Lai meklētu precīzu frāzi, ielieciet to pēdiņās. Lai atrastu meklējamā vārda variācijas, pievienojiet zvaigznīti (*). (Piemēri: transp*, 32019R*) Ar jautājuma zīmi (?) varat meklējamā vārdā aizstāt vienu rakstzīmi, lai atrastu arī tā variācijas (ja ierakstīsiet ca?e, sistēma atradīs case, cane, care).
Tá sé mar aidhm aige digitiú na cumarsáide breithiúnaí trasteorann a éascú agus rochtain níos fearr ar cheartas a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an gcóras CODEX (cumarsáid r-cheartais trí mhalartú sonraí ar líne) cumasaítear nascacht dhigiteach idir córais náisiúnta bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE).
Cuirtear ar chumas a húsáideoirí leis (údaráis bhreithiúnacha inniúla, cleachtóirí dlí agus daoine aonair) doiciméid, foirmeacha dlí, fianaise nó faisnéis eile a sheoladh agus a fháil i bhfoirm leictreonach go tapa, go slán agus go hiontaofa.
Leagtar amach leis an rialachán an bunús dlí don chóras CODEX.
Leagtar amach leis rialacha sna réimsí seo a leanas:
sainmhíniú, comhdhéanamh, feidhmeanna agus bainistiú an chórais e-CODEX;
freagrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, na mBallstát agus na n eintiteas a oibríonn pointí rochtana údaraithe e-CODEX;
gnéithe a bhaineann le slándáil an chórais e-CODEX.
Comhdhéanamh
Tá an córas e-CODEX comhdhéanta den mhéid seo a leanas:
pointe rochtana e-CODEX, ina bhfuil:
tairseach idir-inoibritheach, trína n éascaítear malartú slán faisnéise thar líonra teileachumarsáide le tairseacha eile,
nascaire chun córais TF nasctha a nascadh leis an tairseach chun sonraí a mhalartú le córais TF eile dá leithéid;
caighdeáin nós imeachta um dhigitiú;
na táirgí bogearraí tacaíochta, na doiciméid agus na sócmhainní eile atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.
Ról na mBallstát, an Choimisiúin agus eu-LISA
Tá roinnt freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún lena n áirítear:
pointí rochtana e-CODEX a údarú do na córais nasctha de réir dhlí AE agus an dlí náisiúnta;
liosta a choinneáil de phointí rochtana údaraithe e-CODEX agus de na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a chuireann gach pointe rochtana údaraithe e-CODEX i bhfeidhm; ba cheart an liosta sin agus aon athruithe air a chur in iúl do eu-LISA;
maoirseacht a dhéanamh ar a bpointí rochtana údaraithe e-CODEX, ag áirithiú go gcomhlíonfar go leanúnach na coinníollacha faoinar deonaíodh údarú;
comhfhreagraithe e-CODEX a ainmniú chun tacaíocht theicniúil a iarraidh ar eu-LISA agus a fháil ó eu-LISA.
Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh na bogearraí agus na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a úsáideann na pointí rochtana slán agus iontaofa, agus cuideoidh sé le cásanna úsáide nua a fhorbairt.
Aistriú agus glacadh seilbhe
Go dtí go n aistreofar chuig eu-LISA é, beidh an córas e-CODEX á bhainistiú ag cuibhreannas Ballstát agus eagraíochtaí le maoiniú ó chláir AE.
Tíolacfaidh an cuibhreannas sin doiciméad aistrithe ina mbeidh socruithe mionsonraithe maidir le haistriú an chórais e-CODEX faoin .
Glacfaidh eu-LISA freagracht as an gcóras e-CODEX idir an 1 Iúil agus an , nuair a dhearbhóidh an Choimisiún go bhfuil an próiseas aistrithe curtha i gcrích go rathúil agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an eintiteas a bhainistíonn an córas e-CODEX faoi láthair agus le eu-LISA.
Grúpa Comhairleach
Ón i leith, soláthróidh Grúpa Comhairleach e-CODEX cúnamh saineolaithe do eu-LISA. Go sonrach, ní mór don Ghrúpa Comhairleach:
faireachán a dhéanamh ar stádas chur chun feidhme an chórais e-CODEX sna Ballstáit;
scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin nua nós imeachta dhigiteacha, iad a mheasúnú agus a ullmhú;
comhroinnt eolais a chur chun cinn;
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh eu-LISA maidir leis na ceanglais maidir le leibhéal seirbhíse.
Bord Bainistíochta an Chláir
Ní mór do bhuan-Bhord Bainistíochta Clár e-CODEX, a bhunófar ón an méid seo a leanas a dhéanamh:
comhairle a chur ar Bhord Bainistíochta eu-LISA maidir le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais e-CODEX, agus a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí agus gealltanais straitéiseacha in ord tosaíochta;
bainistiú leordhóthanach an chórais e-CODEX a áirithiú;
a áirithiú go gcloífear le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna.
Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, , lgh. 1-19).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, , lgh. 99-137).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1726 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.