Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2509

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2509 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 lena gcinntear teorainneacha cainníochtúla agus lena leithdháiltear cuótaí do shubstaintí a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9109) (Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Cróitise, Ollainnise, Fionlainnise, Fraincise, Gaeilge, Gearmáinise, Ungáirise, Iodáilise, Laitvise, Máltaise, Polainnise, Portaingéilise, Seicise, Spáinnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

    C/2022/9109

    IO L 325, 20.12.2022, p. 162–178 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2509/oj

    20.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 325/162


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2509 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Nollaig 2022

    lena gcinntear teorainneacha cainníochtúla agus lena leithdháiltear cuótaí do shubstaintí a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9109)

    (Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Cróitise, Ollainnise, Fionlainnise, Fraincise, Gaeilge, Gearmáinise, Ungáirise, Iodáilise, Laitvise, Máltaise, Polainnise, Portaingéilise, Seicise, Spáinnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (1), agus go háirithe Airteagal 10(2) agus Airteagal 16(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá scaoileadh substaintí rialaithe allmhairithe le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir teorainneacha cainníochtúla.

    (2)

    Ceanglaítear ar an gCoimisiún na teorainneacha sin a chinneadh agus cuótaí a leithdháileadh ar ghnóthais.

    (3)

    Thairis sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún cainníochtaí na substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin a fhéadfar a úsáid le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, agus na gnóthais a fhéadfaidh iad a úsáid, a chinneadh.

    (4)

    Le cinneadh na gcuótaí leithdháilte le haghaidh úsáidí fíor-riachtanacha saotharlainne agus anailíse, ní mór a áirithiú go n-urramófar na teorainneacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 10(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm (2). Ós rud é go n-áirítear leis na teorainneacha cainníochtúla sin cainníochtaí hidreaclórafluaracarbón atá ceadúnaithe le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse, ba cheart táirgeadh agus allmhairiú hidreaclórafluaracarbón le haghaidh na n-úsáidí sin a chumhdach leis an leithdháileadh sin freisin.

    (5)

    D’fhoilsigh an Coimisiún fógra chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse in 2023 (3), agus dá réir fuair sé dearbhuithe maidir le hallmhairí atá beartaithe in 2023.

    (6)

    Ba cheart na teorainneacha cainníochtúla agus na cuótaí a chinneadh le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, i gcomhréir leis an tuarascáil thimthriallach bhliantúil faoi Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Teorainneacha cainníochtúla maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta

    Is iad seo a leanas cainníochtaí na substaintí rialaithe atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 a fhéadfar a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas in 2023 ó fhoinsí lasmuigh den Aontas:

    Substaintí rialaithe

    Cainníocht (ina cileagraim acmhainne ídithe ózóin (ODP))

    Grúpa I (clórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115) agus grúpa II (clórafluaracarbóin lán-hailiginithe eile)

    500 550,00

    Grúpa III (halóin)

    26 559 050,00

    Grúpa IV (teitreaclóiríd charbóin)

    385 552,20

    Grúpa V (1,1,1-tríchlóireatán)

    2 500 000,00

    Grúpa VI (bróimíd mheitile)

    588 835,20

    Grúpa VII (hidreabrómafluaracarbóin)

    4 788,16

    Grúpa VIII (hidreaclórafluaracarbóin)

    4 878 559,75

    Grúpa IX (brómaclóraimeatán)

    264 024,00

    Airteagal 2

    Cuótaí a leithdháileadh maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta

    1.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh clórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115 agus le haghaidh clórafluaracarbóin lán-hailiginithe eile le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn I a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    2.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh halón le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn II a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    3.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh teitreaclóiríd charbóin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn III a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    4.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh 1,1,1-tríchlóireatáin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn IV a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    5.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh bróimíd mheitile le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn V a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    6.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh hidreabrómafluaracarbón le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VI a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    7.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh hidreaclórafluaracarbóin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VII a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    8.   Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh brómaclóraimeatáin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VIII a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.

    9.   Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a bheidh na cuótaí aonair le haghaidh gnóthas.

    Airteagal 3

    Na cuótaí le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse

    Leithdháilfear na cuótaí le haghaidh allmhairiú agus táirgeadh substaintí rialaithe le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse sa bhliain 2023 ar na gnóthais a liostaítear in Iarscríbhinn X.

    Leagtar amach in Iarscríbhinn XI na cainníochtaí uasta a fhéadfar a tháirgeadh agus a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023 a leithdháiltear ar na gnóthais sin.

