This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D2072
Council Decision (CFSP) 2021/2072 of 25 November 2021 in support of building resilience in biosafety and biosecurity through the Biological and Toxin Weapons Convention
Cinneadh (CBES) 2021/2072 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine
Cinneadh (CBES) 2021/2072 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine
ST/11396/2021/INIT
IO L 421, 26.11.2021, p. 56–64
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/11/2023
26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/56 |
CINNEADH (CBES) 2021/2072 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2021
chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an AE i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (“Straitéis AE”), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III di. |
(2) |
Tá Straitéis AE á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta a liostaítear i gCaibidil III di, go háirithe na bearta sin a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC) a neartú, a chur chun feidhme agus a uiliú. |
(3) |
An 20 Márta 2006, ghlac an Chomhairle Plean Gníomhaíochta AE maidir le hairm bhitheolaíocha agus thocsaine, atá comhlántach le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES (1) chun tacú le BTWC. |
(4) |
An 16 Samhain 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2096 (2) maidir le seasamh an Aontais ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe na Stát is Páirtithe in BTWC. |
(5) |
Ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe BTWC cinneadh sainordú an Aonaid Tacaíochta Cur Chun Feidhme (ISU) arna bhunú laistigh de Bhrainse na Ginéive d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA) agus ar aontaíodh leis ag Seachtú Comhdháil Athbhreithnithe BTWC, a athnuachan don tréimhse ó 2017 go 2021. |
(6) |
An 21 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/97 (3) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis AE. Leis an gCinneadh seo, déantar Cinneadh (CBES) 2019/97 a chomhlánú tríd an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim reatha COVID-19. |
(7) |
I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid-19, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an bhithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a fheabhsú ar an leibhéal idirnáisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
(a) |
an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC; |
(b) |
aird a thabhairt ar na riachtanais shonracha a léirigh idir Stáit is Páirtithe agus Stáit nach páirtithe iad in BTWC i dtaca leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta trí BTWC; |
(c) |
úinéireacht áitiúil agus réigiúnach ar na tionscadail a spreagadh, d’fhonn a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir an tAontas agus tríú páirtithe faoi chuimsiú BTWC; |
(d) |
díriú ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil torthaí nithiúla bainte amach acu ó thaobh cumais chuidithe, freagartha, agus ullmhachta a neartú ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta; |
(e) |
rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí BTWC a bheith á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit is Páirtithe. |
2. Tacóidh an tAontas leis na tionscadail seo a leanas a chomhfhreagraíonn do bhearta de chuid Straitéis AE:
(a) |
cumais bhithshábháilteachta agus bhithshlándála a neartú san Afraic trí chomhordú réigiúnach a mhéadú; |
(b) |
acmhainneacht a fhothú do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC; |
(c) |
athbhreithniú a éascú ar fhorbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht atá ábhartha do BTWC trí ról a thabhairt freisin don earnáil acadúil agus don earnáil tionsclaíochta; |
(d) |
an tacaíocht a leathnú do chleachtaí deonacha trédhearcachta. |
Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail seo sa Doiciméad Tionscadail a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de chúram ar UNODA. Déanfaidh sé an cúram seo faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 2 147 443,52 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú airgeadais i gcrích le UNODA. Sonróidh an comhaontú go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú chun críche.
Airteagal 4
Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin am sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an AE i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (IO L 65, 7.3.2006, lch. 51).
(2) Cinneadh (CBES) 2015/2096 ón gComhairle an 16 Samhain 2015 maidir le seasamh an Aontais Eorpaigh ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh agus Stoc-charnadh Arm Baictéareolaíoch (Bitheolaíoch) agus Tocsaine agus maidir lena nDíothú (BTWC) (IO L 303, 20.11.2015, lch. 13).
(3) Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11).
