhiontair a chur san áireamh.

(21)

Tá gníomhaíochtaí agus feachtais for-rochtana agus múscailte feasachta níos leithne ríthábhachtach chun rátaí arda rannpháirtíochta a mhéadú go suntasach do dhaoine fásta i ndeiseanna foghlama, go háirithe i measc grúpaí nach bhfuil mórán feasachta acu ar uas-sciliú agus athsciliú, amhail iad siúd is faide ó mhargadh an tsaothair. Leis an gcomhar idir údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí eile, bunaithe ar an gcomhthuiscint gur modh infheistíochta iad uas-sciliú agus athsciliú, féadfar éifeachtacht gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a mhéadú. Trí aird a thabhairt ar inrochtaineacht, ba cheart go n-éascófaí rannpháirtíocht daoine fásta atá faoi mhíchumas.

(22)

Tá faireachán ar an leibhéal náisiúnta agus feabhas leanúnach ar na cuntais foghlama aonair agus an creat cumasúcháin ríthábhachtach chun tacú le cur chun feidhme an Mholta seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh coigeartuithe ina dhiaidh sin ag baint leis an méid teidlíochtaí oiliúna aonair, leis na grúpaí tosaíochta nó le comhtháthú soláimhsithe na n-eilimintí éagsúla den chreat cumasúcháin.

(23)

Gné lárnach de scéimeanna rathúla do chuntais foghlama aonair is ea cistiú leordhóthanach. D’fhéadfadh scéim náisiúnta de chuntais foghlama aonair cionroinnt costas a éascú idir foinsí cistiúcháin éagsúla, amhail údaráis phoiblí, fostóirí agus cistí arna mbainistiú ag comhpháirtithe sóisialta, trí chead a thabhairt d’fhoinsí cistiúcháin éagsúla rannchuidiú leis an gcuntas foghlama aonair. Le meascán d’fhoinsí cistiúcháin, idir phoiblí agus phríobháideach, ba cheart inbhuanaitheacht an tionscnaimh a áirithiú sna Ballstáit, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis. Éascaítear leis an meascán den sórt sin d’fhoinsí cistiúcháin modhnú a dhéanamh ar thacaíocht agus ar bhreiseanna ó fhostóirí dá bhfostaithe, ar bhonn deonach nó mar thoradh ar chomhaontuithe cómhargála.

(24)

Maidir le cistí an Aontais a thacaíonn le scéimeanna foghlama aosach, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (10), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (11), agus an Ciste um Aistriú Cóir (12), agus, i gcás inarb ábhartha, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (13) faoin gClár Next Generation EU, agus saineolas oiriúnaithe tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (14), is féidir leo tacú le cuntais foghlama aonair a bhunú agus lena gcreat cumasúcháin. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

(25)

Tá an Moladh seo gan dochar d’inniúlacht eisiach na mBallstát agus do dháileadh na n-inniúlachtaí laistigh de gach Ballstát ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i ndáil le maoiniú, chomh maith le heagrú agus ábhar a gcóras foghlama agus oiliúna aosach. Ní chuireann sé cosc ar na Ballstáit forálacha a choinneáil nó a bhunú maidir le foghlaim agus oiliúint aosach, forálacha níos airde nó forálacha eile ná na forálacha a mholtar sa Mholadh seo.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i ndearadh na n-athchóirithe. Urramaíonn an Moladh seo go hiomlán neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh siad freagrach as scéimeanna oiliúna a bhunú agus a bhainistiú.

(27)

Maidir leis na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo, ní thagann siad in ionad oiliúint arna soláthar ag fostóirí, seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha nó soláthraithe oideachais agus oiliúna eile, agus níl siad ceaptha cur isteach ar sholáthar na hoiliúna sin, ná níor cheart dóibh teacht in ionad na tacaíochta poiblí d’institiúidí oideachais agus oiliúna nó do chineálacha eile tacaíochta. Ba cheart ualach riaracháin breise a íoslaghdú.

AG MOLADH LEIS SEO:

Cuspóirí

1.