    Airteagal 4

    Tréimhse bhailíochta

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 5

    Seolaithe

    Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

    1

    A-Gas Deutschland GmbH

    Bei den Kämpen 22

    21220 Seevetal

    An Ghearmáin

    2

    A-Gas Italia s.r.l.

    Via Cavour 96

    67051 Avezzano

    An Iodáil

    3

    Abcr GmbH

    Im Schlehert 10

    76187 Karlsruhe

    An Ghearmáin

    4

    AGC Pharma Chemicals Europe

    Cami de la Pomereda 13

    08380 Malgrat de Mar

    An Spáinn

    5

    Agilent Technologies Deutschland GmbH

    Hewlett-Packard-Str. 8

    D-76337 Waldbronn

    An Ghearmáin

    6

    Airsense Analytics GmbH

    Hagenower Str. 73

    19061 Schwerin

    An Ghearmáin

    7

    Albemarle Europe SPRL

    Parc Scientifique Einstein, Rue du Bosquet 9

    B-1348 Louvain-la-Neuve

    An Bheilg

    8

    Arkema France

    Rue Estienne d’Orves 420

    92705 Colombes Cedex

    An Fhrainc

    9

    Ateliers Bigata SASU

    Rue Jean-Baptiste Perrin 10

    33320 Eysines

    An Fhrainc

    10

    BASF Agri-Production S.A.S.

    Rue de Verdun 32

    76410 Saint-Aubin Les Elbeuf

    An Fhrainc

    11

    Bayer AG

    Alfred-Nobel-Str. 50

    40789 Monheim

    An Ghearmáin

    12

    Biovit d.o.o.

    Varazdinska ulica - Odvojak II 15

    HR-42000 Varazdin

    An Chróit

    13

    BTC B.V.

    Albert Thijsstraat 65

    6471WX Eygelshoven

    An Ísiltír

    14

    Ceram Optec SIA

    Skanstes street 7 K-1

    LV-1013 Riga

    An Laitvia

    15

    Chemours Netherlands B.V.

    Baanhoekweg 22

    3313LA Dordrecht

    An Ísiltír

    16

    CPAChem Ltd

    Ivanka Terzieva 2

    6065 Bogomilovo

    An Bhulgáir

    17

    Daikin Refrigerants Frankfurt GmbH

    Industriepark Hoechst D821

    65926 Frankfurt

    An Ghearmáin

    18

    Dyneon GmbH

    Industrieparkstr. 1

    84508 Burgkirchen

    An Ghearmáin

    19

    EAF protect s.r.o.

    Karlovarská 131/50

    35002 Cheb 2

    Poblacht na Seice

    20

    Euroapi France

    La paterie 4

    63480 Vertolaye

    An Fhrainc

    21

    Fermion oy

    Koivu-Mankkaan tie 6

    02200 Espoo

    An Fhionlainn

    22

    FOT LTD

    Ovcha kupel 13

    1618 Sóifia

    An Bhulgáir

    23

    Gedeon Richter Plc.

    Gyömrői út 19-21.

    H-1103 Búdaipeist

    An Ungáir

    24

    GHC Gerling, Holz & Co. Handels GmbH

    Ruhrstr. 113

    22761 Hamburg

    An Ghearmáin

    25

    Gielle Industries di Luigi Galantucci

    Via Ferri Rocco 32

    70022 Altamura

    An Iodáil

    26

    Hovione FarmaCiencia SA

    Quinta de S. Pedro - Sete Casas

    2674-506 Loures

    An Phortaingéil

    27

    Hugen Maintenance for Aircraft B.V.

    Marketing 43

    6921 Duiven

    An Ísiltír

    28

    Hugen Reprocessing Company Dutch Halonbank bv

    Marketing 43

    6921 RE Duiven

    An Ísiltír

    29

    I2 Analytical Limited sp. z o. o. Oddział w Polsce

    Pionierów 39

    41-711 Ruda Śląska

    An Pholainn

    30

    ICL Europe Cooperatief U.A.

    Koningin Wilhelminaplein 30

    1062 KR Amstardam

    An Ísiltír

    31

    Interscience B.V.

    Tinstraat 16

    4823AA Breda

    An Ísiltír

    32

    L’Hotellier SAS

    Rue Henri Poincaré 4

    92160 Antony

    An Fhrainc

    33

    Labmix24 GmbH

    Industriestr. 18A

    46499 Hamminkeln

    An Ghearmáin

    34

    Laboratorios Miret S.A.