IARSCRÍBHINN
Tionscadal chun tacú le hathléimneacht sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC)
1. CÚLRA
Chonacthas le linn phaindéim COVID-19 an suaitheadh domhanda lenar féidir le galair thógálacha a bheith ina siocair, agus léiríodh a neamhullamh a bhíothas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, agus idirnáisiúnta chun freagairt ar imeachtaí bitheolaíocha. Dá dtarlódh sé go ndéanfaí galar den chineál seo a ionramháil d'aon turas chun gur nimhní fós a bheadh, nó dá mbeartófaí é a ligean amach in áiteanna iomadúla in éineacht, d'fhéadfadh sé gur géarchéim dhomhanda ní ba mhó arís a d'eascródh as a leithéid. Ag an am céanna, ní mór an dul chun cinn sa bhiteicneolaíocht a mheas ós féidir lena leithéid tairbhí iomadúla, agus tionchar dearfach ar an bhforbairt inbhuanaithe, a fhágáil againn, bíodh is go ngabhann rioscaí iomadúla gona n-iarmhairtí tubaisteacha lena leithéid chomh maith. Ós amhlaidh atá, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Tocsaine.
2. CUSPÓIRÍ
Tá an Cinneadh seo ón gComhairle ceaptha go sonrach chun an bhithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim reatha COVID-19. Comhlánfaidh an Cinneadh seo Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 (1) chun tacú le BTWC. Tá Cinneadh 2019/97 á chur chun feidhme ag Brainse na Ginéive d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA), i ndlúthchomhar le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme (ISU) BTWC. De réir mar is infheidhme, leis an gCinneadh seo, cuirfear leis an méid a baineadh amach le Cinneadh 2019/97 agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus le Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC, gan gníomhaíochtaí leanúnacha a dhúbláil (2). Le linn chéim chur chun feidhme an Chinnidh seo, bainfear an leas is fearr as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le Cinneadh 2019/97.
Beidh an Cinneadh seo ón gComhairle bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
(a) |
an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC; |
(b) |
aird a thabhairt ar na riachtanais shonracha a léirigh idir Stáit is Páirtithe agus Stáit nach páirtithe iad in BTWC i dtaca leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta trí BTWC; |
(c) |
úinéireacht áitiúil agus réigiúnach ar na tionscadail a spreagadh, chun a n-inbhuaine fhadtéarmach a áirithiú agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus tríú páirtithe faoi chuimsiú BTWC; |
(d) |
díriú ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil torthaí nithiúla bainte amach acu ó thaobh cumais chuidithe, freagartha, agus ullmhachta a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta; |
(e) |
rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaint amach i réimse na síochána, na slándála agus na sláinte trí BTWC a bheith á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit is Páirtithe. |
3. TIONSCADAIL
3.1. Tionscadal 1 – Cumais bhithshábháilteachta agus bhithshlándála a neartú san Afraic trí chomhordú réigiúnach a mhéadú
3.1.1. Cuspóir an tionscadail
Dírítear leis an tionscadal seo ar chur chun feidhme BTWC a neartú agus ar a uiliú a chur chun cinn ar mhór-roinn na hAfraice, trí acmhainneachtaí na n-údarás náisiúnta agus na n-eintiteas réigiúnach agus na n-eagraíochtaí a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála san Afraic a mhéadú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal freisin cur leis an gcomhar agus leis an gcomhordú i measc na ngníomhaithe sin.
Faoi láthair, tá 14 Stát ann – ceithre Stát shínitheacha agus deich Stát neamhshínitheacha – nár dhaingnigh BTWC go fóill ná níor aontaigh siad dó. Is san Afraic atá ocht gcinn de na Stáit sin: Sead, Oileáin Chomóra, Djibouti, an Éigipt, an Eiritré, an Namaib, an tSomáil agus an tSúdáin Theas. Shínigh dhá cheann de na Stáit sin, an Éigipt agus an tSomáil BTWC agus níl an Coinbhinsiún sínithe ag na sé Stát eile. Dá bhrí sin, is réimse tosaíochta í mór-roinn na hAfraice maidir le huiliú BTWC. Thairis sin, d’fhéadfaí cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a neartú go mór trí acmhainneachtaí bithshábháilteachta agus bithshlándála a chuid Stát Afracach is Páirtithe a mhéadú.
