Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008M046

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 2: Forálacha maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta - Airteagal 46

IO C 115, 9.5.2008, p. 40–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2008/art_46/oj

12008M046

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 2: Forálacha maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta - Airteagal 46

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0040 - 0041


Airteagal 46

1. Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 42(6), a chomhallfaidh na critéir agus a mbeidh na gealltanais déanta acu maidir le cumais mhíleata atá leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh siad a n-intinn in iúl don Chomhairle agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

2. Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar buanchomhar struchtúrtha agus lena gcinnfear liosta na mBallstát rannpháirteach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí.

3. Aon Bhallstát ar mian leis, tráth níos déanaí, a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Ardionadaí.

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena ndaingneofar rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht a chomhallann na critéir agus a dhéanann na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. Más rud é nach gcomhallann Ballstát rannpháirteach na critéir a thuilleadh nó nach féidir leis na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le buanchomhar struchtúrtha a ghabháil ar láimh a thuilleadh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun rannpháirtíocht an Bhallstáit sin a fhionraí.

Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha, seachas an Ballstát i dtrácht.

Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

5. Más mian le Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ón mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle a thabharfaidh dá haire go bhfuil deireadh le rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht.

6. Na cinntí agus na moltaí ón gComhairle arna nglacadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, seachas na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 5, glacfar d'aon toil iad. Chun críocha na míre seo, is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.

--------------------------------------------------

Top