EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E177
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART THREE: UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS - TITLE XVIII: ECONOMIC, SOCIAL AND TERRITORIAL COHESION - Article 177 (ex Article 161 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XVIII: COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH - Airteagal 177 (sean-Airteagal 161 CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 128–128
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XVIII: COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH - Airteagal 177 (sean-Airteagal 161 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0128 - 0128
Airteagal 177 (sean-Airteagal 161 CCE) Gan dochar d'Airteagal 178, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gcistí struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú. Saineofar tríd an nós imeachta céanna na rialacha ginearálta is infheidhme ar na cistí maille leis na forálacha is gá chun éifeachtúlacht na gcistí agus an comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú. Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagair iompair. --------------------------------------------------