EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2444

Cinneadh (CBES) 2022/2444 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir(EUMPM Niger)

ST/14820/2022/INIT

IO L 319, 13.12.2022, p. 86–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 29/06/2024; Arna aisghairm le 32024D1498

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2444/oj

13.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 319/86


CINNEADH (CBES) 2022/2444 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2022

maidir le misean comhpháirtíochta míleata de chuid an Aontais Eorpaigh sa Nígir(EUMPM Niger)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 16 Aibreán 2021, shainigh an Chomhairle Straitéis Chomhtháite an Aontais Eorpaigh sa tSaiheil. Chuir an Chomhairle in iúl go háirithe gur cúis imní di go bhfuil méadú ag teacht de réir a chéile aran neamhshlándáil chomh maith leis an tionchar atá ag an méadú sin, arb iad na pobail shibhialtacha is túisce atá thíos léi, go bhfuil géarú déanta aici ar staid ina bhfuil an iliomad géarchéimeanna, agus iarmhairtí daonnúla nach bhfacthas a leithéid cheana sa réigiún, lena n-áirítear méadú ar líon na ndaoine atá easáitithe ina dtír féin agus líon na ndídeanaithe, méadú ar an easáitiú éigeantais, ar mhí-úsáid, ar theannas idirphobail agus sa phobail, leathadh géarchéimeanna bia agus cothaithe a tharlaíonn arís is arís eile, méadú ar riachtanais sláinte, agus ar a dheacra atá sé seirbhísí stáit a bhunú i limistéir choinbhleachta, agus d’aithin sí go gcuireann an éagobhsaíocht leis an imirce neamhrialta freisin. Chuir an Chomhairle i dtreis freisin go leanfaidh an tAontas de bheith ag rannchuidiú le fothú acmhainneachta i réimsí na cosanta agus na slándála trí mhisin de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a shlógadh. Chuir an Chomhairle i dtábhacht go leanfaidh urraim agus cur chun cinn chearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne agus daoine aonair a chosaint ar aon ionsaí ar a n-ionracas, de bheith i gcroílár ghníomhaíocht an Aontais i ngach réimse dá idirghabháil sa tSaiheil.

(2)

An 30 Meitheamh 2022, agus an tAthbhreithniú Straitéiseach Iomlánach ar mhisin CBSC EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali á thabhairt i gcrích, mheas an Coiste Polaitiúil agus Slándála go mbeadh sé iomchuí misean tiomnaithe míleata CBSC a bhunú i gcomhar le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil don Nígir.

(3)

An 18 Iúil 2022, bhunaigh an Chomhairle beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire. Go háirithe, leis an mbeart cúnaimh, tacaítear le hIonad Oiliúna Teicneoirí na bhFórsaí Armtha a bhunú.

(4)

I litir dar dáta an 30 Samhain 2022, d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair Phoblacht na Nígire ar an Aontas misean comhpháirtíochta míleata CBSC de chuid an Aontais a imscaradh sa Nígir chun cur le hacmhainneacht mhíleata Fhórsaí Armtha na Nígire chun tacú leis an Nígir sa chomhrac atá aici i gcoinne grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(5)

An 12 Nollaig 2022, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistíochta Géarchéime maidir le misean comhpháirtíochta míleata CBSC a d’fhéadfadh a bheith sa Nígir chun tacú le cur chun feidhme phlean fothaithe acmhainneachta don Nígir, trí thacú le bunú Ionad Oiliúna Teicneoirí na bhFórsaí Armtha i gcomhar leis an mbeart cúnaimh a glacadh an 18 Iúil 2022, lena bhforáiltear, arna iarraidh sin, oiliúint speisialaithe a chur ar fáil do speisialtóirí Fhórsaí Armtha na Nígire agus trí thacú le briogáid nua tacaíochta cumarsáide agus ceannais a chruthú. Ba cheart an misean sin a bhunú.

(6)

Faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil a fheidhmiú ar mhisean comhpháirtíochta míleata CBSC sa Nígir, treoir straitéiseach a thabhairt dó agus na cinntí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(7)

Is gá comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích maidir le stádas aonad agus pearsanra faoi stiúir an Aontais sa Nígir, agus maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit sa mhisean.

(8)

De bhun Airteagal 41(2) CAE, agus i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (1), is iad na Ballstáit a íocfaidh as an gcaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as an gCinneadh seo, a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aige,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Misean

1.   Seolfaidh an tAontas misean comhpháirtíochta míleata sa Nígir (EUMPM Niger), chun tacú leis an Nígir sa chomhrac atá aici, i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, i gcoinne grúpaí armtha sceimhlitheoireachta.

2.   Is é an cuspóir straitéiseach a bheidh ag EUMPM Niger tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na Nígire, feabhas a chur ar a gcumas an bhagairt ó ghrúpaí armtha sceimhlitheoireachta a shrianadh, agus muintir na Nígire a chosaint agus timpeallacht shábháilte shlán a áirithiú.

