Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017L1371

An comhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil

An comhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2017/1371 – leasanna airgeadais AE a chosaint trí bhíthin an dlí choiriúil

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Córas níos láidre agus níos comhchuibhithe a chruthú, ina mbeidh rialacha comhchoiteanna íosta, chun an choireacht a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais Eorpaigh (AE) a chomhrac.
  • Cosaint níos fearr a thabhairt do leasanna airgeadais an AE agus airgead cáiníocóirí ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Baineann an treoir leis na nithe seo a leanas:

  • calaois agus cionta coiriúla eile, amhail éilliú, míleithreasú nó sciúradh airgid, a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais — i.e. buiséad an Aontais, buiséid institiúidí an Aontais, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí arna mbunú leis na conarthaí nó na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu go díreach nó go hindíreach;
  • cionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais chánach breisluacha (CBL), amhail calaois rothlach CBL1 i.e. meastar go bhfuil cionta tromchúiseach nuair a bhíonn baint acu le críoch dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas Eorpach agus nuair a bhaineann damáiste iomlán €10,000,000 ar a laghad leo.

Leagtar amach leis freisin rialacha comhchoiteanna maidir le smachtbhannaí agus tréimhsí teorann maidir le cionta coiriúla a chumhdaítear leis an treoir seo.

Sainmhínithe

Déantar gach ceann de na cionta seo a leanas a shainiú ar leibhéal an Aontais:

  • calaois a dhéantar d’aon ghnó i ndáil le caiteachas mar sholáthar agus neamhsholáthar chomh maith le hioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL agus ioncam eile;
  • sciúradh airgid mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849 (féach achoimre);
  • éilliú gníomhach agus neamhghníomhach a dhéantar d’aon ghnó;
  • míleithreasú a dhéantar d’aon ghnó.

Tugtar sainmhíniú sa treoir ar “oifigigh phoiblí” – oifigigh de chuid an Aontais agus oifigigh náisiúnta (lena n-áirítear sna Ballstáit) – agus tá an sainmhíniú sin ábhartha don sainmhíniú ar sciúradh airgid, éilliú agus míleithreasú.

Tagann na cionta coiriúla a shainítear sa treoir faoi fhreagracht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais a bhfuil na cumhachtaí aige na coireanna sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus iad a thabhairt chun breithiúnais os comhair na gcúirteanna náisiúnta ábhartha.

Cur chuige comhchoiteann

Sna Ballstáit uile (seachas an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe (1)):

  • gearrfar pionós ar na cionta sin mar chionta coiriúla, chomh maith lena n-iarracht, a ghríosú, a gcuidiú agus a neartú;
  • daoine dlítheanacha2 ba cheart é a chur faoi dhliteanas mar gheall ar aon cheann de na cionta coiriúla a dhéantar chun a leasa — lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh imeachtaí coiriúla ann i gcoinne daoine aonair arb iad déantóirí na coire iad nó arb iad amháin atá freagrach astu.

Smachtbhannaí

Foráiltear sa treoir i leith smachtbhannaí íosta coiriúla atá “éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach”.

Orthu seo áirítear pionós uasta de 4 bliana príosúnachta ar a laghad:

  • i gcás ina mbaineann damáiste airgeadais os cionn thairseach €100,000 do bhuiséad an AE;
  • in aon chás a mbíonn cionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais CBL;
  • i gcás cúinsí tromchúiseacha eile a shainítear faoin dlí náisiúnta.

II gcás ina mbaineann damáistí faoi bhun €10,000, le cion coiriúil, féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí a thabhairt isteach nach bhfuil coiriúil.

Maidir le daoine dlítheanacha, leagtar amach sa treoir cineálacha éagsúla eile smachtbhannaí sa bhreis ar fhíneálacha (coiriúil agus neamhchoiriúil).

Is imthoisc ghéaraitheach é na cionta thuasluaite a dhéanamh laistigh d’eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB (féach achoimre) (measfar go mbeidh an cion níos tromchúisí).

Ní eisiann na smachtbhannaí sin an méid seo a leanas:

  • an fhéidearthacht go bhféadfaí smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm sa reachtaíocht náisiúnta;
  • feidhmiú cumhachtaí araíonachta ag na húdaráis inniúla i gcoinne oifigeach poiblí.

Leis an treoir tugtar aghaidh freisin ar an méid seo a leanas:

  • calcadh agus coigistiú ar bhealaí agus ar fháltais ó na cionta coiriúla a imríonn tionchar ar bhuiséad AE;
  • dlínse a bhunú do chionta den chineál sin;
  • íostréimhsí teorann lena gcumasaítear imscrúduithe agus ionchúisimh, agus lena gceadaítear forfheidhmiú na bpionós a fhorchuirtear tar éis ciontú as na cionta sin a dhéanamh.

Comhar idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

  • Ní mór do na Ballstáit, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) comhoibriú i gcoinne na gcionta coiriúla a chumhdaítear leis an treoir seo. Cuireann OLAF – agus, i gcás inarb iomchuí, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil – cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil chun comhordú imscrúduithe na mBallstát a éascú.
  • Má aimsíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus na hiniúchóirí atá freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar bhuiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais nó ar bhuiséid eile arna mbainistiú agus arna n-iniúchadh ag na hinstitiúidí, aon rud a d’fhéadfadh a bheith incháilithe mar chion coiriúil faoin treoir seo, ní mór dóibh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, OLAF agus na húdaráis inniúla eile a chur ar an eolas. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann a gcomhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta amhlaidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ba ghá an treoir a thrasuí i ndlí náisiúnta an .

CÚLRA

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear d’oibleagáid ar AE agus ar na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a fheidhmíonn mar bhac.

Déantar níos mó ná 90% de bhuiséad AE a bhainistiú ar bhonn náisiúnta. Is ionann an damáiste a dhéantar do bhuiséad an Aontais mar thoradh ar choireacht agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile agus na céadta milliún euro gach bliain agus is cúis mhór imní é. In 2011, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht ina raibh tograí chun cosaint leasanna airgeadais an AE a fheabhsú (féach IP/11/644).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Calaois rothlach CBL. I gcás ina n-iompórtálann calaoiseoirí i mBallstát earraí saor ó CBL ó Bhallstáit eile, ansin díolann siad na hearraí le ceannaitheoirí intíre, agus gearrtar CBL orthu. Bailíonn na díoltóirí leo ansin gan an CBL a íoc leis na húdaráis chánach.
  2. Duine dlítheanach. Eintiteas a aithnítear leis an dlí mar eintiteas atá i dteideal cearta agus dualgas ar an gcaoi chéanna le duine nádúrtha nó duine daonna, ar cuideachta é an sampla coiteann.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, , lgh. 29-41).

nuashonrú is deireanaí

(1) * Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus rinneadh tír neamh-AE di amhail ón .

Barr