3.1.2. Cur síos ar an Tionscadal
Mar chuid den tionscadal sin, cruthófar post mar Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 a bheidh bunaithe in Addis Ababa chun oibriú go sonrach chun an Coinbhinsiún ar mhór-roinn na hAfraice a uiliú agus a chur chun feidhme ar bhealach níos láidre agus chun deiseanna a fhiosrú do shineirgí le creataí réigiúnacha maidir le síocháin agus slándáil, slándáil sláinte agus forbairt. Go nithiúil, bheadh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla freagrach as na cúraimí seo a leanas:
(a) |
cúnamh reachtach a chur ar fáil do na Stáit is páirtithe ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid reachtaíochta a bhaineann le BTWC agus do Stáit a bhfuil suim acu bheith páirteach sa Choinbhinsiún agus a bhfuil sé ar intinn acu a reachtaíocht atá ann cheana a athbhreithniú agus a choigeartú; |
(b) |
oiliúint shonrach a chur ar fáil do Stáit is Páirtithe maidir le tuarascálacha ar Bhearta Cothaithe Muiníne BTWC (BBM) a ullmhú agus a thíolacadh; |
(c) |
cúnamh a thabhairt do Stáit Afracacha is Páirtithe in BTWC maidir le ceisteanna a bhaineann le CBManna. Leis an gcúnamh breise sin, a neartódh an tacaíocht a thug ISU BTWC cheana féin, dírítear ar líon agus ar cháilíocht is airde tuarascálacha CBM a bhaint amach, ar tuarascálacha iad atá á dtíolacadh ag Stáit Afracacha is Páirtithe; |
(d) |
idirchaidreamh a dhéanamh go dlúth le Stáit Afracacha nach páirtithe iad in BTWC, lena n-áirítear trína mBuanmhisin chuig an Aontas Afracach in Addis Ababa, chun dúshláin shonracha náisiúnta a shainaithint i ndáil le haontachas leis an gCoinbhinsiún nó le daingniú an Choinbhinsiúin agus chun próisis aontachais/daingnithe faoi seach a éascú trí chúnamh teicniúil agus reachtach gaolmhar a chur ar fáil de réir mar is gá; |
(e) |
dlúthchaidreamh a chur ar bun le geallsealbhóirí ábhartha agus gníomhaíochtaí a chomhordú leo, le grúpálacha foréigiúnacha agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta atá bunaithe san Afraic (3); agus |
(f) |
tacú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí eile ar fad faoin gCinneadh seo ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh san Afraic. |
Gheobhaidh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla tacaíocht ó chomhairleoirí seachtracha le haghaidh tascanna substainteacha sonracha (e.g. tacaíocht reachtach agus cúnamh teicniúil a sholáthar), de réir mar is gá. Bainfear úsáid as láithreacht UNODA san Afraic trína Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tsíocháin agus an dí-armáil san Afraic (UNREC) chun gnéithe de na gníomhaíochtaí a éascú agus chun tacú leo de réir mar is iomchuí.
Déanfar gníomhaíochtaí uile an Oifigigh Gnóthaí Polaitiúla a chomhordú go dlúth le ISU BTWC agus le foireann tionscadail Chinneadh Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá bunaithe sa Ghinéiv. Oibreoidh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla go dlúth le Comhordaitheoir Réigiúnach UNODA don Afraic do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1540 (2004) (4) agus beidh sé lonnaithe i bhfoirgneamh Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Afraic (CIE) in Addis Ababa.
3.1.3. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Leis an Tionscadal seo, táthar ag súil go gcuirfear uiliú chun cinn agus go bhfeabhsófar cur chun feidhme náisiúnta an Choinbhinsiúin ar mhór-roinn na hAfraice. Tá sé d’aidhm aige freisin comhar agus comhordú a mhéadú i measc na n-údarás náisiúnta agus na n-eintiteas réigiúnach agus na n-eagraíochtaí a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála san Afraic.
