EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D1124

Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste um thrádáil agus um fhorbairt inbhuanaithe faoin gComhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir an tAontas eorpach agus an tSeapáin an 1 Márta 2023 a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a ghlacadh [2023/1124]

PUB/2023/639

IO L 148, 8.6.2023, p. 121–129 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1124/oj

8.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/121


CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE FAOIN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN

an 1 Márta 2023

a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe a bhunú, agus le rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a ghlacadh [2023/1124]

AN COISTE UM THRÁDÁIL AGUS UM FHORBAIRT INBHUANAITHE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus go háirithe mír 2 agus fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin foráiltear go mbunóidh an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘an Coiste’) liosta de dheichniúr ar a laghad atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe de bhun an Airteagail sin.

(2)

Foráiltear le mír 2 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin go bhfuil an Coiste chun na rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear an liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar a bheith ag feidhmiú mar shaineolaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Glactar na rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

An liosta de dhaoine aonair agus na rialacha nós imeachta don phainéal saineolaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo i gcomhréir le mír 2 agus fomhír 4(d) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin, beidh siad bailí ó dháta glactha an Chinnidh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.

Thar ceann an Choiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe

Na Comhchathaoirligh

Ulrich WEIGL

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Takeshi KOYAMA

Thar ceann na Seapáine


IARSCRÍBHINN 1

LIOSTA NA SAINEOLAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR I bhFOMHÍR 4(d) d’AIRTEAGAL 16.18 DEN CHAOMHAONTÚ COMPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN

Foliosta don Aontas Eorpach

1.

Jorge CARDONA

2.

Karin LUKAS

3.

Laurence BOISSON DE CHAZOURNES

4.

Geert VAN CALSTER

Foliosta don tSeapáin

1.

AGO Shin-ichi

2.

TAKAMURA Yukari

3.

TAMADA Dai

4.

YAGI Nobuyuki

Foliosta de dhaoine aonair nach náisiúnaithe de cheachtar den dá Pháirtí iad agus a fheidhmeoidh mar chathaoirleach ar an bpainéal

1.

Armand DE MESTRAL (Ceanada)

2.

Jennifer A. HILLMAN (na Stáit Aontaithe)

3.

Arthur Edmond APPLETON (na Stáit Aontaithe)

4.

Nathalie BERNASCONI (an Eilvéis)


IARSCRÍBHINN 2

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN PHAINÉIL SAINEOLAITHE

Maidir le nósanna imeachta an phainéil saineolaithe faoi Chaibidil 16 (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, tá feidhm ag na rialacha seo a leanas:

I.   Sainmhínithe

1.

Sna Rialacha Nós Imeachta seo:

(a)

ciallaíonn ‘foireann riaracháin’, i leith saineolaí, daoine faoi stiúradh agus rialú an tsaineolaí, seachas cúntóirí;

(b)

ciallaíonn ‘comhairleoir’ duine atá fostaithe ag Páirtí chun comhairle a chur ar an bPáirtí sin nó chun cúnamh a thabhairt don Pháirtí sin i dtaca le nós imeachta an phainéil, seachas ionadaithe an Pháirtí sin;

(c)

ciallaíonn ‘Comhaontú’ an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin;

(d)

ciallaíonn ‘cúntóir’ duine a dhéanann, faoi théarmaí ceapacháin saineolaí, taighde don saineolaí sin nó a thugann cúnamh don saineolaí sin;

(e)

ciallaíonn ‘Cód Iompair’ an Cód Iompair le haghaidh Eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 21.30 den Chomhaontú agus a glacadh le Cinneadh Uimh. 1/2019 an 10 Aibreán 2019 ó Choiste Comhpháirteach an Chomhaontaithe;

(f)

ciallaíonn ‘Coiste’ an Coiste um Thrádáil agus um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh de bhun Airteagal 22.3 den Chomhaontú;

