EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0716

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/716 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe orgánaigh maidir le síolta péactha agus cinn siocaire, beatha le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe áirithe agus cóireálacha seadán dobharshaothraithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/667

IO L 151, 3.5.2021, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/716/oj

3.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/716 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe orgánaigh maidir le síolta péactha agus cinn siocaire, beatha le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe áirithe agus cóireálacha seadán dobharshaothraithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 15(2)(b) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/427 ón gCoimisiún (2) leasaíodh le déanaí pointe 1.3 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le síolta péactha orgánacha chun a dtáirgeadh ó shíolta orgánacha a áirithiú. Ós rud é go n-áirítear bachlóga, buinneáin agus biolar ar shíolta péactha (3), ar féidir leo na cúltaiscí sna síolta a úsáid go heisiach le go bpéacfaidís, níor cheart ach uisce a úsáid le haghaidh táirgeadh orgánach. Dá bhrí sin, ní mór a shoiléiriú go bhfuil an maolú ar shaothrú a bhaineann le hithir i gcás síolta péactha teoranta do thaisiú síolta agus ba cheart a dhearbhú go sainráite nach bhfuil cead damhna fáis a úsáid, ach amháin go gceadaítear damhna támh a úsáid chun na síolta a choinneáil tais i gcás ina bhfuil comhábhair an damhna tháimh sin údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848.

(2)

Maidir le cinn siocaire, is féidir dhá chéim a bheith ina dtimthriall táirgthe sonrach, ceann amháin in ithir agus ceann eile ar a dtugtar “céim fórsála”, ar féidir leis a bheith in ithir, ach ar féidir leis a bheith in uisce nó i substráití freisin. Dá bhrí sin, ní mór a shoiléiriú go n-áirítear tumadh in uisce glan ar an maolú ar shaothrú a bhaineann le hithir i gcás cinn siocaire agus nach gceadaítear damhna támh a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil a chomhábhair údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848.

(3)

Le hAirteagal 25l(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (4), ceadaíodh colaistéaról orgánach a úsáid chun beatha nádúrtha a fhorlíonadh le linn na céime ramhraithe agus céimeanna níos luaithe i saol séaclaí peinéideacha agus cloicheáin fionnuisce (Macrobrachium spp.). Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le beatha a fhorlíonadh le colaistéaról orgánach le haghaidh na séaclaí agus na gcloicheán sin i bpointe 3.1.3.4 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

(4)

In 2019, agus an dréacht de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/427 á phlé, d’iarr roinnt Ballstát go ndéanfaí athbhreithniú ar rialacha eile a bhaineann le dobharshaothrú orgánach. Is é an sainghrúpa um chomhairle theicniúil maidir le táirgeacht orgánach (EGTOP), a bunaíodh le Cinneadh 2017/C 287/03 ón gCoimisiún (5), a rinne measúnú ar na hiarrataí sin. Agus conclúidí EGTOP a foilsíodh (6)i mí Eanáir 2020 á gcur san áireamh, shainaithin an Coimisiún gur gá na rialacha táirgthe atá ann faoi láthair maidir le hainmhithe dobharshaothraithe a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe maidir le cóireálacha tréidliachta.

(5)

D’ainneoin na gceanglas a bhaineann le galair a chosc, cosúil leis an moladh maidir le rialú bitheolaíoch seadán lena dtugtar tús áite d’úsáid éisc níos glaine agus d’úsáid fionnuisce, uisce mara agus tuaslagán clóiríde sóidiam, ceadaítear líon teoranta cóireálacha faoi láthair, i gcás ina mbíonn dianfhadhb le seadáin, ar bhonn ginearálta le haghaidh gach speiceas. Bunaithe ar chonclúidí thuasluaite EGTOP, is iomchuí leasú a dhéanamh ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le cóireálacha seadán agus a leagtar amach i bpointe 3.1.4.2. de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, trí chur chuige atá níos sainiúla ó thaobh speicis de a thabhairt isteach chun gur fearr a thabharfar aghaidh ar riachtanais ainmhithe dobharshaothraithe gan cineál orgánach an táirgthe a chur i mbaol.