Ó tharla post an Oifigigh Gnóthaí Polaitiúla bunaithe in Addis Ababa, agus go mbeifear níos gaire do na húdaráis náisiúnta san Afraic, táthar ag súil go gcuideoidh ambasáidí ábhartha in Addis Ababa agus ardáin ceaptha beartas réigiúnacha go mór le cur chun feidhme BTWC agus uiliú an Choinbhinsiúin san Afraic, mar a leagtar amach thuas, a chur chun cinn.
3.2. Tionscadal 2 - Acmhainneacht a fhothú do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC
3.2.1. Cuspóir an tionscadail
Is é is aidhm don tionscadal seo ábhair oiliúna a chruthú agus oiliúint thiomnaithe a chur ar fáil do Phointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna) BTWC maidir le cur chun feidhme náisiúnta BTWC. Tá sé beartaithe freisin go ndéanfaí modhanna agus deiseanna a chruthú le haghaidh idirphlé agus malartú faisnéise i measc na NCPanna maidir le cur chun feidhme náisiúnta BTWC, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt. Is é cuspóir an tionscadail seo cur chun feidhme BTWC a neartú trí fhothú tiomnaithe acmhainneachta a chur ar fáil do na NCPanna agus trí níos mó malartaithe agus comhair a chruthú eatarthu ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta.
Ag an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2006, cinneadh gur cheart do gach Stát is Páirtí pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú don mhéid seo a leanas:
— |
an cur chun feidhme náisiúnta a chomhordú agus cumarsáid a dhéanamh le Stáit eile is Páirtithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha; |
— |
tuarascálacha bliantúla na mBeart Cothaithe Muiníne (CBManna) a ullmhú agus a chur isteach; |
— |
faisnéis a mhalartú maidir le hiarrachtaí um uiliú. |
As an 183 Stát is Páirtithe atá ann faoi láthair, níl NCP ainmnithe ach ag 134 díobh go dtí seo. Tá na NCPanna leabaithe in eintitis éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, tá cúlraí éagsúla acu agus leibhéil éagsúla réamheolais acu ar BTWC. Go dtí seo, is ar bhonn ad hoc amháin atá oiliúint á cur ar fáil le haghaidh NCPanna BTWC agus is ar an gcoinníoll go gcuireann deontóirí cistiú ar fáil a chuirtear ar fáil í.
3.2.2. Cur síos ar an Tionscadal
Mar chuid den tionscadal seo, tá cúrsa oiliúna caighdeánaithe á fhorbairt, a chuirfear ar fáil do na NCPanna go léir. Déanfar an cúrsa oiliúna a chur ar fáil ar líne nó go pearsanta sna réigiúin éagsúla (ag brath ar dhul chun cinn phaindéim COVID-19) d’ionadaithe náisiúnta atá ag feidhmiú mar NCPanna BTWC. Sa chúrsa oiliúna, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le gach gné de chur chun feidhme náisiúnta BTWC, lena n-áirítear tuarascálacha na mBeart Cothaithe Muiníne a ullmhú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna reachtacha. Cuirfidh an oiliúint leis an Treoir maidir le BTWC a chur chun feidhme, atá á forbairt faoi Chinneadh 2019/97 ón gComhairle.
Cé go gcuireann Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme BTWC sonraí teagmhála na NCPanna ainmnithe ar fad ar fáil do na Stáit is Páirtithe ar leathanach ar leith dá bhfuil an rochtain srianta, níl aon ardán foirmiúil ann trínar féidir leis na NCPanna idirghníomhú le chéile. Beartaítear, dá bhrí sin, leis an tionscadal seo, go dtionólfar sraith d’fhóraim idirphlé neamhfhoirmiúla – go fíorúil nó go fisiciúil – le haghaidh NCPanna BTWC chun an malartú faisnéise agus an chomhroinnt dea-chleachtas a éascú.
