This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008M050
Consolidated version of the Treaty on European Union - TITLE VI: FINAL PROVISIONS - Article 50
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA - Airteagal 50
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA - Airteagal 50
IO C 115, 9.5.2008, p. 43–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA - Airteagal 50
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0043 - 0044
Airteagal 50 1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas. 2. Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Déanfar an Comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais. 3. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú. 4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát a bheidh ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle a bhaineann leis an mBallstát sin. Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 5. Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49. --------------------------------------------------