This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021L0514
Council Directive (EU) 2021/514 of 22 March 2021 amending Directive 2011/16/EU on administrative cooperation in the field of taxation
Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
ST/12908/2020/INIT
IO L 104, 25.3.2021, p. 1–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011L0016 | Aisghairm | airteagal 7 mír 5 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Aisghairm | airteagal 8 mír 3 mír neamhuimhrithe 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Aisghairm | airteagal 8b mír 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | iarscríbhinn V | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | airteagal 21 mír 7 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | airteagal 3 pointe 26 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | airteagal 3 pointe 27 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | airteagal 5a | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | airteagal 8ac | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Cur le | roinn IIa | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 11 mír 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 11 mír 2 mír neamhuimhrithe 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 12 mír 3 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 16 mír 1 mír neamhuimhrithe 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 16 mír 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 20 mír 2 mír neamhuimhrithe 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 20 mír 3 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 20 mír 4 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 22 mír 1a | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 23a mír 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 25 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 25a | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 3 pointe 9 mír neamhuimhrithe 1 pointe (a) | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 3 pointe 9 mír neamhuimhrithe 1 pointe (c) | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 3 pointe 9 mír neamhuimhrithe 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 6 mír 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 7 mír 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 8 mír 1 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 8 mír 2 | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 8a mír 5 pointe (a) | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 8a mír 6 pointe (b) | 14/04/2021 | |
Modifies | 32011L0016 | Athchur | airteagal 8b mír 1 | 14/04/2021 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32021L0514R(01) | (RO) | |||
Corrected by | 32021L0514R(02) | (ES) |
25.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/1 |
TREOIR (AE) 2021/514 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Márta 2021
lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE (3) ón gComhairle le blianta beaga anuas. Leis na hathruithe sin tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, a bhaineann le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Mar sin, leathnaíodh raon feidhme an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach na mBallstát anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac. |
(2) |
Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE i gcrích in 2019. Cé go bhfuil feabhsuithe suntasacha déanta i réimse an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch, is gá fós feabhas a chur ar fhorálacha a bhaineann le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin. |
(3) |
De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus chun diúltuithe d’iarrataí gan údar maith a chosc, agus chun gurb ann don deimhneacht dhlíthiúil chomh maith le haghaidh riaracháin chánach agus cáiníocóirí araon, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a shainiú agus a chódú go soiléir. |
(4) |
Is gá uaireanta dul i ngleic le hiarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le grúpaí cáiníocóirí nach féidir a shainaithint go haonarach agus ní féidir cur síos a dhéanamh ar ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar ach amháin ar bhonn tacar tréithe comónta. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do riaracháin chánach leanúint d’úsáid a bhaint as iarrataí ó ghrúpaí ar fhaisnéis faoi chreat dlíthiúil soiléir. |
(5) |
Tá sé tábhachtach go malartaíonn Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a fhaightear ó mhaoin intleachtúil, toisc go mbíonn socruithe aistrithe brabúis sa réimse seo den gheilleagar go minic de thoradh a sócmhainní foluiteacha fíor-shoghluaiste. Dá bhrí sin, ba cheart ríchíosanna mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2003/49/CE (4) ón gComhairle a áireamh i gcatagóirí ioncaim faoi réir malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac ar bhealach níos fearr. Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht is féidir agus is réasúnta a dhéanamh chun uimhir aitheantais chánach (TIN) cónaitheoirí arna heisiúint ag an mBallstát cónaithe a áireamh agus na catagóirí ioncaim agus caipitil atá faoi réir malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach á gcur in iúl. |
(6) |
Tá fás as cuimse ag teacht ar dhigitiú an gheilleagair le blianta beaga anuas. Dá dheasca sin, tá líon méadaithe cásanna casta maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach tagtha chun cinn. Fágann gné thrasteorann na seirbhísí a sholáthraítear trí oibreoirí ardán go bhfuil timpeallacht chasta ann inar féidir leis a bheith dúshlánach rialacha cánach a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh cánach a áirithiú. Tá easpa comhlíonadh cánach agus tá luach mór ar an ioncam neamhthuairiscithe. Tá easpa faisnéise ag riaracháin chánach na mBallstát chun measúnú agus rialú ceart a dhéanamh ar an ollioncam a thuilltear ina dtír ó ghníomhaíochtaí tráchtála a dhéantar trí ardáin dhigiteacha a idirghabháil. Baineann fadhbanna ar leith leis sin i gcás ina bhfuil sreabha an ioncaim nó an mhéid inchánach ag dul trí ardáin dhigiteacha arna mbunú i ndlínse eile. |
(7) |
Is minic a iarrann riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta d’oibreoirí ardán. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad a lán caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, ceanglas tuairiscithe chaighdeánaithe a thabhairt isteach a mbeadh feidhm aici ar fud an mhargaidh inmheánaigh. |