Ina theannta sin, tionólfar imeacht sa Ghinéiv ag a dtabharfar le chéile NCPanna uile BTWC, mar shampla roimh Chruinniú BTWC na Stát is Páirtithe, le go bhféadfar malartú faisnéise agus líonrú a dhéanamh i measc na NCPanna ó na réigiúin éagsúla, cosúil le Cruinniú Bliantúil na nÚdarás Náisiúnta OPCW faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha. Déanfar an leathanach dá bhfuil an rochtain srianta a leathnú a thuilleadh freisin le go bhfeidhmeoidh sé mar stór faisnéise ábhartha do NCPanna, lena n-áirítear gach ábhar oiliúna ábhartha, agus mar ardán idirghníomhach trína mbeidh na NCPanna in ann idirghníomhú le chéile agus le ISU BTWC. Déanfaidh ISU BTWC an leathanach dá bhfuil an rochtain srianta a chothabháil agus a riar le gur féidir leanúint de mhalartú éascaithe a áirithiú i measc NCPanna tar éis don Chinneadh seo ón gComhairle a bheith curtha i gcrích.
Tá gné láidir líonraithe ag an gcúrsa oiliúna agus ag na fóraim idirphlé araon toisc go mbeidh deis ag na NCPanna aithne a chur ar a chéile agus idirchaidreamh a dhéanamh.
3.2.3. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Mar thoradh dearfach ar an gcúrsa oiliúna, táthar ag súil go n-ainmneoidh níos mó Stát is Páirtithe NCPanna. Táthar ag súil freisin go dtiocfaidh méadú agus feabhas ar líon na dtuarascálacha i dtaobh na mBeart Cothaithe Muiníne a chuirfear isteach gach bliain, rud a chuirfidh faisnéis bhreise ar fáil i ndáil le stádas chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ar leibhéal domhanda. Chun inbhuaine a áirithiú, déanfar na hábhair oiliúna a choincheapú ar bhealach lena mbeidh siad inúsáidte agus inrochtana ag na NCPanna le haghaidh seisiúin oiliúna amach anseo tar éis don Chinneadh seo ón gComhairle a bheith curtha i gcrích. Thairis sin, meastar go n-éascófar malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir NCPanna de thoradh an tionscadail seo.
3.3. Tionscadal 3 - Athbhreithniú a éascú ar fhorbairtí san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht atá ábhartha do BTWC trí ról a thabhairt freisin don earnáil acadúil agus don earnáil tionsclaíochta
3.3.1. Cuspóir an tionscadail
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo athbhreithniú a éascú ar eolaíocht agus teicneolaíocht (E&T) atá ábhartha don Choinbhinsiún. Arís is arís eile, tá sé aitheanta ag Stáit is Páirtithe BTWC a thábhachtaí atá sé fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn ábhartha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh riosca a bheith i gceist lena leithéid de dhul chun cinn dá dtiocfadh sárú ar an gCoinbhinsiún as agus, ar an taobh eile, d’fhéadfadh sé go rachadh sé chun tairbhe an Choinbhinsiúin trí, mar shampla, feabhas a chur ar vacsaíní agus ar fháthmheas galar. Ós rud é gur dual don teicneolaíocht a bhaineann le BTWC a bheith ina teicneolaíocht dé-úsáide, is den fhíorthábhacht go mbeadh na hearnálacha acadúla agus tionsclaíochta rannpháirteach i gcónaí agus go ndéanfaí cumarsáid leo.
3.3.2. Cur síos ar an Tionscadal
Is éard atá sa tionscadal seo comhdháil idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a reáchtáil mar ullmhúchán don Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin, dírithe go príomha ar shaineolaithe ón saol acadúil, ó rialtais agus ón earnáil tionsclaíochta le go gcuirfí a dtuairimí san áireamh sa phlé a bheidh ina bhunús ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin. Ag an gcomhdháil, de réir mar is cuí, cuirfear san áireamh agus tógfar ar thorthaí na gcúig cheardlann réigiúnach eolaíochta agus teicneolaíochta a reáchtálfar faoi chuimsiú Cinneadh AE (CFSP) 2016/51 ón gComhairle lena dtacaítear le BTWC. Tabharfar aghaidh freisin ag an gcomhdháil ar thograí a bhaineann le E&T ó Stáit is Páirtithe BTWC, ar nós cód iompair a thabhairt isteach do bhitheolaithe agus iarrachtaí chun sásra athbhreithniúcháin don E&T a bhunú, tograí a bheidh ina n-ábhair phlé athnuaite ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin. Tionólfar an chomhdháil i dtír de chuid an Domhain Theas, mar shampla i gceann d’urraitheoirí (5) rún Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le “Ról na heolaíochta agus na teicneolaíochta i gcomhthéacs na slándála idirnáisiúnta agus na dí-armála”. Sa chás nach féidir an chomhdháil a reáchtáil go fisiciúil mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuirfear formáid fhíorúil i bhfeidhm. Maidir leis an gcomhdháil a eagrú agus a reáchtáil, fostófar comhairleoir seachtrach lena aghaidh sin a mbeidh cúlra ábhartha agus dlúthnaisc aige nó aici leis an earnáil acadúil agus/nó tionsclaíochta. Cuirfear de chúram ar an gcomhairleoir seachtrach freisin oibriú ar straitéis níos fadtéarmaí a fhorbairt ar mhaithe le rannpháirtíocht níos mó idir na geallsealbhóirí faoi BTWC.
