Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conarthaí

Comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí idir ballstáit AE is ea iad conarthaí AE. Leagtar amach iontu cuspóirí AE, rialacha maidir le hinstitiúidí AE, an dóigh a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir AE agus a bhallstáit.

Cuireadh tús le breis is 50 bliain de cheapadh beartas Eorpach nuair a cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC).

Is iad seo a leanas na príomhchonarthaí:

  • An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), arna shíniú i bPáras sa bhliain 1951. D’imigh an conradh sin as feidhm an .
  • An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh Eacnamaíoch (CEE), arna shíniú sa Róimh sa bhliain 1957; agus
  • An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), arna shíniú sa Róimh sa bhliain 1957.

Leasaíodh na conarthaí sin leis an méid seo a leanas:

  • an Conradh Cumaisc, arna shíniú sa Bhruiséil in 1965;
  • an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), arna síniú i Lucsamburg in 1986;
  • an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh AE nó CAE), arna shíniú in Maastricht in 1992, nuair a rinneadh Conradh CE de Chonradh CEE;
  • Conradh Amstardam, arna shíniú in 1997;
  • Conradh Nice, arna shíniú in 2001.

I ndiaidh deacrachtaí i mBallstáit áirithe AE maidir le Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip arna shíniú sa bhliain 2004 a dhaingniú, chomhaontaigh ceannairí Eorpacha, sa bhliain 2007, go ndéanfaí comhdháil idir-rialtasach a thionól chun “conradh um athchóiriú” seachas bunreacht a thabhairt i gcrích agus a ghlacadh do AE.

Dhaingnigh tíortha AE go léir Conradh Liospóin, a síníodh an agus tháinig sé i bhfeidhm an . Tugadh isteach athruithe leis ar na conarthaí a bhí ann cheana, agus rinneadh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) de Chonradh CE.

Rinneadh na conarthaí bunaidh sin a leasú chomh maith tráth aontachas ballraíochta tíortha nua sa bhliain 1973 (an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe1), sa bhliain 1981 (an Ghréig), sa bhliain 1986 (an Spáinn agus an Phortaingéil), sa bhliain 1995 (an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn), sa bhliain 2004 (an Chipir, an Eastóin, Laitvia, an Liotuáin, Málta, Poblacht na Seice, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir), sa bhliain 2007 (an Bhulgáir agus an Rómáin) agus sa bhliain 2013 (an Chróit).

FÉACH FREISIN

(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an ann.

Top