Tá sé d’aidhm ag an Moladh seo tacú le tionscnaimh ó na Ballstáit chun níos mó daoine fásta atá in aois oibre a chumhachtú le dul i mbun oiliúna, ar mhaithe le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú agus le bearnaí scileanna a laghdú. Mar sin, tacóidh sé leis an gcuspóir atá ag an Aontas geilleagar margaidh sóisialta a chur chun cinn atá an-iomaíoch agus a bhfuil sé mar sprioc aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach. Go sonrach, tá sé d’aidhm aige:

(a)

tacú le gach duine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint, lena n-áirítear le haghaidh aistrithe gairmiúla agus gan beann ar a stádas saothair ná gairmiúil;

(b)

cur leis na dreasachtaí agus leis an spreagadh atá ag daoine le hoiliúint a lorg.

2.

Chun na cuspóirí a leagtar amach in mír 1 a bhaint amach, moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuntais foghlama aonair a bhunú mar bhealach lena bhféadfaí daoine aonair a chumasú chun páirt a ghlacadh in oiliúint atá ábhartha don mhargadh saothair. A mhéid a chinneann siad cuntais foghlama aonair a bhunú, moltar do na Ballstáit creat cumasúcháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear deiseanna treorach agus bailíochtaithe, chun glacadh éifeachtach na hoiliúna sin a chur chun cinn, mar a leagtar síos sa Mholadh seo.

Raon feidhme

3.

Cumhdaítear leis an Moladh seo daoine fásta in aois oibre a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát, neamhspleách ar a leibhéal oideachais agus ar a stádas reatha saothair nó gairmiúil. Moltar do na Ballstáit cuntas foghlama aonair a bhunú do gach duine a bhaineann leis an ngrúpa seo, i gcomhréir lena riachtanais agus lena gcúinsí náisiúnta.

Moltar go gcumhdófar oibrithe teorann agus daoine féinfhostaithe a oibríonn i mBallstát seachas an Stát ina bhfuil cónaí orthu go dleathach sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Sainmhínithe

4.

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “teidlíocht oiliúna phearsanta” an ceart rochtain a fháil ar bhuiséad pearsanta atá ar fáil don duine aonair chun na costais dhíreacha a bhaineann le hoiliúint, treoir agus comhairleoireacht, measúnú scileanna nó bailíochtú a bhaineann le margadh an tsaothair, atá incháilithe do chistiú, a chumhdach;

(b)

Is modh seachadta teidlíochtaí oiliúna pearsanta é “cuntas foghlama aonair”. Is cuntas pearsanta é a ligeann do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh agus a chaomhnú le himeacht ama, le haghaidh cibé deis oiliúna, treorach nó bailíochtaithe incháilithe a mheasann siad is úsáidí agus aon uair is mian leo, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta. Deonaítear leis úinéireacht iomlán na dteidlíochtaí, gan beann ar fhoinse an chistiúcháin;

(c)

Ciallaíonn “inaistritheacht” teidlíochtaí oiliúna aonair, a luaithe a thugtar iad, go bhfanann na teidlíochtaí sin i seilbh an duine aonair lena mbaineann, lena n-áirítear le linn aistrithe, amhail idir poist, ó phost go foghlaim, ó fhostaíocht go dífhostaíocht, agus idir gníomhaíocht agus neamhghníomhaíocht;

(d)

Is éard atá i gceist le “creat cumasúcháin” tacaíocht a chuireann chun cinn glacadh éifeachtach teidlíochtaí oiliúna aonair. Áirítear leis sin deiseanna gairmthreorach agus bailíochtaithe, clár náisiúnta deiseanna atá incháilithe do chistiú ó theidlíochtaí oiliúna aonair, tairseach náisiúnta dhigiteach aonair chun rochtain a fháil ar an gcuntas foghlama aonair agus ar an gclárlann náisiúnta, agus saoire oiliúna íoctha.