Comhlánófar comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta trí thionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a chruthú darb aidhm a áirithiú go bhfuil lucht ceaptha beartas ar an eolas faoin gcaoi ar féidir le dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch sochar a dhéanamh don Choinbhinsiún agus dúshlán a thabhairt dó ag an am céanna. Is éard a bheidh sa tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” sraith imeachtaí a eagrófar dírithe ar fhorbairtí teicneolaíochta a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don Choinbhinsiún. Beidh an comhairleoir seachtrach freagrach freisin as imeachtaí “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a eagrú.
3.3.3. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Táthar ag súil go gcuirfidh Comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta bonn eolais faoi na pléití substainteacha a bheidh ar siúl le linn an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus go mbeidh tionchar aici orthu. Is é is aidhm don phlé ar thograí ábhartha E&T ó Stáit is Páirtithe BTWC, ar nós cód iompair a thabhairt isteach do bhitheolaithe agus iarrachtaí sásra athbhreithniúcháin Eolaíochta agus Teicneolaíochta a bhunú, éascaíocht a dhéanamh ar fhoirmliú seasamh náisiúnta agus/nó réigiúnach agus ar phlé agus caibidlíocht na dtograí sin ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin.
Is é is aidhm don tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” lucht ceaptha beartas a chur ar an eolas faoin dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch is ábhartha don Choinbhinsiún.
3.4. Tionscadal 4 – An tacaíocht a leathnú do chleachtaí deonacha trédhearcachta
3.4.1. Cuspóir an tionscadail
Is é is cuspóir don tionscadal trédhearcacht a chur chun cinn agus muinín a chothú faoin gCoinbhinsiún. Cuireann sé le cleachtaí trédhearcachta deonacha a rinne Stáit is Páirtithe ó 2011 agus is é is aidhm dó tuilleadh feabhais a chur ar an tacaíocht a thugtar do thionscnaimh den sórt sin trí ardán malartaithe a bhunú le haghaidh cleachtaí deonacha trédhearcachta. Áirítear air freisin, inter alia, anailís chuimsitheach a dhéanamh chun ceachtanna ó na gníomhaíochtaí sin a shainaithint chomh maith le sraith gníomhaíochtaí praiticiúla chun tacú leis an gcoincheap.
3.4.2. Cur síos ar an Tionscadal
Ó 2011, tá tionscnaimh dheonacha déanta ag 15 Stát is Páirtí chun cineálacha éagsúla cleachtaí trédhearcachta a óstáil faoin gCoinbhinsiún. Tháinig 35 thír ó na grúpaí réigiúnacha go léir le chéile do na cleachtaí sin. Cé go raibh difríochtaí sna gníomhaíochtaí a bhí ann roimhe seo ó thaobh a n-aidhmeanna agus a gcuspóirí sonracha, formáide, leibhéal rannpháirtíochta agus faid de, tógann siad ar chomhthuiscint amháin: comhaontaítear iad go léir go deonach ar bhealach déthaobhach nó iltaobhach nó le próiseas atá oscailte do gach Stát is Páirtí leasmhar chun úsáid a bhaint as na deiseanna athbhreithnithe piaraí. Leis an gcur chuige sin, is féidir príomhpharaiméadair éagsúla a chur in oiriúint de réir roghanna na Stát is Páirtithe eagrúcháin/atá rannpháirteach. Le cleachtaí trédhearcachta deonacha, is féidir aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla amhail cur chun feidhme náisiúnta, cúnamh agus comhar idirnáisiúnta, ullmhacht agus freagairt, rialú onnmhairithe, reachtaíocht maidir leis an mbithshábháilteacht agus leis an mbithshlándáil, nó tuarascálacha ar Bhearta Cothaithe Muiníne a ullmhú.