(8) |
Ós rud é go mbíonn sreabhadh trasteorann ag formhór ioncam agus méideanna inchánacha na ndíoltóirí ar ardáin dhigiteacha, bheadh torthaí dearfacha breise ann ar thuairisciú na faisnéise a bhaineann leis an ngníomhaíocht ábhartha dá gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit incháilithe chun cáin a ghearradh ar an ioncam a thuilltear. Go háirithe, tá malartú faisnéise uathoibríoch idir na húdaráis chánach ríthábhachtach chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na húdaráis chánach sin chun cur ar a gcumas cánacha ioncaim dlite agus cáin bhreisluacha (CBL) dlite a mheasúnú i gceart. |
(9) |
Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart na rialacha tuairiscithe a bheith éifeachtach agus simplí araon. Agus na deacrachtaí a bhaineann le teagmhais inchánach a bhrath a aithint, deacrachtaí a tharlaíonn le linn gníomhaíocht tráchtála a éascaítear trí ardáin dhigiteacha, agus an t-ualach breise riaracháin a mbeadh ar riaracháin chánach aghaidh a thabhairt orthu i gcásanna den sórt sin á chur san áireamh, is gá oibleagáid tuairiscithe a fhorchur ar oibreoirí ardán. Maidir leis an bhfaisnéis is gá i dtaca le gach díoltóir i mbun gníomhaíochta ar ardán sonrach nó a bhaineann úsáid as ardán digiteach sonrach, tá oibreoirí ardán i riocht níos fearr chun an fhaisnéis sin a bhailiú agus a fhíorú. |
(10) |
Ba cheart go gcumhdódh an oibleagáid tuairiscithe gníomhaíochtaí trasteorann agus gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí trasteorann iad araon, chun éifeachtúlacht na rialacha tuairiscithe, dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cothrom iomaíochta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú. Ina theannta sin, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar na hardáin dhigiteacha ach na rialacha tuairiscithe a chur i bhfeidhm sa tslí sin. |
(11) |
Ós rud é go mbaineann daoine aonair agus eintitis araon úsáid fhorleathan as ardáin dhigiteacha chun gníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe beag beann ar chineál dlíthiúil an díoltóra. Mar sin féin, ba cheart eisceacht a dhéanamh d’eintitis rialtais, ar eintitis iad nár cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe. |
(12) |
Leis an tuairisciú ar ioncam a thuilltear trí ghníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil do riaracháin chánach atá riachtanach chun measúnú ceart a dhéanamh ar an gcáin ioncaim atá dlite. |
(13) |
Ar mhaithe le simpliú agus le maolú na gcostas comhlíonta, bheadh sé réasúnta ceangal a chur ar oibreoirí ardán an t-ioncam a thuill na díoltóirí tríd an ardán digiteach a úsáid in aon Bhallstát amháin a thuairisciú. |
(14) |
I bhfianaise nádúr agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart chomh maith an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát (“oibreoirí ardán eachtrach”). D’áiritheofaí leis sin cothrom iomaíochtai measc na n-ardán digiteach uile agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun gur fusa an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar oibreoirí ardán eachtrach clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach. Tar éis clárú oibreora ardán eachtraigh a chúlghairm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé de cheangal ar oibreoir ardán eachtrach den sórt sin dearbhuithe iomchuí a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann, amhail mionnscríbhinní nó taiscí ráthaíochta, agus athchlárú san Aontas ag an am céanna. |
(15) |
Mar sin féin, is iomchuí bearta a leagan síos lena laghdófaí an t-ualach riaracháin ar oibreoirí ardán eachtrach agus ar údaráis chánach na mBallstát, i gcásanna ina bhfuil socruithe leordhóthanacha ann, chun a áirithiú go malartófar faisnéis choibhéiseach idir dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát. Sna cásanna sin, bheadh sé iomchuí oibreoirí ardán a thuairiscigh i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a scaoileadh ó oibleagáid tuairisciú i mBallstát, a mhéid a bhaineann an fhaisnéis a fhaigheann an Ballstát leis na gníomhaíochtaí faoi raon feidhme na Treorach seo agus go bhfuil an fhaisnéis coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na rialacha tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo. Chun comhar riaracháin a chothú sa réimse seo le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus an gá atá le solúbthacht sa chaibidlíocht faoi chomhaontuithe idir na Ballstáit agus dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad á aithint, ba cheart leis an Treoir seo cead a thabhairt d’oibreoir ardáin cáilithe de chuid dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í gan faisnéis choibhéiseach a thuairisciú ach amháin maidir le díoltóirí intuairiscithe chuig údaráis chánach dhlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, agus dá réir sin, a chuirfeadh an fhaisnéis sin chuig riaracháin chánach na mBallstát. I ngach cás inarb iomchuí, ba cheart an sásra sin a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis choibhéiseach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin. |
(16) |
Ós rud é go bhfuil ar údaráis chánach ar fud an domhain aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá nasctha le geilleagar na n-ardán digiteach atá ag fás i gcónaí, tá Rialacha Samhla forbartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán maidir le Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta (“Rialacha Samhla”). Ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh ag ardáin dhigiteacha chomh maith leis na díoltóirí atá gníomhach orthu, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ag dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad chun eiseamláir an Aontais a leanúint agus bailiú agus malartú frithpháirteach faisnéise uathoibríoch maidir le díoltóirí intuairiscithe a chur chun feidhme de réir na Rialacha Samhla. Cé nach ionann é agus raon feidhme na Treorach seo i dtéarmaí na ndíoltóirí nach mór faisnéis a thuairisciú ina leith agus na n-ardán digiteach trína gcaithfear faisnéis a thuairisciú, táthar ag súil go ndéanfar foráil leis na Rialacha Samhla maidir le tuairisciú faisnéise coibhéisí i ndáil le gníomhaíochtaí ábhartha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus na Rialacha Samhla araon, agus ar féidir iad a leathnú a thuilleadh chun gníomhaíochtaí ábhartha breise a chumhdach. |
