This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0498
Commission Implementing Decision (EU) 2022/498 of 22 March 2022 amending Implementing Decision (EU) 2020/167 as regards harmonised standards for avalanche beacons, satellite earth stations and systems, land mobile earth stations, maritime mobile earth stations, IMT cellular networks equipment, fixed radio systems, digital terrestrial TV transmitters, mobile communication on board aircraft systems, multi Gbps radio equipment, broadcast sound receivers, audio frequency induction loop drivers, primary surveillance radars and TETRA radio equipment (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/498 ón gCoimisiún an 22 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rabhcháin maidhme sneachta, domhanstáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte, domhanstáisiúin mhóibíleacha talún, domhanstáisiúin mhóibíleacha muirí, trealamh líonraí ceallacha IMT, córais raidió sheasta, tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh, trealamh raidió il-Gb/s, glacadóirí fuaime craolacháin, tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, radair phríomhúla faireachais, agus trealamh raidió TETRA (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/498 ón gCoimisiún an 22 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rabhcháin maidhme sneachta, domhanstáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte, domhanstáisiúin mhóibíleacha talún, domhanstáisiúin mhóibíleacha muirí, trealamh líonraí ceallacha IMT, córais raidió sheasta, tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh, trealamh raidió il-Gb/s, glacadóirí fuaime craolacháin, tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, radair phríomhúla faireachais, agus trealamh raidió TETRA (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1708
IO L 101, 29.3.2022, p. 34–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 10/11/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022D2191
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/34 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/498 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rabhcháin maidhme sneachta, domhanstáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte, domhanstáisiúin mhóibíleacha talún, domhanstáisiúin mhóibíleacha muirí, trealamh líonraí ceallacha IMT, córais raidió sheasta, tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh, trealamh raidió il-Gb/s, glacadóirí fuaime craolacháin, tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, radair phríomhúla faireachais, agus trealamh raidió TETRA
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin, ceanglais fhíor-riachtanacha a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi na codanna sin díobh. |
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/53/AE (“an iarraidh”). |
(3) |
Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh ETSI na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 300 718-1 V2.2.1 maidir le rabhcháin maidhme sneachta, EN 303 345-3 V1.1.1 agus EN 303 345-4 V1.1.1 maidir le glacadóirí fuaime craolacháin, EN 303 348 V1.2.1 maidir le tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, EN 303 364-2 V1.1.1 maidir le radair phríomhúla faireachais, EN 303 372-1 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1, EN 303 980 V1.2.1 agus EN 303 981 V1.2.1 maidir le stáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte agus EN 303 758 V1.1.1 maidir le trealamh raidió TETRA. |
(4) |
Ar bhonn na hiarrata céanna, rinne ETSI athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1, ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Teachtaireacht 2018/C 326/04 ón gCoimisiún (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 301 444 V2.2.1 maidir le stáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáide satailíte, EN 301 908-15 V15.1.1 maidir le líonraí ceallacha IMT, EN 302 296 V2.2.1 maidir le tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, EN 302 480 V2.2.1 maidir le córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh agus EN 302 567 V2.2.1 maidir le trealamh raidió il-Gb/s. |
(5) |
Ar bhonn na hiarrata céanna, rinne ETSI athbhreithniú freisin ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le líonraí ceallacha IMT: EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1 agus EN 301 908-18 V13.1.1, ar cuireadh na tagairtí dóibh le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún (5). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1 agus EN 301 908-18 V15.1.1. Ina theannta sin, rinne ETSI athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 302 217-2 V3.2.2 maidir le córais raidió sheasta, ar cuireadh an tagairt dó le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 302 217-2 V3.3.1. |
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le ETSI féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nua agus athbhreithnithe sin an iarraidh. |
(7) |
Maidir le caighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 480 V2.2.1, EN 302 567 V2.2.1, EN 303 345-3 V1.1.1, EN 303 345-4 V1.1.1, EN 303 348 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1 agus EN 303 758 V1.1.1, comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha arb aidhm dóibh iad a chumhdach agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(8) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 300 718-1 V2.2.1, san abairt dheireanach de chlásal 5.1.3.1, ní shonraítear na coinníollacha uile le haghaidh na sásraí fíoraithe, rud a fhágann gur féidir léirmhíniú suibiachtúil a thabhairt ar na sonraíochtaí a leagtar síos ann. Maille leis sin, ní leagtar síos leis aon cheanglas maidir le diúltú na freagartha bréige, ar paraiméadar glacadóra é ar féidir baint a bheith aige le táirgeadh trasnaíochtaí díobhálacha. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(9) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, sa dara mír de chlásal 5.2.1 ní fhoráiltear maidir le haon chritéar fíoraithe i dtaca le comhlíonadh na sonraíochtaí a leagtar síos ann, rud a fhágann gur féidir neamhchinnteacht a bheith ann ó thaobh na dtorthaí de. Maille leis sin, déantar foráil i gclásal 5.2.2.3.1 maidir le sonraíochtaí i dtaca le suiteáil an trealaimh, rud nach cuspóir do chaighdeán comhchuibhithe. Ar deireadh, sa chéad mhír de chlásal 5.2.3, sa chéad mhír de chlásal 5.2.4 agus sa chéad mhír de chlásal 5.2.5, ceadaítear don mhonaróir an trealamh a mhodhnú chun críche tástála, rud a bhféadfadh torthaí neamhbheachta agus leibhéal ard neamhchinnteachta a bheith de thoradh air. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(10) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 301 908-1 V15.1.1, i nóta 3 a ghabhann le clásal 5.3.2.