Cuntas foghlama aonair

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcomhréir le cleachtais agus riachtanais náisiúnta:

5.

cuntas foghlama aonair a bhunú, a d’fhéadfadh bearta eile atá i bhfeidhm cheana a chomhlánú, le haghaidh gach duine aonair a chumhdaítear faoi raon feidhme an Mholta seo tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha;

6.

soláthar leordhóthanach bliantúil a áirithiú do gach cuntas foghlama aonair is féidir a charnadh agus a úsáid thar thréimhse shocraithe, chun oiliúint níos substaintiúla a cheadú;

7.

teidlíochtaí breise oiliúna aonair a chur ar fáil do chuntais na ndaoine aonair is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu, ar bhonn riachtanas náisiúnta nó earnála, lucht saothair nó stádas conartha nó leibhéal cáilíochta an duine aonair, agus aon chúinse ábhartha eile, agus i gcomhréir le critéir shoiléire thrédhearcacha, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha;

8.

a iarraidh ar fhostóirí teidlíochtaí oiliúna pearsanta breise a chur ar fáil do chuntais foghlama aonair a gcuid oibrithe agus daoine eile atá ag obair ina slabhra luacha, go háirithe iad siúd atá ag obair in FBManna, gan cur isteach ar oiliúint inchuideachta;

9.

a iarraidh ar sheirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha chun teidlíochtaí breise oiliúna pearsanta a sholáthar do chuntais foghlama phearsanta aonair na ndaoine aonair is mó atá i ngátar uas-sciliú agus athsciliú;

10.

na coinníollacha a shocrú faoina bhféadfar teidlíochtaí oiliúna aonair a charnadh agus a stóráil, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir ligean do dhaoine aonair a dteidlíochtaí a charnadh chun cúrsaí oiliúna níos faide a mhaoiniú agus iad a spreagadh úsáid rialta a bhaint as a dteidlíochtaí ar feadh a saoil oibre; mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit teorainn ama agus méid uachtarach a bhunú le haghaidh carntha agus stórála;

11.

an deis a chur chun cinn go bhféadfaí teidlíochtaí oiliúna aonair atá i gcuntas i mBallstát a úsáid le haghaidh deiseanna oiliúna incháilithe, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe sa Bhallstát sin, fiú le linn tréimhsí ina bhfuil cónaí ar an duine go dleathach i mBallstát eile.

Creat cumasúcháin

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit a thugann cuntais foghlama aonair isteach iad a leabú i gcreat cumasúcháin lena n-áirítear an méid seo a leanas:

Gairmthreoir agus bailíochtú

12.

Moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe, lena n-áirítear deiseanna measúnaithe scileanna, go pearsanta nó ar líne, ar fáil agus go mbeidh rochtain ag gach úinéir ar chuntas foghlama aonair, saor in aisce nó trína dteidlíochtaí oiliúna pearsanta a úsáid, i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú (15).

Clár náisiúnta le haghaidh oiliúint, gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe cáilíochta incháilithe

13.

Moltar do na Ballstáit clár phoiblí oiliúna, gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe atá incháilithe do chistiú ó theidlíochtaí oiliúna aonair a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta (16). Ba cheart seirbhísí gairmthreorach agus deiseanna bailíochtaithe a sholáthraíonn na Ballstáit saor in aisce do dhaoine aonair a áireamh sa chlár sin freisin.

14.

Moltar do na Ballstáit rialacha soiléire a bhunú agus a fhoilsiú maidir le foirmeacha éagsúla d’oiliúint, de ghairmthreoir agus de dheiseanna bailíochtaithe ábhartha i margadh an tsaothair a áireamh sa chlár, bunaithe ar cheanglais thrédhearcacha maidir le cáilíocht agus bunaithe ar fhaisnéis scileanna agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha go rialta chun freagrúlacht do riachtanais mhargadh an tsaothair a chur chun cinn.

15.

I gcás inarb iomchuí, moltar do na Ballstáit soláthraithe deiseanna foghlama foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a spreagadh chun a dtairiscint a fhorbairt agus a leathnú ar bhonn riachtanais shainaitheanta, lena n-áirítear, mar shampla, trí mhicridhintiúir a sholáthar, i gcomhréir leis an Moladh maidir le micrifhiontair d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht, agus trí leas a bhaint as creataí inniúlachta náisiúnta agus an Aontais.

16.

Moltar do na Ballstáit cuireadh a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, don earnáil oideachais agus oiliúna agus do na geallsealbhóirí ábhartha páirt a ghlacadh sa phróiseas chun na critéir incháilitheachta don oiliúint a áirítear sa chlár a shainiú.