(17) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ar bhonn níos sonraí, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhfuil faisnéis is gá a mhalartú de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear sa Treoir seo. Ós rud é go bhfuil sé fós faoi inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, d’fhéadfaí gníomhaíocht an Choimisiúin a chur i ngníomh freisin le hiarraidh ó Bhallstát. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an nós imeachta riaracháin sin maidir le deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le comhghaolú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo agus aon chomhaontuithe maidir le malartú faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, gan raon feidhme ná coinníollacha na Treorach seo a athrú. Chun na críche sin, féadfar cinneadh na coibhéise a dhéanamh freisin, tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát sula mbeartaítear comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích. I gcás ina mbeidh malartú faisnéise den sórt sin bunaithe ar ionstraim iltaobhach, ba cheart an cinneadh maidir le coibhéis a dhéanamh i ndáil leis an gcreat ábhartha ina iomláine a chumhdaítear le hionstraim den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí fós an cinneadh a dhéanamh maidir le coibhéis, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le hionstraim dhéthaobhach nó i ndáil leis an gcaidreamh malartaithe le dlínse aonair nach dlínse de chuid an Aontais í. |
(18) |
Chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc, is iomchuí go n-áirítear sa tuairisciú ar ghníomhaíocht tráchtála cíos ar mhaoin dhochorraithe, seirbhísí pearsanta, díolachán earraí agus cíos ar aon mhodh iompair. Níor cheart do ghníomhaíochtaí a dhéanann díoltóir atá ag feidhmiú mar fhostaí de chuid oibreora ardáin teacht faoi raon feidhme tuairiscithe den sórt sin. |
(19) |
Ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar chostais chomhlíonta neamhriachtanacha do dhíoltóirí a bhíonn i mbun eastát réadach a ligean ar cíos, amhail slabhraí óstáin nó tionscnóirí turas, ba cheart tairseach a bheith ann maidir le líon cíosanna in aghaidh an liostaithe mhaoine, agus ní bheadh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le cíosanna in aghaidh an liostaithe mhaoine thar an tairseach sin. Mar sin féin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach chun an riosca a sheachaint go rachadh idirghabhálaithe timpeall ar na hoibleagáidí tuairiscithe, agus go mbeadh siad le feiceáil ar na hardáin dhigiteacha mar dhíoltóir aonair cé go mbeadh líon mór aonad maoine á bhainistiú acu. |
(20) |
D’fhéadfaí an cuspóir maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh údaráis chánach na mBallstát a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. Chun an malartú faisnéise uathoibríoch a éascú agus an úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe faisnéise a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (CCN) arna fhorbairt ag an Aontas. |
(21) |
I gcás ina dtuairiscíonn oibreoirí ardán eachtrach faisnéis choibhéiseach maidir le díoltóirí intuairiscithe do na húdaráis chánach ar leith i ndlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, meastar go ndéanfaidh údaráis chánach na ndlínsí sin cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe a fhorchinntiú. I gcásanna nach amhlaidh an cás áfach, ba cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí ardán eachtrach clárú agus tuairisciú san Aontas, agus ba cheart do na Ballstáit oibleagáidí clárúcháin, díchill chuí agus tuairiscithe na n-oibreoirí ardán eachtrach sin a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis sin dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ach fós féin is faoin mBallstát atá sé an rogha a dhéanamh cén pionóis a bheadh i gceist. Ós rud é gur minic a bhíonn raon geografach leathan ag ardáin dhigiteacha, is iomchuí go ndéanfaidh na Ballstáit a ndícheall gníomhú ar bhealach comhordaithe agus é mar aidhm acu comhlíonadh na gceanglas clárúcháin agus tuairiscithe is infheidhme maidir le hardáin dhigiteacha a oibríonn ó dhlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na hardáin dhigiteacha a chosc ó bheith in ann oibriú laistigh den Aontas mar rogha dheiridh. Laistigh de theorainneacha a inniúlachta, ba cheart don Choimisiún comhordú ghníomhaíochtaí na mBallstát sin a éascú, agus, ar an gcaoi sin, aon chomhbhearta i dtreo ardán digiteach a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh mar aon le difríochtaí sna bearta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do na Ballstáit. |
(22) |
Is gá forálacha Threoir 2011/16/AE a neartú maidir le hoifigigh i mBallstát amháin a bheith i láthair ar chríoch Ballstáit eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha a bheith á ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó chun cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart d’údarás inniúil sa Bhallstát iarrtha freagraí ar iarrataí ar oifigigh ó Bhallstát eile a bheith i láthair agus a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. I gcás ina bhfuil oifigigh ó Bhallstát amháin i láthair ar chríoch Ballstáit eile le linn fiosrúcháin riaracháin, nó rannpháirteach i bhfiosrúchán riaracháin trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, ba cheart iad a bheith faoi réir socruithe nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát iarrtha daoine aonair a chur faoi agallamh go díreach agus taifid a scrúdú. |
(23) |
Ba cheart a cheangal ar Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige rialú comhuaineach a dhéanamh sin a chur in iúl do na Ballstáit eile lena mbaineann. Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí a fhoráil go mbeidh oibleagáid ar údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann freagra a thabhairt laistigh de thréimhse shonraithe. |
(24) |
Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó. Faoi láthair, ní dhéantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin ach amháin ar bhonn chur i bhfeidhm cónasctha na bhforálacha atá ann cheana maidir le hoifigigh ó Bhallstát amháin a bheith i gcríoch Ballstáit eile agus ar rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, tá sé léirithe ag an gcleachtas sin in go leor cásanna go bhfuil gá le feabhsuithe breise chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. |
