This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0252
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/252 of 29 January 2021 operating a deduction from the Portuguese fishing quota available for anchovy, on account of overfishing in the previous year
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/252 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena ndéantar asbhaint ó na cuótaí iascaireachta Portaingéalacha le haghaidh ainseabhaí, de dheasca na ró-iascaireachta sa bhliain roimhe sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/252 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena ndéantar asbhaint ó na cuótaí iascaireachta Portaingéalacha le haghaidh ainseabhaí, de dheasca na ró-iascaireachta sa bhliain roimhe sin
C/2021/394
IO L 58, 19.2.2021, pp. 12–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
19.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 58/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/252 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2021
lena ndéantar asbhaint ó na cuótaí iascaireachta Portaingéalacha le haghaidh ainseabhaí, de dheasca na ró-iascaireachta sa bhliain roimhe sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle (2), bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (“CECAF”), don tréimhse idir an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (3), bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) CECAF, don tréimhse idir an 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuige, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a leithdháilfear sa todhchaí chuig an mBallstát sin. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagail 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nach mór na hasbhaintí sin a dhéanamh sa bhliain nó sna blianta dár gcionn trí na fachtóirí iolraithe faoi seach a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach ann. |
|
(5) |
Sháraigh an Phortaingéil a cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna ICES 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) CECAF don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. |
|
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéantar asbhaint ó chuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuig an bPortaingéil don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, le haghaidh an stoic a ndearnadh ró-iascaireacht air. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuig an bPortaingéil le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, a socraíodh i Rialachán (AE) 2020/123, déanfar iad a laghdú de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle an 30 Eanáir 2019 lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh na bliana 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 29, 31.1.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh na bliana 2020 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód an limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an Limistéir |
Cuóta tosaigh don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (i gcileagraim) |
Na gabhálacha arna gceadú don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (cainníocht iomlán arna hoiriúnú i gcileagraim) (1) |
Gabhálacha iomlána don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (cainníocht i gcileagraim) |
Ídiú cuótaí i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (%) |
Ró-iascaireacht i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht i gcileagraim) |
Fachtóir iolraithe (2) |
Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain/bhlianta roimhe (5) (cainníocht i gcileagraim) |
Asbhaintí is infheidhme maidir leis an tréimhse 1 Iúil 2020 – 30 Meitheamh 2021 (cainníocht i gcileagraim) |
|
|
PT |
ANE |
9/3411 |
An t-ainseabhaí |
Ranna ICES 9 agus 10; Uiscí an Aontais 34.1.1 CECAF |
5 343 000 |
3 779 330 |
3 858 005 |
102,08 |
78 675 |
/ |
/ |
/ |
78 675 |
(1) Cuótaí ar fáil do Bhallstát de bhun Rialachán (AE) 2019/124 tar éis gur cuireadh san áireamh malartuithe deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2018 go 2019 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) ó Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh nó a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(2) De mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá comhionann le ró-iascaireacht * 1,00 i ngach cás inar cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin an ró iascaireacht.
(3) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll gur mó ná 10 % an ró-iascaireacht.
(4) Léirítear leis an litir “A” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go ndeachaigh an Ballstát thar a chuóta arís agus arís eile i rith an 2 bhliain roimhe sin. Léirítear leis an litir “C” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.
(5) Cainníochtaí atá fágtha ó bhliain/bhlianta roimhe.