(g)

ciallaíonn ‘laethanta’ laethanta féilire;

(h)

ciallaíonn ‘saineolaí’ comhalta de phainéal;

(i)

ciallaíonn ‘painéal’ painéal saineolaithe a thionóltar de bhun mhír 1d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú;

(j)

ciallaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí an phainéil;

(k)

ciallaíonn ‘ionadaí’, i ndáil le Páirtí, feidhmeannach nó aon duine eile de chuid roinne nó gníomhaireachta rialtais nó aon eintiteas poiblí eile de chuid Páirtí agus baill foirne eile, a ainmníonn an Páirtí mar ionadaí dó chun críoch imeachtaí an phainéil;

(l)

ciallaíonn ‘Páirtí iarrthach’ an Páirtí a iarrann painéal a thionól de bhun mhír 1 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú; agus

(m)

ciallaíonn ‘Páirtí is freagróir’ an Páirtí a fhaigheann iarraidh ón bPáirtí iarrthach go dtionólfaí painéal saineolaithe de bhun mhír 1 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú.

II.   Saineolaithe a cheapadh

2.

Beidh comhchathaoirleach Pháirtí iarrthach an Choiste freagrach as an gcrannchur dá dtagraítear i bhfomhír 4(c) d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú a eagrú, agus déanfaidh sé dáta, am agus ionad an chrannchuir a chur in iúl go pras don chomhchathaoirleach ón bPáirtí is freagróir. Féadfaidh an comhchathaoirleach ón bPáirtí is freagróir a bheith i láthair nó féadfaidh duine eile ionadaíocht a dhéanamh air tráth a bheidh crannchur á dhéanamh. Féadfaidh ionadaithe de chuid an dá Pháirtí a bheith i láthair freisin. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.

3.

Cuirfidh na Páirtithe gach duine aonair a cheapfar chun feidhmiú mar shaineolaí de bhun Airteagal 16.18 den Chomhaontú ar an eolas i scríbhinn faoina cheapadh. Dearbhóidh gach duine don dá Pháirtí an bhfuil sé ar fáil laistigh de chúig lá ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é.

III.   Cód Iompair

4.

Beidh feidhm ag an gCód Iompair, mutatis mutandis, maidir leis na saineolaithe a fheidhmeoidh ar an bPainéal Saineolaithe.

IV.   Cruinniú eagrúcháin

5.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, tiocfaidh na Páirtithe agus an painéal le chéile laistigh de sheacht lá ó dháta bunaithe an phainéil chun na saincheisteanna a mheasann na páirtithe nó an painéal a bheith iomchuí a shocrú, saincheisteanna lena n-áirítear:

(a)

an luach saothair agus an speansas atá le híoc leis na saineolaithe, a bheidh i gcomhréir le caighdeáin agus critéir EDT;

(b)

na costais le haghaidh aon chúntóir nó aon bhall foirne riaracháin a chinnfeadh saineolaí earcú, agus ní rachaidh méid iomlán an luacha saothair a íocfar le cúntóir nó ball foirne riaracháin gach saineolaí thar 50 % de luach saothair an tsaineolaí, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt; agus

(c)

an tráthchlár le haghaidh na n-imeachtaí a bhunófar bunaithe ar chrios ama an Pháirtí is freagróir.

Ní fhéadfaidh ach saineolaithe agus ionadaithe na bPáirtithe ar oifigigh nó daoine eile de chuid roinne nó gníomhaireachta rialtais nó aon eintitis phoiblí eile páirt a ghlacadh sa chruinniú sin, cibé duine le duine nó ar an bhfón nó i bhfíschomhdháil.

V.   Fógraí

6.

Maidir le haon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile:

(a)

a tharchuirfidh an painéal, cuirfear chuig an dá Pháirtí é an tráth céanna;

(b)

a tharchuirfidh Páirtí, déanfar é a chóipeáil chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus

(c)

a tharchuirfidh Páirtí chuig Páirtí eile, déanfar é a chóipeáil chuig an bpainéal an tráth céanna, de réir mar is iomchuí.

