Comhar breithiúnach — Ardán comhoibrithe na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2023/969 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tá sé mar aidhm leis á dhéanamh níos éasca d’ionchúisitheoirí agus do bhreithiúna, a oibríonn le chéile i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, faisnéis a mhalartú agus coirpigh a thabhairt chun an dlí. Déantar é sin leis tríd an méid seo a leanas:
- ardán digiteach a bhunú (ardán comhoibrithe na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú) lena úsáid ar bhonn deonach;
- freagrachtaí a leithdháileadh idir úsáideoirí an ardáin agus an ghníomhaireacht a reáchtálann é;
- na coinníollacha faoina ndeonaítear rochtain d’úsáideoirí a leagan amach;
- rialacha sonracha um chosaint sonraí a leagan síos.
PRÍOMHPHOINTÍ
Baineann an méid seo a leanas leis an ardán:
- córas láraithe faisnéise le haghaidh stóráil shealadach sonraí lárnacha;
- bogearraí le haghaidh cumarsáid shlán;
- naisc agus uirlisí TF ábhartha chun tacú leis an méid seo a leanas:
Éascaítear an méid seo a leanas leis an ardán:
- comhordú agus bainistíocht na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú — foirne arna gcruthú ag dhá Bhallstát nó níos mó de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh imscrúduithe coiriúla sonracha laistigh de theorainn ama;
- malartú mear agus slán agus stóráil shealadach sonraí oibriúcháin;
- cumarsáid shlán le haghaidh teachtaireachtaí ar an toirt, comhráite agus closchomhdhálacha agus físchomhdhálacha;
- inrianaitheacht malartuithe fianaise;
- meastóireachtaí ar na foirne comhpháirteacha um imscrúdú.
Freagrachtaí
- Maidir leis an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA):
- déanann sí an t–ardán a dhearadh, a fhorbairt agus a fheidhmiú;
- déanann sí faireachán ar fhorbairt an ardáin agus soláthraíonn sí staidreamh teicniúil rialta;
- tuairiscíonn sí do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a luaithe a bheidh an t–ardán tugtha chun críche.
- cuireann sí tuarascáil bhliantúil isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, tráth nach déanaí ná 2 bhliain i ndiaidh thosach an ardáin, maidir lena fheidhmíocht theicniúil.
- Maidir leis na Ballstáit:
- áiritheoidh siad go mbeidh rochtain ag a n–údaráis inniúla ar an ardán ón taobh teicniúil de;
- cuireann siad ar chumas a gcuid úsáideoirí ardáin rochtain a bheith acu ar chúrsaí oiliúna.
- Áirithíonn Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, OLAF agus comhlachtaí inniúla, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais go mbeidh rochtain acu ar an ardán.
- Maidir le Rúnaíocht Ghréasán na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú:
- soláthraíonn sí tacaíocht riaracháin, dhlíthiúil agus theicniúil agus treoir agus cúnamh ó lá go lá;
- déanann sí cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a thairiscint;
- treisíonn sí cultúr an chomhair trasteorann;
- cuireann sí tuarascáil bhliantúil isteach maidir le bealaí chun feabhas a chur ar an ardán;
- áirithíonn Bord Bainistíochta an Chláir, a bhunaigh Bord Bainistíochta eu-LISA, go ndéanfar bainistíocht leordhóthanach ar chéim deartha agus forbartha an ardáin;
- soláthraíonn Grúpa Comhairleach, a bhunaigh eu-LISA, an saineolas riachtanach;
- Tugann riarthóirí spáis na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú rochtain ar an ardán d’údaráis AE agus d’údaráis neamh-AE, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí AE agus d’údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta faoi choinníollacha áirithe.
Slándáil
Cosaint sonraí
- Maidir le sonraí oibriúcháin:
- stóráiltear iad sa chóras láraithe faisnéise go dtí go ndéanfaidh gach úsáideoir de chuid na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú uile iad a íoslódáil;
- scriostar iad go huathoibríoch agus go buan a luaithe a bheidh siad íoslódáilte.
- Maidir le sonraí neamh–oibriúcháin:
- stóráiltear iad ar feadh 5 bliana ar a mhéad má tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar fhoireann chomhpháirtíocht um scrúdú críochnaithe;
- scriosfar iad go huathoibríoch mura mbeidh aon mheastóireacht le déanamh.
- Meastar gur rialaitheoirí sonraí iad údaráis náisiúnta agus Eorpacha a bhaineann úsáid as an ardán de réir rialacha AE; comhlíonann riarthóir foirne comhpháirtíochta um scrúdú an ról sin le haghaidh údaráis bhreithiúnacha neamh–AE agus idirnáisiúnta.
- Ní féidir na sonraí san ardán a úsáid ach don fhoireann chomhpháirtíocht um scrúdú ábhartha amháin.
- Tá rochtain ar an ardán teoranta d’oifigigh údaraithe.
Maidir leis an gCoimisiún:
- glacann sé na gníomhartha cur chun feidhme is gá;
- soláthraíonn sé meastóireacht fhoriomlán ar an ardán do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 4 bliana ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla a fhaigheann sé ó eu-LISA;
- cinneann sé nuair a thosóidh an t–ardán ag feidhmiú (ba cheart nach mbeadh sé sin níos déanaí ná an 7 Nollaig 2025).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 06 Meitheamh 2023.
CÚLRA
Tá foirne comhpháirteacha um imscrúdú ann ó 2002 i leith, ach bhí deacrachtaí teicniúla le sárú acu, amhail faisnéis leictreonach a mhalartú go slán. Le hardán tiomnaithe TF, sárófar na fadhbanna sin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 132, 17.5.2023, lgh. 1–20).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99–137).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1726 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin.
Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lgh. 1–3).
Féach an leagan comhdhlúite.
Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lgh. 1–23).
Nuashonraithe 17.10.2023