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála malartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(11) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 302 296 V2.2.1, i gclásal 5.4.2.5 tá tuairisc ar chumraíocht tástála neamhbheacht trí bhíthin gaireas cúplála, rud a chruthaíonn leibhéal ard neamhchinnteachta maidir le léirmhíniú na dtorthaí. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(12) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 364-2 V1.1.1, i gclásail 4.2.1.4 agus 5.3.1.5, tá tuairisc ar chás sonrach aistrithe cumhachta idir an tarchuradóir agus an aeróg trí bhíthin tonntreoraithe WR284/WG10/R32, rud a chiallaíonn nach gcumhdaíonn sé ach cuid de raon feidhme na mbuncheanglas ar ceaptha dó iad a chumhdach. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(13) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 372-1 V1.2.1, i gclásal 4.3.5, foráiltear nach infheidhme dó faoi choinníollacha teicneolaíocha áirithe nach ndéantar foráil maidir le bearta maolaithe dóibh a mhéid a bhaineann le trasnaíochtaí díobhálacha a sheachaint. D’fhéadfadh trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí satailíte agus ar sheirbhísí eile a bheith de thoradh air sin. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(14) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 980 V1.2.1, sa dara habairt de chlásal 6.1.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála mhalartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(15) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 981 V1.2.1, sa dara habairt de chlásal 6.1.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála mhalartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(16) |
Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió, arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/53/AE, a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme céanna na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe den chineál céanna a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(17) |
Chun a áirithiú go liostófar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/53/AE in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 480 V2.2.1, EN 302 567 V2.2.1, EN 303 345-3 V1.1.1, EN 303 345-4 V1.1.1, EN 303 348 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1 agus EN 303 758 V1.1.1 a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 agus na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 300 718-1 V2.2.1, EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 303 364-2 V1.1.1, EN 303 372-1 V1.2.1, EN 303 980 V1.2.1 agus EN 303 981 V1.2.1 a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme céanna. |
(18) |
Gabhann caighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 302 480 V2.2.1 agus EN 302 567 V2.2.1 ionad chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 301 908-18 V13.1.1, EN 302 217-2 V3.2.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2 faoi seach. |
(19) |
Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1, is gá iad a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6). In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE agus atá le tarraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chur leis an Iarscríbhinn sin. |
(20) |
Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-18 V13.1.1 agus EN 302 217-2 V3.2.2, is gá iad a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167. |
(21) |
Ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do na monaróirí iad féin a ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 302 480 V2.2.1 agus EN 302 567 V2.2.1, is gá tarraingt siar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 301 908-18 V13.1.1, EN 302 217-2 V3.2.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1 a chur ar athló. |
(22) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a leasú dá réir sin. |
(23) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, mar atá, caighdeánú maidir le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún i gcreat chur chun feidhme Threoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta agus Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus foilsiú na dtagairtí do na caighdeáin sin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 326, 14.9.2018, lch. 114).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 34, 6.2.2020, lch. 46).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 4; |
(2) |
cuirtear isteach an iontráil 4a seo a leanas:
|
(3) |
scriostar iontráil 6; |
(4) |
cuirtear isteach an iontráil 6a seo a leanas:
|
(5) |
scriostar iontráil 7; |
(6) |
cuirtear isteach an iontráil 7a seo a leanas:
|
(7) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 5; |
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
“22. |
EN 301 444 V2.1.2 Córais agus domhanstáisiúin le haghaidh cumarsáid satailíte (SES); Caighdeán comhchuibhithe le haghaidh domhanstáisiúin talún mhóibíleacha (LMES) a sholáthraíonn cumarsáid gutha agus/nó sonraí, a oibríonn sna bandaí minicíochta 1,5 GHz agus 1,6 GHz lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
23. |
EN 301 908-1 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 1: Tabhairt isteach agus ceanglais choiteanna |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
24. |
EN 301 908-14 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 14: Stáisiúin bhunáite (BS) le haghaidh rochtain ar raidió trastíre uilíoch fabhraithe (E-UTRA) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
25. |
EN 301 908-15 V11.1.2 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE; Cuid 15: Athchraoltóirí le haghaidh rochtain ar raidió trastíre uilíoch fabhraithe (E-UTRA FDD) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
26. |
EN 301 908-18 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 18: E-UTRA, UTRA agus GSM/EDGE Stáisiúin bhunáite (BS) Raidió Ilchaighdeánach (MSR) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
27. |
EN 302 217-2 V3.2.2 Córais Raidió Sheasta; Saintréithe agus ceanglais maidir le trealamh agus aeróga den chineál pointe go pointe; Cuid 2: Córais dhigiteacha a oibríonn i mbandaí minicíochta ó 1 GHz go 86 GHz; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
28. |
EN 302 296-2 V1.2.1 Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus gnóthaí a bhaineann leis an speictream raidió (ERM); Trealamh tarchuir le haghaidh na seirbhíse craolacháin teilifíse digití, Trastíre (DVB-T); Cuid 2: EN comhchuibhithe lena gcumhdaítear ceanglais fhíor-riachtanacha Airteagal 3.2 de Threoir R&TTE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
29. |
EN 302 480 V2.1.2 Córas cumarsáide mhóibílí ar bord aerárthaí (MCOBA); Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
30. |
EN 302 567 V1.2.1 Líonraí rochtana raidió leathanbhanda (BRAN); Córais ilghigighiotáin WAS/RLAN 60 GHz; EN comhchuibhithe lena gcumhdaítear ceanglais fhíor-riachtanacha Airteagal 3.2 de Threoir R&TTE |
an 29 Meán Fómhair 2023”. |