Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Buiséad AE

Buiséad infheistíochta is ea buiséad AE ina gcomhthiomsaítear foinsí agus óna ndéantar iad a threorú i gcomhair tionscadal i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear ioncam agus caiteachas uile AE ann. Cinneann an tAontas Eorpach a chreat le haghaidh buiséad fadtéarmach, ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI), gach 7 mbliana. Faoi mar a leagtar síos i gConradh Liospóin (Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), socraítear sa CAI na huasmhéideanna bliantúla (uasteorainneacha) le haghaidh chaiteachas AE ina iomláine agus le haghaidh na bpríomhréimsí caiteachais (ceannteidil). Mairfidh an CAI reatha ó 2021 go dtí 2027.

Cistítear buiséad AE ó roinnt foinsí ioncaim, ar a dtugtar “acmhainní dílse” an Aontais Eorpaigh (dleachtanna custaim, cion d’ollioncam náisiúnta gach tíre de chuid AE, sciar d’fháltais cháin breisluacha thíortha AE agus, ón i leith, foinse acmhainn nua a bhunófar ar an méid dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte).

Gach 7 mbliana, idirbheartaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an CAI agus an dóigh a ndéanfar an t–airgead a leithdháileadh ar na réimsí caiteachais ar bhonn togra ón gCoimisiún. Gach bliain, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle méid an bhuiséid bhliantúil agus na tosaíochtaí caiteachais le haghaidh an 12 mhí atá ag teacht.

Chun an téarnamh iar–choróinvíris a mhaoiniú, d’aontaigh an tAontas Eorpach ar phlean téarnaimh, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, dar luach €750 billiún, atá le cur le buiséad fadtéarmach 2021-2027. Chun é a mhaoiniú, gheobhaidh an tAontas Eorpach cistí ar iasacht ar na margaí.

FÉACH FREISIN

Top