    Geminis 4

    08228 Terrassa

    An Spáinn

    35

    Laboratory Supplies Ltd T/A Lennox

    JFK Drive

    D12FP79 Baile Átha Cliath

    Éire

    36

    LGC Standards GmbH

    Mercatorstr. 51

    46485 Wesel

    An Ghearmáin

    37

    Lufthansa Technik AG

    Weg beim Jäger 193

    22335 Hamburg

    An Ghearmáin

    38

    Martec SpA

    Via dell’industria 1

    I-20060 Vignate

    An Iodáil

    39

    Mebrom NV

    Suikerkaai 66

    9060 Zelzate

    An Bheilg

    40

    Mebrom Technology NV

    Antwerpsesteenweg 45

    2830 Willebroek

    An Bheilg

    41

    Neochema GmbH

    Uwe-Zeidler-Ring 10

    55294 Bodenheim

    An Ghearmáin

    42

    P.U. Poz-Pliszka Sp. z o.o.

    Mialki Szlak 52

    80-717 Gdansk

    An Pholainn

    43

    Philipps-Universität Marburg

    Biegenstrasse 10

    35032 Marburg

    An Ghearmáin

    44

    R.P. Chem s.r.l.

    Via San Michele 47

    31032 Casale sul Sile (TV)

    An Iodáil

    45

    Restek France

    Avenue du General de Gaulle 7

    91090 Lisses

    An Fhrainc

    46

    Restek GmbH

    Schaberweg 23

    Bad Homburg

    An Ghearmáin

    47

    Restek S.r.l.

    Via G. Miglioli 2/A

    20063 Cernusco sul Naviglio

    An Iodáil

    48

    Savi Technologie sp. z o.o. sp. k.

    Psary Wolnosci 20

    51-180 Wroclaw

    An Pholainn

    49

    Sigma Aldrich Chimie sarl

    Rue de Luzais 80

    38070 Saint Quentin Fallavier

    An Fhrainc

    50

    Sigma-Aldrich Chemie GmbH

    Riedstraße 2

    89555 Steinheim

    An Ghearmáin

    51

    Societe Air France Industries

    Aeroport de Paris

    94290 Villeneuve le Roi

    An Fhrainc

    52

    Solvay Fluor GmbH

    Hans-Boeckler-Allee 20

    30173 Hannover

    An Ghearmáin

    53

    Solvay France S.A

    Rue des Cuirassiers, Immeuble Silex 2 Solvay 9

    69003 Lyon

    An Fhrainc

    54

    Solvay Specialty Polymers Italy SpA

    Viale Lombardia 20

    20021 Bollate

    An Iodáil

    55

    Sterling Chemical Malta Limited

    Hal Far Industrial Estate HF 51

    1504 Floriana

    Málta

    56

    Sterling SpA

    Via della Carboneria 30

    06073 Solomeo - Corciano (PG)

    An Iodáil

    57

    Tazzetti SAU

    Calle Roma 2

    28813 Torres de la Alameda

    An Spáinn

    58

    Tazzetti SpA

    Corso Europa 600/A

    10088 Volpiano

    An Iodáil

    59

    Techlab SARL

    La tannerie 4C

    57072 Metz Cedex 3

    An Fhrainc

    60

    TEGA - Technische Gase und Gasetechnik GmbH

    Werner-von-Siemens-Str. 18

    D-97076 Würzburg

    An Ghearmáin

    61

    Ultra Scientific Italia srl

    Via emilia 51/D

    40011 Anzola emilia

    An Iodáil

    62

    UTM Umwelt-Technik-Metallrecycling GmbH

    Alt-Herrenwyk 12

    23569 Lübeck

    An Ghearmáin

    63

    Valliscor Europa Limited

    13-18 Cé na Cathrach

    D02 ED70 Baile Átha Cliath

    Éire

    64

    Vatro-Servis d.o.o.

    Dravska 61

    42202 Trnovec Bartolovecki

    An Chróit

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Frans TIMMERMANS

    Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


    (1)  IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 maidir leis an sásra le haghaidh leithdháileadh na gcainníochtaí substaintí rialaithe a cheadaítear le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 147, 2.6.2011, lch. 4).

    (3)  IO C 104, 4.3.2022, lch. 46.