(6)

Go háirithe, i bhfianaise fhad athraitheach thimthriall táirgthe na speiceas, seachas an bradán, agus i bhfianaise na féidearthachta seadáin a bheith ann sa tréimhse óg, chomh maith leis an gclaonadh atá ag oibreoirí aon chóireáil a chur ar athlá a mhéid is féidir de bharr na teorann minicíochta, tuairiscíodh ráta ard mortlaíochta i measc gealóg agus iasc óg sa chéad bhliain den tsaolré. Dá bhrí sin, maidir le speicis eile seachas bradán, is iomchuí minicíocht agus líon uasta na gcóireálacha seadán a ailíniú leis na teorainneacha minicíochta a leagtar síos le haghaidh táirgí eile míochaine tréidliachta allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach chun idirghníomhú a cheadú nuair a bhíonn géarghá leis agus chun ráta ard mortlaíochta a sheachaint sna chéad chéimeanna den tsaolré.

(7)

A mhéid a bhaineann le bradán, agus fad an timthrialla táirgthe agus an gá lena áirithiú nach mbeidh míolta mara ann laistigh den tréimhse i bhfíoruisce á gcur san áireamh, ba cheart na teorainneacha minicíochta atá ann faoi láthair agus líon uasta na gcúrsaí le haghaidh cóireálacha seadán a choinneáil ar bun.

(8)

Thairis sin, tá sé tábhachtach na forálacha atá ann faoi láthair a shoiléiriú, trí theorainn fhoriomlán shoiléir a leagan síos maidir le líon uasta na gcóireálacha seadán is féidir a riar, beag beann ar an speiceas lena mbaineann.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir.

(10)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lgh. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/427 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe mionsonraithe áirithe maidir le táirgí orgánacha (IO L 87, 23.3.2020, lch. 1).

(3)  Tá tuairisc ar a dtimthriallta táirgthe in EFSA Scientific Opinion on the risk posed by Shiga toxin-producing Escherichia coli (STEC) and other pathogenic bacteria in seeds and sprouted seeds – EFSA Journal 2011; 9(11):2424. [101 lgh.] doi:10.2903/j.efsa.2011.2424.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(5)  Cinneadh ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2017 lena gceaptar comhaltaí an ghrúpa um chomhairle theicniúil maidir le táirgeacht orgánach agus lena ndéantar an liosta ionadaithe a tharraingt suas (IO C 287, 30.8.2017, lch. 3).

(6)  EGTOP Final report on Aquaculture IV – 13 December 2019


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(1)

i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.3.:

“1.3.

De mhaolú ar phointe 1.1, ceadófar an méid seo a leanas:

(a)

táirgeadh síolta péactha, lena n-áirítear bachlóga, buinneáin agus biolar, a mhaireann ar na taiscí cothaitheacha atá le fáil sna síolta, agus ar na taiscí sin amháin, trína dtaisiú in uisce glan, ar choinníoll go bhfuil na síolta orgánach. Toirmiscfear úsáid damhna fáis, seachas damhna támh a úsáid arb é is aidhm dó na síolta a choinneáil tais, i gcás ina bhfuil comhábhair an damhna tháimh sin údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(b)

cinn siocaire a fháil, lena n-áirítear trína dtumadh in uisce glan, ar choinníoll go bhfuil an t-ábhar atáirgthe plandaí orgánach. Ní cheadófar úsáid damhna fáis ach amháin má údaraítear a chomhábhair i gcomhréir le hAirteagal 24.”.

(2)

Leasaítear Cuid III mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas le pointe 3.1.3.4.:

“Le linn chéim an ramhraithe agus sna luathchéimeanna in iasclanna agus i ngorlanna, féadfar colaistéaról orgánach a úsáid chun aistí bia na séaclaí peinéideacha agus na gcloicheán fionnuisce (Macrobrachium spp.) a fhorlíonadh, chun freastal ar a riachtanas cothaithe cainníochtúil.”;

(b)

i bpointe 3.1.4.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

seachas trí scéimeanna éigeantacha rialaithe a oibríonn na Ballstáit, cuirfear teorainn le húsáid cóireálacha seadán mar a leanas:

(i)

maidir le bradán, dhá chóireáil ar a mhéid in aghaidh na bliana, nó cóireáil amháin in aghaidh na bliana i gcás inar giorra ná 18 mí an timthriall táirgthe;

(ii)

maidir le gach speiceas seachas bradán, dhá chóireáil in aghaidh na bliana, nó cóireáil amháin in aghaidh na bliana i gcás inar giorra ná dhá mhí dhéag an timthriall táirgthe;

(iii)

maidir le gach speiceas, gan dul thar cheithre chóireáil in aghaidh na bliana san iomlán, beag beann ar fhad thimthriall táirgthe an speicis;”.


Top