7.

Déanfar aon fhógra dá dtagraítear faoi mhír 6 a sheoladh le ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, le haon mhodh teileachumarsáide eile lena ndéantar taifead gur seoladh an fógra sin. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar go bhfuarthas an fógra sin a dháta a sheolta.

8.

Mionearráidí de chineál cléireachais in iarraidh, i bhfógra, in aighneacht i scríbhinn nó i ndoiciméad eile a bhaineann le himeachtaí an phainéil, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh ina léireofar na hathruithe go soiléir.

9.

Más rud é gur lá saoire dlíthiúil de chuid na Seapáine nó an Aontais Eorpaigh nó aon lá eile ar a mbíonn oifigí Rialtas Páirtí dúnta go hoifigiúil nó trí force majeure an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, measfar an doiciméad a bheith faighte ar an gcéad lá oibre eile. Ag an gcruinniú eagrúcháin dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh gach Páirtí isteach liosta dá laethanta saoire dlíthiúla agus aon laethanta eile ar a mbíonn a chuid oifigí dúnta go hoifigiúil. Coinneoidh gach Páirtí a liosta cothrom le dáta le linn an nós imeachta painéil.

VI.   Teachtaireachtaí i scríbhinn

10.

Cuirfidh an Páirtí iarrthach a aighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis dháta bunaithe an phainéil. Cuirfidh an Páirtí is freagróir a fhrithaighneacht i scríbhinn isteach 20 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta a fuarthas aighneacht i scríbhinn an Pháirtí iarrthaigh.

VII.   Iarrataí ar fhaisnéis agus ar chomhairle

11.

I gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú, ba cheart don phainéal faisnéis agus comhairle a lorg ó na heagraíochtaí nó na comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha maidir le cúrsaí a bhaineann le hionstraimí an Eagraíocht Oibreachais Idirnáisiúnta nó comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, de réir mar a mheasann sé a bheith iomchuí.

12.

Sula lorgóidh an painéal faisnéis agus comhairle ó na heintitis dá dtagraítear i mír 11, tabharfaidh sé deis do na Páirtithe barúil a thabhairt ar liosta na n-eintiteas agus ar na hiarrataí a dhíreofar chucu.

13.

Cuirfidh an painéal aon fhaisnéis a gheobhaidh sé de bhun mhír 11 isteach chuig na Páirtithe, agus beidh deis acu barúil a thabhairt faoin bhfaisnéis sin.

VIII.   Oibriú an phainéil

14.

Is é cathaoirleach an phainéil a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh painéal an t-údarás chun cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach.

15.

Mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 16.18 den Chomhaontú nó sna Rialacha Nós Imeachta sin, féadfaidh an painéal a chuid gníomhaíochtaí a sheoladh le haon mhodh, lena n-áirítear an teileafón, tarchur facs nó naisc ríomhaireachta.

16.

I gcás ina dtiocfaidh ceist nós imeachta aníos nach gcumhdaítear le hAirteagal 16.18 den Chomhaontú nó leis na Rialacha Nós Imeachta seo nó leis na gCód Iompair, féadfaidh an painéal, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin.

17.

Féadfaidh an painéal aon tréimhse ama seachas na tréimhse ama a leagtar amach in Airteagal 16.18 den Chomhaontú a mhodhnú agus aon choigeartú nós imeachta nó riaracháin eile sna himeachtaí a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe. Nuair a rachaidh an painéal i gcomhairle leis na Páirtithe, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn faoin modhnú nó coigeartú atá beartaithe agus faoin gcúis atá leis.

IX.   Éisteachtaí

18.

Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le mír 5 agus tar éis do chathaoirleach an phainéil dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na saineolaithe eile, cinnfidh sé dáta, am agus láthair na héisteachta.