3.   Chuige sin, déanfaidh EUMPM Niger an méid seo a leanas:

(a)

tacóidh sé le hIonad Oiliúna Teicneoirí na bhFórsaí Armtha a bhunú agus a neartú, trí chomhairle agus oiliúint a chur ar fáil, lena n-áirítear d’oiliúnóirí;

(b)

tacóidh sé le sainchumais Fhórsaí Armtha na Nígire a fhorbairt, trí oiliúint speisialaithe ar éileamh a chur ar fáil;

(c)

tacóidh sé le briogáid roghnaithe tacaíochta cumarsáide agus ceannais a chruthú agus a neartú, trí oiliúint agus meantóireacht a dhéanamh ar a haonaid, ar a speisialtóirí agus ar a slabhra ceannais, ionas gur féidir é a imscaradh ina dhiaidh sin chun tacú le hoibríochtaí na Nígire i gcomhréir leis an dlí um chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

4.   Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine agus prionsabal an chomhionannais inscne, cosaint na sibhialtach, agus na cláir oibre faoi Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, Rún 2250 (2105) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus Rún 1612 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha a chomhtháthú go hiomlán agus a phríomhshruthú go réamhghníomhach i bpleanáil, gníomhaíochtaí agus tuairisciú straitéiseach agus oibríochtúil EUMPM Niger.

5.   Ina theannta sin, éascóidh EUMPM Niger an cúnamh a chuirtear ar fáil don Nígir leis an tSaoráid Eorpach Síochána i ndáil le hIonad Oiliúna Teicneoirí na bhFórsaí Armtha agus, má chinneann an Chomhairle ar an mbeart cúnaimh is gá, i ndáil leis an mbriogáid tacaíochta cumarsáide agus ceannais arna roghnú. Déanfar gníomhaíochtaí an mhisin a chomhordú le soláthar trealaimh in am trátha tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

Airteagal 2

Ceapachán Ceannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh

Is é Stiúrthóir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bheidh mar Cheannasaí Mhisean EUMPM Niger.

Airteagal 3

Ceanncheathrú an Mhisin a ainmniú

1.   Struchtúr statach ceannais agus rialaithe ar an leibhéal straitéiseach míleata lasmuigh de limistéar na n-oibríochtaí a bheidh sa MPCC. Beidh sé freagrach as pleanáil oibríochtúil agus iompar EUMPM Niger.

2.   Beidh Ceanncheathrú Fhórsa Mhisean EUMPM Niger lonnaithe sa Nígir agus oibreoidh sé faoi cheannas Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh.

3.   Áireofar in MPCC aonad tacaíochta de Cheanncheathrú an Fhórsa Misin sa Bhruiséil go dtí go mbeidh acmhainneacht oibríochtúil iomlán bainte amach ag MPCC.

Airteagal 4

Pleanáil agus seoladh EUMPM Niger

Glacfaidh an Chomhairle an Cinneadh EUMPM Niger a sheoladh, tar éis di an Plean Misin agus na Rialacha Rannpháirtíochta a fhormheas.

Airteagal 5

Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach

1.   Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUMPM Niger. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 CAE. Áireofar leis an údarú sin an cumhacht chun na doiciméid phleanála a leasú, lena n-áirítear an Plean Misin, agus an Slabhra Ceannais. Áireofar leis freisin an chumhacht chun cinntí a ghlacadh maidir le ceapadh Cheannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh amach anseo. Leanfaidh na cumhachtaí chun cuspóirí EUMPM Niger a chinneadh agus an chumhacht chun EUMPM Niger a fhoirceannadh de bheith dílsithe don Chomhairle.

2.   Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.

3.   Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuarascálacha go tráthrialta ó Chathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) maidir le stiúradh EUMPM Niger. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do Cheannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh agus do Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 6

Treoir mhíleata

1.   Déanfaidh EUMC faireachán ar fheidhmiú cuí EUMPM Niger arna dhéanamh faoi fhreagracht Cheannasaí Mhisean an Aontais.

2.   Gheobhaidh EUMC tuarascálacha ó Cheannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh go tráthrialta. Féadfaidh EUMC cuireadh a thabhairt do Cheannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh nó do Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.

3.   Feidhmeoidh Cathaoirleach EUMC mar phríomhphointe teagmhála le Ceannasaí Mhisean an Aontais.

Airteagal 7

Comhchuibheas fhreagairt agus chomhordú an Aontais

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Chinnidh seo agus a chomhchuibheas le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar an iomlán, lena n-áirítear cláir forbartha an Aontais agus a chláir um chúnamh daonnúil.

2.   Gan dochar do shlabhra ceannais agus do rialú polaitiúil agus do threo straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála, gheobhaidh Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais treoir pholaitiúil áitiúil ó Cheann Thoscaireacht an Aontais chuig na Nígir.

3.   Déanfaidh EUMPM Niger comhordú dlúth le EUCAP Sahel Niger maidir leis na réimsí ábhartha saineolais chun rannchuidiú leis an idir-inoibritheacht idir EUCAP Sahel Niger, EUMPM Niger agus fórsaí slándála agus cosanta na Nígire.

