Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)
Aisghairtear leis an rialachán roimhe seo, Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.
Rinneadh leasú ar an rialachán roinnt uaireanta. Áirítear leis na nuashonruithe is déanaí:
Rialachán (AE) 2023/969, lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú foirne comhpháirteacha imscrúdaithe2 trí chumasú d’ionchúisitheoirí agus do bhreithiúna faisnéis a mhalartú agus coirpigh a thabhairt os comhair an cheartais (féach an achoimre);
Rialachán (AE) 2025/12, lena gcruthaítear córas nua de chuid an Aontais chun réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí (API) a bhailiú agus a tharchur chun éifeachtacht seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóirí
Ní mór do eu-LISA an méid seo a leanas a áirithiú:
córais mhórscála TF a fhorbairt ag úsáid struchtúr bainistíochta tionscadail leordhóthanach;
feidhmiú éifeachtach, slán agus leanúnach córas mórscála TF;
bainistíocht éifeachtach agus airgeadais a dhéanamh ar chórais TF ar mhórscála;
forbairt agus bainistiú oibríochtúil, lena n-áirítear éabhlóidí teicniúla, ar ardán comhoibrithe na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/969;
ullmhú, forbairt agus/nó bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, lena n–áirítear córais atá ann cheana, má fhoráiltear amhlaidh le rialacha ábhartha AE lena rialaítear na córais sin atá bunaithe ar Airteagail 67 go 89 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
forbairt agus bainistiú ródaire Prüm II, bonneagar lárnach de chuid an Aontais lenar féidir cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí bithmhéadracha (próifílí DNA, méarloirg agus íomhánna den aghaidh) idir na Ballstáit, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/982;
dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil ródaire lárnaigh le haghaidh aistrithe slána réamhfhaisnéise faoi phaisinéirí agus sonraí taifid ainmneacha paisinéirí ó aeriompróirí chuig údaráis inniúla teorann agus aonaid faisnéise faoi phaisinéirí na mBallstát, gan na sonraí a stóráil, mar a bhunaítear le Rialacháin (AE) 2025/12 agus 2025/13;
cáilíocht na sonraí a áirithiú i gcomhréir le rialacha ábhartha AE lena rialaítear na córais;
na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chumasú idir córais faisnéise AE i réimsí na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 (féach an achoimre);
gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh;
treoirthionscadail a dhéanamh, cruthúnas ar choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála;
Bainistíocht oibriúcháin. Na cúraimí is gá chun córais mhórscála TF a choinneáil ag feidhmiú i gcomhréir leis na forálacha sonracha is infheidhme maidir le gach ceann acu, lena n-áirítear freagracht as an mbonneagar cumarsáide a úsáideann siad. Ní mór do chórais mhórscála TF gan sonraí a mhalartú nó comhroinnt faisnéise nó eolais a chumasú ach amháin i gcás go n–údaraítear é le dlí sonrach de chuid AE.
Comhfhoirne imscrúdaithe. Foirne arna mbunú ag dhá Bhallstát nó níos mó le haghaidh imscrúduithe coiriúla sonracha a bhfuil tionchar trasteorann acu agus ar feadh tréimhse teoranta ama. Ligeann sé sin do na húdaráis inniúla bhreithiúnacha agus forghníomhaithe an dlí a gcuid oibre a eagrú agus a chomhordú i gcomhpháirt agus imscrúdú a dhéanamh go héifeachtúil fiú i gcásanna an-chasta amhail gníomhaíochtaí coireachta eagraithe nach bhfuil faoi cheangal ag teorainneacha ar bith.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, , lgh. 99-137).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1726 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, ).
Rialachán (AE) 2022/1190 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais (IO L 185, , lgh. 1-9).
Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, , lgh. 11–85).
Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí (IO L 248, , lgh. 1-10).
Acquis Schengen — Comhaontú idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, , lgh. 13–18).
Acquis Schengen — Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, , lgh. 19–62).
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, , lgh. 56–106).
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, , lgh. 14-55).
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, , lgh. 1-13).
Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, , lgh. 72-73).
Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, , lgh. 1-71).
Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, , lgh. 20-82).
Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta (IO L 327, , lgh. 1-19).
Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (athmhúnlú) (IO L 180, , lgh. 1-30).
Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, , lgh. 60-81).