19.

Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe, déanfar an láthair a mhalartú idir na Páirtithe, agus is sa Pháirtí is freagróir a bheidh an chéad éisteacht ar siúl. Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe, déanfaidh an Páirtí ina mbeidh an éisteacht ar siúl an méid seo a leanas:

(a)

láthair na héisteachta a chinneadh agus cathaoirleach an phainéil a chur ar an eolas faoi; agus

(b)

a bheith i gceannas as riarachán lóistíochta na héisteachta.

20.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, agus gan dochar do mhír 49, comhroinnfidh na Páirtithe na costais a dhíorthóidh ó riarachán lóistíochta na héisteachta.

21.

Tabharfaidh cathaoirleach an phainéil fógra i scríbhinn do na Páirtithe, in am trátha, faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí ina mbeidh an éisteacht ar siúl an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin i gcás ina mbeidh an éisteacht dúnta don phobal.

22.

Mar riail ghinearálta níor cheart ach aon éisteacht amháin a bheith ann. Má bhaineann an díospóid le saincheisteanna atá thar a bheith casta, féadfaidh an painéal éisteachtaí breise a thionól ar a thionscnamh féin nó, arna iarraidh sin do cheachtar den dá Pháirtí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe. I gcás gach ceann de na héisteachtaí breise, beidh feidhm ag míreanna 18 go 21 mutatis mutandis.

23.

Beidh aon éisteacht de chuid an phainéil oscailte don phobal mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na Páirtithe nó má bhíonn faisnéis rúnda in aighneachtaí agus in argóintí an Pháirtí. Níor cheart don phobal aon taifead fuaime nó físe a dhéanamh ar an éisteacht. Is faoi rún a bheidh na héisteachtaí a reáchtálfar i seisiún dúnta i gcomhréir le mír 39.

24.

Beidh na saineolaithe uile i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.

25.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, bíodh an éisteacht ar oscailt don phobal nó ná bíodh:

(a)

ionadaithe na bPáirtithe;

(b)

comhairleoirí;

(c)

cúntóirí agus foireann riaracháin;

(d)

ateangairí, aistritheoirí agus tuairisceoirí cúirte an phainéil; agus

(e)

ionadaithe ó na heagraíochtaí nó na comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, arna gcinneadh ag na bpainéal de bhun mhír 3 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú.

26.

Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an bpainéal liosta d’ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha na n-ionadaithe agus na gcomhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.

27.

Déanfaidh an painéal an éisteacht mar seo a leanas, agus áiritheoidh sé go dtabharfar am comhionann don Pháirtí is déantóir gearáin agus don Pháirtí iarrthach ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:

 

An argóint

(a)

argóint an Pháirtí iarrthaigh; agus

(b)

argóint an Pháirtí is freagróir.

 

An Argóint Frisnéise

(a)

freagra an Pháirtí iarrthaigh; agus

(b)

frithfhreagra an Pháirtí is freagróir.

28.

Féadfaidh an painéal ceisteanna a dhíriú ar cheachtar den dá Pháirtí tráth ar bith le linn na héisteachta.

29.

Déanfaidh an painéal socrú ionas go ndéanfar tras-scríbhinn na héisteachta a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras-scríbhinn agus féadfaidh an painéal na barúlacha sin a bhreithniú.

30.

Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.

X.   Pléití

31.

Ní fhéadfaidh ach na saineolaithe páirt a ghlacadh i bpléití an phainéil.

XI.   Ceisteanna i scríbhinn

32.

Féadfaidh an painéal, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Déanfar aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin a chóipeáil chuig an bPáirtí eile.

33.

Cuirfidh gach páirtí cóip dá fhreagra ar fáil don Pháirtí eile ar na ceisteanna a chuir an painéal faoina bhráid. Beidh deis ag Páirtí barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir le freagra an Pháirtí eile laistigh de chúig lá tar éis an chóip sin a fháil.