4.   Ina theannta sin, déanfaidh EUMPM Niger a ghníomhaíochtaí a chomhordú le tionscnaimh, iarrachtaí agus gníomhaíochtaí déthaobhacha atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo sa Nígir agus, de réir mar is iomchuí, le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a thacaíonn le plean fothaithe acmhainneachta Fhórsaí Armtha na Nígire.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht tríú Stáit

1.   Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ná dá chreat institiúideach aonair, agus i gcomhréir le treoirlínte ábhartha na Comhairle Eorpaí, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach in EUMPM Niger.

2.   Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do thríú Stáit rannchuidiú a thairiscint agus na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le glacadh leis an rannchuidiú atá beartaithe, ar mholadh ó Cheannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh, i gcomhairle le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh agus le EUMC.

3.   Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE. I gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag tríú Stát lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát i misin bainistíochta géarchéime de chuid an Aontais, beidh feidhm freisin ag forálacha an chomhaontaithe úd i gcomhthéacs EUMPM Niger.

4.   Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tríú Stáit a thugann rannchuidiú suntasach míleata do EUMPM Niger i ndáil le bainistiú laethúil EUMPM Niger agus a bhíonn ag na Ballstáit a ghlacann páirt in EUMPM Niger.

5.   I gcás ina ndéanann tríú Stáit rannchuidiú suntasach míleata le EUMPM Niger, údaraíonn an Chomhairle leis seo don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le Coiste na gCuiditheoirí a chur ar bun.

Airteagal 9

Stádas an phearsanra atá faoi stiúir an Aontais

Beidh stádas na n-aonad agus an phearsanra faoi stiúir an Aontais, lena n-áirítear na pribhléidí, na díolúintí agus aon ráthaíochtaí breise is gá chun a misean a chomhlíonadh agus a fheidhmiú go rianúil, ina n-ábhar do chomhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE.

Airteagal 10

Socruithe airgeadais

1.   Riarfar costais choiteanna EUMPM Niger i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Is é EUR 27,3 milliún a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais do chostais choiteanna EUMPM Niger ar feadh thréimhse 3 bliana tar éis dháta glactha an Chinnidh seo. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 15 % le haghaidh gealltanas agus 10 % le haghaidh íocaíochtaí.

Airteagal 11

Aonad tionscadail

1.   Féadfaidh aonad tionscadail a bheith ag EUMPM Niger chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le sainordú EUMPM Niger agus chun tacú lena chuspóirí, ba cheart go ndéanfadh EUMPM Niger na tionscadail sin a chomhordú, a éascú agus go gcuirfeadh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí.

2.   Faoi réir mhír 3, údarófar do Cheannasaí Mhisean an Aontais ranníocaíochtaí airgeadais a lorg ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile EUMPM Niger agus ar tionscadail atá comhsheasmhach leo. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh Ceannasaí Mhisean an Aontais socrú a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit nó leis na tríú Stáit sin, socrú lena gcumhdaítear go háirithe na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe i ndáil le damáiste a eascraíonn as gníomhaíochtaí nó as neamhghníomhaíochtaí de chuid Cheannasaí Mhisean an Aontais maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Ballstáit nó ag tríú Stáit sin.

3.   Ní bheidh, in imthosca ar bith, an tAontas ná an tArdionadaí faoi dhliteanas ag na Ballstáit nó ag na tríú Stáit is ranníocóirí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí nó ar neamhghníomhaíochtaí a dhéanfadh Ceannasaí Mhisean an Aontais maidir leis an úsáid a bhainfí as cistí ó na Ballstáit nó ó na tríú Stáit sin.

4.   Maidir le glacadh le ranníocaíocht airgeadais ó Bhallstáit nó ó thríú Stáit don aonad tionscadail, beidh sé coinníollach ar chomhaontú an Choiste Pholaitiúil agus Slándála.

Airteagal 12

Scaoileadh faisnéise

1.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, arna giniúint agus i gcomhréir le riachtanais EUMPM Niger, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais EUMPM Niger, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (2):

(a)

suas go dtí an leibhéal dá bhforáiltear sna comhaontuithe um shlándáil faisnéise is infheidhme arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú Stát lena mbaineann; nó,

(b)

suas go dtí an leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” i gcásanna eile.

2.   I gcás ina mbeidh gá oibríochtúil sonrach agus láithreach ann, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais suas go dtí an leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”, arna giniúint chun críocha EUMPM Niger, a scaoileadh chuig an Nígir i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar socruithe idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla na Nígire a tharraingt suas chun na críche sin.

3.   Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil le EUMPM Niger agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (3).

4.   Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, chomh maith leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig foireann na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Ceannasaí Mhisean an Aontais nó chuig Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Tiocfaidh deireadh le EUMPM Niger 3 bliana tar éis dháta glactha an Cinnidh seo.

3.   Déanfar an Cinneadh sin a aisghairm ó dháta dúnta Cheanncheathrú Fórsa Misin, i gcomhréir le pleananna a formheasadh le haghaidh fhoirceannadh EUMPM Niger, agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais EUMPM Niger a iniúchadh agus a chur i láthair, mar a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


Top