    IARSCRÍBHINN I

    GRÚPAÍ I agus II

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh chlórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115 agus clórafluaracarbóin lán-hailiginithe a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus oibreán próisis le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT)

    Tazzetti SAU (ES)

    Tazzetti SpA (IT)

    TEGA - Technische Gase und Gasetechnik GmbH (DE)


    IARSCRÍBHINN II

    GRÚPA III

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh halón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus úsáidí criticiúla le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    A-Gas Deutschland GmbH (DE)

    A-Gas Italia s.r.l. (IT)

    Abcr GmbH (DE)

    Arkema France (FR)

    Ateliers Bigata SASU (FR)

    BASF Agri-Production S.A.S. (FR)

    BTC B.V. (NL)

    EAF protect s.r.o. (CZ)

    Gielle Industries di Luigi Galantucci (IT)

    Hugen Maintenance for Aircraft B.V. (NL)

    Hugen Reprocessing Company Dutch Halonbank bv (NL)

    L’Hotellier SAS (FR)

    Lufthansa Technik AG (DE)

    Martec SpA (IT)

    P.U. Poz-PLiszka Sp. z o.o. (PL)

    Savi Technologie sp. z o.o. sp. k. (PL)

    Societe Air France Industries (FR)

    UTM Umwelt-Technik-Metallrecycling GmbH (DE)

    Vatro-Servis d.o.o. (HR)


    IARSCRÍBHINN III

    GRÚPA IV

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh teitreaclóiríd charbóin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus úsáidí oibreán próisis le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    Arkema France (FR)

    Ceram Optec SIA (LV)


    IARSCRÍBHINN IV

    GRÚPA V

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh 1,1,1-tríchlóireatáin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Arkema France (FR)


    IARSCRÍBHINN V

    GRÚPA VI

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh bróimíd mheitile a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    Euroapi France (FR)

    GHC Gerling, Holz & Co. Handels GmbH (DE)

    ICL Europe Cooperatief U.A. (NL)

    Mebrom NV (BE)

    Mebrom Technology NV (BE)

    Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE)


    IARSCRÍBHINN VI

    GRÚPA VII

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh hidreabrómafluaracarbón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    Euroapi France (FR)

    Fermion oy (FI)

    Hovione FarmaCiencia SA (PT)

    R.P. Chem s.r.l. (IT)

    Sterling Chemical Malta Limited (MT)

    Sterling SpA (IT)

    Valliscor Europa Limited (IE)


    IARSCRÍBHINN VII

    GRÚPA VIII

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh hidreaclórafluaracarbón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    Arkema France (FR)

    Bayer AG (DE)

    Chemours Netherlands B.V. (NL)

    Dyneon GmbH (DE)

    Solvay Fluor GmbH (DE)

    Solvay France S.A (FR)

    Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT)

    Tazzetti SAU (ES)

    Tazzetti SpA (IT)


    IARSCRÍBHINN VIII

    GRÚPA IX

    Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh brómaclóraimeatáin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Cuideachta

    Albemarle Europe SPRL (BE)

    ICL Europe Cooperatief U.A. (NL)

    Laboratorios Miret S.A. (ES)

    Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE)

    Valliscor Europa Limited (IE)


    IARSCRÍBHINN IX

    (Íogair ó thaobh na tráchtála de – i modh rúin – níl seo le foilsiú)


    IARSCRÍBHINN X

    Na gnóthais atá i dteideal a tháirgeadh agus a allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse in 2023

    Cuóta na substaintí rialaithe a bhféadfar a úsáid le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse, leithdháiltear ar na gnóthais seo a leanas iad:

    Cuideachta

    Abcr GmbH (DE)

    AGC Pharma Chemicals Europe (ES)

    Agilent Technologies Deutschland GmbH (DE)

    Airsense Analytics GmbH (DE)

    Arkema France (FR)

    Bayer AG (DE)

    Biovit d.o.o. (HR)

    CPAChem Ltd (BG)

    Daikin Refrigerants Frankfurt GmbH (DE)

    Fot LTD (BG)

    Gedeon Richter Plc. (HU)

    I2 Analytical Limited sp. z o. o. Oddział w Polsce (PL)

    Interscience B.V. (NL)

    Labmix24 GmbH (DE)

    Laboratory Supplies Ltd T/A Lennox (IE)

    LGC Standards GmbH (DE)

    Neochema GmbH (DE)

    Philipps-Universität Marburg (DE)

    Restek France (FR)

    Restek GmbH (DE)

    Restek S.r.l. (IT)

    Sigma Aldrich Chimie sarl (FR)

    Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE)

    Solvay Fluor GmbH (DE)

    Solvay France S.A (FR)

    Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT)

    Techlab SARL (FR)

    Ultra Scientific Italia srl (IT)

    Valliscor Europa Limited (IE)


    IARSCRÍBHINN XI

    (Íogair ó thaobh na tráchtála de – i modh rúin – níl seo le foilsiú)


    Top