(25) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar Treoir 2011/16/AE a fhorlíonadh le roinnt forálacha lena soiléirítear a thuilleadh an creat agus na príomhphrionsabail ar cheart feidhm a bheith acu nuair a roghnaíonn údaráis inniúla na mBallstát dul i muinín iniúchadh comhpháirteach. Ba cheart d’iniúchtaí comhpháirteacha a bheith ina n-uirlis bhreise le haghaidh comhar riaracháin idir na Ballstáit i réimse an chánachais, lena bhforlíonfaí an creat atá ann cheana lena bhforáiltear do fhéidearthachtaí maidir le hoifigigh ó Bhallstát eile a bheith i láthair in oifigí riaracháin, do rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin agus do rialuithe comhuaineacha. Bheadh iniúchtaí comhpháirteacha i bhfoirm fiosrúcháin riaracháin a dhéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach, agus iad nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag údaráis inniúla na mBallstát sin iontu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha, ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear bearta chun an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú. |
(26) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a bheith i bhforálacha Threoir 2011/16/AE maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha na príomhghnéithe de shonraí breise na huirlise sin, amhail tréimhse shonraithe chun freagairt d’iarraidh ar iniúchadh comhpháirteach, raon feidhme chearta agus oibleagáidí na n-oifigeach atá rannpháirteach in iniúchadh comhpháirteach agus an próiseas a mbeidh tuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach mar thoradh air. Níor cheart na forálacha sin maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha a léirmhíniú mar réamhbhreithniúnas ar aon phróisis a tharlódh i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta mar thoradh ar an iniúchadh comhpháirteach nó obair leantach ina dhiaidh, amhail cáin a ghearradh nó a mheasúnú le cinneadh ó údaráis chánach na mBallstát, próiseas achomhairc nó socraíocht a bhaineann leis nó réitigh atá ar fáil do cháiníocóirí a eascraíonn as na próisis sin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart na torthaí a chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann a léiriú i dtuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú freisin go n-áireofaí sa tuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach aon saincheisteanna nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú ina leith. Ba cheart torthaí na tuarascála críochnaithí ar iniúchadh comhpháirteach, arna gcomhaontú go frithpháirteach, a chur san áireamh sna hionstraimí ábhartha arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach tar éis an iniúchta chomhpháirtigh sin. |
(27) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe, agus i gcomhréir le dlíthe agus le ceanglais nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. Féadfar a áireamh sna ceanglais sin freisin oibleagáid chun a áirithiú go nglacfaidh oifigigh de chuid Ballstáit a ghlac páirt san iniúchadh comhpháirteach i mBallstát eile páirt, más gá, in aon phróiseas gearáin, athbhreithnithe nó achomhairc sa Bhallstát sin. |
(28) |
Ba cheart cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach a ghlacann páirt san iniúchadh comhpháirteach, nuair atá siad i mbun gníomhaíochtaí arna ndéanamh i mBallstát eile, a chinneadh i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh. Ag an am céanna, agus dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh á chomhlíonadh acu, níor cheart d’oifigigh de chuid Ballstáit eile aon chumhachtaí a fheidhmiú a rachadh thar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar dóibh faoi dhlíthe a mBallstáit. |
(29) |
Ós rud é gurb é cuspóir na bhforálacha maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha uirlis úsáideach a sholáthar le haghaidh comhar riaracháin i réimse an chánachais, níor cheart aon ní sa Treoir seo a fhorléiriú mar ní atá ag teacht salach ar na rialacha bunaithe maidir le comhar na mBallstát in ábhair bhreithiúnacha. |
(30) |
Tá sé tábhachtach ar bhonn prionsabail go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Cé nár cuireadh bac ar an méid sin go dtí seo, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise a shuntasaí atá CBL maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun CBL agus cánacha indíreacha eile a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. |
(31) |
Ba cheart do Bhallstát a chuireann faisnéis in iúl do Bhallstát eile chun críoch cánach cead a thabhairt an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch eile a mhéid a cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta an dá Bhallstát. Is féidir le Ballstát é sin a dhéanamh tríd an úsáid éagsúil a cheadú tar éis iarraidh éigeantach a fháil ón mBallstát eile, nó trí liosta de chríocha ceadaithe eile a chur in iúl do na Ballstáit uile. |
(32) |
Chun cúnamh a thabhairt do riaracháin chánach atá rannpháirteach i malartú faisnéise faoin Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, socruithe praiticiúla, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, comhaontú comhpháirteach maidir le rialaitheoir sonraí, comhaontú maidir le próiseálaí sonraí – rialaitheoir sonraí nó samhlacha dá leithéid, a dhréachtú. Is iad na daoine atá cuí-chreidiúnaithe ag Údarás um Chreidiúnú Slándála an Choimisiúin amháin a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a cuireadh in iúl de bhun Threoir 2011/16/AE agus a chuirtear ar fáil trí mhodhanna leictreonacha trí CCN a úsáid, agus a mhéid is gá amháin, ar mhaithe le cúram, cothabháil agus forbairt an eolaire lárnaigh maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus CCN. Tá an Coimisiún freagrach freisin as slándáil an eolaire lárnaigh maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus CCN a áirithiú. |
(33) |
Chun sáruithe i ndáil le sonraí a chosc agus damáiste a d’fhéadfadh tarlú a theorannú, tá sé ríthábhachtach slándáil na sonraí uile a fheabhsú, arna malartú idir údaráis inniúla na mBallstát faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí an Treoir sin a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcás sárú i ndáil le sonraí i mBallstát agus, chomh maith leis sin, i gcásanna ina ndéantar an sárú ar CCN. I bhfianaise íogaireacht na sonraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sárú i ndáil le sonraí, bheadh sé iomchuí foráil a dhéanamh do bhearta amhail iarraidh a dhéanamh malartú faisnéise leis an mBallstát nó leis na Ballstáit inar tharla an sárú a chur ar fionraí, nó rochtain ar CCN i gcás Ballstát amháin nó níos mó a chur ar fionraí go dtí go leigheasfar an sárú i ndáil le sonraí. I bhfianaise chineál teicniúil na bpróiseas a bhaineann le malartú sonraí, ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla a bhfuil gá leo do chur chun feidhme na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás sárú i ndáil le sonraí agus na mbeart atá le déanamh chun sáruithe i ndáil le sonraí a d’fhéadfadh tarlú amach anseo a chosc. |
