EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2064

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

C/2021/6163

IO L 421, 26.11.2021, p. 9–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2064/oj

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2064 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(7),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún (2), bunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir a bhí infheidhme ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019, tar éis trí mholadh chomhpháirteacha a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin in 2016 ag roinnt Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach sa Mheánmhuir (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, Málta agus an tSlóivéin). Bhain na trí mholadh chomhpháirteacha sin leis an Meánmhuir Thiar, Muir Aidriad agus an Mheánmhuir Thoir Theas faoi seach.

(2)

Chun costais dhíréireacha a sheachaint a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil, bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 díolúine de minimis a bhfuil feidhm aici maidir le speicis ghrinnill. Rachaidh an Rialachán sin in éag an 31 Nollaig 2021.

(3)

Tá leas díreach bainistíochta iascaigh ag an gCróit, an Iodáil agus an tSlóivéin (“Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad”) agus ag an nGréig, an Iodáil, an Chipir agus Málta (“Grúpa Ardleibhéil Sudestmed”) i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas faoi seach. An 7 agus an 14 Bealtaine 2021, chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed fianaise eolaíoch isteach chun síneadh leis an díolúine de minimis a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 a iarraidh.

(4)

Leagtar amach na díolúintí de minimis do speicis pheiligeacha bheaga in iascaigh atá dírithe ar na speicis sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/161 ón gCoimisiún (3). Os a choinne sin, ba cheart díolúintí de minimis maidir le foghabhálacha speiceas peiligeach beag a dhéantar in iascaigh ghrinnill a áireamh sa Rialachán seo mar a iarrtar san fhianaise eolaíoch arna cur isteach ag na Grúpaí Ardleibhéil.

(5)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú ar an bhfianaise eolaíoch idir an 17 agus an 21 Bealtaine 2021 (4). An 13 agus an 21 Iúil 2021, thíolaic Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed faoi seach fianaise eolaíoch nuashonraithe a bhí i gcomhréir le comhairle eolaíoch STECF.

(6)

Tugann an Coimisiún dá aire go ngabhtar speicis éagsúla ag an am céanna, agus i gcainníochtaí an-éagsúil, i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas, rud a fhágann gur dúshlánach é cur chuige stoic amháin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, gabhann soithí iascaireachta mionscála na speicis sin agus tugtar i dtír iad ag go leor pointí difriúla thar raon leathan geografach ar feadh an chósta, agus is é an toradh atá air sin go bhfuil costais dhíréireacha ann maidir le gabhálacha de thaisme a láimhseáil.

(7)

Thug STECF dá aire go gcumhdaítear leis an gcur chuige de minimis comhcheangailte atá san áireamh san fhianaise eolaíoch a cuireadh ar fáil, go gcumhdaítear leis grúpa leathan speiceas le raon fairsing rátaí aischuir ach mheas STECF gur cur chuige bailí é cumhdach leathan den sórt sin i bhfianaise chastacht na n-iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas. Ina theannta sin, mheas STECF gur dhócha go mbeadh go leor díolúintí ar leith ann a bheadh chomh dúshlánach céanna faireachán a dhéanamh orthu mar thoradh ar dhíolúintí aonair de minimis lena gcumhdaítear aon speiceas amháin.

(8)

Chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir leis na costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, leag sé béim ar na deacrachtaí atá ann leibhéal costas atá díréireach a mheas. Thug STECF dá aire go bhféadfaí tuilleadh a chur leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le costais dhíréireacha agus gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na díolúine. Ina theannta sin, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid. Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(9)

Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe do Mhuir Aidriad an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX). Mheas STECF go bhfuil an ráta aischuir an-suntasach i gcás an iascaigh sin, ach go bhfuil tionscadail roghnaíochta fós ar siúl. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh ar feadh 1 bhliana amháin, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart do Ghrúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad sonraí breise a chur isteach faoin 1 Bealtaine 2022, bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine.

