This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é Eurojust, a bunaíodh in 2002, agus a bhfuil sé de chúram air an troid i gcoinne na coireachta tromchúisí a threisiú trí chomhar breithiúnach níos dlúithe laistigh den Aontas Eorpach. Tá a shuíomh sa Háig. Tá sé comhdhéanta de choláiste ina bhfuil ocht gcomhalta náisiúnta is fiche, ar breithimh, ionchúisitheoirí, nó oifigigh póilíneachta iad a bhfuil taithí acu agus inniúlacht chomhionann as gach tír den Aontas Eorpach.
Tugadh an bunús in Airteagal 85 den Chonradh ar Fheidhmiú AE le haghaidh fhorbairt bhreise Eurojust, ag leathnú a raon feidhme chun coireacht thromchúiseach a chur san áireamh a chuireann isteach ní amháin ar 2 thír nó níos mó ach óna dteastaíonn ionchúiseamh freisin ar bhoinn chomhchoiteanna. Ag baint úsáide as an ngnáth-nós imeachta reachtúil, socraíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle struchtúr, feidhmiú, agus tascanna Eurojust, ina bhféadfaí tús a chur le himscrúduithe coiriúla nó ina bhféadfaí moladh a dhéanamh ionchúisimh a chur ar bun.
Comhoibríonn Eurojust freisin le tíortha nach bhfuil in AE agus le comhlachtaí eile de chuid AE amhail an Gréasán Breithiúnach Eorpach, Europol agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).