(34) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le malartú faisnéise uathoibríoch idir na húdaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(35) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(36) |
Ba cheart d’aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE leanúint de Rialachán (AE) 2016/679 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a leagtar próiseáil sonraí amach i dTreoir 2011/16/AE, eadhon cúrsaí cánachais agus chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna do chuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i dTreoir 2011/16/AE, ba cheart na tagairtí do dhlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú chuig na rialacha a thugtar isteach leis an Treoir seo. Tá sé sin tábhachtach go háirithe ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do rialaitheoirí sonraí agus do phróiseálaithe sonraí de réir bhrí Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus cosaint chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a áirithiú ag an am céanna. |
(37) |
Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Treoir seo lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint chomh maith leis an gceart chun saoirse fiontraíochta. |
(38) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon comhar éifeachtúil riaracháin idir na Ballstáit faoi choinníollacha atá comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc gurb é aidhm na Treorach rialacha aonfhoirmeacha a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach i gcásanna trasteorann chun an comhar idir riaracháin chánach a fheabhsú, is é sin is aidhm don Treoir seo, agus dá bhrí sin is fearr is féidir an méid sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(39) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 5a Ábharthacht intuartha 1. Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an fhaisnéis a iarrtar ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra amháin nó do ghnóthaí cánach roinnt cáiníocóirí éagsúla, is cuma má shainaithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh imscrúdú a dhéanamh. 2. D’fhonn ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don údarás iarrtha:
3. I gcás ina mbaineann iarraidh, dá dtagraítear in Airteagal 5, le grúpa cáiníocóirí nach féidir a shainaithint ina n-aonar, cuirfidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don údarás iarrtha:
|
(3) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Féadfaidh iarraidh réasúnaithe ar fhiosrúchán riaracháin a bheith san iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 5. Má bhíonn an t-údarás iarrtha den tuairim nach bhfuil gá le fiosrúchán riaracháin, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas láithreach maidir leis na cúiseanna atá leis sin.”; |
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh. Mura féidir leis an údarás iarrtha freagra a thabhairt ar an iarraidh faoin teorainn ama ábhartha, áfach, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas láithreach agus laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna ar mhainnigh sé é sin a dhéanamh, agus an dáta faoina measann sé go mbeadh sé in ann freagra a thabhairt. Ní bheidh an teorainn ama níos faide ná 6 mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an údaráis iarrtha cheana féin, áfach, déanfar an fhaisnéis a tharchur laistigh de 2 mhí ón dáta sin.”; |
(5) |
in Airteagal 7, scriostar mír 5; |
(6) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 8a mar a leanas:
|
(8) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 8ac Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach a thuairiscíonn Oibreoirí Ardán 1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá a cheanglóidh ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn V a chomhlíonadh. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfear bearta den sórt sin chun feidhme go héifeachtach, agus go gcomhlíonfar iad go héifeachtach, i gcomhréir le Roinn IV d’Iarscríbhinn V. 2. De bhun na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe is infheidhme atá le fáil i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstáit, ina ndearnadh an tuairisciú i gcomhréir le mír 1 trí bhíthin malartú faisnéise uathoibríoch, agus laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 3 an fhaisnéis a leanas maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí mar a chinntear de bhun mhír D de Roinn II d’Iarscríbhinn V agus, i gcás ina soláthraíonn an Díoltóir Intuairiscithe seirbhísí cíosa maoine dochorraithe, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe lonnaithe:
I gcás ina soláthraíonn an Díoltóir Intuairiscithe seirbhísí cíosa do mhaoin dhochorraithe, cuirfear an fhaisnéis bhreise seo a leanas in iúl:
3. Cuirfear an teachtaireacht in iúl de bhun mhír 2 den Airteagal seo leis an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20(4) laistigh de dhá 2 tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann ceanglais maidir le tuairisciú an Oibreora Ardán Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl le haghaidh na dTréimhsí Intuairiscithe amhail ón 1 Eanáir 2023. 4. Chun na ceanglais maidir le tuairisciú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá a cheangal ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I d’Iarscríbhinn V clárú laistigh den Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair ar an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe sin. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha ar dá mbun a fhéadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an rogha a dhéanamh clárú le húdarás inniúil Ballstáit aonair i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal nach féidir le hOibreoir Ardáin Tuairiscithe, de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I d’Iarscríbhinn V, i gcás inar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le fomhír F(7) de Roinn IV d’Iarscríbhinn V, athchlárú ach ar an gcoinníoll go dtugann sé dearbhuithe iomchuí d’údaráis Ballstáit lena mbaineann maidir lena ghealltanas na ceanglais tuairiscithe laistigh den Aontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon cheanglais maidir le tuairisciú atá fós gan réiteach agus nach bhfuil comhlíonta. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe a chlárú agus a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 5. I gcás ina measfar Oibreoir Ardáin a bheith ina Oibreoir Ardáin Eisiata, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar soláthraíodh an léiriú i gcomhréir le fomhír A(3) de Roinn I d’Iarscríbhinn V fógra d’údaráis inniúla gach Ballstáit eile dá réir sin, lena n-áirítear aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin. 6. Bunóidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2022, clár lárnach ina dtaifeadfar faisnéis atá le tabhairt i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus atá le cur in iúl i gcomhréir le fomhír F(2) de Roinn IV d’Iarscríbhinn V. Beidh an clár lárnach sin ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát go léir. 7. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontaithe idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann sin agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, de réir bhrí fhomhír A(7) de Roinn I d’Iarscríbhinn V, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i mír B de Roinn III d’Iarscríbhinn V. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Cuirfidh Ballstát a iarrfaidh an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarraidh réasúnaithe chuig an gCoimisiún. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air. A luaithe a bheidh an fhaisnéis uile ag an gCoimisiún a mheasann sé a bheith riachtanach, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát iarrthach laistigh de mhí amháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin tar éis do Bhallstát comhaontú údaráis inniúil a thabhairt i gcrích le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais é lena gceanglaítear malartú faisnéise uathoibríoch faoi dhíoltóirí a fhaigheann ioncam ó ghníomhaíochtaí arna n-éascú ag Ardáin. Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil faisnéis choibhéiseach de réir bhrí na chéad fhomhíre maidir le Gníomhaíocht Ábhartha, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí an méid a chomhfhreagraíonn an córas, ar a bhfuil an fhaisnéis sin bunaithe, don chóras a leagtar amach in Iarscríbhinn V, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna chun a chinneadh nach bhfuil an fhaisnéis coibhéiseach a thuilleadh.”; |
(9) |
leasaítear Airteagal 8b mar a leanas:
|
(10) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
(11) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Cinnfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát lena mbaineann cibé is mian leis a bheith páirteach i rialuithe comhuaineacha nó nach mian. Deimhneoidh sé go n-aontaíonn sé nó cuirfidh sé a chinneadh diúltaithe, a bheidh réasúnaithe, in iúl don údarás a mhol an rialú comhuaineach laistigh de 60 lá tar éis an togra a fháil.”. |
(12) |
cuirtear an Roinn seo a leanas isteach: “ROINN IIa iniúchtaí comhpháirteacha Airteagal 12a Iniúchtaí comhpháirteacha 1. Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó de Bhallstáit eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla iarrtha freagra ar an iarraidh chun iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh de 60 lá ón iarraidh a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla iarrtha iarraidh ar iniúchadh compháirteach a rinne údarás inniúil Ballstáit a dhiúltiú ar fhorais a bhfuil údar maith leo. 2. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha iniúchtaí comhpháirteacha ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe, lena n-áirítear socruithe teanga, agus i gcomhréir le dlíthe agus le ceanglais nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. I ngach Ballstát ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh, ceapfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ionadaí a bheidh freagrach as maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar an iniúchadh comhpháirteach sa Bhallstát sin. Déanfar cearta agus oibleagáidí oifigigh Ballstát a ghlacann páirt san iniúchadh comhpháirteach, nuair a bheidh siad i láthair i ngníomhaíochtaí arna ndéanamh i mBallstát eile, a chinneadh i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. Agus dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh á gcomhlíonadh acu, ní fheidhmeoidh oifigigh de chuid Ballstáit eile aon chumhachtaí a rachadh thar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar dóibh faoi dhlíthe a mBallstáit. 3. Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Ballstát ina ndéanfar gníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh na bearta is gá chun an méid a leanas a dhéanamh:
4. I gcás ina ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó iniúchadh comhpháirteach, féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir leis na fíorais agus na himthosca is ábhartha don iniúchadh comhpháirteach agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir le seasamh cánach an duine (nó na ndaoine) a ndearnadh iniúchadh air nó orthu bunaithe ar thorthaí an iniúchta chomhpháirtigh. Ní mór torthaí an iniúchta chomhpháirtigh a ionchorprú i dtuarascáil chríochnaitheach. Déanfar na saincheisteanna a dtagann na húdaráis inniúla ar chomhaontú fúthu a léiriú sa tuarascáil chríochnaitheach agus cuirfear san áireamh iad sna hionstraimí ábhartha arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach tar éis an iniúchta chomhpháirtigh sin. Faoi réir na chéad fhomhíre, déanfar na gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis inniúla Ballstáit nó aon oifigeach dá chuid tar éis iniúchadh comhpháirteach agus aon phróisis bhreise a tharlóidh sa Bhallstát sin, amhail cinneadh na n-údarás cánach, próiseas achomhairc nó socraíochta a bhaineann leis sin, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. 5. Cuirfear an duine (nó na daoine) a ndéantar iniúchadh orthu ar an eolas faoi thoradh an iniúchta chomhpháirtigh, lena n-áirítear cóip den tuarascáil chríochnaitheach laistigh de 60 lá ó eisiúint na tuarascála críochnaithí.”; |
(13) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(14) |
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
(15) |
in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochúil a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ach ar shonraí anaithnide agus comhiomlánaithe amháin. Ní dochar é rochtain an Choimisiúin d’oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4). Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na socruithe praiticiúla is gá a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).”; |