17.

I gcás inarb iomchuí, moltar do na Ballstáit a gclár náisiúnta a oscailt ar bhealach trédhearcach chun deiseanna oiliúna a chuireann soláthraithe i dtíortha eile ar fáil a chur ar fáil.

Tairseach dhigiteach náisiúnta aonair a thacaíonn le cuntais foghlama aonair

18.

Iarrtar ar na Ballstáit ligean do dhaoine aonair rochtain a fháil ar a gcuntas foghlama aonair agus cabhrú leo agus an chlár a nascleanúint go héasca trí fhíordheimhniú leictreonach slán ar thairseach aonair dhigiteach náisiúnta (17) inrochtana (18) ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca ó ghléasanna móibíleacha agus ba cheart í a idirnascadh leis an ardán Europass.

Saoire oiliúna íoctha

19.

Moltar do na Ballstáit dul i mbun idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le socruithe a chuirfidh ar chumas fostaithe páirt a ghlacadh in oiliúint le linn uaireanta oibre agus a gcuntais foghlama aonair á n-úsáid acu.

20.

Moltar do na Ballstáit saoire oiliúna íoctha nó forálacha athsholáthair ioncaim a thabhairt isteach nó athbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht na bhforálacha atá ann cheana, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(a)

an cumhdach atá acu ar gach cineál caidrimh fostaíochta, agus na daoine féinfhostaithe;

(b)

tacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais d’fhostóirí (go háirithe FBManna) a mbaineann a bhfostaithe úsáid as saoire oiliúna íoctha;

(c)

an gá atá le cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin a áirithiú.

For-rochtain agus múscailt feasachta

21.

Moltar do na Ballstáit, i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla agus gníomhaithe ábhartha eile, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí agus feachtais fhor-rochtana agus ardaithe feasachta atá oiriúnaithe do riachtanais thairbhithe ionchasacha na scéime le haghaidh cuntais foghlama aonair. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine aonair siúd is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu mar a shainítear ar an leibhéal náisiúnta, chun daoine aonair incháilithe a chur ar an eolas agus a spreagadh i ndáil lena gcearta agus lena sochair a bhaineann le cuntais foghlama aonair agus leis an gcreat cumasúcháin. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar oibrithe in FBManna freisin, i measc oibrithe eile, agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta á gcur i gcrích.

Faireachán agus feabhsú leanúnach

22.

Moltar do na Ballstáit a thugann cuntais foghlama aonair isteach faireachán agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ar oibriú na gcuntas den sórt sin agus ar an gcreat cumasúcháin, agus coigeartuithe a dhéanamh de réir mar is gá chun cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla, mar shampla maidir le líon na dteidlíochtaí oiliúna, sainmhíniú na ndaoine is mó a bhfuil uas-sciliú agus athsciliú de dhíth orthu agus comhtháthú soláimhsithe na ngnéithe éagsúla den chreat cumasúcháin. Ba cheart dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis sin.

Cistiú

23.

Moltar do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cistiú leordhóthanach agus inbhuanaithe na gcuntas foghlama aonair a áirithiú, agus imthosca náisiúnta agus bearta eile atá i bhfeidhm cheana á gcur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna.

24.

Moltar do na Ballstáit éascaíocht a dhéanamh d’fhoinsí éagsúla cistiúcháin poiblí agus príobháideacha a chomhcheangal chun ranníocaíochtaí a chur leis na teidlíochtaí oiliúna aonair, lena n-áirítear mar thoradh ar chómhargáil.

25.

Moltar do na Ballstáit cistiú inbhuanaithe a áirithiú don chreat cumasúcháin agus do na gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta dá dtagraítear sa Mholadh seo.

26.