(10)

Chuir an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir le costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, leag sé béim ar na deacrachtaí atá ann leibhéal costas atá díréireach a mheas. Thug STECF dá aire go bhféadfaí tuilleadh a chur leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le costais dhíréireacha agus gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na díolúine. Ina theannta sin, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid. Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(11)

I bhfianaise an lín mhóir speiceas éagsúil a ghabhtar i gcomhthráth in oibríochtaí iascaireachta grinnill ina n-úsáidtear duáin, línte, eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí sa Mheánmhuir Thoir Theas, mhol an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed de minimis difriúil le haghaidh roinnt speiceas a ngabhtar iad níos minice agus a mbeadh tairseach de minimis níos ísle chun tairbhe dóibh ná speicis nach ngabhtar chomh minic céanna. Ós rud é go bhfuil sé sin i gcomhréir le fírinne an iascaigh mheasctha sa Mheánmhuir Thoir Theas, measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a thabhairt leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(12)

Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe don Mheánmhuir Thoir Theas an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas go huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX). Mheas STECF go bhfuil an ráta aischuir an-suntasach i gcás an iascaigh sin, ach go bhfuil tionscadail roghnaíochta fós ar siúl. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh ar feadh 1 bhliana amháin, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart don Ghrúpa Ardleibhéil Sudestmed sonraí breise a chur isteach faoin 1 Bealtaine 2022, bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine.

(13)

Rinne na Ballstáit ina bhfianaise eolaíoch nuashonraithe athnuachan ar a ngealltanas roghnaíocht an trealaimh iascaireachta a mhéadú i gcomhréir le torthaí na gclár taighde reatha chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus a theorannú go háirithe i gcás gabhálacha faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(14)

Ina theannta sin, geallann na Ballstáit ina bhfianaise eolaíoch nuashonraithe go ndéanfaidh siad limistéir choiscthe bhreise a shainaithint d’fhonn básmhaireacht i measc na n-óg a laghdú.

(15)

Tá na bearta a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 15(4), pointe (c).

(16)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Chun críche deimhneachta dlíthiúla, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici in uiscí an Aontais i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas maidir le hiascaigh ghrinnill i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Folimistéir Gheografacha de chuid GFCM” Folimistéir Gheografacha de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

ciallaíonn “Muir Aidriad” Folimistéir Gheografacha 17 agus 18 de chuid CFCM;

(c)

ciallaíonn “an Mheánmhuir Thoir Theas” Folimistéir Gheografacha GFCM 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26 agus 27.

Airteagal 3

Díolúine de minimis

1.   De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí speiceas seo a leanas a aischur de bhun Airteagal 15(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(a)

i Muir Aidriad:

(i)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(ii)

nó colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(iii)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann trál bíoma rapido (TBB);

(iv)

maidir le sól coiteann (Solea solea), suas le 3 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(v)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), garbhánach órcheannach (Sparus aurata) agus rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(vi)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 3 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(vii)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX);

(viii)

maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.

(b)

In oirdheisceart na Meánmhara:

(i)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(ii)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(iii)

maidir le rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána an speicis sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(iv)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), garbhánach órcheannach (Sparus aurata), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéad 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(v)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea), gliomach Eorpach (Homarus gammarus) agus piardóg (Palinuridae), suas le 3 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN). I gcás inar lú ná 25 % de thabhairt i dtír iomlán na n-iascach tabhairt i dtír na speiceas sin, féadfar suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a bheith sna cainníochtaí a bheidh le haischur;

(vi)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), colmóir (Merluccius merluccius) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 1 % ar a mhéad de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX). I gcás inar lú ná 25 % de thabhairt i dtír iomlán na n-iascach tabhairt i dtír na speiceas sin, féadfar suas le 3 % de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a bheith sna cainníochtaí a bheidh le haischur;

(vii)

maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.

2.   Faoin 1 Bealtaine 2022, déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas sonraí breise a chur faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine agus ar aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i mír 1, pointe (a)(viii) agus pointe (b)(vii). Déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí sin agus ar an bhfaisnéis sin faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir (IO L 14, 18.1.2017, lch. 4).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/161 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2017 lena mbunaítear díolúine de minimis ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh pheiligeacha bheaga áirithe sa Mheánmhuir (IO L 30, 2.2.2018, lch. 1).

(4)  Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Meastóireacht ar na moltaí comhpháirteacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (STECF-21-05) 2021. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg

Ar fáil anseo https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2537709/STECF+PLEN+19-02.pdf

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).


Top