(16) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a: “1a. Chun dlíthe na mBallstát lena dtugtar éifeacht don Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an comhar riaracháin a bhunaítear leis, déanfaidh na Ballstáit foráil de réir dlí do rochtain údarás cánach ar na sásraí, nósanna imeachta, doiciméid agus faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13, 30, 31, 32a agus 40 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). (*1) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;" |
(17) |
In Airteagal 23a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach le hoibleagáid rúndachta oifigiúla agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críocha anailíseacha, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d’aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún. D’ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staidrimh a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).”; |
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: “Airteagal 25 Cosaint Sonraí 1. Beidh gach malartú faisnéise de bhun na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).Mar sin féin, déanfaidh na Ballstáit, chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 13, Airteagal 14(1) agus Airteagal 15, de Rialachán (AE) 2016/679, a shrianadh a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(e) den Rialachán sin a choimirciú. 2. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais faoin Treoir seo. Mar sin féin, chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, déanfar raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 15, Airteagal 16(1) agus Airteagail 17 go 21, de Rialachán (AE) 2018/1725, a shrianadh a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 25(1) den Rialachán sin a choimirciú. 3. Measfar gur rialaitheoirí sonraí iad Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, idirghabhálaithe, Oibreoirí Ardán Tuairiscithe agus údaráis inniúla na mBallstát, nuair a chinneann siad, ag gníomhú dóibh ina n-aonair nó go comhpháirteach, na críocha agus na modhanna maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. 4. D’ainneoin mhír 1, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe nó idirghabhálaí nó Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, de réir mar a bheidh, atá faoina dhlínse:
D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír, leagfaidh gach Ballstát síos rialacha lena gcuirfear oibleagáid ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe Díoltóirí Intuairiscithe a chur ar an eolas maidir leis an gComaoin arna tuairisciú. 5. Ní dhéanfar faisnéis a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse atá riachtanach chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, agus, i gcás ar bith, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí. 6. Ballstát ina ndearnadh sárú i ndáil le sonraí, déanfaidh sé an sárú sin agus aon ghníomhaíocht feabhais a dhéanfar ina dhiaidh sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill. Cuirfidh an Coimisiún gach Ballstát ar an eolas, gan mhoill, faoin sárú i ndáil le sonraí a tuairiscíodh dó nó a bhfuil sé ar an eolas faoi agus faoi aon ghníomhaíocht feabhais. Féadfaidh gach Ballstát an malartú faisnéise leis an mBallstát nó leis na Ballstáit ina ndearnadh an sárú i ndáil le sonraí a chur ar fionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún agus don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Beidh éifeacht láithreach ag fionraí den sórt sin. Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit ina ndearnadh an sárú i ndáil le sonraí an sárú sin a imscrúdú, a srian a choimeád air agus é a leigheas agus iarrfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún, go gcuirfí rochtain CCN chun críocha na Treorach seo ar fionraí, mura féidir srian a choimeád ar an sárú i ndáil le sonraí láithreach agus go hiomchuí. Arna iarraidh den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún rochtain CCN an Bhallstáit nó na mBallstát sin ar fionraí chun críocha na Treorach seo. Tar éis fógra a bheith tugtha ag an mBallstát ina ndearnadh sárú i ndáil le sonraí, a fháil faoin sárú i ndáil le sonraí a leigheas, tabharfaidh an Coimisiún rochtain CCN an athuair don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann chun críocha na Treorach seo. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát amháin nó níos mó ar an gCoimisiún a fhíorú go comhpháirteach ar éirigh le leigheas na sonraí, tabharfaidh an Coimisiún rochtain CCN an athuair don Bhallstát nó na Ballstáit sin arna fhíorú sin chun críocha na Treorach seo. I gcás ina dtarlaíonn sárú i ndáil le sonraí ar an eolaire lárnach nó ar CCN chun críocha na Treorach seo agus i gcás ina bhféadfaí difear a dhéanamh do mhalartuithe na mBallstát trí CCN, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin sárú i ndáil le sonraí agus faoi aon ghníomhaíochtaí feabhais a rinneadh gan moill mhíchuí. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí feabhais den sórt sin rochtain ar an eolaire lárnach nó ar CCN a chur ar fionraí chun críocha na Treorach seo go dtí go leigheasfar an sárú i ndáil le sonraí. 7. Tiocfaidh na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme; lena n-áirítear próisis bainistithe sáruithe i ndáil le sonraí atá ailínithe le dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, comhaontú comhpháirteach maidir leis an rialaitheoir sonraí, comhaontú idir an próiseálaí sonraí agus an rialaitheoir sonraí, nó samhlacha díobh sin. (*2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)." (*3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;" |
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a: “Airteagal 25a Pionóis Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”; |
(20) |
cuirtear isteach Iarscríbhinn V, leagtar téacs na hIarscríbhinne sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun cloí le pointe (1)(d) d’Airteagal 1 den Treoir seo a mhéid a bhaineann le pointe (26) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/16/AE agus le pointe (12) d’Airteagal 1 den Treoir seo a mhéid a bhaineann le Roinn IIa de Threoir 2011/16/AE a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024, ar a dhéanaí.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.
3. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. do C. ANTUNES
(1) Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(4) Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN V
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ, CEANGLAIS TUAIRISCITHE, AGUS RIALACHA EILE LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ ARDÁN
Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo na rialacha maidir le nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile a chuirfidh Oibreoirí Ardán Tuairiscithe i bhfeidhm chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8ac den Treoir seo a chur in iúl, trí mhalartú faisnéise uathoibríoch.
Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo freisin ar na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a bheidh i bhfeidhm sna Ballstáit le cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus comhlíonadh na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe sin, a áirithiú.
ROINN I
TÉARMAÍ SAINMHÍNITHE
Tá an bhrí a leagtar amach thíos ag na Téarmaí seo a leanas:
A. |
Oibreoirí Ardán Tuairiscithe
|
B. |
Díoltóirí Intuairiscithe
|
C. |
Sainmhínithe eile
|
ROINN II
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ
Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun Díoltóirí Intuairiscithe a shainaithint.
A. |
Díoltóirí nach bhfuil faoi réir athbhreithnithe Chun a chinneadh an bhfuil Díoltóir is Eintiteas cáilithe mar Dhíoltóir Eisiata a shainítear i bpointí (a) agus (b) d’fhomhír B(4) de Roinn I, féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí nó ar dheimhniú ón Díoltóir is Eintiteas. Chun críche a chinneadh an gcáilíonn Díoltóir mar Dhíoltóir Eisiata a shainítear i bpointí (c) agus (d) d’fhomhír B(4) de Roinn I, féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar na taifid atá ar fáil dó. |
B. |
Bailiú faisnéise Díoltóra
|
C. |
Fíorú faisnéise Díoltóra
|
D. |
Cinneadh Ballstáit nó Cinneadh Ballstát cónaithe an Díoltóra chun críocha na Treorach seo
|
E. |
Bailiú faisnéise maidir le maoin dhochorraithe ar cíos I gcás ina bhfuil Díoltóir ag gabháil do Ghníomhaíocht Ábhartha a bhaineann le maoin dhochorraithe a ligean ar cíos, baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe seoladh gach Liostú Maoine agus, i gcás inar eisíodh í, an cláruimhir talún a ghabhann leis nó a coibhéis faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe. I gcás inar éascaigh Oibreoir Ardán Tuairiscithe níos mó ná 2 000 Gníomhaíocht Ábhartha trí bhíthin Liostú Maoine a ligean ar cíos leis an díoltóir céanna ar Eintiteas é, baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe doiciméid tacaíochta, sonraí nó faisnéis a léireoidh go bhfuil an Liostú Maoine faoi úinéireacht an úinéara chéanna. |
F. |
Uainiú agus bailíocht nósanna imeachta maidir le dícheall cuí
|
G. |
Cur i bhfeidhm nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin Féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe a roghnú go gcuirfidh sé i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun mhíreanna A go F i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin. |
H. |
Cur i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí ag tríú páirtithe
|
ROINN III
CEANGLAIS TUAIRISCITHE
A. |
Am agus bealach an tuairiscithe
|
B. |
Faisnéis a bheidh le tuairisciú Déanfaidh gach Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú:
|
ROINN IV
CUR CHUN FEIDHME ÉIFEACHTACH
De bhun Airteagal 8ac, beidh rialacha agus nósanna imeachta riaracháin i bhfeidhm sna Ballstáit chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn II agus Roinn III den Iarscríbhinn seo, agus comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, a áirithiú.
A. |
Rialacha chun na ceanglais bailithe agus fíoraithe a leagtar síos i Roinn II a fhorfheidhmiú
|
B. |
Rialacha lena gceanglaítear ar Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na taifid sin a fháil
|
C. |
Nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe Leagfaidh na Ballstát síos nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i Ranna II agus III. |
D. |
Nósanna imeachta riaracháin leantacha maidir le hOibreoir Ardáin Tuairiscithe i gcás ina dtuairiscítear faisnéis mhíchruinn nó easnamhach Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta leantacha maidir le hOibreoirí Ardáin Tuairiscithe i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar míchruinn nó easnamhach. |
E. |
Nós imeachta maidir le Ballstát amháin a roghnú chun tuairisciú a dhéanamh ann Má chomhlíonann Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d’fhomhír A(4) de Roinn I aon cheann de na coinníollacha a liostaítear ann i níos mó ná Ballstát amháin, roghnóidh sé ceann de na Ballstáit sin chun na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Roinn seo a chomhlíonadh de bhun Roinn III. Tabharfaidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe fógra d’údaráis inniúla uile na mBallstát sin maidir lena roghnú. |
F. |
Nós imeachta riaracháin maidir le clárúchán aonair Oibreora Ardáin Tuairiscithe
|
(*1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle na 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11. 12.2006, lch. 1).’