XII.   Ionadú na saineolaithe

34.

Má tharraingíonn aon cheann de shaineolaithe an phainéil bhunaidh siar nó más rud é nach mbíonn sé in ann páirt a ghlacadh, nó más gá saineolaí eile a chur ina ionad in imeachtaí an phainéil de bhun Airteagal 16.18 den Chomhaontú, beidh feidhm ag mír 4 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú mutatis mutandis.

35

I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann saineolaí ceanglais an Chóid Iompair agus ar an gcúis sin gur cheart é a ionadú, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an ama a fuair sé fianaise leordhóthanach faoi neamh-chomhlíonadh cheanglais an Chóid Iompair.

36.

I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann saineolaí seachas an cathaoirleach ceanglais an Chóid Iompair, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile agus, más rud é go gcomhaontaíonn siad amhlaidh, roghnóidh siad saineolaí nua i gcomhréir le mír 34.

Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an saineolaí a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid chathaoirleach an phainéil agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh.

Má chineann an cathaoirleach, de bhun na hiarrata sin, nach gcomhlíonann an saineolaí ceanglais an Chóid Iompair, roghnófar saineolaí nua i gcomhréir le mír 34.

37.

I gcás ina measfaidh Páirtí nach gcomhlíonann cathaoirleach an phainéil ceanglais an Chóid Iompair, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile agus, más rud é go gcomhaontaíonn siad amhlaidh, roghnóidh siad cathaoirleach nua i gcomhréir le mír 34.

Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an dá shaineolaí atá fágtha. Cinnfidh na saineolaithe, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta seachadta na hiarrata, an bhfuil gá le cathaoirleach an phainéil a ionadú. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na saineolaithe maidir leis an ngá atá leis an gcathaoirleach a ionadú.

Má chinneann na saineolaithe nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais an Chóid Iompair, roghnófar cathaoirleach nua i gcomhréir le mír 34.

38.

Cuirfear na himeachtaí ar fionraí le linn na tréimhse a thógfaidh sé na nósanna imeachta dá bhforáiltear i míreanna 34 go 37 a chur i gcrích.

XIII.   Rúndacht

39.

Is mar fhaisnéis rúnda a dhéileálfaidh an painéal agus na Páirtithe le haon fhaisnéis a chuirfidh Páirtí faoi bhráid an phainéil agus a bheidh ainmnithe mar fhaisnéis rúnda ag an bPáirtí sin. I gcás ina gcuirfidh Páirtí leagan rúnda dá aighneachtaí i scríbhinn faoi bhráid an phainéil, cuirfidh sé leagan neamhrúnda de na haighneachtaí a d’fhéadfaí a nochtadh don phobal ar fáil, arna iarraidh sin don Pháirtí eile, laistigh de 20 lá ó dháta na hiarrata. Ní chuireann na Rialacha Nós Imeachta sin aon bhac ar Pháirtí a aighneachtaí féin a nochtadh don phobal ar choinníoll nach nochtfaidh sé aon fhaisnéis ar ainmnigh an Páirtí sin gur faisnéis rúnda í. Is i seisiún dúnta a thiocfaidh an painéal le chéile má bhíonn faisnéis rúnda in aighneachtaí agus in argóintí an pháirtí. I gcás ina dtionólfar éisteacht an phainéil i seisiún dúnta, coinneoidh an painéal agus na Páirtithe rúndacht na héisteachta sin.

XIV.   Teagmhálacha ex parte

40.

Ní thiocfaidh an painéal le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le haon Pháirtí gan an Páirtí eile a bheith i láthair.

41.

Ní phléifidh saineolaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na saineolaithe eile a bheith i láthair.