Foráiltear sa tionscadal go mbunófar coimre ar líne de na cleachtaí trédhearcachta uile i bhfoirm bunachar sonraí inchuardaithe maidir leis na gníomhaíochtaí uile a rinneadh go dtí seo agus maidir le tiomsú staidéir chuimsithigh ar chleachtaí trédhearcachta a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear ceachtanna a sainaithníodh ó na gníomhaíochtaí éagsúla. Déanfar an staidéar i ndlúthchomhar le UNIDIR. Ina theannta sin, féachfaidh UNODA le dul i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta leasmhara, lena n-áirítear Ionaid Barr Feabhais AE chun riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú, agus an tionscadal á chur chun feidhme. Sannfar bunú na coimre ar líne agus forbairt an staidéir ar chleachtaí a rinneadh roimhe seo do chomhairleoirí seachtracha.
3.4.3. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Leis an tionscadal, táthar ag súil go neartófar cur chun feidhme an Choinbhinsiúin trí fhaisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc na Stát is Páirtithe maidir le cleachtaí trédhearcachta deonacha agus go gcuideofar chun riachtanais a shainaithint i dtaca le cúnamh agus comhar faoi Airteagal X ó BTWC. Beidh sé ina chuidiú freisin chun fóram idirphlé maidir leis na tionscnaimh sin a chruthú idir Stáit is Páirtithe leasmhara.
4. SAINCHEISTEANNA FOIRNE
Chun an Cinneadh sin ón gComhairle a chur chun feidhme, beidh foireann ag teastáil sa Ghinéiv chun cur chun feidhme comhordaithe agus cuíchóirithe na ngníomhaíochtaí uile faoin gCinneadh seo ón gComhairle a áirithiú. Is gá, dá bhrí sin, Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P2 agus Cúntóir Riaracháin GS4 a bheith lonnaithe i mBrainse UNODA sa Ghinéiv. Mar a leagtar amach thuas, lonnófar Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 in Addis Ababa. Tuairisceoidh na hOifigigh Gnóthaí Polaitiúla P2 agus P3 agus an Cúntóir Riaracháin GS4 don Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 atá ag déanamh maoirseacht ar chur chun feidhme Chinneadh 2019/97 ón gComhairle chun cur chun feidhme cuíchóirithe agus comhordaithe an dá Chinneadh ón gComhairle a áirithiú.
I bhfianaise an leibhéil aird speisialtóireachta a theastaíonn chun cúnamh reachtach agus teicniúil a chur ar fáil san Afraic, chun suíomh gréasáin NCP a nuachóiriú agus ábhair oiliúna a fhorbairt do NCPanna, chun Comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta a eagrú agus an tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a chur i gcrích, chun an coimre ar líne maidir le cleachtaí trédhearcachta deonacha a bhunú agus an staidéar ar chleachtaí agus ar dhea-chleachtais a rinneadh roimhe seo a fhorbairt, beidh sé riachtanach comhairleoirí seachtracha a fhostú chun na gcríoch sin.
5. TUAIRISCIÚ
Cuirfidh UNODA/BTWC-ISU tuarascálacha sé mhí ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtionscadal faoi bhráid an Ardionadaí.
6. ACHAR AMA
Is é 24 mhí fad iomlán measta chur chun feidhme an tionscadail.
