This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1451
Commission Regulation (EU) 2024/1451 of 24 May 2024 amending Annex II and Annex III to Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council as regards the food additives tartaric acid (L(+)-) (E 334), sodium tartrates (E 335), potassium tartrates (E 336), sodium potassium tartrate (E 337) and calcium tartrate (E 354)
Rialachán (AE) 2024/1451 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na breiseáin bhia aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354)
Rialachán (AE) 2024/1451 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na breiseáin bhia aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354)
C/2024/3324
IO L, 2024/1451, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1451/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1451 |
27.5.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1451 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na breiseáin bhia aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. Leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 liosta Aontais de bhreiseáin bhia lena n-áirítear iompróirí atá formheasta le húsáid i mbreiseáin bhia, einsímí bia, blastáin bhia agus cothaithigh maille le coinníollacha a n-úsáide. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, féadtar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
|
(3) |
Aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354), is substaintí iad atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Tá na breiseáin bhia sin údaraithe faoi láthair lena n-úsáid ag quantum satis agus áirítear iad i nGrúpa I, i gcuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, lena gcumhdaítear breiseáin bhia, gan dathanna ná milseoirí a áireamh, ‘nár sonraíodh iontógáil laethúil inghlactha ina leith’ nó ar thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú riosca is déanaí ‘nach bhfuil gá le hiontógáil laethúil uimhriúil inghlactha ina leith’. Ina theannta sin, maidir le haigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354), tá siad údaraithe lena n-úsáid i gcatagóirí sonracha bia le huasleibhéal uimhriúil nó ag quantum satis. |
|
(4) |
An 11 Márta 2020, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354) mar bhreiseáin bhia (3). Bunaíodh iontógáil laethúil inghlactha grúpa de 240 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae maidir le haigéad tartarach - tartráití (334 — 337 agus E 354), arna shloinneadh mar aigéad tartarach. Na meastacháin nochta maidir leis na grúpaí éagsúla den daonra le haghaidh an cháis nochta is ábhartha, níor sháraigh siad an iontógáil laethúil inghlactha grúpa de 240 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae, arna shloinneadh mar aigéad tartarach. |
|
(5) |
An 19 Eanáir 2021, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis na breiseáin bhia cheadaithe aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354), inar iarradh ar oibreoirí gnólachtaí bia sonraí, i measc nithe eile, a chur isteach maidir le húsáidí na mbreiseán bia sin i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Cuid E agus le hIarscríbhinn III, Codanna 2, 3 agus 4 agus le Roinn A de Chuid 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Sonraíodh sa ghlao, in éagmais sonraí maidir le catagóir bhia ina n-údaraítear úsáid d’aon ghnó na mbreiseán bia sin faoi láthair, go measfadh an Coimisiún nach bhfuil aon leas ann go leanfadh na breiseáin bhia de bheith údaraithe sa chatagóir bhia sin agus dá bhrí sin go dtarraingeofaí siar an t-údarú sin. |
|
(6) |
Sholáthair oibreoirí gnólachtaí sonraí maidir le húsáidí na mbreiseán bia sin i gcomhréir le Cuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcás roinnt catagóirí bia ach tá roinnt in easnamh fós. |
|
(7) |
Sholáthair oibreoirí gnólachtaí sonraí maidir le húsáidí na mbreiseán bia sin i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Codanna 2 agus 4 agus le Roinn A de Chuid 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Níor soláthraíodh aon sonraí maidir le húsáidí i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 3, áfach. |
|
(8) |
Agus athmheastóireacht an Údaráis á cur san áireamh, go háirithe, an iontagáil laethúil inghlactha grúpa a bunaíodh maidir le haigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) agus tartráit chailciam (E 354), is iomchuí na breiseáin bhia sin a bhaint ó Ghrúpa I, grúpa nua a chruthú dóibh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcoinníollacha úsáide. Ina theannta sin, i bhfianaise na sonraí a soláthraíodh maidir le húsáidí na mbreiseán bia sin i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, is iomchuí coinníollacha úsáide reatha na mbreiseán bia sin a leasú trí na húdaruithe a tharraingt siar i gcatagóirí bia nár soláthraíodh aon sonraí ina leith mar fhreagairt ar an nglao ar shonraí. Ina theannta sin, i bhfianaise na sonraí sin a cuireadh ar fáil maidir leis na húsáidí agus an nochtadh cothaithe arna ríomh ag an Údarás, is iomchuí uasleibhéil úsáide uimhriúla a bhunú le haghaidh catagóirí bia ar cuireadh sonraí ar fáil ina leith. Is iomchuí freisin roinnt neamhréireachtaí a bhaint a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha úsáide maidir le haigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335) agus tartráití potaisiam (E 336) i gcatagóirí éagsúla. |
|
(9) |
Ba cheart cur i bhfeidhm na n-uasleibhéal nua a chur siar agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do tháirgí a chuirtear ar an margadh roimh dháta chur i bhfeidhm na n-uasleibhéal faoi seach ionas gur féidir leis na hoibreoirí gnólachtaí bia, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, iad féin a chur in oiriúint do na coinníollacha úsáide nua a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Maidir le bianna ina bhfuil aigéad tartarach (L(+)-) (E 334), tartráití sóidiam (E 335), tartráití potaisiam (E 336), tartráit photaisiam sóidiam (E 337) nó tartráit chailciam (E 354) nach gcomhlíonann an Rialachán seo agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 16 Nollaig 2024, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ‘ndáta éaga’.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(3):6030.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear CUID C mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear CUID E mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid 2, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le E 321:
|
|
(2) |
i gCuid 3, scriostar na hiontrálacha maidir leis na breiseáin bhia: E 334 Aigéad tartarach (L(+)-), E 335 Tartráití sóidiam, E 336 Tartráití potaisiam, E 337 Tartráit photaisiam sóidiam agus E 354 Tartráit chailciam; |
|
(3) |
i gCuid 4, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le E 320:
|
|
(4) |
i gCuid 5, leasaítear Roinn A mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Cuid 6 mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1451/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)