XV.   Aighneachtaí amicus curiae

42.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 3 lá ó dháta bunaithe an phainéil, féadfaidh an painéal aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó aon daoine nádúrtha de chuid Páirtí, nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i bPáirtí, atá neamhspleách ar Rialtais na bPáirtithe, ar choinníoll go bhfaighfear na haighneachtaí laistigh de 10 lá ón dáta a bhunaítear an painéal.

43.

Beidh na haighneachtaí beacht agus ní bheidh siad níos faide ná 15 leathanach ar spás dúbailte in aon chás, agus beidh siad ábhartha go díreach do shaincheist fhíorasach nó dhlíthiúil atá á breithniú ag an bpainéal. Beidh tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a chuirfidh na haighneachtaí ar fáil, lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás duine nádúrtha, a náisiúntacht; agus

(b)

i gcás duine dlítheanach, áit a bhunaithe, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta agus a fhoinse maoinithe.

Sonróidh aon duine ina aighneachtaí an leas atá aige sna himeachtaí. Beidh na haighneachtaí scríofa sna teangacha a roghnaigh na páirtithe, i gcomhréir le míreanna 45 agus 46 de na Rialacha Nós Imeachta seo.

44.

Liostóidh an painéal ina thuarascáil na haighneachtaí go léir a fuair sé de bhun mhíreanna 42 agus 43. Níl sé d’oibleagáid ar an bpainéal dul i ngleic leis na hargóintí arna ndéanamh in aighneachtaí den sórt sin sa tuarascáil uaidh. Cuirfear na haighneachtaí sin ar fáil do na páirtithe chun a mbarúlacha ina leith a fháil. Barúlacha na bPáirtithe a cuireadh faoi bhráid an phainéil laistigh de 30 lá, cuirfidh an painéal san áireamh iad.

XVI.   Teanga agus aistriúchán

45.

Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 16.17 den Chomhaontú, agus tráth nach déanaí ná am an chruinnithe eagrúcháin dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann le haghaidh na n-imeachtaí os comhair an phainéil. Tabharfaidh gach Páirtí fógra don Pháirtí eile, tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis don Choiste na Rialacha Nós Imeachta seo a ghlacadh i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú, faoi liosta teangacha dá rogha. Áireofar ar a laghad aon teanga oibre amháin de chuid EDT ar an liosta.

46.

Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, cuirfidh gach Páirtí a aighneachtaí i scríbhinn isteach ina rogha teanga, agus ag an am céanna cuirfidh sé aistriúchán ar fáil i gceann de theangacha oibre EDT ar thug an Páirtí eile fógra ina leith i gcomhréir le mír 45, i gcás inarb iomchuí. Is é an Páirtí a bheidh freagrach as an éisteacht ó bhéal a eagrú a dhéanfaidh an socrú chun go ndéanfar ateangaireacht ar na haighneachtaí ó bhéal chuig teanga chéanna oibre EDT, i gcás inarb iomchuí.

47.

Is sa teanga oibre choiteann a eiseofar tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach an phainéil. Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe faoi theanga oibre choiteann, eiseofar tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach i dteangacha oibre EDT dá dtagraítear i mír 46.

48.

Féadfaidh Páirtí barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas an aistriúcháin ar aon leagan aistrithe de dhoiciméad a tarraingíodh suas i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

49.

I gcás inar gá aistriúchán nó ateangaireacht i dteanga oibre ábhartha EDT a dhéanamh ar aighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal de chuid Páirtí, seasfaidh an Páirtí na costais a bhaineann leis sin.

XVII.   Tuarascáil an Phainéil

50.

Cuirfidh an painéal tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach i láthair do na Páirtithe i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 16.18 den Chomhaontú. Cuirfear an tuarascáil chríochnaitheach ar fáil go poiblí. Níor cheart don phainéal a thuarascáil a nochtadh roimh í a fhoilsiú do na Páirtithe.

XVIII.   Athbhreithniú

51.

Féadfar na Rialacha Nós Imeachta seo a athbhreithniú le comhaontú idir na Páirtithe.

Top