7. INFHEICTHEACHT AN AONTAIS
Déanfaidh UNODA/BTWC-ISU gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas na gníomhaíochtaí a rinneadh. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha AE arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh UNODA/BTWC-ISU infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, trédhearcacht a ghníomhaíochtaí á háirithiú, agus feasacht á múscailt ar na cúiseanna leis an gCinneadh seo maille le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais le feiceáil go soiléir ar ábhar a tháirgeann na tionscadail i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir leis an mbratach a úsáid agus a atáirgeadh go cruinn.
8. TAIRBHITHE
Is éard a bheidh i dtairbhithe Thionscadal 1 Stáit is Páirtithe in BTWC a mhéid a bhaineann le cúnamh dlíthiúil agus teicniúil a sholáthar agus Stáit nach Páirtithe iad (idir Stáit is sínitheoirí agus Stáit nach sínitheoirí iad) in BTWC a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí um uiliú, lena n-áirítear geallsealbhóirí ábhartha ón earnáil phríobháideach, ón saol acadúil agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh maith le grúpálacha foréigiúnacha agus eagraíochtaí comhpháirtíochta atá bunaithe san Afraic (6), i gcás inarb iomchuí.
Is Stáit is Páirtithe in BTWC iad tairbhithe Thionscadal 2 i ndáil le fothú acmhainneachta do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC, go háirithe oifigigh atá ainmnithe mar phointí teagmhála náisiúnta.
Is oifigigh, eolaithe, lucht acadúil agus ionadaithe tionscail ó Stáit is Páirtithe in BTWC a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 3 maidir le hathbhreithniú ar fhorbairtí san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht is ábhartha don Choinbhinsiún a éascú.
Is Stáit is Páirtithe in BTWC a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 4 i ndáil le tacaíocht do chleachtaí trédhearcachta deonacha a leathnú.
(1) Is iad príomhshruthanna oibre CD AE 2019/97 uiliú, cláir chúnaimh chun cur chun feidhme BTWC ar an leibhéal náisiúnta a neartú, líonraí bithshlándála a chruthú i measc eolaithe óga ón Domhan Theas, tacaíocht don chlár idirsheisiúnach agus don 9ú Comhdháil Athbhreithniúcháin chomh maith le hábhar for-rochtana agus oideachais a fhorbairt.
(2) Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/184/CBES agus 2008/858/CBES agus Cinntí 2012/421/CBES agus 2016/51/CBES ón gComhairle.
(3) Amhail Lárionad na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc a mhéid a bhaineann lena Thionscnamh um an mBithshábháilteacht agus an Bhithshlándáil, Roinn Síochána agus Slándála Choimisiún an Aontais Afracaigh, Gníomhaireacht Forbartha an Aontais Afracaigh – Líonra Saineolais na hAfraice um an mBithshábháilteacht (AUDA-NEPAD), Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha (CERanna) agus eintitis ábhartha eile ón Aontas Afracach, chomh maith le Tionscnamh Inaitheanta Mheitheal na Comhpháirtíochta Domhanda um an tSlándáil Bhitheolaíoch.
(4) I rún 1540 (2004), chinn an Chomhairle Slándála go staonfadh na Stáit uile ó aon chineál tacaíochta a thabhairt do ghníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad a fhéachann le hairm núicléacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha agus a modhanna seachadta a fhorbairt, a fháil, a mhonarú, a shealbhú, a iompar, a aistriú nó a úsáid, go háirithe chun críocha sceimhlitheoireachta.
(5) Féach https://undocs.org/en/A/RES/73/32
(6) Amhail Lárionad na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc a mhéid a bhaineann lena Thionscnamh um an mBithshábháilteacht agus an Bhithshlándáil, Roinn Síochána agus Slándála Choimisiún an Aontais Afracaigh, Gníomhaireacht Forbartha an Aontais Afracaigh – Líonra Saineolais na hAfraice um an mBithshábháilteacht (AUDA-NEPAD), Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha (CERanna) agus eintitis ábhartha eile ón Aontas Afracach, chomh maith le Tionscnamh Inaitheanta Mheitheal na Comhpháirtíochta Domhanda um an tSlándáil Bhitheolaíoch.