Iarrtar ar na Ballstáit an úsáid is mó agus is éifeachtúla is féidir a bhaint as cistí agus ionstraimí an Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste um Aistriú Cóir, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuntais náisiúnta foghlama aonair a bhunú, a bheidh leabaithe i gcreat cumasúcháin, lena n-áirítear trí thairseach dhigiteach náisiúnta aonair a fhorbairt le haghaidh na gcuntas foghlama aonair agus na seirbhísí aitheanta gaolmhara, agus trí chláir náisiúnta oiliúna aitheanta a chruthú;

(b)

teidlíochtaí oiliúna aonair breise a chur ar fáil do chuntais na ndaoine aonair is mó atá i ngátar uas-sciliú agus athsciliú, lena léirítear imthosca náisiúnta agus tosaíochtaí an Aontais lena n-áirítear le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha;

(c)

gairmthreoir agus deiseanna bailíochtaithe a bhunú agus a chur ar fáil;

(d)

gníomhaíochtaí for-rochtana agus múscailte feasachta a eagrú.

Tacaíocht ón Aontas

27.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hinniúlacht an Choimisiúin agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, tacú le cur chun feidhme an Mholta seo, agus leas á bhaint as saineolas atá ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), ag an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus as saineolas atá ag an Údarás Eorpach Saothair (ELA), trí:

(a)

fhoghlaim fhrithpháirteach a éascú i measc na mBallstát chun tacú le bearta iomchuí a cheapadh agus a chur i gcrích chun an Moladh seo a chur chun feidhme;

(b)

an bonn eolais ar chuntais foghlama aonair agus ar shaincheisteanna gaolmhara a mhéadú agus ábhar treorach ábhartha a fhorbairt;

(c)

thuilleadh forbairtí ar an ardán Europass a fhiosrú, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, go háirithe chun idir-inoibritheacht a áirithiú leis na tairseacha náisiúnta aonair digiteacha le haghaidh na gcuntas foghlama aonair, agus na deiseanna foghlama, gairmthreorach agus bailíochtaithe ar féidir na teidlíochtaí difriúla náisiúnta oiliúna aonair a úsáid ina leith a dhéanamh sofheicthe.

Tuairisciú agus meastóireacht

28.

Iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 den Mholadh seo a bhaint amach. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun i dtreo na gcuspóirí sin i gcomhthéacs an fhaireachais iltaobhaigh mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-úsáidfidh an faireachán an fhaisnéis a bailíodh cheana trí chreataí faireacháin eile agus go seachnófar dúbláil, chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin.

29.

Tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta, leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus i gcomhréir leis na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Mholta agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle faoi 17 Meitheamh 2027.

Arna dhéanamh in Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. DUSSOPT


(1)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(2)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(3)  IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

(4)  Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathsciliú agus uas-sciliú mar bhonn chun an inbhuanaitheacht agus an infhostaitheacht a mhéadú, i gcomhthéacs tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta (ST 8682/20).

(5)  Tá socruithe saoire oiliúna ag 24 Bhallstát agus is sínitheoirí le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar Shaoire Oideachais Íoctha iad 12 Bhallstát (amhail ó Mhárta 2022).

(6)  D’fhéadfadh teidlíochtaí oiliúna, mar shampla, gníomhaíochtaí oiliúna aitheanta a cheadú do gach duine aonair ar fiú 30 uair an chloig iad agus 50 uair an chloig i gcás na ndaoine is mó atá i ngátar.

(7)  Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ón 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], tagraítear do 14 éiceachóras tionsclaíocha le haghaidh tacaíocht thiomnaithe, lena n-áirítear forbairt scileanna a lucht saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

(8)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.

(9)  Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo.

(10)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(15)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.

(16)  Iarrtar ar na Ballstáit an clár seo a chur i gcomhréir leis an tSamhail Foghlama Eorpach, samhail sonraí a bhfuil sé d’aidhm aige caighdeánú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar sonraí ar fhoghlaim a chomhroinnt agus a chur i láthair. Féadfar an tSamhail Foghlama Eorpach a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla foghlama, mar shampla chun cur síos a dhéanamh ar dheiseanna foghlama, ar cháilíochtaí, ar dhintiúir agus ar chreidiúnú. Cuireann sé leis na réimsí sonraí a thuairiscítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 15.6.2017, lch. 15).

(17)  I gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(18)  Ba cheart tairseacha den sórt sin a bhunú i gcomhréir le prionsabail na teachtaireachta ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 maidir le Creat Eorpach Idir-inoibritheachta.


Top